Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn

Firewalk in 2026!

Take part in a once in a lifetime fundraising event next February by joining our Firewalk team for Raise and Give (RAG) Week! Experience the exhilaration of walking on fire! Spaces are limited. More info and sign up HERE.

Need a secret Santa present?

SU Big Yellow Thing socks are the perfect stocking filler for just €9 and all proceeds go to the SU Charities! Pick up a pair in the SU Office, SU Shop or online HERE.

Good Luck in your Exams!

We’ve put together some tips and info HERE to get you through to the end of exams. Don’t forget you need your student ID card for your exams. If you don’t have your student ID Card you can get a replacement from the Student Registry Helpdesk.

Pilates

Our January 6 week online Pilates course is now signing up for just €5! Info + registrationHERE.

Need to Charge your Phone?

We now have power bank rental stations in the SU Office and the SU Síbín. Any profits from rentals will go to our SU Charities fund.

Parkrun 2nd Anniversary

University of Galway Parkrun is 2 this Sat 13Dec and you’re all invited to join them for the party! Volunteer, walk, roll, jog or run 9.20am Sat from the Park + Ride in Dangan at this free, fun and friendly weekly event. More info HERE.

safeTALK

safeTALK is a free ‘suicide alertness’ programme that prepares you to identify and engage with persons who may be having thoughts of suicide. It’s taking place on campus 9.15am-1pm Fri 6 Feb. If you’d like a free spot email joanna.brophy@universityofgalway.ie 

Hygiene Hub Christmas Appeal

Items can be donated to the box in the SU Office 10am-5pm Mon-Fri until Fri 19 Dec. Your donations will go to The Hygiene Hub’s community partners in Galway who include COPE Galway, Galway Simon Community, Galway Traveller Movement and Saint Vincent de Paul.

Sign Language

Learn Sign Language by joining our beginners 10 week course for just €40. Starts January 2026. More info and registration HERE.

Bike Maintenance Basics

An Mheitheal Rothar’s workshop will teach you the essentials of bike maintenance, to help you keep your bike running smoothly! It’s on 18:30-20:00 Tues 27 Jan and costs just €10. Bring your own bike! Sign up HERE.

Life Skills 2026 now booking

Sign up has now opened for our SU Life Skills courses for 2025. Courses include:

  • Sign Language
  • Gaeilge
  • Heartsaver AED
  • Bodhrán
  • Tin Whistle
  • Pilates
  • Self Defence
  • safeTALK Suicide Awareness Training
  • Disclosure Training with Galway Rape Crisis Centre
  • Financial Resilience
  • 5 A Day for Mental Health with Jigsaw
  • Bike Maintenance Course with An Mheitheal Rothar

More info + sign up links are HERE.

Contact Us | Déan teagmháil linn

You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.

You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)

_______________________________________________________________________________________________________________

Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn

Siúl Dóiteáin in 2026!

Bí páirteach in imeacht tiomsaithe airgid nach ndéanfaidh tú arís i do shaol i mí Feabhra agus tiomsaigh airgead le haghaidh Sheachtain Phléarácaim le foireann Siúil Dóiteáin s’againn! Cuir an t-aidréanailín ag sruthú is ag sreabhadh le siúl dóiteáin! Líon teoranta áiteanna ann. Tuilleadh eolais agus clárúchánANSEO.

Bronntanas ó Dhaidí Rúnda na Nollag uait?

Is bronntanais bheaga fhoirfe iad na stocaí den Rud Mór Buí ón gComhaltas agus níl ach €9 orthu. Tabharfar an t-airgead ar fad do Charthanais an Chomhaltais! Faigh do phéire in Oifig an Chomhaltais, Siopa an Chomhaltais nó ar líneANSEO.

Ádh mór oraibh sna scrúduithe!

Tá leideanna agus eolas le fáil ANSEO chun cabhrú leat na scrúduithe a chur tharat. Ná déan dearmad go mbeidh do chárta aitheantais mic léinn ag teastáil uait chun na scrúduithe a dhéanamh. Mura bhfuil do chárta aitheantais mic léinn agat, is féidir leat ceann ionaid a fháil ó Dheasc Chabhrach Chlárlann na Mac Léinn.

Pilates

Is féidir clárú do chúrsa 6 seachtaine Pilates ar líne a thosóidh i mí Eanáir anois, agus níl ach €5 air! Eolas agus clárúchán ANSEO.

An dteastaíonn uait do ghuthán a athluchtú?

Tá stáisiúin le bainc chumhachta ar cíos againn anois in Oifig an Chomhaltais agus sa Síbín. Rachaidh aon bhrabúis ó chíosanna chuig Ciste Carthanachta an Chomhaltais.

Comóradh ar 2 bhliain de Parkrun

Beidh Parkrun Ollscoil na Gaillimhe 2 bhliain d’aois an Satharn seo an 13 Nollaigagus tá cuireadh ag chuile dhuine teacht chun cóisireachta leo! Déan obair dheonach, téigh ag siúl, ag rolladh, ag bogshodar nó ag rith 9.20am Dé Sathairn ag an gcarrchlós Páirceáil agus Taistil sa Daingean ag an imeacht seachtainiúil saor in aisce spraíúil cairdiúil seo. Tuilleadh eolais ANSEO.

safeTALK

Clár saor in aisce maidir le ‘hairdeall ar fhéinmharú’ is ea safeTALK. Cuireann sé ar do chumas duit daoine is dóigh a bhfuil smaointe féinmharaithe ar intinn acu a aithint agus caidreamh a thógáil leo. Beidh sé ar siúl ar an gcampas 9.15am-1pm Dé hAoine an 6 Feabhra. Más mian leat áit saor in aisce a chur in áirithe, seol ríomhphost chuig joanna.brophy@universityofgalway.ie 

Bailiúchán na Nollag don Mhol Sláinteachais

Is féidir earraí a dheonú sa bhosca in Oifig an Chomhaltais idir 10am agus 5pm, Luan-Aoine go dtí Dé hAoine an 19 Nollaig. Rachaidh tabhartais chuig comhpháirtithe pobail an Mhoil Sláinteachais i nGaillimh, lena n-áirítear COPE Gaillimh, Clann Shíomóin na Gaillimhe, Gluaiseacht Taistealaithe na Gaillimhe agus Cumann Naomh Uinseann de Pól.

Teanga Chomharthaíochta

Cuir eolas ar an Teanga Chomharthaíochta! Bí linn dár gcúrsa 10 seachtaine do thosaitheoirí nach bhfuil ach €40 air. Ag tosú i mí Eanáir 2026. Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO.

Rang Cothabhála Rothar

Tabharfaidh ceardlann An Mheitheal Rothar bunscileanna cothabhála rothar duit go mbeidh tú in ann do rothar a choinneáil ag rothlú go réidh! Beidh an cheardlann ar siúl ó 18:30-20:00 Dé Máirt an 27 Eanáir agus ní bheidh ach costas €10 uirthi. Tabhair leat do rothar féin! Cláraigh ANSEO.

Scileanna Saoil 2026: déan áirithint anois

Is féidir clárú anois do chúrsaí Scileanna Saoil 2026 an Chomhaltais. I measc na gcúrsaí, beidh:

  • Teanga Chomharthaíochta
  • Gaeilge
  • Heartsaver (Uath-Dhífhibrileoir Seachtrach)
  • Bodhrán
  • Feadóg Stáin
  • Pilates
  • Féinchosaint
  • Oiliúint safeTALK um Fheasacht Féinmharaithe
  • Oiliúint um Nochtadh ó Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe
  • Athléimneacht Airgeadais
  • 5 sa lá ar son na meabhairshláinte le Jigsaw
  • Cúrsa Cothabhála Rothar le An Mheitheal Rothar

Tuilleadh eolais agus naisc chun clárú ANSEO.

Déan teagmháil linn

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost ag studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.

Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)