Welcome to your weekly email from your Students’ Union
Thriftmas Market on Monday
Our Thriftmas Market is on 11am-3pm Mon 30 November in Áras na Mac Léinn. Call down for a well-deserved study break and maybe get a start on your Christmas shopping or just treat yourself! We’ll have some fantastic student vendors, a Galway Simon Community pop-up shop and Flirt FM providing the festive tunes. More info HERE.
Zine Making Workshop Today
For the 16 Days of Activism against Gender-Based Violence, we’re hosting a Zine-making workshop with Active* Consent 6pm-7pm today Thurs 26 Nov in The Stage, Áras na Mac Léinn. Free event. All welcome.
Christmas Sip & Paint on Tuesday
Join us for a Christmas Sip & Paint 6pm this Tuesday 1 December in the Corrib Room at Sult. Supplies & Snacks provided. Tickets €5 HERE
Exams Tips
You can find all our exam tips, information and adviceHERE.
Got your Christmas Raffle Tickets Yet?
Christmas Raffle tickets are on sale HERE until 11pm Sun 6 Dec. There’s 22 amazing prizes to be won including an e-Scooter, gym memberships, hoodies, massages, sauna sessions, goodie bags and lots of vouchers for fabulous places! Tickets are 1 for €5 or 3 for €10.
Raising funds for the SU Charities: Galway Rape Crisis Centre and The Irish Cancer Society.
T-Fund Applications Now Open
The T-Fund is a social transition fund and applications are open HERE until 5pm Monday 7 December. Please note this fund can only be used for items involved in socially transitioning, not medical supplies. For more info contact su.welfare@universityofgalway.ie
Life Skills 2027
Registration opens this Monday 30 November for our Life Skills courses for 2027. These classes are provided by us at a reduced rate giving you a chance to learn a new skill and boost your CV. More info HERE.
Doing a pre-Christmas Clear-out?
Galway Simon Community are looking for donations of clothes, shoes, jewellery, hats, gloves, towels and jigsaws/games. These can be donated 11am-3pm Monday 30 November at The Cube at the SU Thriftmas Market. More info on what they can/can’t take HERE.
We’re looking for new, unused, in-date personal care and household cleaning essentials. If you use a particular item, chances are someone else needs it too. Items can be donated in the SU Office 10am-5pm Mon-Fri. Your donations will go to The Hygiene Hub’s community partners in Galway who include COPE Galway, Galway Simon Community, Galway Traveller Movement and Saint Vincent de Paul.
Where’s your student ID Card?
Remember you need your University of Galway student ID card with you for all your exams otherwise you’ll be fined €25. If you’ve lost your ID you can buy a new one for €20 from the Student Registry Helpdesk.
Megatrends Conference Today (student-led)
Join the Megatrends conference 4-6pm today Thurs 26 Nov in the J.E. Cairnes Building, CA242 for Technology Track, CA239d for People and Society Track, and CA101 for Planet and Power Track. Free entrance! Includes exciting student-led presentations on the world’s most significant long-term trends in society, technology and environment. More info fromyixin.qiu@universityofgalway.ie
Have your say on Campus Sensory Accessibility
Take the short survey HERE which is open to ALL students and you could win a €50 SU Card Voucher.
Survey on students’ attitudes towards current Irish-language provision, and barriers and opportunities for expanding Irish-language courses.
The survey only takes 5-10 minutes and can be completed through Irish or English HERE. There’s no minimum level of Irish needed to take part, and you don’t need to be studying through Irish to take part. Any questions: taighdenaisiunta@universityofgalway.ie
Recruitment advertisement for participation in a Phase 1 Clinical Trial
The CRFG is currently recruiting participants for an exciting Phase 1 clinical trial; see the poster via the link HERE for further information and details on how to register your interest through the dedicated study mailbox.
World AIDS Day Candlelit Concert
You are invited to the Sexual Health West World AIDS Day Candlelit Concert in St. Nicholas’ Collegiate Church, Galway at 8pm tomorrow Friday 27 November. Admission is free and all are welcome.
Beer Run on Monday
Join Galway Beer Run at 7pm Monday 30 Nov for a 5km social run from The Oslo in Salthill. Free event with a free beer after! Bag drop available – all welcome – meet in the back section of the bar.
Contact Us
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
______________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig an ríomhphost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Tíosmhargadh na Nollag Dé Luain
Beidh Tíosmhargadh na Nollag ar siúl idir 11am agus 3pm Dé Luain, an 30 Samhain in Áras na Mac Léinn. Buail isteach chun sos atá tuillte go maith agat a ghlacadh ón staidéar, chun tús a chur le siopadóireacht na Nollag, nó chun rud beag deas a cheannach duit féin! Beidh díoltóirí iontacha as measc na mac léinn, tobshiopa de chuid Chlann Shíomóin na Gaillimhe agus Flirt FM ann le foinn na féile. Tuilleadh eolais ANSEO.
Ceardlann um Dhéanamh Irisíní Inniu
Don 16 Lá Gníomhaíochta i gcoinne Foréigean Inscne-bhunaithe, beidh ceardlann um dhéanamh irisíní á reáchtáil againn le Active* Consent ó 6pm-7pm inniu Déardaoin, an 26 Samhain san Ardán, Áras na Mac Léinn. Imeacht saor in aisce. Fáilte roimh chách.
Súimíní agus Péinteáil na Nollag Dé Máirt
Bí linn le haghaidh Shúimíní agus Phéinteáil na Nollag ag 6pm Dé Máirt, an 1 Nollaig i Seomra na Coiribe in Sult. Cuirfear soláthairtí agus sneaiceanna ar fáil. Ticéid €5 ar fáil ANSEO
Leideanna Scrúdaithe
Is féidir leat ár leideanna, ár bhfaisnéis agus ár gcomhairle go léir maidir le scrúduithe a fháil ANSEO.
An bhfuil do thicéid le haghaidh Chrannchur na Nollag faighte agat fós?
Tá ticéid Chrannchur na Nollag ar díol ANSEO agus beidh go dtí 11pm Dé Domhnaigh, an 6 Nollaig. Tá 22 duais iontach le buachan, lena n-áirítear scútar leictreach, ballraíocht in ionad aclaíochta, húdaithe, suathaireacht, seisiúin sána, málaí féiríní agus neart dearbhán le haghaidh áiteanna iontacha! Is féidir ticéad amháin a cheannach ar €5 nó 3 thicéad ar €10.
Ag bailiú airgid do Charthanais an Chomhaltais: Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Cumann Ailse na hÉireann.
Ag glacadh le hiarratais ar Chiste-T anois
Ciste le haghaidh aistriú sóisialta is ea Ciste-T agus tá iarratais oscailte ANSEO go dtí 5pm Dé Luain, an 7 Nollaig. Tabhair do d’aire nach féidir an ciste seo a úsáid ach le haghaidh earraí a bhaineann leis an aistriú sóisialta, seachas soláthairtí leighis. Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le su.welfare@universityofgalway.ie
Scileanna Saoil 2027
Osclófar an clárú Dé Luain, an 30 Samhain dár gcúrsaí Scileanna Saoil do 2027. Is muidne a chuireann na ranganna seo ar fáil ar ráta laghdaithe d’fhonn an deis a thabhairt duit scil nua a fhoghlaim agus do CV a fheabhsú. Tuilleadh eolais ANSEO.
Glanadh amach roimh an Nollaig?
Tá Clann Shíomóin na Gaillimhe ag lorg tabhartas, amhail éadaí, bróga, seodra, hataí, lámhainní, tuáillí agus míreanna mearaí/cluichí. Is féidir iad a thabhairt idir 11am agus 3pm Dé Luain, an 30 Samhain ag an gCiúb ag Tíosmhargadh na Nollag. Tuilleadh eolais faoi na rudaí ar féidir leo glacadh leo agus nach féidir leo glacadh leo ANSEO.
Bailiúchán na Nollag don Mhol Sláinteachais
Táimid ag lorg bunriachtanais cúraim phearsanta agus glantacháin tí nua, neamhúsáidte, agus nach bhfuil imithe in éag. Más rud é go mbaineann tú féin úsáid as earra faoi leith, is dóigh go mbainfidh duine eile leas as fosta. Is féidir earraí a bhronnadh in Oifig an Chomhaltais idir 10am agus 5pm, Luan-Aoine. Dáilfear na tabhartais ar chomhpháirtithe pobail an Mhoil Sláinteachais i nGaillimh, lena n-áirítear COPE na Gaillimhe, Clann Shíomóin na Gaillimhe, Gluaiseacht Taistealaithe na Gaillimhe agus Cumann Naomh Uinseann de Pól.
Cá bhfuil do Chárta Mic Léinn?
Cuimhnigh go mbeidh Cárta Aitheantais Mic Léinn Ollscoil na Gaillimhe ag teastáil uait le haghaidh do scrúduithe go léir. Mura bhfuil sé agat, gearrfar fíneáil €25 ort. Má tá do chárta aitheantais caillte agat is féidir leat ceann nua a cheannach ar €20 ón Deasc Chabhrach um Chlárúchán Mac Léinn.
Comhdháil Megatrends Inniu (faoi stiúir mic léinn)
Bí linn ag comhdháil Megatrends idir 4pm agus 6pm inniu Déardaoin, an 26 Samhain i bhFoirgneamh J.E. Cairnes, CA242 don Rian Teicneolaíochta, CA239d don Rian Daoine agus Sochaí, agus CA101 don Rian Pláinéid agus Cumhachta. Saorchead isteach! Áirítear cuir i láthair spreagúla faoi stiúir mic léinn ar na treochtaí fadtéarmacha is suntasaí ar domhan maidir leis an tsochaí, leis an teicneolaíocht agus leis an gcomhshaol. Tuilleadh eolais ó yixin.qiu@universityofgalway.ie
Cuir do thuairim in iúl faoi Inrochtaineacht Chéadfach an Champais
Glac páirt sa suirbhé gearrANSEO atá oscailte do GACH mac léinn agus b’fhéidir go mbuafaidh tú dearbhán Cárta an Chomhaltais €50.
Suirbhé ar dhearcadh na mac léinn i leith an tsoláthair reatha don Ghaeilge, agus na bacainní agus na deiseanna atá ann chun cúrsaí Gaeilge a leathnú.
Ní thógann an suirbhé ach 5-10 nóiméad agus is féidir é a chomhlánú trí Ghaeilge nó Béarla ANSEO. Níl aon íosleibhéal Gaeilge ag teastáil le bheith páirteach, agus ní gá duit a bheith ag déanamh staidéir trí mheán na Gaeilge le bheith páirteach. Aon cheist: taighdenaisiunta@universityofgalway.ie
Fógra earcaíochta le haghaidh rannpháirtíochta i dTriail Chliniciúil Céim 1
Tá an Áis Taighde Chliniciúil, Gaillimh ag earcú rannpháirtithe faoi láthair le haghaidh triail chliniciúil Céim 1 spreagúil; féach an póstaer tríd an nasc ANSEO le haghaidh tuilleadh eolais agus sonraí ar conas do spéis a léiriú tríd an mbosca poist staidéir tiomnaithe.
Ceolchoirm faoi sholas coinnle ar son Lá Domhanda SEIF
Tugann Sláinte Ghnéis an Iarthair cuireadh duit chuig Ceolchoirm faoi Sholas Coinnle ar son Lá Domhanda SEIF i Séipéal Coláisteach San Niocláis, Gaillimh, ag 8pm amárach Dé hAoine, an 27 Samhain. Tá saorchead isteach agus tá fáilte roimh chách.
Rith agus Beoir Dé Luain
Glac páirt i Rith agus Beoir na Gaillimhe ag 7pm Dé Luain, an 30 Samhain le haghaidh rith sóisialta 5km ón Oslo, Bóthar na Trá. Imeacht saor in aisce le beoir saor in aisce ina dhiaidh! Is féidir málaí a fhágáil ann – fáilte roimh chách – buailfimid le chéile ag cúl an bheáir.
Déan teagmháil linn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn trí ríomhphost a sheoladh chuig studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, TikTok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)