Welcome to your weekly email from your Students’ Union
Christmas Raffle Tickets on Sale
Our Christmas Raffle is BACK and tickets are on sale HERE until 11pm Sun 6 Dec. There’s 22 amazing prizes to be won including an e-Scooter, gym memberships, hoodies, massages, sauna sessions, goodie bags and lots of vouchers for fabulous places! Tickets are 1 for €5 or 3 for €10.
Raising funds for the SU Charities: Galway Rape Crisis Centre and The Irish Cancer Society.
Transgender Day of Remembrance
To mark Transgender Day of Remembrance we will be holding a Vigil at 1pm tomorrow Fri 20 November at the Big Yellow Thing outside the Library.
Drug & Alcohol Support Drop In Clinic Tues 24 Nov
If you’re concerned about a family member’s/friend’s alcohol or drug use, or if you would like to know about supports for your own alcohol/drug use, you can avail of free & confidential support 2pm-4pm Tuesday 24 November in the Students’ Union Office. No appointment needed.
Thriftmas Market
Our Thriftmas Market is on 11am-3pm Mon 30 November in Áras na Mac Léinn. Call down for a well-deserved study break and maybe get a start on your Christmas shopping or just treat yourself! We’ll have some fantastic student vendors, a Galway Simon Community pop-up shop and Flirt FM providing the festive tunes. More info HERE.
Donate to the Students’ Union Clothes Bank
We’re collecting clothes to hold another Clothes Bank for University of Galway Students. Donate your clean, unwanted clothes in the SU Office or at Dunlin Village Reception. Donation Deadline: 5pm Mon 23 Nov. The next Clothes Bank will take place 6pm-9pm Weds 25 Nov in the Dunlin Village Common Room.
Free Breakfast
Did you know you can get free porridge when you buy any hot drink in Sult or Smokey’s Café using your SU Card? Available while stocks last each morning!
Doing a pre-Christmas Clear-out?
Galway Simon Community are looking for donations of clothes, shoes, jewellery, hats, gloves, towels and jigsaws/games. These can be donated 11am-3pm Monday 30 November at The Cube at the SU Thriftmas Market. More info on what they can/can’t take HERE.
The Study Break policy is in effect in the Library until Fri 18 Dec (Mon-Fri). There’s an “I’m Taking a Study Break” timesheet that all users must use during these busy weeks to record the time they leave for a break which can be 5-60 mins. Timesheets are available on all 3 Floors – front and rear entrance/exits of the library. Belongings left at desks without timesheet may be moved.
Exam Timetables out now
Semester 1 exams run from Mon 7 to Fri 18 Dec. Exam timetables are available HERE. Please make sure you check your timetable carefully and if any of your subjects are missing contact your lecturer ASAP.
Research participants needed: Do you experience abdominal pain related to inflammatory bowel disease (IBD) or irritable bowel syndrome (IBS)? Or are you a healthy volunteer interested in contributing to clinical research?
You are invited to participate in the in-person clinical study exploring how the body’s own “cannabis-like” system and gut microbes may influence abdominal pain HERE or the online survey study exploring real world experiences of abdominal pain in IBS and IBD more info HERE.
Does wind turbine noise affect how we think and concentrate?
Researchers at the University are looking for participants for a study investigating how wind turbine noise may affect working memory, concentration and annoyance. You’ll be asked to complete a computer-based memory task in a sound lab on Campus while listening to different audio conditions. Duration: 45-60mins. Interested? Click here to a book a session
Disabled Women’s Experiences Receiving Informal Care and Support
Disabled Women Ireland and the Disability Participation News Hub are hosting a workshop on “Disabled Women’s Experiences of Receiving Informal Care and Support” 11am-2pm Sat 5 Dec. It’s hybrid at University of Galway and online. Free event register HERE. Join to share experiences, connect with others, and be a part of making change happen.
November SU Events
Click the link HERE to see some of what’s coming up this month (and there’s more to be added!).
Contact Us
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
_____________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig an ríomhphost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Ticéid le haghaidh Chrannchur na Nollag ar díol
Tá Crannchur na Nollag AR AIS agus tá ticéid ar díol ANSEO go dtí 11pm Dé Domhnaigh, an 6 Nollaig. Tá 22 duais iontach le buachan, lena n-áirítear scútar leictreach, ballraíocht halla traenála, húdaithe, suathaireacht, seisiúin sána, málaí féiríní agus neart dearbhán le haghaidh áiteanna iontacha! Is féidir ticéad amháin a cheannach ar €5 nó 3 thicéad ar €10.
Ag bailiú airgid do Charthanais an Chomhaltais: Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Cumann Ailse na hÉireann.
Lá Cuimhneacháin don Lucht Trasinscneach
Chun Lá Cuimhneacháin don Lucht Trasinscneach a chomóradh beidh Faire againn ag 1pm amárach Dé hAoine, an 20 Samhain ag an Rud Mór Buí taobh amuigh den Leabharlann.
Clinic Tacaíochta Buail Isteach um Dhrugaí agus Alcól Dé Máirt, an 24 Samhain
Má tá imní ort faoi úsáid alcóil nó drugaí ag ball teaghlaigh/cara, nó más mian leat eolas a fháil faoi thacaíochtaí maidir leis an úsáid a bhaineann tú féin as alcól nó drugaí, is féidir tacaíocht saor in aisce agus rúnda a fháil idir 2pm agus 4pm Dé Máirt, an 24 Samhain in Oifig an Chomhaltais. Ní gá duit coinne a bheith agat.
Tíosmhargadh na Nollag
Beidh Tíosmhargadh na Nollag ar siúl idir 11am agus 3pm Dé Luain, an 30 Samhain in Áras na Mac Léinn. Buail isteach chun sos atá tuillte go maith agat a ghlacadh ón staidéar, chun tús a chur le siopadóireacht na Nollag, nó chun rud beag deas a cheannach duit féin! Beidh díoltóirí iontacha as measc na mac léinn, tobshiopa de chuid Chlann Shíomóin na Gaillimhe agus beidh Flirt FM ann le foinn na féile. Tuilleadh eolaisANSEO.
Tabhair éadaí do Bhanc Éadaí an Chomhaltais
Táimid ag bailiú éadaí le Banc Éadaí eile a reáchtáil thar ceann Mhic Léinn Ollscoil na Gaillimhe. Fág éadaí glana nach dteastaíonn uait a thuilleadh in Oifig an Chomhaltais nó ag an bhFáiltiú i Sráidbhaile na Breacóige. Dáta deiridh le héadaí a thabhairt isteach: 5pm Dé Luain, an 23 Samhain. Beidh an chéad Bhanc Éadaí eile ar siúl idir 6pm agus 9pm Dé Céadaoin, an 25 Samhain i Seomra Caidrimh Shráidbhaile na Breacóige.
Bricfeasta Saor in Aisce
An raibh a fhios agat gur féidir leat leite saor in aisce a fháil nuair a cheannaíonn tú aon deoch te i Sult nó i gCaifé Smokey le do Chárta Comhaltais? Ar fáil gach maidin fad is a mhaireann an stoc!
Glanadh amach roimh an Nollaig?
Tá Clann Shíomóin na Gaillimhe ag lorg tabhartas, amhail éadaí, bróga, seodra, hataí, lámhainní, tuáillí agus míreanna mearaí/cluichí. Is féidir iad a thabhairt idir 11am agus 3pm Dé Luain, an 30 Samhain ag an gCiúb ag Tíosmhargadh na Nollag. Tuilleadh eolais faoi na rudaí ar féidir leo glacadh leo agus nach féidir leo glacadh leo ANSEO.
Beartas Sosa Staidéir na Leabharlainne
Tá an Beartas Sosa Staidéir i bhfeidhm sa Leabharlann go dtí Dé hAoine, an 18 Nollaig (Luan-Aoine). Tá bileog ama “Tá mé ar Shos Staidéir” ann, a chaithfidh gach úsáideoir a úsáid le linn na seachtainí gnóthacha seo chun an t-am a n-imíonn sé ar sos a thaifeadadh. Is féidir le sos a bheith idir 5 agus 60 nóiméad. Tá bileoga ama ar fáil ar na 3 urlár – bealach isteach/amach tosaigh agus cúil na leabharlainne. Má theipeann ort an bhileog ama a líonadh isteach ach go bhfágann tú do chuid giuirléidí ag deasc mar sin féin, féadfar iad a bhaint.
Amchláir na Scrúduithe foilsithe anois
Beidh scrúduithe Sheimeastar 1 ar siúl ó Dé Luain, an 7 Nollaig go Dé hAoine, an 18 Nollaig. Tá amchláir na scrúduithe ar fáil ANSEO. Déan cinnte an t-amchlár a sheiceáil go cúramach. Má bhíonn ceann ar bith de d’ábhair fágtha ar lár, déan teagmháil le do léachtóir gan mhoill.
Rannpháirtithe taighde ag teastáil: An mbíonn pian sa bholg ort a bhaineann le galar athlasta putóige nó le siondróm putóige greannaithí? Nó an duine sláintiúil thú agus suim agat do chion féin a dhéanamh ar son taighde cliniciúil?
Tugtar cuireadh duit páirt a ghlacadh sa staidéar cliniciúil ar an láthair ag fiosrú an chaoi a bhféadfadh córas “cosúil le cannabas” an choirp féin agus miocróib boilg tionchar a imirt ar phian sa bholg ANSEO nó sa staidéar suirbhé ar líne a fhiosraíonn fíoreispéiris saoil ar phian bhoilg i siondróm putóige greannaithí agus galar athlasta putóige, tuilleadh eolais ANSEO.
An mbíonn tionchar ag an torann ó thuirbíní gaoithe ar an gcaoi ar féidir linn smaoineamh agus ár n-aird a dhíriú ar rud?
Tá taighdeoirí san Ollscoil ag lorg rannpháirtithe do staidéar a dhéanann imscrúdú ar an gcaoi a bhféadfadh torann tuirbíní gaoithe dul i bhfeidhm ar an gcuimhne fheidhmiúil, ar dhíriú aire agus ar bhearrán. Iarrfar ort tasc cuimhne ar ríomhaire a chur i gcrích i saotharlann fuaime ar an gCampas agus tú ag éisteacht le riochtaí fuaime éagsúla. Fad: 45-60 nóiméad. Spéis agat ann? Cliceáil anseo chun seisiún a chur in áirithe
Eispéiris na mBan Míchumasaithe ag Fáil Cúram agus Tacaíocht Neamhfhoirmiúil
Tá ceardlann á reáchtáil ag Mná Míchumasaithe na hÉireann agus ag an Mol Nuachta um Rannpháirtíocht Mhíchumais ar “Eispéiris na mBan Míchumasaithe ag Fáil Cúram agus Tacaíocht Neamhfhoirmiúil” idir 11am agus 2pm Dé Sathairn, an 5 Nollaig. Tá sé hibrideach in Ollscoil na Gaillimhe agus ar líne. Cláraigh don imeacht saor in aisce ANSEO. Bí linn chun eispéiris a roinnt, chun bualadh le daoine eile agus chun do chion féin a dhéanamh le hathrú a spreagadh.
Imeachtaí an Chomhaltais i mí na Samhna
Cliceáil an nasc ANSEO le cuid de na rudaí atá le teacht an mhí seo a fheiceáil (agus tá níos mó le cur leis!).
Déan teagmháil linn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn trí ríomhphost a sheoladh chuig studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, TikTok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)