SU Weekly Email 24 – 29th February 2024

SU Weekly Email 24 – 29th February 2024

Weekly Email

Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. Beidh Leagan Gaeilge ar fáil ANSEO  

 

Full Time SU Officer Nominations are OPEN 

Nominations are now open for the four paid full-time SU officer positions – President, Vice-President / Education Officer,  Vice-President / Welfare and Equality Officer and Vice President for the Irish Language. Nominations will close 5pm Wednesday 6th of March. Election day will be Thursday 14th March. You can find more info about running for SU Elections in our Guide HERE and on our website HERE.

 

Seachtain na Gaeilge 2024

Fáilte roimh chách! | Everyone is welcome!

Deardaoin 29 Feabhra | Thursday 29th February

  • 19:00 Seoladh Seachtain na Gaeilge sa Téatar Áras na Gaeilge

Dé hAoine 1 Márta | Friday 1st March

  • 13:00-14:00 Clár Gaelach ar Flirt FM – Sláine

Dé Luain 4 Márta | Monday 4th March

  • 13:00-14:00 Clár Gaelach ar Flirt FM – BeyonFaye FM
  • 14:00 Rang Áilleachta le XCXSoc i The View
  • 14:00-15:00 Fotheidil as Gaeilge le DramSoc i The Space
  • 17:00-18:30 Photo Orienteering le Gaeilge
  • 19:00 Guinness leis an gCoiste i Sult

Dé Máirt 5 Márta | Tuesday 5th March

  • 12:30-14:00 Ceardlann “Gairmeacha le Gaeilge” le Caoimhe ó Conradh i IdeasLab. NASC ANSEO
  • 13:00-14:00 Clár Gaelach ar Flirt FM – I Thuig That
  • 21:00 Pop-Up Gaeltacht le USI i Sult

Dé Céadaoin 6 Márta | Wednesday 6th March

  • 13:00-14:00 Clár Gaelach ar Flirt FM – Caoi Cainte
  • 14:00-15:00 Clár Gaelach ar Flirt FM – Rogha Bhríde
  • 18:00-20:00 Flirt FM Takeover
  • 18:00-20:00 Oiche Cultur le Cumann Gaelach i Téatar Áras na Gaeilge

Deardaoin 7 Márta | Thursday 7th March

  • 13:00-14:00 Clár Gaelach ar Flirt FM – Bolscaireacht Barry
  • 16.30-18:30 How to Bake Scones with BakingSoc in the Hub
  • 19:00 The Rising agus TradSoc i Sult

Tuilleadh eolais ar fail ó | More info from su.gaeilge@ollscoilnagaillimhe.ie

 

SU Election Hustings

Meet your SU Part Time Election Candidates 7pm Tuesday 5th March in the Tyndall Theatre, Arts/Science Concourse in association with PolSoc. This is a great chance to listen, question and decide who to vote for on Thursday 7th March. In person polling stations for the SU Elections will be: 10am-8pm SU Síbín, 11am-7pm Áras na Mac Léinn and 12pm-4pm Engineering Building – please bring your University Student ID Card with you to vote. You will also be able to vote online 10am-8pm via YourSpace if you’re not on campus.

 

Postgrad Quiz Tonight

Join us for a Postgrad Quiz 6pm today Thurs 29th Feb in the Corrib Room at Sult. Limited FREE Tickets available HERE.

 

Recycled Runway Competition Entries are OPEN!

Design an outfit by upcycling items + taking part in a fashion show on Weds 13 March. 1st Prize €200, 2nd Prize €100 and 3rd Prize €50. Open to students and student societies at University of Galway. Entry deadline: 7pm Monday 4th March HERE.

 

Online Pilates Course

4 Week course just €5 Mon 4th – Mon 25th March with Instructor Marie Hegarty. Get a new Recorded Class each week and progress your Pilates practice. Register via Eventbrite HERE.

 

Rapid HIV and Syphilis Testing

FREE Rapid HIV and Syphilis Testing with Sexual Health West 1pm-3pm Thurs 7th March in The Space upstairs in Áras na Mac Léinn. No appointment required.

 

Sin Issue 5

Get all the news you need to know about life on and off campus with your student newspaper Sin HERE.

 

March 2024 SU Events

We’ve loads of events coming up this March! Click the links HERE for more information/tickets or email studentsunion@universityofgalway.ie

 

SU Síbín Closures

Please note that the SU Síbín will be closed on the following days/times as it will be used for the SU Elections as a polling station and for vote counting

  • Thursday 7th March & Friday 8th March
  • Thursday 14th March & Friday 15th March

 

Become a lifesaver : Give Blood on Campus next Week in the Bailey Allen Hall

  • 11.30am-3pm Tuesday 5th March
  • 11.30am-3pm Wednesday 6th March
  • 11.30am-3pm Thursday 7th March

Check your eligibility HERE.

 

Campus Accommodation Available

There’ll be some rooms available in Corrib Village, Goldcrest Village and Dunlin Village from next week until 2nd of May. This might suit students that have been commuting and want to be on campus in the run up to exams. Anyone interested should email live@universityofgalway.ie

 

An Evening with Palestine Tonight

Join Lit&Deb Society at 7pm today Thurs 29th Feb in the Kirwan Theatre for An Evening with Palestine. A presentation will be given by Máire Ni Mheibhric who recently returned to Ireland, having served as a Human Rights Monitor in the Palestinian Occupied West Bank. More info HERE.

University of Galway Student Sustainability Leadership Awards 2024

Applications will are now open for the University of Galway Student Sustainability Leadership Awards 2024. Open to current University of Galway students, successful applicants will be offered an 8-week scholarship. The central aim of the awards programme is to develop student leaders that are dedicated and enthusiastic about creating a more sustainable campus and community. Closing date for applications is 12 noon Mon 4th March. Provisional interview date is Weds 13th March. Find out more HERE. If you’ve any queries please contact michelle.odowd@universityofgalway.ie

 

SOCIABLE

SOCIAbLE is a study of a new psychological intervention that uses virtual reality to help adults with experience of childhood adversity with their social thinking skills; the study is taking place at the School of Psychology & led by Prof. Gary Donohoe. If you’d like to take part in the study or want more info please email emily.barrett@universityofgalway.ie or  cathal.ocurraoin@universityofgalway.ie

 

United Nations Youth Delegate Programme for Ireland applications are open now

Closing date for applications 5pm Monday 18th of March 2024. More information and application form HERE.

 

Contact Us / Déan teagmháil linn

You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok and Twitter.

__________________________________________________________________________________________________________________________________________________________

Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. Beidh Leagan Gaeilge ar fáil ANSEO  

Tá Ainmniúcháin d’Oifigigh Lánaimseartha Chomhaltas na Mac Léinn OSCAILTE 

Tá ainmniúcháin oscailte anois do na ceithre phost lánaimseartha íoctha de chuid Chomhaltas na Mac Léinn – Uachtarán, Leasuachtarán/Oifigeach Oideachais,  Leasuachtarán/Oifigeach Leasa agus Comhionannais agus Leasuachtarán don Ghaeilge. Dúnfar na hainmniúcháin ar 5i.n. Dé Céadaoin, an 6 Márta. Déardaoin, an 14 Márta a bheidh lá an toghcháin. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi dul san iomaíocht do Thoghcháin Chomhaltas na Mac Léinn inár dTreoir ANSEO agus ar ár suíomh gréasáin ANSEO.

 

Seachtain na Gaeilge 2024

Fáilte roimh chách!

Déardaoin, an 29 Feabhra

  • 19:00 Seoladh Seachtain na Gaeilge i dTéatar Áras na Gaeilge

Dé hAoine, an 1 Márta

  • 13:00-14:00 Clár Gaelach ar Flirt FM – Sláine

Dé Luain 4 Márta

  • 13:00-14:00 Clár Gaelach ar Flirt FM – BeyonFaye FM
  • 14:00 Rang Áilleachta le XCXSoc i The View
  • 14:00-15:00 Fotheidil as Gaeilge le DramSoc i The Space
  • 17:00-18:30 Photo Orienteering le Gaeilge
  • 19:00 Guinness leis an gCoiste i Sult

Dé Máirt 5 Márta

  • 12:30-14:00 Ceardlann “Gairmeacha le Gaeilge” le Caoimhe ó Chonradh i IdeasLab. NASC ANSEO
  • 13:00-14:00 Clár Gaelach ar Flirt FM – I Thuig That
  • 21:00 Pop-Up Gaeltacht le USI i Sult

Dé Céadaoin 6 Márta

  • 13:00-14:00 Clár Gaelach ar Flirt FM – Caoi Cainte
  • 14:00-15:00 Clár Gaelach ar Flirt FM – Rogha Bhríde
  • 18:00-20:00 Flirt FM Takeover
  • 18:00-20:00 Oíche Chultúir le Cumann Gaelach i dTéatar Áras na Gaeilge

Deardaoin 7 Márta

  • 13:00-14:00 Clár Gaelach ar Flirt FM – Bolscaireacht Barry
  • 30-18:30 Conas Scónaí a Bhácáil le BakingSoc sa Mhol
  • 19:00 The Rising agus TradSoc i Sult

Tuilleadh eolais ar fail ó su.gaeilge@ollscoilnagaillimhe.ie

 

‘Hustings’ do Thoghcháin Chomhaltas na Mac Léinn

Buail le d’Iarrthóirí Toghcháin Pháirtaimseartha Chomhaltas na Mac Léinn 7i.n. Dé Máirt 5 Márta sa Tyndall Theatre, Foirgneamh na nDán/na hEolaíochta i gcomhar le PolSoc. Is seans iontach é seo chun éisteacht, ceistiú agus cinneadh a dhéanamh cé dó a vótálfaidh tú ar a son ar an Déardaoin, an 7 Márta. Beidh stáisiúin vótaíochta ar an láthair do Thoghcháin Chomhaltas na Mac Léinn: 10r.n. -8i.n. Síbín Chomhaltas na Mac Léinn, 11r.n. -7i.n. Áras na Mac Léinn agus 12i.n. -4i.n. Foirgneamh Innealtóireachta – tabhair do Chárta Aitheantais do Mhic Léinn Ollscoile leat chun vótáil. Beidh tú in ann vóta a chaitheamh ar líne freisin 10r.n. -8i.n. trí YourSpace mura bhfuil tú ar an gcampas.

 

Tráth na gCeist d’Iarchéimithe – Anocht

Bígí linn le haghaidh Tráth na gCeist d’Iarchéimithe 6i.n. inniu Déardaoin, an 29 Feabhra i Seomra na Coiribe ag Sult. Ticéid teoranta SAOR IN AISCE ar fáil ANSEO.

 

Tá Iontrálacha do Chomórtas Ardán Taispeána Athchúrsáilte OSCAILTE!

Dear feisteas trí earraí a uaschúrsáil agus páirt a ghlacadh i seó faisin ar an gCéadaoin, an 13 Márta. 1ú Duais €200, 2ú Duais €100 agus 3ú Duais €50. Oscailte do mhic léinn agus do chumainn mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe. Spriocdháta iontrála: 7i.n. Dé Luain, an 4 Márta ANSEO.

 

Cúrsa Pilates ar Líne

Cúrsa 4 seachtaine ar €5 go díreach, Dé Luain, an 4 – Luan 25 Márta leis an Teagascóir Marie Hegarty. Faigh Rang Taifeadta nua gach seachtain agus cuir do chleachtas Pilates chun cinn. Cláraigh trí EventbriteANSEO.

 

Mearthástáil VEID agus Sifilis

Mearthástáil VEID agus Sifilis SAOR IN AISCE le Sexual Health West 1i.n.-3i.n. ar an Déardaoin, an 7 Márta in The Space thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Ní gá coinne a dhéanamh.

 

Sin – Eagrán 5

Faigh an nuacht go léir a theastaíonn uait a fháil faoin saol ar an gcampas agus lasmuigh de le do nuachtán mac léinn Sin ANSEO.

 

Márta 2024 – Imeachtaí Chomhaltas na Mac Léinn

Tá go leor imeachtaí ag teacht aníos againn an Márta seo! Cliceáil ar na naisc ANSEO le haghaidh tuilleadh eolais/ticéid nó seol ríomhphost chuig studentsunion@universityofgalway.ie

 

Dátaí a bheidh Síbín Chomhaltas na Mac Léinn Dúnta

Tabhair faoi deara go ndúnfar Síbín Chomhaltas na Mac Léinn ar na laethanta/amanna seo a leanas mar go n-úsáidfear é do Thoghcháin Chomhaltas na Mac Léinn mar stáisiún vótála agus chun vóta a chomhaireamh

  • Déardaoin, an 7 Márta & Dé hAoine, an 8 Márta
  • Déardaoin, an 14 Márta & Dé hAoine, an 15 Márta

 

Bí i do tharrthálaí : Tabhair Fuil ar an gCampas an tSeachtain seo chugainn i Halla Bailey Allen

  • 11.30r.n. -3i.n. – Dé Máirt, an 5 Márta
  • 11.30r.n. -3i.n. Dé Céadaoin, an 6 Márta
  • 11.30r.n. -3i.n. Déardaoin, an 7 Márta

Seiceáil d’incháilitheacht ANSEO.

 

Lóistín ar fáil ar an gCampas

Beidh roinnt seomraí ar fáil i Sráidbhaile na Coiribe, Sráidbhaile Goldcrest agus Sráidbhaile Dunlin ón tseachtain seo chugainn go dtí an 2 Bealtaine. D’fhéadfadh sé seo a bheith oiriúnach do mhic léinn a bhí ag comaitéireacht agus ar mian leo a bheith ar an gcampas sa tréimhse roimh scrúduithe. Ba chóir d’aon duine a bhfuil suim acu ríomhphost a sheoladh chuiglive@universityofgalway.ie

 

An Evening with Palestine – Anocht

Bí páirteach le Cumann Lit&Deb ar 7i.n. inniu Déardaoin 29 Feabhra in Amharclann Kirwan do ‘An Evening with Palestine’. Is í Máire Ni Mheibhric, a d’fhill ar Éirinn le déanaí, a thabharfaidh cur i láthair, tar éis di a bheith ina Monatóir ar Chearta an Duine sa Bhruach Thiar na Palaistíne atá faoi Fhorghabháil. Tuilleadh eolais ANSEO

Dámhachtainí Ceannaireachta Inbhuanaitheachta Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe 2024

Tá iarratais oscailte anois do Dhámhachtainí Ceannaireachta Inbhuanaitheachta Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe 2024. Oscailte do mhic léinn reatha Ollscoil na Gaillimhe, tairgfear scoláireacht 8 seachtaine d’iarratasóirí rathúla. Is é aidhm lárnach an chláir dámhachtainí ceannairí mac léinn a fhorbairt atá tiomanta agus díograiseach maidir le campas agus pobal níos inbhuanaithe a chruthú.  Is é 12 meán lae Dé Luain, an 4 Márta an dáta deiridh le haghaidh iarratas. Is é an Chéadaoin, an 13 Márta an dáta sealadach d’agallaimh. Faigh tuilleadh eolais ANSEO. Má tá aon cheist agat déan teagmháil le michelle.odowd@universityofgalway.ie

 

SOCIABLE

Staidéar é SOCIAbLE ar idirghabháil shíceolaíoch nua a úsáideann réaltacht fhíorúil chun cabhrú le daoine fásta a bhfuil taithí acu ar deacrachtaí i rith a n-óige lena scileanna smaointeoireachta sóisialta; tá an staidéar ar siúl ag Scoil na Síceolaíochta & faoi stiúir an Ollaimh Gary Donohoe. Más mian leat páirt a ghlacadh sa staidéar nó más mian leat tuilleadh eolais a fháil seol ríomhphost chuig emily.barrett@universityofgalway.ie nó cathal.ocurraoin@universityofgalway.ie

 

Tá iarratais ar Chlár Toscairí Óige na Náisiún Aontaithe d’Éirinn oscailte anois

Spriocdháta d’iarratais – 5i.n. Dé Luain, an 18 Márta 2024. Tuilleadh eolais agus foirm iarratais ANSEO.

 

Déan Teagmháil Linn

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn trí ríomhphost a sheoladh chuig studentsunion@universityofgalway.ie le haon cheisteanna nó moltaí atá agat. Is féidir ‘like’ a thabhairt dúinn nó muid a leanúint ar Facebook Instagram Tik Tok agus Twitter.

 

 

Artice by
Joanna Brophy