Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. Beidh Leagan Gaeilge ar fáil ANSEO
For the most up to date news and info on all Students’ Union committees, join our WhatsApp community HERE.
Freshers’ Fair TODAY
Our SU Freshers’ Fair is back 11am-3pm TODAY Thurs 19th of Sept in Áras na Mac Léinn/Bailey Allen Hall. We’ll be giving out 2,000 FREE Students’ Union Rudaí Áille bags so get down early. There’ll be games, promos, student friendly companies, a vintage pop up shop and food trucks. More info HERE.
White Lies Night TONIGHT
Wear a white t-shirt with a white lie written on it to our White Lies Night from 8pm tonight Thurs 19th Sept at Sult. There’ll be live music from Money4Cans and it’s free entry!
Lab Coat Giveaway Monday
We have a LIMITED number of free lab coats and goggles to give away at 10am this Mon 23rd of Sept from the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn. (Please note if you’re a chemistry student you must have the science lab coat made by Howie with round neck and cuffed sleeves NOT the medical one!). Lab coats and goggles can also be purchased from the SU Shop in the Library basement – just ask at the counter.
Outdoor Cinema Monday
Our FREE outdoor cinema is taking place 7pm this Mon 23rd of Sept (new date!) outside the Engineering Building. Free popcorn for the first 200 people! Book your free ticket HERE.
Class Rep Elections
- Returning student nominations CLOSE 5pm TOMORROW Fri 20 Sept
- Returning student elections 9am Mon 23-5pm Fri 27 Sept
- First Year nominations CLOSE 5pm Weds 25 Sept
- First Year elections 9am Thurs 26 Sept-5pm Weds 2 Oct
Gain experience, make friends, get training and get your Class Rep Hoodie! More information HERE or contact Tom on su.education@universityofgalway.ie
Free Rapid HIV & Syphilis Testing on Monday
1pm-3pm Mon 23rd Sept with Sexual Health West in The Large Acoustic Room downstairs in Áras na Mac Léinn. No appointment needed.
Meet your SU
Find out more about your SU and what we do for you in our short video HERE.
CÉIM Peer Learning Sessions
CÉIM sessions start next week for 1st year students studying: Biomedical Science, Computer Science & IT, Engineering, Genetics & Genomics, Political Science and Sociology, Social Sciences. You’ll meet weekly with others doing your course and trained higher year student leaders in a friendly and relaxed environment. Make friends, get up to speed on coursework and develop new skills. Log into YourSpace and click CÉIM to see your session information. See HERE for more info on eligible disciplines.
Want to join the SU Officer team this year?
Nominations are now open on YourSpace for our 3 vacant part time officer positions:
- Postgraduate Taught Officer
- Mature Students Officer
- Clubs’ Captain
Nominations close 17:00 Weds 25th Sept. Elections take place on Thurs 3drd Oct.
We got a Wii!
We now have a Wii for students to use in the SU Síbín 9am-5pm Monday-Friday. To gain access just go to the SU Cloakroom, give our staff your student ID Card and let them know the game you want to play. They’ll hold your card while you use the Wii in the Síbín and you’ll get it back when you return everything to the cloakroom.
Just 3 X SDG
Volunteer at Terryland Forest Park this Saturday, 21 Sept and help prepare the park’s newest feature – a 1,000 square meter pond. Sign up on YourSpace HERE.
safeTALK (Suicide Alertness for Everyone)
safeTALK is a 3½ hour ‘suicide alertness’ programme that prepares participants to identify and engage with persons who may be having thoughts of suicide. Participants learn how to provide practical help also gain information on the supports and resources available locally, regionally and nationally. The free course takes place on campus 9.30am-1pm Fri 11th Oct. More info HERE please email joanna.brophy@universityofgalway.ie for booking link and code.
Heartsaver AED Course
This course is suitable for anyone who wants to learn CPR, treatment of foreign body airway obstruction and how to use an Automated External Defibrillator (AED).
Cost: €40 (Usual cost €70). Dates: 9am-12.30pm Friday 18th October. More info HERE and sign up HERE
September Events list
Click HERE for the list of our SU September events.
MA/PhD Researcher? Looking to connect with your peers?
Join the Peer Support Group for early-career researchers! We meet monthly to take a break, a breather, and connect, sharing the highs and lows of our research journeys.
Join the WhatsApp Group for updates HERE. The first Peer Support Group of the academic year is happening 2pm-3pm Wed 9th Oct in the Bridge Room (Hardiman Building).
Fantasy Premier League
Sign up for the SU Fantasy Premier League online HERE – entry is just €10 and half of all proceeds go to the winner with the other half going to the SU Charities.
Collect your FREE SU Card in the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn 10am-5pm Mon-Fri. Use your SU Loyalty card to get deals and freebies at Sult, SU Shop and Smokey’s Café.
Log on to YourSpace to book and pay for your locker. You can then collect the key from the SU Office.
Ways to get involved with your SU this year
For the most up to date news and info on all Students’ Union committees, join our WhatsApp community HERE.
Contact Us / Déan teagmháil linn
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) and X (Twitter)
______________________________________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. / Welcome to your weekly email from your Students’ Union. Tá fáil ar an leagan Béarla ANSEO
Chun an nuacht agus eolas is déanaí a fháil maidir le coistí Chomhaltas na Mac Léinn, cláraigh lenár bpobal WhatsApp ANSEO.
Aonach na bhFreisear INNIU
Beidh Aonach Freisear an Chomhaltais ar ais INNIU 11am-3pm, Déardaoin, an 19 Meán Fómhair in Áras na Mac Léinn/Halla Bailey Allen. Beidh 2,000 mála ‘Rudaí Áille’ le tabhairt amach againn SAOR IN AISCE. Bí ann nó bí gann! Beidh cluichí, promóisin, comhlachtaí atá báúil do mhic léinn, tobshiopa éadaí seanré agus trucailí bia ann. Tuilleadh eolais ANSEO.
Oíche na mBréag Beag ANOCHT
Caith t-léine bhán le bréag beag scríofa uirthi chuig Oíche na mBréag Beag ag Sult anocht, Déardaoin, an 19 Meán Fómhair ó 8pm ar aghaidh. Beidh ceol beo ó Money4Cans agus saorchead isteach!
Cótaí Saotharlainne Saor in Aisce, Dé Luain
Tá líon TEORANTA de chótaí agus spéaclaí saotharlainne le tabhairt amach saor in aisce againn ag 10am, Dé Luain, an 23 Meán Fómhair in Oifig an Chomhaltais thuas staighre in Áras na Mac Léinn. (Tabhair faoi deara gur gá do mhic léinn ceimice cóta saotharlainne Howie a chaitheamh, le bóna cruinn agus muinchillí cufaí, NÍ an cóta leighis!). Is féidir cótaí agus spéaclaí saotharlainne a cheannach i Siopa an Chomhaltais i íoslach na Leabharlainne – fiosraigh ag an gcuntar.
Pictiúrlann faoin Aer, Dé Luain
Titfidh an Phictiúrlann faoin Aer, le SAORCHEAD ISTEACH, amach ag 7pm, Dé Luain, an 23 Meán Fómhair (dáta nua!) taobh leis an bhFoirgneamh Innealtóireachta. Grán Rósta Saor in Aisce don chéad 200 duine! Cuir ticéad saor in aisce in áirithe ANSEO.
Toghcháin d’Ionadaithe Ranga
- DÚNFAR na hainmniúcháin do mhic léinn atá ag filleadh ag 5pm AMÁRACH, Dé hAoine, an 20 Meán Fómhair
- Toghcháin do Mhic Léinn atá ag filleadh, ar oscailt ó 9am Dé Luain, an 23 Meán Fómhair go dtí 5pm Dé hAoine an 27 Meán Fómhair
- DÚNFAR na hainmniúcháin do lucht na Céad Bliana ag 5pm, Dé Céadaoin, an 25 Meán Fómhair
- Toghcháin do lucht na Céad Bliana, 9am, Déardaoin, an 26 Meán Fómhair go dtí 5pm, Dé Céadaoin, an 2 Deireadh Fómhair
Buail le cairde nua agus faigh taithí, oiliúint agus Húdaí Ionadaí Ranga! Tuilleadh eolais ANSEO nó déan teagmháil le Tom ag su.education@universityofgalway.ie
Mearthástáil Saor in Aisce le haghaidh VEID agus na Gallbholgaí
1pm-3pm, Dé Luain, an 23 Meán Fómhair le Sláinte Ghnéis an Iarthair san Fhuaimsheomra Mór thíos staighre in Áras na Mac Léinn. Ní gá duit coinne a bheith agat.
Cuir aithne ar Chomhaltas na Mac Léinn
Féach tuilleadh eolais faoi Chomhaltas na Mac Léinn agus gach a ndéanaimid sa ghearrfhíseán ANSEO.
Seisiúin Phiarfhoghlama CÉIM
Tosaíonn seisiúin CÉIM an tseachtain seo chugainn do lucht na céad bliana ar na cúrsaí a leanas: Eolaíochtaí Bithleighis, Ríomheolaíocht & TF, Innealtóireacht, Géineolaíocht & Géanómaíocht, Eolaíocht Pholaitiúil agus Socheolaíocht, Eolaíochtaí Sóisialta. Buailfidh tú le daoine eile ar do chúrsa agus le ceannairí oilte atá níos faide ar aghaidh sa chúrsa i dtimpeallacht chairdiúil réchúiseach. Buail le cairde nua, bí suas chun dáta le hobair chúrsa agus faigh scileanna nua. Logáil isteach ar YourSpace agus cliceáil CÉIM le sonraí do sheisiúin a fheiceáil. Féach ANSEO le haghaidh tuilleadh eolais ar dhisciplín incháilithe eile.
Fonn ort a bheith ar Fhoireann Oifigeach an Chomhaltais i mbliana?
Tá ainmniúcháin oscailte anois ar YourSpace don 3 phost fholmha pháirtaimseartha mar oifigigh:
- Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha
- Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta
- Captaen na gClubanna
Dúnfar na hainmniúcháin 17:00, Dé Céadaoin, an 25 Meán Fómhair. Beidh an toghchán ar siúl Déardaoin, an 3 Deireadh Fómhair.
Tá muid tar éis Wii a fháil!
Tá Wii againn is féidir le mic léinn a úsáid sa Síbín, 9am-5pm Luan-Aoine. Chun leas a bhaint as, gabh chuig Seomra Cótaí an Chomhaltais, fág do chárta mac léinn leis an bhfoireann agus inis dóibh an cluiche ba mhaith leat a imirt. Coinneoidh siad do chárta agus tú ag súgradh ar an Wii sa Síbín, agus gheobhaidh tú ar ais é ach gach rud a fhágáil ar ais chuig Seomra na gCótaí.
Just 3 X SDG
Obair dheonach ag Páirc Foraoise Thír Oileáin, Dé Sathairn, an 21 Meán Fómhair. Cuidigh le hullmhúcháin don ghné is úire sa pháirc – linn 1,000 méadar cearnach. Cláraigh ar YourSpace ANSEO.
safeTALK (Airdeall ar Fhéinmharú do Chách)
Clár 3½ uair maidir le ‘hairdeall ar fhéinmharú’ is ea safeTALK. Cuireann sé ar a gcumas do rannpháirtithe daoine is dóigh a bhfuil smaointe féinmharaithe ar intinn acu a aithint agus caidreamh a thógáil leo. Foghlaimíonn rannpháirtithe faoi dhóigheanna le cuidiú praiticiúil a thabhairt chomh maith le heolas a fháil ar na tacaíochtaí agus na háiseanna áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta atá ar fáil. Beidh an cúrsa saor in aisce seo ar siúl ar an gcampas 9.30am-1pm, Dé hAoine an 11 Deireadh Fómhair. Tuilleadh eolais ANSEO nó cuir ríomhphost chuig joanna.brophy@universityofgalway.ie chun nasc agus cód cláraithe a fháil.
Cúrsa UDS (Uath-Dhífhibrileoir Seachtrach) Heartsaver
Tá an cúrsa seo oiriúnach d’éinne ar suim leis a fhoghlaim faoi ACS, cóireáil ar bhac aerbhealaigh ó earra coimhthíoch agus conas Uath-Dhífhibrileoir Seachtrach (UDS) a úsáid.
Costas: €40 (Gnáthchostas €70). Dátaí: 9am-12.30pm, Dé hAoine 18 Deireadh Fómhair. Tuilleadh eolais ANSEO agus cláraigh ANSEO
Imeachtaí Mheán Fómhair
Cliceáil ANSEO le haghaidh liosta d’imeachtaí Mheán Fómhair an Chomhaltais.
Taighdeoir MA/PhD? Ar mhaith leat caidreamh a thógáil le piaraí?
Cláraigh leis an nGrúpa Tacaíochta Piaraí do thaighdeoirí nuacháilithe! Tagaimid le chéile ar bhonn míosúil chun scíth a ligean, sos a thógáil agus caidreamh a dhéanamh, agus le cora ár n-aistear taighde a phlé.
Cláraigh leis an nGrúpa WhatsApp le haghaidh uasdátú a fháil ANSEO. Titfidh an chéad Ghrúpa Tacaíocht Piaraí don bhliain acadúil seo amach 2pm-3pm, Dé Céadaoin, an 9 Deireadh Fómhair i Seomra an Droichid (Foirgneamh Hardiman).
An Phríomhshraith Fantaisíochta
Cláraigh ANSEO le haghaidh Phríomhshraith Fantaisíochta an Chomhaltais – ní chosnóidh sé ach €10 ort agus rachaidh leath na bhfáltas chuig an mbuaiteoir agus an leath eile chuig rogha carthanachtaí an Chomhaltais.
Cárta an Chomhaltais
Faigh do Chárta Comhaltais SAOR IN AISCE féin in Oifig an Chomhaltais, thuas staighre in Áras na Mac Léinn, 10am-5pm, Luan-Aoine. Bain úsáid as Cárta Dílseachta an Chomhaltais le margaí agus aiscíní a fháil ag Sult, i Siopa an Chomhaltais agus ag Smokey’s Café.
Taisceadáin ar Díol Anois
Logáil isteach ar YourSpace le clárú le haghaidh taisceadáin agus íocaíocht a dhéanamh. Is féidir an eochair a bhailiú ó Oifig an Chomhaltais.
Bealaí le páirt a ghlacadh sa Chomhaltas i mbliana
- Bí i d’Ionadaí Ranga
- Glac páirt sa Chriú Leasa
- Seas sa Toghchán
- Glac páirt sa Chriú Siamsaíochta
- Glac páirt i gCoiste na Gaeilge
Chun an nuacht agus eolas is déanaí a fháil maidir le coistí Chomhaltas na Mac Léinn, cláraigh lenár bpobal WhatsApp ANSEO.
Déan Teagmháil Linn / Contact Us
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost: studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat. Is féidir ‘is maith liom’ a thabhairt dúinn agus muid a leanúint ar Facebook, Instagram, TikTok (@cmlong_su) agus X (Twitter)