Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. Beidh Leagan Gaeilge ar fáil ANSEO
For the most up to date news and info on all Students’ Union committees, join our WhatsApp community HERE.
Tickets for Galway’s biggest Halloween student event, Hallows next Thursday 31st October are selling fast HERE. Headline acts include Fionn Curran, Franck, Camrinwatsin, Datsko, AMY101 and more to be announced! This is Ireland’s largest Halloween event with over 2,500 students so you don’t want to miss out! We will have €500 CASH to give away in prizes for the best costumes at Hallows! So get planning your costume and don’t forget to get your ticket HERE. Just announced The Dirty Circus will be joining us at Hallows! Prepare to be dazzled and delighted as they take you on a journey through the world of burlesque and cabaret.
HIV and Syphilis Testing Today
Free Rapid HIV and Syphilis Testing 1pm-3pm TODAY Thurs 24th Oct with Sexual Health West in The Space upstairs in Áras na Mac Léinn. No appointment needed – just turn up.
Hygiene Hub Drive Tomorrow
Our October Hygiene Hub donation drive on 10am-5pm tomorrow Fri 24th of Oct at the Students’ Union Office. We’re looking for donations of personal care and household cleaning essentials – including deodorant, shower gel, shampoo, make-up, nappies, toilet roll, laundry detergent and surface cleaner. Your donations will go to The Hygiene Hub’s community partners in Galway who include COPE Galway, Galway Simon Community, Galway Traveller Movement and Saint Vincent de Paul. If you can’t donate please help to spread the word. More info HERE.
Are you registered to vote?
It looks like a General Election is just around the corner! Make sure to register to vote or update your details now at www.checktheregister.ie
Uniform Donation Drive Closes Fri 1st Nov
Donate Nursing and Midwifery Uniforms you no longer need at the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn Monday 7th October-Friday 1st November. These will be passed on to students who need them.
October Bank Holiday
Remember Monday 28th October is a Bank Holiday so there’s no classes and the SU Office, Cloakroom, Síbín, Sult, Smokey’s, SU Shop, Library and Health Unit are all closed. The Reading room is open as usual 7am-2.30am.
ScareFest
Join the societies for a spooky Halloween celebration when they take over Áras na Mac Léinn, the Bailey Allen Hall and Sult 4pm-10pm Tues 29th Oct. There’ll be lots of interactive fun, freebies, and opportunities for terror. All info here. Plus they’ll launch the new Societies Engagement Award and the the Bank of Ireland Bursary winners at 5pm in the Bailey Allen.
Job Opportunity: Academic Writing Centre Tutors
The University invites those who are registered postgraduate students at University of Galway for this academic year (2024-2025) to apply for a fixed-term part-time tutor positions for the Academic Writing Centre in the Library. Please see details and application form HERE.
First Years Freshers’ Point
First years! Pop into Freshers’ Point for a chance to meet with other first years. Freshers’ Point is a relaxed and fun space, led by fellow students who know exactly what it’s like to be in your shoes. There’ll be free hot drinks, games and space to relax and chat. Check upcoming dates on this link
Sorak Sorai by IISMA Indonesian Students – tomorrow Friday, 25th October!
An unforgettable evening of Indonesian culture, filled with traditional performances, captivating music, and FREE delicious Indonesian food 4.30pm-7pm Fri 25th Oct in the View, Áras na Mac Léinn. More info and free tickets HERE.
Galway 100 Seeks Paid Participants
Galway 100 is a student partnership initiative, that helps the University to centre the student voice when rolling out new initiatives and resources. They’re looking for participants for the 2024/25 academic year. Join Galway 100 and ensure University initiatives and resources are student-centered, inclusive, and responsive to your needs. Sign up HERE by Mon 28th Oct
𝐅𝐢𝐫𝐞𝐬𝐢𝐝𝐞 𝐂𝐡𝐚𝐭 𝐰𝐢𝐭𝐡 𝐏𝐚𝐭 𝐌𝐜𝐃𝐨𝐧𝐚𝐠𝐡
Join the School of Business for an event with Pat McDonagh, CEO of Supermac’s and owner of Só Hotels, at 6.15pm today Thurs 24th Oct in MY243 Áras Moyola. There’ll be free pizza, insights into Entrepreneurship, business, marketing and more! Sign up to attend HERE.
Your one-stop shop for the info you need as a first-year undergraduate at University of Galway. Find the essential info you need in one place HERE.
Free Electrical Recycling Day on Campus
Bring anything with a plug, battery or cable to be recycled for free on campus Thursday 31st of October in the Orbsen building car park. Times TBC. More info at www.weeeireland.ie
Give Blood in Galway this month
- 15:50-20:10 Tues 29th October Clybaun Hotel
- 15:50-20:10 Weds 30th October Clybaun Hotel
- 15:50-20:10 Thurs 31st October Clybaun Hotel
Check your eligibility to donate and book your appointment HERE.
Here’s just some of what we have coming up this October! Click HERE.
Contact Us / Déan teagmháil linn
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) and X (Twitter)
_____________________________________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. / Welcome to your weekly email from your Students’ Union. Tá fáil ar an leagan Béarla ANSEO
Leis an nuacht agus eolas is déanaí a fháil maidir le coistí Chomhaltas na Mac Léinn, cláraigh lenár bpobal WhatsApp ANSEO.
80% de Thicéid Hallows Díolta Amach Cheana!
Tá ticéid don imeacht is mó do mhic léinn ar Oíche Shamhna (Déardaoin, an 31 Deireadh Fómhair) i nGaillimh, Hallows, ag imeacht go sciobtha ANSEO. I measc na bpríomhoirfideach beidh Fionn Curran, Franck, Camrinwatsin, Datsko, AMY101, agus tuilleadh le fógairt fós! Is é seo an t-imeacht is mó d’Oíche Shamhna in Éirinn, le breis is 2,500 mac léinn ag freastal air. Ná caill é! Beidh €500 D’AIRGEAD TIRIM á bhronnadh mar dhuaiseanna do na cultacha is fearr ag Hallows! Bígí ag smaoineamh ar bhur gcultacha agus ná déanaigí dearmad ticéad a cheannach ANSEO. Tá muid díreach tar éis a fhógairt go mbeidh The Dirty Circus linn ag Hallows! Bí réidh le spraoi a bheith agat ar an aistear iontach seo trí shaol na buirlisce agus an cheabairé.
Tástáil le haghaidh VEID agus na Gallbholgaí Inniu
Mearthástáil saor in aisce le haghaidh VEID agus na Gallbholgaí le Sláinte Ghnéis an Iarthair. Ar siúl 1pm-3pm INNIU, Déardaoin, an 24 Deireadh Fómhair sa Spás, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Ní gá duit coinne a bheith agat – níl ort ach a bheith ann.
Tabhartais don Bhanc Sláinteachais
Beidh Feachtas Dheireadh Fómhair an Bhainc Sláinteachais ar siúl 10am-5pm, amárach, Dé hAoine, an 24 Deireadh Fómhair ag Oifig an Chomhaltais. Táimid ag lorg táirgí cúraim phearsanta agus glantacháin tí mar thabhartais – lena n-áirítear díbholaíoch, glóthach chithfholctha, seampú, smideadh, clúidíní, páipéar leithris, glantach éadaí agus glantóir dromchla. Dáilfear na tabhartais ar chomhpháirtithe pobail an Bhainc Sláinteachais i nGaillimh, lena n-áirítear COPE na Gaillimhe, Clann Shíomóin na Gaillimhe, Gluaiseacht Taistealaithe na Gaillimhe agus Cumann Naomh Uinseann de Pól. Mura féidir leat tabhartas a thabhairt, scaip an scéal. Tuilleadh eolais ANSEO.
An bhfuil tú cláraithe le vótáil?
Tá gach cuma ar an scéal go bhfuil Olltoghchán ar na bacáin! Ná déan dearmad clárú le vótáil nó do chuid sonraí a thabhairt cothrom le dáta anois ag www.checktheregister.ie
Feachtas na nÉidí le críochnú Dé hAoine, an 1 Samhain
Tabhair éidí Altranais agus Cnáimhseachais nach bhfuil ag teastáil uait a thuilleadh ag Oifig an Chomhaltais, thuas staighre in Áras na Mac Léinn, Dé Luain, an 7 Deireadh Fómhair – Dé hAoine, an 1 Samhain. Cuirfear ar aghaidh iad chuig mic léinn a bhfuil gá acu leo.
Lá Saoire Bainc Dheireadh Fómhair
Cuimhnigh gur Lá Saoire Bainc a bheidh ann Dé Luain, an 28 Deireadh Fómhair. Ní bheidh ranganna ar siúl agus beidh Oifig an Chomhaltais, Seomra na gCótaí, Síbín, Sult, Smokey’s, Siopa an Chomhaltais, an Leabharlann agus an tAonad Sláinte dúnta. Beidh an Seomra Léitheoireachta ar oscailt 7am-2.30am mar is gnách, áfach.
ScareFest
Bí i dteannta na gcumann le ceiliúradh diamhair a dhéanamh ar Oíche Shamhna in Áras na Mac Léinn, Halla Bailey Allen agus Sult 4pm-10pm, Dé Máirt, an 29 Deireadh Fómhair. Beidh neart spraoi idirghníomhach, earraí in aisce agus deiseanna sceimhle ann! Tuilleadh eolais anseo. Tá siad chun Gradam Rannpháirtíochta na gCumann a sheoladh agus buaiteoirí Sparánacht Bhanc na hÉireann a fhógairt ag 5pm sa Bailey Allen, leis.
Folúntas Poist: Teagascóirí leis an Ionad Scríbhneoireachta Acadúla
Tugann an Ollscoil cuireadh dóibh siúd atá cláraithe mar mhic léinn iarchéime in Ollscoil na Gaillimhe don bhliain acadúil seo (2024-2025) iarratas a dhéanamh ar phoist mar theagascóirí páirtaimseartha ar théarma seasta san Ionad Scríbhneoireachta Acadúla sa Leabharlann. Tuilleadh sonraí agus an fhoirm iarratais ANSEO.
Pointe na bhFreisear
A mhic léinn na chéad bhliana! Buail isteach i bPointe na bhFreisear le deis a bheith agat bualadh le mic léinn eile atá sa chéad bhliain chomh maith. Timpeallacht réchúiseach spraíúil is ea Pointe na bhFreisear, atá á reáchtáil ag mic léinn eile a thuigeann go maith do chás. Beidh deochanna teo saor in aisce, cluichí agus spás le do scíth a ligean agus comhrá a bheith agat. Seiceáil na dátaí ag an nasc seo
Sorak Sorai le Mic Léinn IISMA de chuid na hIndinéise – amárach, Dé hAoine, an 25 Deireadh Fómhair!
Oíche dhodhearmadta de chultúr na hIndinéise, lán de thaispeántais thraidisiúnta, ceol mealltach, agus bia na hIndinéise SAOR IN AISCE, 4.30pm-7pm, Dé hAoine, an 25 Deireadh Fómhair sa Radharc, Áras na Mac Léinn. Tuilleadh eolais agus ticéid saor in aisce ANSEO.
Gaillimh 100 sa tóir ar Rannpháirtithe (Le Pá)
Tionscnamh comhpháirtíochta mac léinn is ea Galway 100, a chabhraíonn leis an Ollscoil tús áite a thabhairt don mhac léinn agus tionscnaimh agus acmhainní nua á gcur i bhfeidhm acu. Tá siad sa tóir rannpháirtithe don bhliain acadúil 2024/25. Bí páirteach i nGaillimh 100 lena chinnitiú go bhfuil tionscnaimh agus acmhainní na hOllscoile dírithe ar an mac léinn, ionchuimsitheach agus freagrúil do do riachtanais. Cláraigh ANSEO faoi Dé Luain, an 28 Deireadh Fómhair
Caint agus Comhrá Cois Tine le Pat McDonagh
Tar le chéile leis an Scoil Ghnó le haghaidh ócáid le Pat McDonagh, Príomhfheidhmeannach Supermac’s agus úinéir Só Hotels, ag 6.15pm inniu, Déardaoin, an 24 Deireadh Fómhair in MY243, Áras Moyola. Beidh píotsa saor in aisce ann, chomh maith le léargas ar chúrsaí fiontraíochta, gnó, margaíochta agus neart eile nach iad! Cláraigh le freastal ar an imeacht ANSEO .
Mol ar Líne Mhic Léinn na Chéad Bhliana
Ionad ilfhreastail d’fhochéimithe na chéad bhliana in Ollscoil na Gaillimhe. Faigh an t-eolas tábhachtach atá uait in aon áit amháin ANSEO.
Lá Athchúrsála Earraí Leictreacha Saor in Aisce ar an gCampas
Tabhair leat rud ar bith a bhfuil plocóid, ceallra nó cábla ann le hé a athchúrsáil saor in aisce ar an gcampas – Déardaoin, an 31 Deireadh Fómhair i gcarrchlós Áras Orbsen. Amanna fós le deimhniú. Tuilleadh eolais ag www.weeeireland.ie
Deonaigh Fuil i nGaillimh an mhí seo
- 15:50-20:10 – Dé Máirt, an 29 Deireadh Fómhair, Óstán Clybaun
- 15:50-20:10 – Dé Céadaoin, an 30 Deireadh Fómhair, Óstán Clybaun
- 15:50-20:10 – Déardaoin, an 31 Deireadh Fómhair, Óstán Clybaun
Seiceáil an bhfuil tú incháilithe le deonú agus déan coinne ANSEO.
Imeachtaí an Chomhaltais i mí Dheireadh Fómhair
Níl anseo ach cuid de na rudaí atá le teacht i mí Dheireadh Fómhair! Cliceáil ANSEO.
Déan Teagmháil Linn / Contact Us
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost: studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat. Is féidir ‘is maith liom’ a thabhairt dúinn agus muid a leanúint ar Facebook, Instagram, TikTok (@cmlong_su) agus X (Twitter).