Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. Beidh Leagan Gaeilge ar fáil ANSEO
First Year?
Click HERE for more info and find your orientation schedule HERE. Our Fáilte magazine has all the information you need about starting life at the University of Galway and Galway! There’s some great offers, deals and information from our supporters too so have a read HERE.
Can you lead the way and be the voice of your class this year? Nominations for Class Rep positions for returning students close Fri 20th Sept on YourSpace. Nominations for First Year students open tomorrow Fri 13th Sept and close Weds 25th Sept on YourSpace. It’s a great way to gain experience, make friends, get training and get your Class Rep Hoodie! More information HERE.
Free Fáilte Fest free events are on today Thurs 12th and tomorrow Fri 13th Sept. They include a free BBQ, speed friending, DJs, live music, a silent disco, games, murder mystery, movie nights and more! All the info is HERE.
Fantasy Premier League
Sign up for the SU Fantasy Premier League online HERE – entry is just €10 and half of all proceeds go to the winner with the other half going to the SU Charities.
Want to join the SU Officer team this year?
We’ve 3 part time officer positions to fill
- Postgraduate Taught Officer
- Mature Students Officer
- Clubs’ Captain
Nominations open 10:00 Weds 18th Sept on YourSpace. Nominations close 17:00 Weds 25th Sept.
Collect your FREE SU Card in the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn 10am-5pm Mon-Fri. Use your SU Loyalty card to get deals and freebies at Sult, SU Shop and Smokey’s Café.
Mooju Monday
Call in to the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn from 11am on Monday 16th of September for free Mooju samples while stocks last!
Accommodation Survey
Please take 5 minutes to fill out our accommodation survey for the 2024/2025 Academic Year HERE.
Log on to YourSpace to book and pay for your locker. You can then collect the key from the SU Office.
Freshers’ Fair
Our SU Freshers’ Fair is back 11am-3pm next Thurs 19th of Sept in Áras na Mac Léinn/Bailey Allen Hall. We’ll be giving out 2,000 FREE Students’ Union Rudaí Áille bags so get down early. There’ll be games, promos, student friendly companies, a vintage pop up shop and food trucks. More info HERE.
Register to Vote
Get registered to vote at the USI Voter Registration stand 11am-5pm Weds 18th of Sept in the Bailey Allen Hall at Socs Day – you might get some freebies for registering! You can also register yourself to vote or update your details online HERE.
White Lies Night 19th Sept
Wear a white t-shirt with a white lie written on it! Starts 8pm Thursday 19th of September at Sult. Free entry!
Clubs + Socs Days
- Clubs Day is on 12pm-4.30pm Weds 18th of Sept in the Sports Centre. Meet all the Sports Clubs that you can join this year. We will be there too with freebies!
- Socs Day and the Volunteer Fair is on 11am-5pm Weds 18th of Sept in Áras na Mac Léinn. Meet 100’s of societies and find out about volunteering opportunities. We will be there too with freebies!
You can also join Clubs or Societies anytime online HERE
Our Life Skills courses are now enrolling for the year ahead. Spaces are limited so sign up soon for:
- Sign Language
- Gaeilge
- Pilates
- Tin Whistle
- Financial Resilience
- Bodhrán
- Self Defence
- Heartsaver AED
- Mental Health Awareness
- Disclosure Training with Galway Rape Crisis Centre
- safeTALK Suicide Alertness
More info and registration HERE
The week of events is an opportunity to increase awareness, engagement, and action to help achieve the United Nations’ 17 Sustainable Development Goals (SDGs). Activities include – guided walks; sustainability seminars, workshops, and flash talks; a student led SDG quiz; and more. More info HERE.
University of Galway Parkrun
This is a free, fun, and friendly weekly 5k community event at 9.30am every Saturday on campus. Walk, jog, run, volunteer or spectate – it’s up to you! More info and sign up HERE.
Seas Suas
The Seas Suas Programme will cover important topics such as: mental health; alcohol and drugs; sexual violence; suicide prevention; intolerance; peer-to-peer support; and information about relevant supports services. It takes place over Four Tuesdays in October (8th, 15th, 22th, 29th), from 6-8pm, in Áras Moyola Lecture Theatre (MY243) and free food is provided each night. Contact seassuas@universityofgalway.ie for info. Link to register HERE.
Student Volunteer Ireland Online Info Session – How to Get Started Volunteering
University of Galway students are able to access www.studentvolunteer.ie to gain experiences and build their skills. Free online information session open to all 6pm-7pm Weds 18th Sept. Sign up HERE.
First Point of Contact | Disclosure Management Training
The FREE First Point of Contact disclosure management training programme is a new approach to training staff and students in communication and interpersonal skills for providing the initial support and signposting of someone who has experienced sexual violence or harassment. 10.00am-1.00pm 27th Sep, 4th,11th & 18th Oct 2024 Link for more info HERE.
Your SU Services are open!
- The SU Office is open Mon-Fri 10am-5pm upstairs in Áras na Mac Léinn (beside Sult). Call in to meet your SU Officers, collect your Student Leap Card, get free condoms/period products, get SU Charity Socks, collect your locker keys, recycle batteries/vapes and lots more!
- The SU FREE Cloakroom is open new extended hours 9am-6pm Monday-Friday in the Library basement near the SU Shop.
- Our services at Sult, the SU Shop and Smokey’s Café are all open so call by and shop local!
- The SU Síbín social space is open 9am-5pm Mon-Fri in the Library Basement near the SU Shop.
Get 50% off adult public transport fares with the Young Adult or Student Leap Card
- The Young Adult Leap Card is available for all 19 to 25 year olds. Apply online HERE and it will be posted to you.
- The Student Leap Card is only available for students in full time education who are either 16 -18 years of age or 26 years and above. Apply online HERE and collect from the SU Office.
Free Rapid HIV & Syphilis Testing
1pm-3pm Mon 23rd Sept with Sexual Health West in The Large Acoustic Room downstairs in Áras na Mac Léinn. No appointment needed.
Ways to get involved with your SU this year
Take part to find out where everything is on campus. At the end get free snacks + chance to win prizes including AirPods, gym memberships, Pizza Party in Sult, SU Vouchers and more! More info HERE.
The FREE Student Health Unit is open but you must book your appointment online prior to attending. More information on their services and how to book your appointment online here.
Handy Links For You
Free Stuff To Do In Galway
- Galway Climate Festival Fri 13th-Sun 15th Sept
- Galway Culture Night Fri 20th Sept
Mental Health Media Awards: Student Journalist Category
Submissions close: 22nd Sept. Winner will receive placement opportunity with The Journal + bursary. More info HERE.
Contact Us / Déan teagmháil linn
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) and X (Twitter)
______________________________________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. / Welcome to your weekly email from your Students’ Union. Tá fáil ar an leagan Béarla ANSEO
Ag dul isteach sa Chéad Bhliain?
Cliceáil ANSEO le tuilleadh eolais a fháil agus ANSEO le haghaidh do sceidil tionscnaimh. Tá gach eolas atá uait maidir le tosú amach in Ollscoil na Gaillimhe agus maidir le Gaillimh féin le fáil inár n-iris, Fáilte! Tá tairiscintí den scoth, margaí iontacha agus eolas ónár lucht tacaíochta ann. Tabhair spléachadh uirthi ANSEO.
Ionadaithe Ranga
An bhfuil an mianach ionat le bheith ag ceann an tslua agus guth a thabhairt do do rang i mbliana? Dúnfar na hainmniúcháin Ionadaithe Ranga do mhic léinn atá ag filleadh Dé hAoine, an 20 Meán Fómhair ar YourSpace. Osclófar na hainmniúcháin do mhic léinn na Chéad Bhliana amárach, Dé hAoine, an 13 Meán Fómhair agus dúnfar Dé Céadaoin, an 25 Meán Fómhair iad ar YourSpace. Is bealach iontach é le bualadh le cairde nua agus taithí, oiliúint agus Húdaí Ionadaí Ranga a fháil! Tuilleadh eolais ANSEO.
An Fhéile Fáilte
Beidh imeachtaí saor in aisce ar siúl mar chuid den Fhéile Fáilte inniu, Déardaoin, an 12 Meán Fómhair, agus amárach, Dé hAoine, an 13 Meán Fómhair. Ina measc beidh fulacht fia saor in aisce, mearmhúintearas, DJanna, ceol beo, dioscó tostach, cluichí, dúrún dúnmharaithe, oícheanta scannáin agus a thuilleadh nach iad! Tá an t-eolas ar fad ar fáil ANSEO.
An Phríomhshraith Fantaisíochta
Cláraigh ANSEO le haghaidh Phríomhshraith Fantaisíochta an Chomhaltais – ní chosnóidh sé ach €10 ort agus rachaidh leath na bhfáltas chuig an mbuaiteoir agus an leath eile chuig rogha carthanachtaí an Chomhaltais.
Fonn ort a bheith ar Fhoireann Oifigeach an Chomhaltais i mbliana?
Tá 3 phost mar oifigigh pháirtaimseartha le líonadh againn
- Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha
- Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta
- Captaen na gClubanna
Osclófar na hainmniúcháin 10:00, Dé Céadaoin, an 18 Meán Fómhair ar YourSpace. Dúnfar na hainmniúcháin 17:00, Dé Céadaoin, an 25 Meán Fómhair.
Cárta an Chomhaltais
Faigh do Chárta Comhaltais SAOR IN AISCE féin in Oifig an Chomhaltais, thuas staighre in Áras na Mac Léinn, 10am-5pm, Luan-Aoine. Bain úsáid as Cárta Dílseachta an Chomhaltais le margaí agus aiscíní a fháil ag Sult, i Siopa an Chomhaltais agus ag Smokey’s Café.
Luan Mooju
Buail isteach chuig Oifig an Chomhaltais, thuas staighre in Áras na Mac Léinn, ó 11am, Dé Luain, an 16 Meán Fómhair le samplaí de Mooju a fháil saor in aisce sula mbeidh siad ar fad tugtha amach!
Suirbhé Lóistín
Tóg 5 nóiméad lenár suirbhé lóistín a líonadh isteach don Bhliain Acadúil 2024/2025 ANSEO.
Taisceadáin ar Díol Anois
Logáil isteach ar YourSpace le clárú le haghaidh taisceadáin agus íocaíocht a dhéanamh. Is féidir an eochair a bhailiú ó Oifig an Chomhaltais.
Aonach na bhFreisear
Beidh Aonach Freisear an Chomhaltais ar ais 11am-3pm, Déardaoin, an 19 Meán Fómhair in Áras na Mac Léinn/Halla Bailey Allen. Beidh 2,000 mála ‘Rudaí Áille’ le tabhairt amach againn SAOR IN AISCE. Bí ann nó bí gann! Beidh cluichí, promóisin, comhlachtaí atá báúil do mhic léinn, tobshiopa éadaí seanré agus trucailí bia ann. Tuilleadh eolais ANSEO.
Cláraigh le Vótáil
Cláraigh le vótáil ag Seastán Cláraithe Vótálaithe AMLÉ ó 11am go 5pm, Dé Céadaoin, an 18 Meán Fómhair i Halla Bailey Allen ag Lá na gCumann – seans go bhfaighidh tú roinnt earraí in aisce mar chomhartha buíochais, leis! Mar mhalairt air sin, is féidir leat clárú le vótáil nó do shonraí a nuashonrú ar líne ANSEO.
Oíche na mBréag Beag, an 19 Meán Fómhair
Caith t-léine bhán agus bíodh bréag bheag scríofa uirthi! 8pm, Déardaoin, an 19 Meán Fómhair ag Sult. Saorchead isteach!
Lá na gClubanna agus Lá na gCumann
- Beidh Lá na gClubanna ar siúl 12pm-4.30pm, Dé Céadaoin, an 18 Meán Fómhair san Ionad Spóirt. Cuir eolas ar na clubanna go léir ar féidir leat a bheith páirteach iontu i mbliana. Is cinnte go mbeidh muidne ann chomh maith agus neart aiscíní le tabhairt amach againn!
- Beidh Lá na gCumann agus Aonach na nOibrithe Deonacha ar siúl 11am-5pm, Dé Céadaoin, an 18 Meán Fómhair in Áras na Mac Léinn. Cuir eolas ar na céadta cumann agus faigh amach faoi dheiseanna le dul i mbun obair dheonach. Is cinnte go mbeidh muidne ann chomh maith agus neart aiscíní le tabhairt amach againn!
Is féidir leat clárú le Clubanna nó le Cumainn ar líne freisin ANSEO
Scileanna Saoil
Is féidir clárú dár gcúrsaí Scileanna Saoil anois don bhliain amach romhainn. Níl ach líon teoranta áiteanna ar fáil – cláraigh go luath do na cúrsaí a leanas:
- Teanga Chomharthaíochta
- Gaeilge
- Pilates
- Feadóg Stáin
- Athléimneacht Airgeadais
- Bodhrán
- Féinchosaint
- Heartsaver (Uath-Dhífhibrileoir Seachtrach)
- Feasacht i leith na Meabhairshláinte
- Oiliúint um Nochtadh ó Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe
- safeTALK: Airdeall ar Fhéinmhárú
Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO
Seachtain SDG, an 16-20 Meán Fómhair
Is deis í an tseachtain seo chun cur le feasacht, rannpháirtíocht agus gníomhaíochtaí le 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiúin Aontaithe a bhaint amach. I measc na ngníomhaíochtaí beidh: siúlóidí treoraithe, seimineáir ar inbhuanaitheacht, ceardlanna, tobchainteanna; tráth na gceist SDG – stiúrtha ag mic léinn; agus tuilleadh. Tuilleadh eolais ANSEO.
Parkrun Ollscoil na Gaillimhe
Imeacht pobail 5km saor in aisce é seo a bhíonn ar siúl ag 9:30am gach Satharn ar an gcampas. Bíonn neart spraoi ann i gcónaí. Tar linn ag siúl, ag bogshodar nó ag rith, cabhraigh linn an t-imeacht a rith, nó bí ag breathnú ar dhaoine fiú – fút féin atá sé! Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO.
Seas Suas
Déanfaidh Clár Seas Suas plé le hábhair thábhachtacha amhail: meabhairshláinte; alcól agus drugaí; foréigean gnéasach; féinmharú a chosc; éadulaingt ; tacaíocht idir phiaraí; agus faisnéis faoi sheirbhísí tacaíochta ábhartha. Beidh sé ar siúl ar cheithre Mháirt i mí Dheireadh Fómhair (8, 15, 22, 29), ó 6-8pm, i Léachtlann Áras Moyola (MY243), agus cuirfear bia saor in aisce ar fáil gach oíche. Déan teagmháil le seassuas@universityofgalway.ie le heolas a fháil. Nasc le clárú ANSEO.
Seisiún Faisnéise ar Líne le Student Volunteer Ireland – Dul i mbun obair dheonach den chéad uair
Tá fáil ag mic léinn Ollscoil na Gaillimhe ar www.studentvolunteer.ie, áit ar féidir leo taithí a fháil agus a gcuid scileanna a fhorbairt. Seisiún faisnéise ar líne, é saor in aisce agus oscailte do chách – 6pm-7pm, Dé Céadaoin, an 18 Meán Fómhair. Cláraigh ANSEO.
An Chéad Phointe Teagmhála | Oiliúint sa Bhainistíocht Nochtaí
Cur chuige nua é ‘An Chéad Phointe Teagmhála’, clár oiliúna SAOR IN AISCE sa bhainistíocht nochtaí, i leith oiliúint a chur ar bhaill foirne agus ar mhic léinn i scileanna cumarsáide agus idirphearsanta i gcomhair tacaíocht tosaigh a thabhairt do dhuine atá thíos de dheasca foréigean gnéasach nó ciapadh gnéasach, agus an duine sin a chur i dtreo seirbhísí cuí tacaíochta agus conairí cuí cúraim. 10am-1pm, an 27 Meán Fómhair 2024 agus an 4, an 11 agus an 18 Deireadh Fómhair 2024. Tuilleadh eolais ANSEO.
Tá Seirbhísí an Chomhaltais ar oscailt!
- Bíonn Oifig an Chomhaltais ar oscailt Luan-Aoine, 10am-5pm thuas staighre in Áras na Mac Léinn (béal dorais le Sult). Buail isteach le haithne a chur ar Oifigigh an Chomhaltais agus Cárta Leap do Mhic Léinn, coiscíní/táirgí míostraithe saor in aisce, Stocaí Carthanachta an Chomhaltais, d’eochair thaisceadáin a fháil, nó le cadhnraí/galtoitíní a athchúrsáil – agus neart eile!
- Bíonn Seomra Cótaí SAOR IN AISCE an Chomhaltais ar oscailt uaireanta níos faide anois, 9am-6pm Luan-Aoine, in Íoslach na Leabharlainne in aice le Siopa an Chomhaltais.
- Tá Sult, Siopa an Chomhaltais agus Smokey’s Café ar fad ar oscailt. Buail isteach agus caith do chuid go háitiúil!
- Bíonn Síbín, spás sóisialta, ar oscailt 9am-5pm, Luan-Aoine, in Íoslach na Leabharlainne in aice le Siopa an Chomhaltais.
Faigh lascaine 50% ar tháillí iompair phoiblí d’aosaigh le Cárta Leap d’Aosaigh Óga nó do Mhic Léinn
- Tá an Cárta Leap d’Aosaigh Óga ar fáil do gach duine atá 19-25 bliain d’aois. Déan iarratas ar líne ANSEO agus cuirfear amach chugat sa phost é.
- Tá an Cárta Leap do Mhic Léinn ar fáil do mhic léinn lánaimseartha atá 16-18 mbliana d’aois nó 26+ bliain d’aois. Déan iarratas air ANSEO agus bailigh ó Oifig an Chomhaltais é.
Mearthástáil saor in aisce le haghaidh VEID agus na Gallbholgaí
1pm-3pm, Dé Luain, an 23 Meán Fómhair le Sláinte Ghnéis an Iarthair san Fhuaimsheomra Mór thíos staighre in Áras na Mac Léinn. Ní gá duit coinne a bheith agat.
Bealaí le páirt a ghlacadh sa Chomhaltas i mbliana
- Bí i d’Ionadaí Ranga
- Glac páirt sa Chriú Leasa
- Seas sa Toghchán
- Glac páirt sa Chriú Siamsaíochta
- Glac páirt i gCoiste na Gaeilge
Glac páirt sa Dúshlán Campais
Bí páirteach ann chun eolas iomlán a chur ar an gcampas. Sólaistí in aisce ina dhiaidh + deiseanna chun duaiseanna a bhuachan! AirPods, ballraíocht spórtlainne, Cóisir Píotsa ag Sult, Dearbháin Chomhaltas na Mac Léinn agus neart eile nach iad! Tuilleadh eolais ANSEO.
Aonad Sláinte na Mac Léinn
Tá Aonad Sláinte na Mac Léinn SAOR IN AISCE agus oscailte, ach ní mór coinne a chur in áirithe ar líne roimh dhul ann. Tá tuilleadh eolais maidir le seirbhísí agus cén chaoi coinne a chur in áirithe ar líne le fáil anseo.
Naisc Áisiúla
Rudaí le Déanamh Saor in Aisce i nGaillimh
- Féile Aeráide na Gaillimhe, Dé hAoine, an 13 Meán Fómhair – Dé Domhnaigh, an 15 Meán Fómhair
- Oíche Chultúir na Gaillimhe, Dé hAoine, an 20 Meán Fómhair
Gradaim Meán na Meabhairshláinte: Catagóir na nIriseoirí Mic Léinn
Beifear ag glacadh le hainmniúcháin go dtí: an 22 Meán Fómhair. Gheobhaidh an buaiteoir deis le dul ag obair ar socrú le The Journal, mar aon le sparánacht. Tuilleadh eolais ANSEO.
Déan Teagmháil Linn / Contact Us
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost: studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat. Is féidir ‘is maith liom’ a thabhairt dúinn agus muid a leanúint ar Facebook, Instagram, TikTok (@cmlong_su) agus X (Twitter)