Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Freshers’ Fair TODAY!
The SU Freshers’ Fair is back 11am-3pm TODAY Thurs 25th Sept at Áras na Mac Léinn! There’ll be games, freebies, promos, student friendly companies, a vintage pop up shop, food trucks and a photobooth. We’ll also be giving out 2,000 FREE Students’ Union Rudaí Áille bags! Full event run down HERE.
Free Rapid HIV and Syphilis Testing Today
1pm-3pm today Thurs 25th Sept with Sexual Health West in The Space, upstairs in Áras na Mac Léinn. No appointment needed.
Sustainable Development Goals Week
We’ve more great free events for SDG week today Thurs 25Sept with a STAND Workshop at 2pm and an SDG Quiz at 7pm. Then tomorrow Friday we meet at 12pm to go for a Beach Clean Up! More info HERE.
CÉIM Peer Learning Sessions
CÉIM sessions start next week for 1st year students studying: Law, Psychology, Spanish, and Science. You’ll meet weekly with others doing your course and trained higher year student leaders in a friendly and relaxed environment. Make friends, get up to speed on coursework and develop new skills. Log into YourSpace and click CÉIM to see your session information. See HERE for more information on eligible disciplines.
Gradam Ghaelach
Gradam Ghaelach is a scheme to improve the use of Irish within societies on campus. If your society is interested, they can arrange a meeting with the SU Leas Uachtarán/ Oifigeach na Gaeilge to discuss what the societies main goals this year will be. A certificate will be issued at the Socs Ball at the end of the year.
Class Rep elections finish 5pm TODAY Thurs 25th Sept on YourSpace. Where no Class Rep has been elected nominations will reopen 9am Mon 28th Sept. More information HERE.
Gaeilge Class Registration Deadline today
Want to learn Irish or improve the Irish you have and might not be using? We still have some spaces on our Intermediate B1 + B2 level Gaeilge courses. More info HERE.
Le Boom Postponed
Unfortunately we’ve had to postpone our Le Boom gig to the later date of Thurs 6th Nov. All tickets purchased will be valid for the new date when Le Boom return from their UK + Australia date. Get your tickets HERE.
6 Week Online Pilates course just €5
Improve your flexibility, mobility, core strength and stability. Join us for live online classes 7.45am-8.30am Weds 1st Oct – Weds 5th Nov. Register HERE. Can’t make the live class? The recording will be sent on after class for you to catch up or do it again!
ALIVE Volunteering Opportunities
Volunteering Workshops take place 4pm Mon 29 Sept and 10am Tues 30 Sept in the ALIVE office in Áras na Mac Leinn. They’ve great volunteering opportunities including: Barretstown (camp guides for children who are seriously ill); Tulca Arts Festival (arts invigilating and events stewarding); Event stewarding with Croí, Macnas and Galway Parkrun. More info HERE.
LiFT Leadership Facilitator Training
This is a brilliant free opportunity to learn and apply practical leadership values. Closing date for applications Fri 26th Sept. More info HERE.
Flirt FM is 30 this Saturday!
Our campus radio station Flirt FM is turning 30 this Sat 27th Sept with live broadcasts, photo exhibitions, comedy bingo and a big party! More infoHERE.
Spéir, the SU Pantry, is open 2pm + 3.30pm each Monday + Friday in the Library Basement. To apply for a slot goHERE. Don’t forget your student ID card + a tote bag!
Our Life Skills courses are filling up fast for:
- Sign Language – 4 spaces
- Gaeilge – limited spaces
- Pilates – limited spaces
- Tin Whistle – 6 Spaces
- Financial Resilience – limited spaces
- Bodhrán – FULL
- Self Defence – FULL
- Heartsaver AED – FULL
- Mental Health Awareness – Limited Spaces
- Disclosure Training with Galway Rape Crisis Centre – 3 spaces
- safeTALK Suicide Alertness – 10 spaces
More info and registration HERE
Contact Us | Déan teagmháil linn
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
______________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn | Welcome to your weekly email from your Students’ Union
Aonach na bhFreisear INNIU!
Beidh Aonach Freisear an Chomhaltais ar ais 11am-3pm INNIU, Déardaoin, an 25 Meán Fómhair in Áras na Mac Léinn! Beidh cluichí, aiscíní, promóisin, comhlachtaí atá báúil do mhic léinn, tobshiopa éadaí seanré, trucailí bia agus both grianghraf ann. Beidh 2,000 mála ‘Rudaí Áille’ le tabhairt amach againn SAOR IN AISCE chomh maith! Cur síos iomlán ar an imeacht ANSEO.
Mearthástáil Saor in Aisce le haghaidh VEID agus na Gallbholgaí Inniu
1pm-3pm, inniu Déardaoin, an 25 Meán Fómhair le Sláinte Ghnéis an Iarthair sa Spás, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Ní gá duit coinne a bheith agat.
Seachtain na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
Tá níos mó imeachtaí iontacha saor in aisce againn i gcomhair Sheachtain na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe inniu, Déardaoin, an 25Meán Fómhair le Ceardlann STAND ar 2pm agus Tráth na gCeist SFI ar 7pm. Ansin, amárach, Dé hAoine, buailfimid le chéile ar 12pm le haghaidh Glantachán Trá! Tuilleadh eolais ANSEO.
Seisiúin Phiarfhoghlama CÉIM
Beidh seisiúin CÉIM ag tosú an tseachtain seo chugainn do lucht na chéad bliana sa Dlí, sa tSíceolaíocht, sa Spáinnis, agus san Eolaíocht. Buailfidh tú le daoine eile ar do chúrsa agus le ceannairí oilte atá níos faide ar aghaidh sa chúrsa i dtimpeallacht chairdiúil réchúiseach. Buail le cairde nua, bí suas chun dáta le hobair chúrsa agus faigh scileanna nua. Logáil isteach ar YourSpace agus cliceáil CÉIM le sonraí do sheisiúin a fheiceáil. Féach ANSEO le tuilleadh eolais a fháil ar na disciplíní atá incháilithe.
An Gradam Gaelach
Scéim le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn i measc cumann ar an gcampas is ea an Gradam Gaelach. Más suim le do chumann é, is féidir cruinniú a eagrú le Leas-Uachtarán de chuid an Chomhaltais/Oifigeach na Gaeilge chun mórspriocanna an chumainn i mbliana a phlé. Bronnfar teastas ar an gcumann ag Bál na gCumann ag deireadh na bliana.
Tá deireadh le teacht le toghchán na n-ionadaithe ranga INNIU, Déardaoin, an 25 Meán Fómhair. Tá sé ar siúl ar YourSpace. Tuilleadh eolais ANSEO.
Spriocdháta Clárúcháin don Rang Gaeilge inniu
Fonn ort Gaeilge a fhoghlaim nó snas a chur ar an nGaeilge atá agat ach nach bhfuil in úsáid agat? Tá roinnt áiteanna fós againn ar ár gcúrsaí Gaeilge B1 agus B2 (leibhéal Idirmheánach). Tuilleadh eolais ANSEO.
Le Boom curtha siar
Ar an drochuair, b’éigean dúinn gig Le Boom a chur siar go dtí Déardaoin, an 6 Samhain. Beidh gach ticéad a ceannaíodh bailí don dáta nua nuair a fhillfidh Le Boom ó chamchuairt sa Ríocht Aontaithe agus san Astráil. Ticéid ar fáil ANSEO.
Cúrsa Pilates ar Líne 6 Seachtaine €5!
Cuir feabhas ar an tsolúbthacht, ar an tsoghluaisteacht, ar neart do chroí agus ar an gcobhsaíocht. Bí linn le haghaidh ranganna beo ar líne 7.45am-8.30am, Dé Céadaoin, an 1 Deireadh Fómhair go dtí Dé Céadaoin, an 5 Samhain. Cláraigh ANSEO. Nach féidir leat freastal ar an rang beo? Seolfar an taifeadadh amach i ndiaidh an ranga le go mbeidh tú in ann é a dhéanamh ar do chaoithiúlacht féin nó chun é a dhéanamh arís!
Deiseanna Saorálaíochais le ALIVE
Beidh Ceardlanna Saorálaíochais ar siúl ar 4pm, Dé Luain, an 29Meán Fómhair agus ar 10am, Dé Máirt, an 30 Meán Fómhair in oifig ALIVE in Áras na Mac Léinn. Tá deiseanna iontacha saorálaíochais ann, lena n-áirítear: Barretstown (treoraithe campa do leanaí atá go dona tinn); Féile Ealaíon Tulca (feitheoireacht ealaíon agus maoirseacht imeachtaí); maoirseacht imeachtaí le Croí, Macnas agus Parkrun na Gaillimhe. Tuilleadh eolais ANSEO.
Oiliúint Éascaitheoirí Ceannaireachta LiFT
Is deis iontach saor in aisce é seo chun luachanna ceannaireachta praiticiúla a fhoghlaim agus a chur i bhfeidhm. Dáta deiridh d’iarratais: Dé hAoine, an 26 Meán Fómhair. Tuilleadh eolais ANSEO.
Beidh Flirt FM 30 bliain d’aois an Satharn beag seo!
Beidh stáisiún raidió ar an gcampas s’againne, Flirt FM, 30 bliain ar an bhfód an Satharn beag seo, an 27 Meán Fómhair. Beidh craoladh beo, taispeántais grianghraf, biongó grinn agus cóisir mhór ar an lá! Tuilleadh eolais ANSEO.
Iarratais le haghaidh Sliotáin Spéir
Bíonn Spéir, Landair Chomhaltas na Mac Léinn, ar oscailt 2pm + 3.30pm gach Luan + Aoine in Íoslach na Leabharlainne. Chun sliotán a iarraidh, téighANSEO. Ná déan dearmad do chárta aitheantais mic léinn + mála gualainne a thabhairt leat!
Níl ach líon teoranta áiteanna ar fáil ar ár gcúrsaí Scileanna Saoil:
- Teanga Chomharthaíochta – 4 áit
- Gaeilge – líon teoranta áiteanna
- Pilates – líon teoranta áiteanna
- Feadóg Stáin – 6 áit
- Athléimneacht Airgeadais – líon teoranta áiteanna
- Bodhrán – LÁN
- Féinchosaint – LÁN
- Uath-dhífhibrileoir seachtrach (AED) – LÁN
- Feasacht Meabhairshláinte – líon teoranta áiteanna
- Oiliúint um Nochtadh ó Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú – 3 áit
- safeTALK: Airdeall ar Fhéinmhárú – 10 n-áit
Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO
Déan teagmháil linn / Contact us
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)