Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Feel Good Fair Today Thurs 9 Oct
- 10am-2pm Marie Keating Mobile Information Unit outside Áras na Mac Léinn. Staffed by a specialist nurse, the unit is stocked with information on the various cancers. The nurse can talk to you in a private area about any concerns that you may have about cancer, either for yourself or for someone else such as a family member or friend.
- 11am-3pm Feel Good Fair stands + bake sale in Áras na Mac Léinn. Call down to meet the Road Safety Authority, the Irish Blood Transfusion Service, Galway Samaritans, GOAL, Galway Rape Crisis Centre, ACT for Meningitis, Western Region Drug & Alcohol Task Force, the University Counselling Team, the University Sexual Violence & Harassment support staff and, of course, your Students’ Union will be there too!
- 11am-3pm Pop Up Charity Shop with Galway Simon Community in the Cube. Retail therapy for a good cause!
World Mental Health Day Tomorrow Fri 10Oct
- GOAL Jersey Day – wear your favourite jersey to campus and support GOAL.
- Take the Ohana Free ZERO suicide training online HERE in just 20 minutes.
- 9.30am-1pm safeTALK Training. More info + booking details HERE.
Cmat-Aoke Night
Do you wanna be a cowboy baby? Join us to have fun 8pm Tues 14 Oct for a night of Cmat inspired Karaoke hosted by the absolute diva Annie Naggins at Sult! Entry is free and there’ll be some surprises for our singers so get there early.
Class Rep Training + Meetings
Here’s our upcoming events for Class Reps. Contact Seán su.education@universityofgalway.ie for info.
Mon 13 Oct | 6pm-8pm | Class Rep Training | O’Flaherty Theatre |
Tues 14 Oct | 6pm-7pm | College of Medicine, Nursing and Health Sciences | AC202 |
Tues 14Oct | 7pm-8pm | College of Business, Public Policy and Law | AC202 |
Weds 15 Oct | 6pm-7pm | College of Science and Engineering | AC202 |
Weds 15 Oct | 7pm-8pm | College of Arts, Social Science and Celtic Studies | AC202 |
Thurs 16 Oct | 6pm-7pm | Postgraduate Council | AC202 |
SU By Election
Nominations are now open to fill the vacant SU Officer position ofMature Students’ Officer. Nominations forms are available from the SU Office and nominations close 5pm Weds 15 Oct. Voting takes place 8am-8pm Thurs 23 Oct. For more info contact studentsunion@universityofgalway.ie
Lockers on Sale
We still have a limited amount of lockers left for sale in the following buildings: Computer Science, Engineering, Áras Moyola, Clinical Sciences and Cairnes. Log on to YourSpace to book and pay for your locker now.
SU Climate Crew Meetings are back!
The SU Climate Crew is a space for you to meet and talk about everything to do with the environment and sustainability. Email Molly at su.environment@universityofgalway.ie to get involved or come along to the next meeting 5pm Weds 15th Oct in The Space.
CÉIM Peer Learning Sessions
Weekly CÉIM sessions are now running for eligible 1st year students in Arts, Law, Engineering and Science. Meet others doing your course, get up to speed on coursework and develop new skills in a welcoming and relaxed environment. Log into YourSpace and click CÉIM to see your session information. Can’t see any information? Email su.ceim@universityofgalway.ie
New Courses Added to Life Skills!
- Puncture Repair Class 6pm-7pm Tues 28Oct at An Mheitheal Rothar Community Bike Workshop. Just €10. No need to bring own bike, demo equipment provided! Sign up HERE.
- Bike Maintenance Basics 6pm-7.30pm Tues 4Nov at An Mheitheal Rothar Community Bike Workshop. Just €15. Bring your own bike! Sign up HERE.
Postgraduate Taught Officer Elected
Congratulations to Mariyam Bangura who was elected as your new Students’ Union Postgraduate Taught Officer and joins the rest of your SU officer team.
Road Safety Campaign
Call in to the SU Office this week where we have free high vis items and you can also try out the RSA FlineBox which is a breathalyser machine for testing alcohol levels
Free Financial Resilience Training on Weds
Financial resilience is the ability to cope with negative events that impact on our finances. This free online course takes place 5pm-6pm Weds 15th Oct. Sign up HERE.
Are you graduating soon?
You might be eligible to vote in the Seanad Éireann Higher Education constituency. You’re eligible to register if you: Are a citizen of Ireland AND Are 18 years of age or older AND Hold a degree from a designated institution. Apply HERE for your vote by 26 Feb 2026.
Galway 100 Paid Opportunity
Galway 100 is a student partnership initiative, that ensures the University places the student voice at the heart of new initiatives and resources. They’re looking for participants for the 2025/26 academic year. To learn more and to register your interest complete the form HERE by tomorrow Fri 10 October. This is a paid opportunity.
Digital Champions Autumn Workshop Series
Join the Digital Champions for fun & interactive workshops where you’ll build and improve your digital skills. They’ll have free pizza and everyone who participates will earn a digital badge. Register at the links here:
Academic Integrity Week
The new Academic Integrity for Studentscourse: is 4 interactive modules to help you navigate plagiarism, AI use, and how to maintain integrity in your work. Need a push to complete the course? Join the online sessions during Academic Integrity Week at 3.30pm each day Mon 13-Thurs 17 Oct.
Mentoring + Volunteering Opportunities
Opportunities available now on studentvolunteer.ie include Obair Dheonach I nGaeilge Le Fighting Words agus Ógras Ceannaire Oige le Ógras. Mentoring options include Trócaire, Le Chéile and Foróige – which gives you the chance to make a huge difference to the lives of other young people.
NerdFest
NerdFest is a lock-in hosted by University of Galway and TU Dublin to celebrate being a nerd on the 31 Jan 2026. Interested? Register your interest HERE. Follow then on Instagram HERE.
Teach and Travel: Learn More about a TEFL Qualification
Discover how an internationally recognised English language teaching qualification can take you places; from professional teaching practice in University of Galway to classrooms around the world.Complete the short survey
Upcoming Free Online Webinars with AsIAm is Ireland’s Autism Charity
- Understanding your Sensory Processing at College 7pm-7pm Mon 13 Oct. Register HERE.
- Understanding Autism with AsIAM 12pm-1pm Wed 22 Oct. Register HERE.
October SU Events
Find out what we have going on this month HERE (more to come soon..)
Le Boom Tickets On Sale
Our Le Boom gig is now taking place on Thurs 6th Nov in Electric when Le Boom return from their UK + Australia tour. Get your tickets HERE.
Contact Us | Déan teagmháil linn
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
________________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn | Welcome to your weekly email from your Students’ Union
An tAonach Ardghiúmair, Inniu Déardaoin, an 9 Deireadh Fómhair
- 10am-2pm Aonad Eolais Soghluaiste Marie Keatingtaobh amuigh d’Áras na Mac Léinn. Beidh eolas faoi na cineálacha éagsúla ailse ar fáil san aonad chomh maith le haltraspeisialtóir ag obair ann. Is féidir leis an altra labhairt leat in áit phríobháideach faoi aon imní atá ort faoin ailse, bíodh sé go mbaineann sé leat féin nó le duine eile, amhail ball teaghlaigh nó cara.
- 11am-3pm Seastáin an Aonaigh Ardghiúmair + díolachán cístí in Áras na Mac Léinn.Buail isteach chun bualadh leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann, Samáraigh na Gaillimhe, GOAL, Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe, ACT for Meningitis, Tascfhórsa Drugaí agus Alcóil Réigiún an Iarthair, Foireann Comhairleoireachta na hOllscoile, foireann tacaíochta na hOllscoile um Fhoréigean agus Ciapadh Gnéasach agus, ar ndóigh, beidh Comhaltas na Mac Léinn ann freisin!
- 11am-3pm Preabshiopa Carthanachta le Pobal Shíomóin na Gaillimhe sa Chiúb. Teiripe miondíola ar son cúis mhaith!
Lá Domhanda na Meabhairshláinte Amárach, Dé hAoine, an 10Deireadh Fómhair
- Lá na nGeansaithe ar son GOAL – caith an geansaí is fearr leat chuig an gcoláiste agus tacaigh le GOAL.
- Déan oiliúint Ohana ZERO Suicide saor in aisce ar líneANSEO. Ní thógfaidh sí ach 20 nóiméad.
- 9.30am-1pm Oiliúint safeTALK. Tuilleadh eolais + sonraí áirithinte ANSEO.
Oíche Cmat-Aoke
Ar mhaith leat a bheith i do cowboy, baby? Bígí linn chun spraoi a dhéanamh 8pm Dé Máirt an 14 Deireadh Fómhair le haghaidh oíche Karaoke spreagtha ag Cmat. Is í an diva mór Annie Naggins a bheas mar bhean a’ tí ag Sult! Saor cead isteach agus beidh roinnt iontas ann d’amhránaithe na hoíche, mar sin bígí ann go luath.
Oiliúint na nIonadaithe Ranga + Cruinnithe
Seo iad na himeachtaí atá ar na bacáin d’Ionadaithe Ranga. Déan teagmháil le Seán su.education@universityofgalway.ie le tuilleadh eolais a fháil.
Luan 13 DFómh | 6pm-8pm | Oiliúint na nIonadaithe Ranga | Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh |
Máir 14 DFómh | 6pm-7pm | Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte | AC202 |
Máir 14DFómh | 7pm-8pm | Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí | AC202 |
Céad 15 DFómh | 6pm-7pm | Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta | AC202 |
Céad 15 DFómh | 7pm-8pm | Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh | AC202 |
Déar 16 DFómh | 6pm-7pm | Comhairle na nIarchéimithe | AC202 |
Fothoghcháin an Chomhaltais
Tá ainmniúcháin oscailte anois chun an phost fholmha d’Oifigigh Chomhaltais a líonadh. Is i an poist atá i gceist an tOifigeach do Mhic Léinn Lánfhásta. Tá foirmeacha ainmniúcháin ar fáil ó Oifig an Chomhaltais agus dúnfar ainmniúcháin ar 5pm Dé Céadaoin an 15 Deireadh Fómhair. Is féidir vóta a chaitheamh idir 8am agus 8pm, Déardaoin an 23 Deireadh Fómhair. Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le studentsunion@universityofgalway.ie
Taisceadáin ar Díol
Tá líon teoranta taisceadán fágtha le díol againn sna foirgnimh seo a leanas: Ríomheolaíocht, Innealtóireacht, Áras Moyola, Eolaíochtaí Cliniciúla agus Cairnes. Logáil isteach ar YourSpace chun taisceadáin a chur in áirithe agus chun íocaíocht a dhéanamh anois.
Cruinnithe Chriú Aeráide an Chomhaltais ar ais!
Soláthraíonn Criú Aeráide an Chomhaltais spás do dhaoine chun teacht le chéile agus labhairt faoi gach ní a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an inbhuanaitheacht. Seol ríomhphost chuig Molly ag su.environment@universityofgalway.ie le bheith páirteach, nó tar chuig an gcéad chruinniú eile 5pm, Dé Céadaoin an 15 Deireadh Fómhair sa Spás.
Seisiúin Phiarfhoghlama CÉIM
Tá seisiúin sheachtainiúla CÉIM ar siúl anois do mhic léinn incháilithe na chéad bhliana ar chúrsaísna hEalaíona, sa Dlí, san Innealtóireacht agus san Eolaíocht.buail le daoine eile atá ag déanamh an chúrsa chéanna leatsa, coinnigh suas le hobair chúrsa agus forbair scileanna nua i dtimpeallacht fháilteach agus réchúiseach. Logáil isteach ar YourSpace agus cliceáil CÉIM le sonraí do sheisiúin a fheiceáil. Mura féidir leat aon eolas a fheiceáil, seol ríomhphost chuig su.ceim@universityofgalway.ie
Cúrsaí Nua Curtha leis na Scileanna Saoil!
- Rang Deisiúchán Poll 6pm-7pm Dé Máirt an 28Deireadh Fómhair ag Ceardlann An Mheitheal Rothar. Níl ach €10 ar an gcúrsa seo. Ní gá do rothar féin a thabhairt leat, cuirtear trealamh taispeána ar fáil! Cláraigh ANSEO.
- Rang Cothabhála Rothar 6pm-7pm Dé Máirt an 4Samhain i gCeardlann An Mheitheal Rothar. Níl ach €15 ar an gcúrsa seo. Tabhair leat do rothar féin! Cláraigh ANSEO.
Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha Tofa
Comhghairdeas le Mariyam Bangura a toghadh mar Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha nua do Chomhaltas na Mac Léinn agus atá anois ar fhoireann oifigigh Chomhaltais na Mac Léinn.
Feachtas um Shábháilteacht Bóthair
Buail isteach chuig Oifig an Chomhaltais an tseachtain seo. Beidh earraí sofheicthe saor in aisce á dtabhairt amach againn agus is féidir leat triail a bhaint as RSA FlineBox, anáileadán a thástálann leibhéil alcóil.
Oiliúint Saor in Aisce san Athléimneacht Airgeadais Dé Céadaoin
Is éard is athléimneacht airgeadais ann ná an cumas le plé leis na rudaí diúltacha a chuireann as dúinn ó thaobh cúrsaí airgid de. Beidh an cúrsa ar líne saor in aisce seo ar siúl Dé Céadaoin, an 15 Deireadh Fómhair. Cláraigh ANSEO.
An bhfuil tú chun do chéim a bhaint amach go luath?
D’fhéadfá a bheith i dteideal vótáil i dtoghlach Ardoideachais Sheanad Éireann. Tá tú incháilithe clárú má chomhlíonann tú na critéir a leanas: Saoránach de chuid Éireann AGUS 18 mbliana d’aois nó níos sine AGUS Céim bainte amach agat ó institiúid ainmnithe. Cuir isteach ar vóta a fháil ANSEOfaoin 26 Feabhra 2026.
Deis Íoctha le Galway 100
Tionscnamh comhpháirtíochta mac léinn is ea Galway 100 a chinntíonn go gcuireann an Ollscoil guthanna mac léinn i gcroílár tionscnaimh agus acmhainní nua.Tá siad sa tóir rannpháirtithe don bhliain acadúil 2025/26. Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun spéis a chur in iúl, líon isteach an fhoirm ANSEO faoin lá amárach, Dé hAoine an 10 Deireadh Fómhair. Is deis íoctha í seo.
Seaimpíní Digiteacha – Sraith Ceardlann an Fhómhair
Bí leis na Seaimpíní Digiteacha le haghaidh ceardlanna spraíúla agus idirghníomhacha a chabhróidh leat do scileanna digiteacha a fhorbairt agus a fheabhsú. Beidh píotsa ar fáil saor in aisce acu agus gheobhaidh gach rannpháirtí suaitheantas digiteach. Lean na naisc seo le clárú:
Seachtain an Ionracais Acadúil
An cúrsa nua Ionracas Acadúil do Mhic Léinn: is éard atá ann ná 4 mhodúl idirghníomhacha a chabhróidh leat dul i ngleic le bradaíl, úsáid IS agus conas ionracas i do chuid oibre a chinntiú. An bhfuil spreagadh ag teastáil uait chun an cúrsa a chur i gcrích? Glac páirt sna seisiúin ar líne le linn Seachtain an Ionracais Acadúil ar 3.30pm gach lá ón Luan an 13 go dtí Déardaoin an 17 Deireadh Fómhair.
Deiseanna Meantóireachta agus Saorálaíochais
Deiseanna ar fáil anois ar studentvolunteer.ie ar a n-áiríear Obair Dheonach trí Ghaeilge le Fighting Words agus Ceannaire Óige le hÓgras. I measc na roghanna meantóireachta tá deiseanna le Trócaire, le Le Chéile agus le Foróige – rud a thugann deis duit difríocht mhór a dhéanamh i saol daoine óga eile.
NerdFest
Ócáid faoi ghlas is faoi cheangal atá in NerdFest, ócáid a óstálann Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, chun ceiliúradh a dhéanamh ar an tsaoithíneacht a bheidh ar siúl an 31 Eanáir 2026. Spéis agaibh ann? Léirigh speis ANSEO. Lean ar Instagram iadANSEO.
Múin agus Taisteal: Foghlaim Tuilleadh faoi Cháilíocht TEFL
Faigh amach conas is féidir le cáilíocht um theagasc an Bhéarla atá aitheanta go hidirnáisiúnta thú a thabhairt go háiteanna éagsúla; ón múinteoireacht ghairmiúil in Ollscoil na Gaillimhe go seomraí ranga ar fud an domhain.Líon isteach an suirbhé gearr
Seimineáir Gréasáin Saor in Aisce ar Líne ag Teacht Aníos le AsIAm, Carthanas Uathachais na hÉireann
- Phróiseáil Chéadfach sa Choláiste a Thuiscint 7pm-7pm Luan an 13 Deireadh Fómhair. Cláraigh ANSEO.
- An tUathachas a Thuiscint le AsIAM 12pm-1pm Dé Céadaoin an 22 Deireadh Fómhair. Cláraigh ANSEO.
Imeachtaí an Chomhaltais i mí Dheireadh Fómhair
Faigh amach an méid atá ar siúl againn an mhí seo ANSEO (tuilleadh le teacht go luath…)
Ticéid Le Boom ar díol anois
Beidh gig Le Boom ar siúl Déardaoin an 6 Samhain in Electric, tráth a bhfillfidh Le Boom óna gcamchuairt sa Ríocht Aontaithe agus san Astráil. Ticéid ar fáil ANSEO.
Déan teagmháil linn / Contact us
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)