Weekly Email

Stay up to date with the latest news and events across campus.

SU Weekly Email 14 – 5th December 2024

Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. Beidh Leagan Gaeilge ar fáilANSEO 

For the most up to date news and info on all Students’ Union committees, join our WhatsApp communityHERE.

Happy Thriftmas!  

Call down to Áras na Mac Léinn 11am-3pm today Thurs 5th Dec for our Thriftmas Market with:

  • Student Business Stalls
  • Galway Simon Pop Up Shop (+ donation drop off)
  • Christmas Raffle Tickets + SU Charity Socks
  • Tunes from Flirt FM

More info HERE.

Life Skills 2025 now booking

Sign up has now opened for our SU Life Skills courses for 2025. Courses include:

  • Sign Language
  • Gaeilge
  • Heartsaver AED
  • Bodhrán
  • Tin Whistle
  • Pilates
  • Self Defence
  • safeTALK Suicide Awareness Training
  • Disclosure Training with Galway Rape Crisis Centre
  • Financial Resilience
  • 5 A Day for Mental Health with Jigsaw

More info + sign up links are HERE.  

Last chance to get raffle tickets!

Ticket sales close 11pm this Sun 8th Dec for SU Christmas Raffle Tickets HERE. There’s 22 amazing prizes to be won including Festival tickets, hotel breaks, driving lessons, hampers and lots of vouchers for fabulous places! All proceeds go to the SU Charities. If you’re not in you can’t win!

Good Luck in your Exams!

We’ve put together some tips and info HERE to get you through the next couple of weeks. Don’t forget you need your student ID card for your exams. If you don’t have your student ID Card you can get a replacement from the Student Registry Helpdesk.

Rag Week Jersey (Limited Time Offer)

This jersey is a fundraiser for our charity partners Galway Rape Crisis Centre and Galway Autism Partnership, with 100% of proceeds going to them thanks to sponsorship from Scope Tickets. This jersey is unique to this year and won’t be made available again. You can PRE-ORDER your €25 jersey HERE until 5pm Weds 18th Dec. Please note jerseys won’t be available for collection from the SU until Semester 2 2025. All Jerseys are Unisex sizing.

Take Me Out Applications Open

Applications are now open to be a Take Me Out Contestant 8pm Weds 29th of Jan at Sult. This event is a chance to maybe find some romance and definitely have the craic all while raising fund for the SU Charities. Applications close 12pm Mon 13th of Jan 2025. Apply HERE.

RAG Rose

Could you be the first ever RAG Rose? Win FREE entry to all on campus RAG events and become the RAG mascot for the year! Nominations are open now HERE. To enter you need to raise €150 on iDonate by 5pm Mon 20th Jan for the SU Charities.

Free Breakfast

Remember you can get free porridge* each morning at Sult when you buy a hot drink and use your SU Card. (*while stocks last!)

Class Rep Hoodies

If you’re a registered Class Rep don’t forget to collect your free hoodie from the SU Office 10am-5pm Mon-Fri.

SU Extended Opening Hours for Exams

  • The SU Cloakroom + Síbín will both be open 09:00-19:00 Mon 9th Dec-Fri 20th Dec
  • The SU Shop is open 08:00-18:00 Mon-Fri + Saturday/Sunday 10:00-15:00  
  • Smokey’s Café is open 08:30-20:00 Mon-Thurs and Fri 08:30-17:00  

Extended Weekend Library Opening Hours

  • Sat 7th Dec/Sat 14th Dec 08:30-21:30
  • Sun 8th Dec/Sun 15th Dec 10:00-21:30

Details of Extra Study Space during exams can be found  HERE.  The Study Break Policy is in place in the Library until 20th Dec.

Parkrun is 1!

University of Galway Parkrun is 1 year old this Saturday 7th December. Join them at 9.30am for a 5km run/jog/walk/roll or sign up to volunteer. This weekly event is free and open to all. It’s a great chance to get some fresh air and meet new people. More info HERE.

Tree Planting Today!

Join the Pocket Forest team to plant more than 300 native trees and shrubs 11am-2pm TODAY Thurs 5th Dec on north campus behind the ILAS Building. Come along and plant as many trees as you like. Pocket Forests will supply the tools. Just bring gloves if you have them and dress for the weather.

Join StudentVolunteer.ie National Student Advisory Panel

The StudentVolunteer.ie team is seeking student volunteers to engage in a leadership training programme to build student voice in student volunteering programmes. All training is free and recognised and you have the opportunity to volunteer on your campus as a Volunteer Manager, liaising back with the StudentVolunteer.ie Student Advisory Group about your experiences through hands-on workshops and conferences. Sign up to find out more and get started.

Luminate Medical are looking for Models

Luminate Medical, a medical device spin-out company from the University are looking for models! One of the biggest barriers to diversity in clinical trials is that patients can’t imagine themselves using the technology/drug because the documents provided don’t feature patients that look like them. They want people from all walks of life, all ages, all races/ethnicities, and all cultural backgrounds to help model the Lily device, so that every patient can feel represented. Sign up HERE to get a €100 gift card and help cancer patients keep their hair.

Christmas Travel Immigration Notice 

Immigration Services Delivery announces initiative to facilitate customers. Sign Up HERE.

Beer Run on Sunday

Join Galway Bay Brewery Running Club at 12.30pm this Sun 8th Dec at the Salt House Bar for a social 5/8/10km run followed by a free beer. All welcome at this free event and bag drop is available.

Contact Us / Déan teagmháil linn

You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) and X (Twitter)  

________________________________________________________________________________________________________________

Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. / Welcome to your weekly email from your Students’ Union. Tá fáil ar an leagan Béarla ANSEO
Leis an nuacht agus eolas is déanaí a fháil maidir le coistí Chomhaltas na Mac Léinn, cláraigh lenár bpobal WhatsApp ANSEO.

Tá Tíosmhargadh na Nollag linn!
Buail isteach chuig Tíosmhargadh na Nollag idir 11am-3pm inniu, Déardaoin, an 5 Nollaig in Áras na Mac Léinn. Is é a bheidh ann:
• Seastáin ag Gnóthaí Mic Léinn
• Tobshiopa Chlann Shíomóin na Gaillimhe (agus áit le tabhartais a fhágáil)
• Ticéid do Chrannchur na Nollag agus Stocaí Carthanachta an Chomhaltais
• Ceol ó Flirt FM
Tuilleadh eolais ANSEO.

Scileanna Saoil 2025: déan áirithint anois
Is féidir clárú anois do chúrsaí Scileanna Saoil 2025 an Chomhaltais. I measc na gcúrsaí, beidh:
• Teanga Chomharthaíochta
• Gaeilge
• Heartsaver (Uath-Dhífhibrileoir Seachtrach)
• Bodhrán
• Feadóg Stáin
• Pilates
• Féinchosaint
• Oiliúint safeTALK um Fheasacht Féinmharaithe
• Oiliúint um Nochtadh ó Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe
• Athléimneacht Airgeadais
• 5 sa lá ar son na meabhairshláinte le Jigsaw
Tuilleadh eolais agus naisc chun clárú ANSEO.

Do sheans deiridh chun ticéid a fháil don chrannchur!
Dúnfar díolachán ticéad ag 11pm an Domhnach beag seo, an 8 Nollaig, do Chrannchur Nollag an Chomhaltais. Faigh do thicéad ANSEO. Tá 22 duais iontach le buachan, ina measc ticéid le haghaidh féilte, saoirí beaga in óstáin, ceachtanna tiomána, ciseáin agus dearbháin le haghaidh áiteanna den scoth! Tabharfar an t-airgead ar fad do Charthanais an Chomhaltais. An té atá gan ticéad, beidh sé gan duais!

Ádh mór oraibh sna scrúduithe!
Tá leideanna agus eolas le fáil ANSEO chun cabhrú leat na chéad cúpla seachtain eile a chur tharat. Ná déan dearmad go mbeidh do chárta aitheantais mic léinn ag teastáil uait chun na scrúduithe a dhéanamh. Mura bhfuil do chárta aitheantais mic léinn agat, is féidir leat ceann ionaid a fháil ó Dheasc Chabhrach Chlárlann na Mac Léinn.

Geansaí Sheachtain RAG (tairiscint theoranta)
Tá na geansaithe á ndíol chun airgead a bhailiú dár gcomhpháirtithe carthanais, Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe, agus tabharfar 100% den airgead dóibh, a bhuí le hurraíocht ó Scope Tickets. Geansaí speisialta don bhliain seo is ea é agus ní bheidh sé ar fáil arís. Is féidir leat do gheansaí (€25) a RÉAMHORDÚ ANSEO go dtí 5pm, Dé Céadaoin, an 18 Nollaig. Cuimhnigh nach mbeidh do gheansaí ar fáil lena bhailiú ón gComhaltas go dtí Seimeastar 2, 2025. Tá na tomhais chéanna ag na geansaithe, is cuma cé acu fear nó bean.

Ag glacadh anois le hiarratais ar Take Me Out
Tá iarratais ar oscailt anois le bheith i d’iomaitheoir sa chomórtas Take Me Out, a bheidh ar siúl ag 8pm, Dé Céadaoin, an 29 Eanáir i Sult. Tabharfar deis duit ag an ócáid seo teacht ar do ghrá geall, craic a bheith agat agus airgead a bhailiú do Charthanais an Chomhaltais. 12pm, Dé Luain, an 13 Eanáir 2025 an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh. Déan iarratas ANSEO.

Rós RAG
An mbeidh tusa ar an gcéad Rós RAG riamh? D’fhéadfá cead isteach saor in aisce chuig gach ócáid RAG ar an gcampas a bhuachan agus a bheith i d’ionadaí RAG go ceann na bliana! Is féidir ainmniúchán a dhéanamh anois ANSEO. Le bheith páirteach, ní mór duit €150 a bhailiú ar iDonate faoin 5pm, Dé Luain, an 20 Eanáir, do Charthanais an Chomhaltais.

Bricfeasta Saor in Aisce!
Cuimhnigh gur féidir leat leite saor in aisce* a fháil gach maidir nuair a cheannaíonn tú aon deoch the i Sult le Cárta an Chomhaltais (*go dtí go mbíonn an leite ar fad imithe!)

Húdaí Ionadaí Ranga
Más Ionadaí Ranga cláraithe thú, ná déan dearmad do húdaí saor in aisce a bhailiú ó Oifig an Chomhaltais, 10am-5pm, Luan go hAoine.

Uaireanta Breise Oscailte an Chomhaltais le haghaidh na Scrúduithe
• Beidh Seomra Cótaí an Chomhaltais agus Síbín ar oscailt ón 9am go 7pm, Dé Luain, an 9 Nollaig go dtí Dé hAoine, an 20 Nollaig.
• Beidh Siopa an Chomhaltais ar oscailt ón 8am go 6pm, Luan go hAoine agus ón 10am go 3pm ar an Satharn agus ar an Domhnach.
• Beidh Smokey’s Café ar oscailt ón 8.30am go 8pm, Luan go Déardaoin agus ón 8.30am go 5pm ar an Aoine.
Uaireanta Oscailte Breise ag an Deireadh Seachtaine sa Leabharlann
• Dé Sathairn, an 7 Nollaig agus Dé Sathairn, an 14 Nollaig – 08:30-21:30
• Dé Domhnaigh, an 8 Nollaig agus Dé Domhnaigh, an 15 Nollaig – 10:00-21:30
Is féidir sonraí faoi Spás Staidéir Breise in aimsir na scrúduithe a fháil ANSEO. Tá an Beartas Sosa Staidéir i bhfeidhm anois sa Leabharlann agus beidh go dtí an 20 Nollaig.

Parkrun bliain ar an bhfód!
Beidh Parkrun Ollscoil na Gaillimhe bliain ar an bhfód an Satharn beag seo, an 7 Nollaig. Téigh ann ag 9.30am chun rith/bogshodar/siúl 5km a dhéanamh, nó cláraigh le bheith i d’oibrí deonach ann. Is ócáid sheachtainiúil saor in aisce do chách é seo. Is deis iontach é seal a chaitheamh amuigh faoin aer agus bualadh le daoine nua. Tuilleadh eolais ANSEO.

Cur Crann Inniu!
Bí ar dhuine d’fhoireann na Foraoise Póca chun níos mó ná 300 crann agus tor dúchasach a chur idir 11am agus 2pm INNIU, Déardaoin, an 5 Nollaig, ar an gcampas thuaidh taobh thiar d’fhoirgneamh ILAS. Glac páirt agus cuir an oiread crann agus is mian leat. Foraoisí Póca a chuirfidh na huirlisí ar fáil. Tabhair leat lámhainní más féidir agus cuir éadaí oiriúnach don aimsir ort.

Cláraigh le Painéal Comhairleach Náisiúnta Mac Léinn StudentVolunteer.ie
Tá oibrithe deonacha ar mhic léinn iad á lorg ag foireann StudentVolunteer.ie chun páirt a ghlacadh i gclár oiliúna sa cheannaireacht chun cur le guth an mhic léinn i gcláir oibre deonaí do mhic léinn. Tá an oiliúint ar fad saor in aisce agus aiteanta, agus beidh deis agat oibriú go deonach ar do champas féin mar Bhainisteoir Oibrithe Deonacha. Tabharfaidh tú tuairisc do Ghrúpa Comhairleach Mac Léinn StudentVolunteer.ie faoin gcaoi a bhfuil ag eirí leat trí pháirt a ghlacadh i gceardlanna agus comhdhálacha praiticiúla. Cláraigh chun tuilleadh eolais a fháil agus chun tosú ar an gclár.

Tá mainicíní á lorg ag Luminate Medical
Tá mainicíní á lorg ag Luminate Medical, cuideachta feistí leighis a d’eascair as an Ollscoil! Ceann de na bacainní is mó ar éagsúlacht i dtrialacha cliniciúla ná nach féidir le hothair iad féin a shamhlú ag úsáid na teicneolaíochta/an druga, mar gheall nach bhfeiceann siad a macasamhail sna doiciméid a chuirtear ar fáil dóibh. Tá daoine de gach cineál á lorg ag Luminate Medical – daoine de gach aois, gach cine/eitneacht, agus gach cúlra cultúrtha – le bheith ina mainicíní don fheiste Lily, ionas go mothóidh gach othar go bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu. Cláraigh ANSEO chun cárta bronntanais €100 a fháil agus chun cabhrú le hothair ailse a gcuid gruaige a choinneáil.

Fógra ón tSeirbhís Inimirce faoi Dhul ag Taisteal in Aimsir na Nollag
Tá tionscnamh do chustaiméirí fógartha ag Seirbhís Inimirce na hÉireann. Cláraigh ANSEO.

Rith agus Beoir Dé Domhnaigh
Bí le Club Reathaíochta Galway Bay Brewery le haghaidh rith sóisialta 5/8/10km ag 12.30pm Dé Domhnaigh beag seo, an 8 Nollaig, ag an Salt House. Beoir saor in aisce ina dhiaidh. Tá fáilte roimh chách ag an ócáid saor in aisce seo agus féadfaidh tú do mhála a fhágáil linn agus tú ag rith.

Déan Teagmháil Linn / Contact Us
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost: studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat. Is féidir ‘is maith liom’ a thabhairt dúinn agus muid a leanúint ar Facebook, Instagram, TikTok (@cmlong_su) agus X (Twitter)