Welcome to your weekly email from your Students’ Union
National Student Protest Thurs 1 Oct
AMLÉ (the national students’ union) is organising a major national demonstration for the “Fund Our Future” campaign on Thurs 1 October in Dublin. University of Galway Students’ Union is part of AMLÉ and we are part of the national movement who are calling on the Irish Government to take urgent action on the student affordability crisis, sustainable higher education funding, cost-of-living supports, and student accommodation. Buses will leave Galway at 9:00am on Thursday 1 October from the Cathedral. We will march to Dáil Éireann where there will be a short rally before returning home. We expect to be back in Galway at approximately 6:30pm. Return bus tickets are €2 HERE. University of Galway Student ID will be required on the day.
- Voting to elect your Class Reps is open online on YourSpace until 5pm TODAY Thurs 24 Sept
- Where no Class Rep has been elected nominations will reopen on YourSpace from 9am Mon 28 Sept to 5pm Fri 2 Oct
- Remaining Class Rep elections will take place on YourSpace 9am Sat 3 Oct to 5pm Thurs 8 Oct
Any queries please contact Eimear on su.education@universityofgalway.ie
Event Update
Our Sustainability Table Quiz has been moved to 6pm-8pm Fri 2 Oct in the Corrib Room at Sult. Get your free ticket HERE.
Free Rapid HIV and Syphilis Testing Today
Get tested 1pm-3pm today Thursday 24 September with Sexual Health West in The Space, upstairs in Áras na Mac Léinn. No appointment needed. They’ll also have free home STI testing kits.
Gaeilge Courses Sign Up Closing 1Oct
Learn Irish or improve the Irish you have and might not be using. 4 class levels available from total Beginner to Intermediate. Cost: €30 for 8 weeks which will be refunded if you attend all classes. Dates: Courses start week of 6 October. Info + Sign up HERE.
Volunteering Fair Today
The ALIVE Volunteering Fair is on 11.30am-2.30pm today Thurs 24 Sept in Áras na Mac Léinn. Come along to learn about student volunteering opportunities and meet your SU Officers too!
Self Defence Class just €5
Learn techniques and strategies to protect yourself should the need ever arise. Course Dates/Times: 8pm-9.30pm Tues 29 Sept or Tues 6 Oct. Info and sign up HERE.
Hygiene Hub
We have a permanent donation drop off box for Galway Hygiene Hub in the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn. Please donate hygiene, personal care and household cleaning products for those in need if you can. More information HERE.
Cash for Cans on Campus!
Our SU Deposit Return machine is now open. You can redeem credit in our SU outlets – Sult, Smokey’s Café or the SU Shop – or donate to the SU Charities – Galway Rape Crisis Centre and The Irish Cancer Society.
SU Charities
We’re delighted to announce that our two SU Charities for 2026/27 are Galway Rape Crisis Centre and The Irish Cancer Society. If you’d like to help us raise funds for these great charities or if you have a fundraising idea please get in touch! Email studentsunion@universityofgalway.ie
Beginners Tin Whistle Course
- Learn Traditional and Contemporary songs on the Tin Whistle at weekly group lessons over 6 weeks.
- Cost: €25 for 6 week course (please note you must buy your own Tin Whistle in the key of D.)
- Class Dates/Times: 7pm-8pm Wednesday 14 October -Wednesday 18 November 2026
- Sign up HERE.
Books & Bakes
We’ll be holding a books & bakes sale in aid of our SU Charities on Weds 7 Oct but we need your help! If you can volunteer to bake items, donate books (fiction) or sell books/bakes on the day please get in touch! Email studentsunion@universtityofgalway.ie
CÉIM Peer Learning Sessions
Weekly CÉIM sessions are now running for eligible 1st year students in Arts, Law, Engineering and Science. Meet others doing your course, get up to speed on coursework and develop new skills in a welcoming and relaxed environment. Log into YourSpace and click CÉIM to see your session information. See HERE for more information on eligible disciplines.
Beginners Bodhrán Course
- Learn Traditional and Contemporary songs at weekly group lessons over 6 weeks.
- Cost: €60 for 6 Week Course (includes a locally made Bodhrán worth €45)
- Class Dates/Times: 6pm-7pm Weds 14October – Weds 28November 2026
- Sign up: HERE
Are you a commuter student? Want to have your say on the commuter student experience?
Join this workshop led by Professor Liz Thomas, who will share research on the commuter student experience and seek your input on how the University can better support our commuter students 2pm-5pm Mon 28 Sept in The Space Áras na Mac Léinn. More info + registration HERE.
September Song at the Pocket Forest Pilot Project
September Song will see the University of Galway community gather in a circle to sing in the new academic year, mark the shifting of the season into autumn and enjoy the circular space at the centre of the pocket forest after the installation of new benches by Galway Men’s Shed. It takes place 1.45pm-3pm Tues 29 Sept at the ILAS Building in North Campus
Repair Café Galway this Saturday
Free event 12.30pm-3.30pm Saturday 26 September in the Rowing Club in Woodquay. Textile and electrical repairs plus a craft table.
Do you currently have low back pain—either recently (days/weeks) or long-term (months/years)? Participants needed for a research study!
Dr Kevin Ng from the School of Pharmacy and Medical Sciences is recruiting individuals for a study exploring whether reflex responses can help predict low back pain outcomes. Participants will receive a €20 gift voucher. More info HERE
Screening of documentary “Life Support”
A compelling documentary viewed through the lens of the incredible healthcare workers volunteering in Gaza “Life Support” will be shown 7.30pm Thurs 8 Oct in the Town Hall Theatre Galway. Tickets are available HERE.
Young Reporters for the Environment Competition Open!
YRE engages participants in environment-focused citizen journalism, encouraging them to investigate local environmental issues and solutions, and report on them through articles, photos, podcasts or videos. There’s a competition prize fund of €2,000 available for the winners. More info HERE.
Contact Us
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
_______________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig an ríomhphost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Agóid Náisiúnta na Mac Léinn, Déardaoin, an 1 Deireadh Fómhair
Tá AMLÉ (aontas náisiúnta na mac léinn) ag eagrú mórléirsiú náisiúnta don fheachtas “Maoinigh ár dTodhchaí” Déardaoin, an 1 Deireadh Fómhair i mBaile Átha Cliath. Is cuid de AMLÉ Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe agus táimid mar chuid den ghluaiseacht náisiúnta atá ag iarraidh ar Rialtas na hÉireann gníomh práinneach a dhéanamh ar cheisteanna amhail an ghéarchéim inacmhainneachta i measc mac léinn, maoiniú inbhuanaithe don ardoideachas, tacaíochtaí don chostas maireachtála, agus lóistín do mhic léinn. Imeoidh busanna ó Ghaillimh ag 9:00am Déardaoin, an 1 Deireadh Fómhair ón Ardeaglais. Máirseálfaimid go Dáil Éireann, áit a mbeidh slógadh gearr ann sula bhfillfimid abhaile. Táimid ag súil a bheith ar ais i nGaillimh thart ar 6:30pm. Is é €2 an praghas ar thicéid bhus fillte ANSEO. Beidh gá le cárta aitheantais mic léinn ó Ollscoil na Gaillimhe ar an lá.
An Scéal is Déanaí maidir le Toghchán na nIonadaithe Ranga
- Tá vótáil chun d’Ionadaithe Ranga a thoghadh oscailte ar líne ar YourSpace go dtí 5pm INNIU Déardaoin, an 24 Meán Fómhair
- I gcás nach mbeidh Ionadaí Ranga tofa ag deireadh an phróisis, athosclófar ainmniúcháin ar YourSpace ag 9am, Dé Luain, an 28 Meán Fómhair agus beidh siad ar oscailt go dtí 5pm, Dé hAoine, an 2 Deireadh Fómhair
- Beidh na toghcháin do na hIonadaithe Ranga sin ar siúl ar YourSpace ó 9am, Dé Sathairn, an 3 Deireadh Fómhair go 5pm, Déardaoin, an 8 Deireadh Fómhair
Aon cheist, déan teagmháil le hEimear ag su.education@universityofgalway.ie
Nuashonrú maidir le hImeacht
Tá Tráth na gCeist ar an Inbhuanaitheacht bogtha go dtí 6pm-8pm Dé hAoine, an 2 Deireadh Fómhair i Seomra na Coiribe i Sult. Faigh do thicéad saor in aisce ANSEO.
Mearthástáil Saor in Aisce le haghaidh VEID agus na Gallbholgaí Inniu
Déan tástáil inniu Déardaoin, an 24 Meán Fómhair idir 1pm agus 3pm le Sláinte Ghnéis an Iarthair sa Spás, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Ní gá duit coinne a bheith agat. Beidh fearais tástála baile d’ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha saor in aisce ar fáil acu freisin.
Clárú le haghaidh Cúrsaí Gaeilge le Dúnadh an 1Deireadh Fómhair
Foghlaim Gaeilge nó cuir feabhas ar an nGaeilge atá agat agus nach bhfuil á húsáid agat. 4 leibhéal ranga ar fáil ó leibhéal glantosaitheora go meánleibhéal. Costas: €30 ar feadh 8 seachtaine, méid a aisíocfar leat má fhreastalaíonn tú ar na ranganna go léir. Dátaí: Tosaíonn cúrsaí an tseachtain dar tús an 6 Deireadh Fómhair. Eolas + Cláraigh ANSEO.
Aonach Saorálaíochais Inniu
Beidh Aonach Saorálaíochais ALIVE ar siúl 11.30am-2.30pm inniu Déardaoin, an 24 Meán Fómhair in Áras na Mac Léinn. Tar anseo chun foghlaim faoi dheiseanna saorálaíochais do mhic léinn agus bualadh le hOifigigh Chomhaltas na Mac Léinn chomh maith!
Rang Féinchosanta €5
Foghlaim teicnící agus straitéisí chun tú féin a chosaint ar fhaitíos na bhfaitíos. Dátaí/Amanna an Chúrsa: 8pm-9.30pm, Dé Máirt, an 29 Meán Fómhair nó Dé Máirt, an 6 Deireadh Fómhair. Eolas agus clárú ANSEO.
An Mol Sláinteachais
Tá bosca buan againn le haghaidh tabhartais do Mhol Sláinteachais na Gaillimhe in Oifig an Chomhaltais, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Má tá sé d’acmhainn agat, iarrtar táirgí sláinteachais, cúraim phearsanta agus glantacháin tí a dheonú dóibh siúd i nGaillimh atá i ngátar. Tuilleadh eolais ANSEO.
Airgead Tirim le haghaidh Cannaí ar an gCampas!
Tá ár meaisín Re-turn ag obair anois. Caith do chuid creidmheasa in ionaid díola de chuid an Chomhaltais – Sult, Caifé Smokey nó Siopa an Chomhaltais – nó úsáid é le síntiús a thabhairt do Charthanachtaí an Chomhaltais – Ionad Géarchéime um Éigniú na Gaillimhe agus Cumann Ailse na hÉireann.
Carthanachtaí an Chomhaltais
Tá áthas orainn a fhógairt gurb iad Ionad Géarchéime um Éigniú na Gaillimhe agus Cumann Ailse na hÉireann dhá Charthanacht an Chomhaltais do 2026/27. Más mian leat cabhrú linn airgead a bhailiú do na carthanachtaí iontacha seo nó má tá smaoineamh chun airgead a bhailiú agat, déan teagmháil linn! Ríomhphost studentsunion@universityofgalway.ie
Cúrsa Feadóige Stáin do Thosaitheoirí
- Foghlaim amhráin thraidisiúnta agus chomhaimseartha ar an bhFeadóg Stáin ag ceachtanna grúpa seachtainiúla thar 6 seachtaine.
- Costas: €25 ar chúrsa 6 seachtaine (tabhair faoi deara go gcaithfidh tú d’Fheadóg Stáin féin in eochair D a cheannach.)
- Dátaí/Amanna na Ranganna: 7pm-8pm Dé Céadaoin, an 14 Deireadh Fómhair – Dé Céadaoin, an 18 Samhain 2026
- Cláraigh ANSEO.
Leabhair & Cístí
Beidh díolachán leabhar agus cístí againn ar son Charthanachtaí an Chomhaltais Dé Céadaoin, an 7 Deireadh Fómhair ach tá do chabhair ag teastáil uainn! Más féidir leat rudaí a bhácáil, leabhair (ficsean) a bhronnadh nó leabhair/cístí a dhíol ar an lá, déan teagmháil linn! Ríomhphost studentsunion@universtityofgalway.ie
Seisiúin Phiarfhoghlama CÉIM
Tá seisiúin sheachtainiúla CÉIM ar siúl anois do mhic léinn incháilithe na chéad bhliana sna hEalaíona, sa Dlí, san Innealtóireacht agus san Eolaíocht. Buail le daoine eile atá ag déanamh an chúrsa chéanna leatsa, coinnigh suas le hobair chúrsa agus forbair scileanna nua i dtimpeallacht fháilteach agus réchúiseach. Logáil isteach ar YourSpace agus cliceáil CÉIM le sonraí do sheisiúin a fheiceáil. Féach ANSEO le haghaidh tuilleadh eolais faoi dhisciplíní atá incháilithe.
Cúrsa Bodhráin do Thosaitheoirí
- Foghlaim amhráin thraidisiúnta agus chomhaimseartha ag ceachtanna grúpa seachtainiúla thar 6 seachtaine.
- Costas: €60 ar chúrsa 6 seachtaine (lena n-áirítear Bodhrán déanta go háitiúil ar fiú €45 é)
- Dátaí/Amanna na Ranganna: 6pm-7pm Dé Céadaoin, an 14Deireadh Fómhair – Dé Céadaoin, an 28Samhain 2026
- Cláraigh: ANSEO
An mac léinn thú a bhíonn ag comaitéireacht? Ar mhaith leat do thuairim a roinnt ar an gceist sin?
Glac páirt sa cheardlann seo faoi stiúir an Ollaimh Liz Thomas, a roinnfidh taighde ar eispéireas na mac léinn a bhíonn ag comaitéireacht agus a lorgóidh do thuairimí maidir le conas is féidir leis an Ollscoil tacú níos fearr le mic léinn a bhíonn ag comaitéireacht – 2pm-5pm Dé Luain, an 28 Meán Fómhair in Áras na Mac Léinn sa Spás. Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO.
Amhrán Mheán Fómhair ag Tionscadal Píolótach na Foraoise Póca
Ag Amhrán Mheán Fómhair beidh pobal Ollscoil na Gaillimhe ag bailiú i gciorcal chun fáilte a chur roimh an mbliain acadúil nua le hamhránaíocht, chun aistriú an tséasúir isteach san fhómhar a cheiliúradh agus chun taitneamh a bhaint as an spás ciorclach i lár na foraoise póca tar éis do Sheid na bhFear, Gaillimh, binsí nua a shuiteáil. Beidh sé ar siúl ó 1.45pm-3pm Dé Máirt, an 29 Meán Fómhair ag Foirgneamh ILAS ar an gCampas Thuaidh
Caifé Deisiúcháin na Gaillimhe an Satharn beag seo
Imeacht saor in aisce 12.30pm-3.30pm Dé Sathairn, an 26 Meán Fómhair sa Chlub Rámhaíochta i gCoill an Chalaidh. Deisiúcháin teicstíle agus leictreacha chomh maith le bord ceardaíochta.
An bhfuil pian in íochtar an droma agat faoi láthair—le déanaí (laethanta/seachtainí) nó go fadtéarmach (míonna/blianta)? Tá rannpháirtithe ag teastáil le haghaidh staidéar taighde!
Tá an Dr Kevin Ng ó Scoil na Cógaisíochta agus na nEolaíochtaí Leighis ag earcú daoine le bheith páirteach i staidéar a scrúdóidh an féidir torthaí a eascraíonn as pian in íochtar an droma a thuar ó fhreagairtí frithluaile. Gheobhaidh rannpháirtithe dearbhán bronntanais €20. Tuilleadh eolais ANSEO
Taispeántas den chlár faisnéise “Life Support”
Taispeánfar clár faisnéise cumhachtach trí lionsa na n-oibrithe cúraim sláinte dochreidte atá ag obair go deonach i nGaza, “Life Support”, ag 7.30pm Déardaoin, an 8 Deireadh Fómhair in Amharclann Halla na Cathrach, Gaillimh. Tá ticéid ar fáil ANSEO.
Comórtas na dTuairisceoirí Óga ar son an Chomhshaoil (YRE) Oscailte!
Cuireann YRE rannpháirtithe i mbun tuairisceoireacht saoránach atá dírithe ar an gcomhshaol, á spreagadh chun imscrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna agus réitigh chomhshaoil áitiúla, agus tuairisciú a dhéanamh orthu trí ailt, grianghraif, podchraoltaí nó físeáin. Tá duaischiste comórtais €2,000 ar fáil do na buaiteoirí. Tuilleadh eolais ANSEO.
Déan teagmháil linn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost ag studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)