Welcome to your weekly email from your Students’ Union
- 7am onwards TODAY Thurs 22 Oct Picket at the main entrance to the University
- 12pm Fri 23 Oct Freebie Friday with Palestine Cola
2016-Oween
Join us as we travel back in time to 2016 for our 2016Oween Halloween Party at Sult 8pm Thursday 29October. There’s €1,000 of prizes to be won for the best fancy dress and it’s free entry!
Free Rapid HIV and Syphilis Testing Today
We have free rapid HIV and Syphilis testing 1pm-3pm today Thurs 22Oct with Sexual Health West in The Space, upstairs in Áras na Mac Léinn. No appointment needed.
Class Rep Elections
Last of the elections will take finish at 5pm today Thurs 22 Oct on YourSpace
Disclosure Training – Just 10 spaces left
Gain the skills and knowledge to deal appropriately with a disclosure of sexual violence, in settings where it is likely to occur. Training will take place 10am-2pm Tues 3 Nov on campus and is provided by Galway Rape Crisis Centre. It’s €10 and you can sign up HERE.
Two New SU Officers!
We’d like to welcome the newest members of our SU Officer team on board: Jillian Tierie your Mature Students’ Officer and Danny Saunders your Postgraduate Taught Officer.
Manual Handling Training – Just 2 spaces left
This certified workplace training teaches you how to safely lift, carry, lower, push, and pull loads to prevent injuries. Training is on 5pm-9pm Mon 9 Nov and is just €10. Sign up HERE.
Drug & Alcohol Support Drop In Clinic
If you’re concerned about a family member’s/friend’s alcohol or drug use, or if you would like to know about supports for your own alcohol/drug use, you can avail of free & confidential support from a support worker from the Western Region Drug and Alcohol Task Force 14:00-16:00 Tuesday 27 October in the SU Office.
Pilates Online Course
Our next 6 week online live Pilates course runs from Weds 4 Nov to Weds 9 Dec and is just €5! Can’t make the live class? A recording will be sent to you! Sign up HERE.
Get your FREE SU Card at the SU Office
Your SU Card is a loyalty card that can be used in Sult, Smokey’s Café and the SU Shop. Scan your SU Card when you buy to: Collect 2 points for every €1 spent; Buy 10 teas/coffees and get one free; Get special SU Card offers on food and drinks!
Bank Holiday on Monday
This Monday 26 October is a Bank Holiday so all SU Services – the SU office, Sult, Shop, Cloakroom, Smokey’s, Spéir and the Síbín – will be closed. The Library and Student Health Unit are also closed and there’s no classes. The Reading Room is open as usual 7am-2.30am.
Bike Maintenance Basics Workshop with An Mheitheal Rothar
This workshop will teach you the essentials of bike maintenance, to help you keep your bike running smoothly! It’s on 18:30-20:00 Tues 27Oct and costs €10. Sign up HERE and bring your own bike.
Free period products are available from locations across campus. More info HERE. Please take only what you need!
ALIVE Student Volunteering Opportunities
- Help increase Re-turning and participation with the Re-turn Awards 2027 Applied Learning Challenge (online, chance to win €1,000) : | StudentVolunteer.ie
- Volunteer as a Swim or Bocce coach for Team South Galway Special Olympics club (1 hour a week): | StudentVolunteer.ie
- Participate in donation drives with Hygiene Hub (2-4 hours monthly or 1 hour weekly, flexible time): | StudentVolunteer.ie
Sustainability Fund for Student Societies
Awards worth €500 are being offered by the Sustainability Office to support student societies in designing and running their own sustainability event on campus. To apply send your event idea (max 500 words) to sustainability@universityofgalway.ie.Applications close 6 Nov. More infohere.
Give Blood in Galway Next Week
Location: The Connacht Hotel, Old Dublin Road
- 15:50-20:10 Tues 27 Oct
- 15:50-20:10 Weds 28 Oct
- 15:50-20:10 Thurs 29 Oct
More info/booking www.giveblood.ie
Galway Repair Café
The next repair café is on 12.30-15:30 this Sat 24 Oct in the Rowing Club in Woodquay. Free event with textile and electrical repairs plus mini workshop in Christmas Decorations. Follow repair_cafe_galway on Instagram for info.
October SU Events
Here’s just some of what we have coming up this October and there’s lots more to come! INFO
Contact Us
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
_________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig an ríomhphost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Gníomhartha Baghcatála Coca Cola
- Ó 7am ar aghaidh INNIU Déardaoin, an 22 Deireadh Fómhair: Picéad ag an bpríomhbhealach isteach chuig an Ollscoil
- 12pm, Dé hAoine, an 23 Deireadh Fómhair: Aoine na n-aiscíní le Palestine Cola
Cóisir Oíche Shamhna, 2016
Bí linn agus muid ag taisteal siar san am go 2016 le haghaidh Chóisir Oíche Shamhna, 2016, i Sult ag 8pm, Déardaoin, an 29Deireadh Fómhair. Tá luach €1,000 de dhuaiseanna le buachan don chulaith bhréige is fearr agus tá saorchead isteach!
Mearthástáil Saor in Aisce le haghaidh VEID agus na Gallbholgaí Inniu
Mearthástáil saor in aisce le haghaidh VEID agus na Gallbholgaí le Sláinte Ghnéis an Iarthair. Ar siúl 1pm-3pm, inniu, Déardaoin, an 22Deireadh Fómhair sa Spás, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Ní gá duit coinne a bheith agat.
Toghchán na nIonadaithe Ranga
Críochnófar an toghchán deireanach ag 5pm inniu, Déardaoin, an 22 Deireadh Fómhair ar YourSpace
Oiliúint ar an Nochtadh – Níl ach 10 spás fágtha
Foghlaim na scileanna agus an t-eolas chun déileáil go cuí le nochtadh foréigin ghnéasaigh, sna comhthéacsanna siúd is dócha a dtarlódh a leithéid. Beidh an oiliúint ar siúl 10am-2pm, Dé Máirt, an 3 Samhain, ar an gcampas agus cuirfidh Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú ar fáil í. €10 atá air agus is féidir leat clárú ANSEO.
Beirt Oifigeach Nua de chuid an Chomhaltais!
Ba mhaith linn fáilte a chur roimh na baill is nua d’Fhoireann Oifigeach Chomhaltas na Mac Léinn: Jillian Tierie, Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta, agus Danny Saunders, Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha.
Oiliúint sa Láimhsiú – Níl ach 2 spás fágtha
Múineann an oiliúint ionaid oibre dheimhnithe seo duit conas ualaí a ardú, a iompar, a ísliú, a bhrú agus a tharraingt go sábháilte chun gortuithe a sheachaint. Beidh an oiliúint ar siúl ó 5pm go 9pm Dé Luain, an 9 Samhain agus níl ann ach €10. Cláraigh ANSEO.
Clinic Tacaíochta Buail Isteach um Dhrugaí agus Alcól
Má tá imní ort faoi úsáid alcóil nó drugaí ag ball teaghlaigh/cara, nó más mian leat eolas a fháil faoi thacaíochtaí maidir le halcól agus drugaí a úsáid tú féin, is féidir tacaíocht saor in aisce agus rúnda a fháil ó oibrí tacaíochta ó Thascfhórsa Drugaí agus Alcóil Réigiún an Iarthair 14:00-16:00 Dé Máirt, an 27 Deireadh Fómhair in Oifig an Chomhaltais.
Cúrsa Pilates ar Líne
Beidh ár gcéad chúrsa Pilates beo ar líne 6 seachtaine eile ar siúl ón gCéadaoin, an 4 Samhain go dtí Dé Céadaoin, an 9 Nollaig agus níl ann ach €5! Nach féidir leat freastal ar an rang beo? Cuirfear taifeadadh chugat! Cláraigh ANSEO.
Faigh do Chárta Comhaltais SAOR IN AISCE in Oifig an Chomhaltais
Is cárta dílseachta é do Chárta Comhaltaisis féidir a úsáid i Sult, i gCaifé Smokey agus i Siopa an Chomhaltais. Scan do Chárta Comhaltais nuair a cheannaíonn tú aon rud chun na sochair a leanas a fháil: 2 phointe as gach €1 a chaitheann tú; cupán tae/caife saor in aisce i ndiaidh gach 10 a cheannaíonn tú; Tairiscintí speisialta ar bhia agus ar dheochanna do shealbhóirí Cártaí Comhaltais!
Lá Saoire Bainc Dé Luain
Lá Saoire Bainc a bheidh ann an Luan beag seo, an 26 Deireadh Fómhair, mar sin beidh gach seirbhís de chuid an Chomhaltais – oifig an Chomhaltais, Sult, an Siopa, an Seomra Cótaí, Smokey’s, Spéir agus an Síbín – dúnta. Beidh an Leabharlann agus Aonad Sláinte na Mac Léinn dúnta freisin agus ní bheidh aon ranganna ar siúl. Beidh an Seomra Léitheoireachta ar oscailt 7am-2.30am mar is gnách.
Ceardlann Bunscileanna Cothabhála Rothar leis An Mheitheal Rothar
Tabharfaidh an cheardlann seo bunscileanna cothabhála rothar duit go mbeidh tú in ann do rothar a choinneáil ag imeacht go réidh! Beidh an cheardlann ar siúl ó 18:30 go 20:00, Dé Máirt, an 27Deireadh Fómhair agus ní bheidh ach costas €10 uirthi. Cláraigh ANSEO agus tabhair do rothar féin leat.
Táirgí Míostraithe Saor in Aisce
Tá táirgí míostraithe ar fáil saor in aisce ar fud an champais. Tuilleadh eolais ANSEO. Ná tóg ach a bhfuil ag teastáil uait i ndáiríre!
Deiseanna Saorálaíochais do Mhic Léinn le ALIVE
- Cuidigh linn níos mó daoine a spreagadh chun Re-turn a úsáid agus chun páirt a ghlacadh ann, leis an Dúshlán Foghlama Feidhmí de chuid Ghradaim Re-turn 2027 (ar líne, seans €1,000 a bhuachan): | StudentVolunteer.ie
- Déan obair dheonach mar chóitseálaí snámha nó bocce do chlub Cluichí Oilimpeacha Speisialta Foireann Deisceart na Gaillimhe (1 uair an chloig sa tseachtain): | StudentVolunteer.ie
- Glac páirt i bhfeachtais deonaithe le Mol Sláinteachais (2-4 uair an chloig in aghaidh na míosa nó 1 uair an chloig sa tseachtain, am solúbtha): | StudentVolunteer.ie
Ciste Inbhuanaitheachta do Chumainn Mac Léinn
Tá duaiseanna ar fiú €500 iad á dtairiscint ag an Oifig Inbhuanaitheachta chun tacú le cumainn mac léinn a n-imeacht inbhuanaitheachta féin a chur le chéile agus a reáchtáil ar an gcampas. Chun iarratas a dhéanamh seol do smaoineamh le haghaidh imeachta (uasmhéid 500 focal) chuig sustainability@universityofgalway.ie.Dúnfar na hiarratais an 6 Samhain. Tuilleadh eolaisanseo.
Deonaigh Fuil i nGaillimh an tSeachtain seo chugainn
Suíomh: Óstán Chonnacht, Seanbhóthar Bhaile Átha Cliath
- 15:50-20:10 Dé Máirt, an 27 Deireadh Fómhair
- 15:50-20:10 Dé Céadaoin, an 28 Deireadh Fómhair
- 15:50-20:10 Déardaoin, an 29 Deireadh Fómhair
Tuilleadh eolais/áirithintí www.giveblood.ie
Caifé Deisiúcháin na Gaillimhe
Beidh an chéad chaifé deisiúcháin eile ar siúl idir 12.30 agus 15:30 an Satharn beag seo, an 24 Deireadh Fómhair sa Chlub Rámhaíochta i gCoill an Chalaidh. Imeacht saor in aisce le deisiúcháin teicstíle agus leictreacha chomh maith le ceardlann bheag ar Mhaisiúcháin Nollag. Lean repair_cafe_galway ar Instagram le haghaidh eolais.
Imeachtaí an Chomhaltais i mí Dheireadh Fómhair
Níl anseo ach cuid dá bhfuil le teacht an Deireadh Fómhair seo. Tá neart eile ar na bacáin freisin! EOLAS
Déan teagmháil linn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost ag studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)