Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. Beidh Leagan Gaeilge ar fáil ANSEO
For the most up to date news and info on all Students’ Union committees, join our WhatsApp community HERE.
Traffic Light Party tonight!
Join us at 8pm TONIGHT Thurs 26th Sept at Sult for our Traffic Light Party. Wear red – taken. Yellow – it’s complicated. Green – ready to go! FREE ENTRY!
Hygiene Hub Drive Tomorrow
Our first Hygiene Hub donation drive of the year is on 10am-5pm tomorrow Fri 27th of Sept at the Students’ Union Office. We are looking for donations of personal care and household cleaning essentials – including deodorant, shower gel, shampoo, make-up, nappies, toilet roll, laundry detergent and surface cleaner. Your donations will go to The Hygiene Hub’s community partners in Galway who include COPE Galway, Galway Simon Community, Galway Traveller Movement and Saint Vincent de Paul. If you can’t donate please help to spread the word. More info HERE.
Sign Language Course Starts Next Week
- 12pm-1pm Tuesday FULL
- 1pm-2pm Tuesday 3 Spaces
- 6pm-7pm Wednesday FULL
- 6pm-7pm Thursday 7 Spaces
10 week course just €40 for University of Galway students (usual cost €75). More info and sign up HERE.
Climate Crew Meet Up
Are you passionate about the environment and sustainability? Join the SU Climate Crew! Next meeting 6pm-7pm Wednesday 2nd October in the Large Acoustic Room downstairs in Áras na Mac Léinn. All welcome. More info from Peter on su.environment@universityofgalway.ie
Kneecap Movie Night in Pálás
Join us for a screening of the Kneecap Movie 18:30 Weds 9th Oct in Pálás. Tickets are just €5 for students registered for Pálás Student Loyalty Scheme now available HERE. Loyalty scheme membership also means discounted popcorn and drinks!
SU By Elections
Voting will take place online on YourSpace 10am-8pm next Thurs 3rd of October to elect your new SU Mature Students’ Officer, Postgraduate Taught Officer and Clubs Captain. This is your chance to choose who will represent you so make sure to vote. The list of confirmed candidates will be published once the withdrawal deadline has passed. You can meet your candidates at our Hustings events which will take place:
- 3pm-4pm Weds 2nd Oct Mature Students’ Officer + Postgraduate Taught Officer in The View, Áras na Mac Léinn
- 5pm-6pm Weds 2nd Oct Clubs Captain Venue TBC
Please note that all registered students may vote for the Mature Students Officer but only Postgrad students may vote to elect the Postgraduate Taught Officer and only Club Captains may vote in the Clubs Captain election (one vote per club).
safeTALK (Suicide Alertness for Everyone) LIMITED SPACES LEFT
safeTALK is a 3½ hour ‘suicide alertness’ programme that prepares participants to identify and engage with persons who may be having thoughts of suicide. Participants learn how to provide practical help also gain information on the supports and resources available locally, regionally and nationally. The free course takes place on campus 9.30am-1pm Fri 11th Oct. More info HERE please email joanna.brophy@universityofgalway.ie for booking link and code.
Class Rep Elections
Class Rep elections are taking place on YourSpace now!
- Returning student elections voting will close 5pm tomorrow Fri 27 Sept
- First Year elections voting will close 5pm Weds 2 Oct
Gain experience, make friends, get training and get your Class Rep Hoodie! More information HERE or contact Tom on su.education@universityofgalway.ie
CÉIM Peer Learning Sessions
CÉIM sessions start next week for 1st year students studying: Geography, Law, Psychology, Spanish, Science. You’ll meet weekly with others doing your course and trained higher year student leaders in a friendly and relaxed environment. Make friends, get up to speed on coursework and develop new skills. Log into YourSpace and click CÉIM to see your session information. See HERE for more information on eligible disciplines.
Registration Deadline 1st Oct for our FREE* 8 week Gaeilge Courses
- Beginners in Person FULL
- Refreshers in Person FULL
- Beginners Online 1 Space
- Intermediate Online 9 Spaces
- Advanced Online 20 Spaces
More info and sign up HERE. *€20 course fee will be refunded when you attend all 8 weeks of class.
SU Charities
We are delighted to announce our SU Charities for this year are Galway Rape Crisis Centre and Galway Autism Partnership. Want to help us fundraise for these amazing groups? Join the Events Crew! Email Faye on su.president@universityofgalway.ie to get involved
Caffeine as a Therapeutic Option for Alzheimer’s Disease
If you have 20 minutes, please take part in an online questionnaire HERE that is surveying the caffeine consumption habits of people in Ireland to help understand its effects on cognition and dementia risk. Feel free to share with friends, family neighbours! Coffee and non-coffee drinkers all welcome!
Is Weed Wrecking Your Head?
The HSE are running a free 8 week group treatment programme in Galway city for those looking to stop or cut down on their cannabis/weed use. 2pm-4pm Tues 8th Oct – Tues 26th Nov. For more info contact Mark on 087 654 0945 or 091 864 450. This is a free and confidential service for those aged 18 and over.
September Events list
Click HERE for the list of our SU September events.
Ways to get involved with your SU this year
For the most up to date news and info on all Students’ Union committees, join our WhatsApp community HERE.
Contact Us / Déan teagmháil linn
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) and X (Twitter)
______________________________________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. / Welcome to your weekly email from your Students’ Union. Tá fáil ar an leagan Béarla ANSEO
Chun an nuacht agus eolas is déanaí a fháil maidir le coistí Chomhaltas na Mac Léinn, cláraigh lenár bpobal WhatsApp ANSEO.
Cóisir na Soilse Tráchta anocht!
Bí linn ag 8pm ANOCHT, Déardaoin, an 26 Meán Fómhair ag Sult le haghaidh Chóisir na Soilse Tráchta. Éadaí dearga – Ag dul amach le duine cheana. Éadaí buí – Ceist chasta. Éadaí glasa – Ar aghaidh linn! SAORCHEAD ISTEACH!
Tabhartais don Bhanc Sláinteachais
Beidh an chéad feachtais de chuid an Bhainc Sláinteachais don bhliain ar siúl 10am-5pm, amárach, Dé hAoine, an 27 Meán Fómhair ag Oifig an Chomhaltais. Táimid ag lorg táirgí cúraim phearsanta agus glantacháin tí mar thabhartais – lena n-áirítear díbholaíoch, glóthach chithfholctha, seampú, smideadh, clúidíní, páipéar leithris, glantach éadaí agus glantóir dromchla. Dáilfear na tabhartais ar chomhpháirtithe pobail an Bhainc Sláinteachais i nGaillimh, lena n-áirítear COPE na Gaillimhe, Clann Shíomóin na Gaillimhe, Gluaiseacht Taistealaithe na Gaillimhe agus Cumann Naomh Uinseann de Pól. Mura féidir leat tabhartas a thabhairt, scaip an scéal. Tuilleadh eolais ANSEO.
Cúrsa sa Teanga Chomharthaíochta le tosú an tseachtain seo chugainn
- 12pm-1pm, Dé Máirt, LÁN
- 1pm-2pm, Dé Máirt, 3 spás
- 6pm-7pm, Dé Céadaoin, LÁN
- 6pm-7pm, Déardaoin, 7 spás
Cúrsa 10 seachtaine €40 do mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe (gnáthchostas €75). Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO.
Teacht le Chéile Chriú na hAeráide
An bhfuil tú go mór ar son an chomhshaoil agus na hinbhuanaitheachta? Glac páirt i gCriú Aeráide an Chomhaltais! Beidh an chéad chruinniú eile ar siúl 6pm-7pm, Dé Céadaoin, an 2 Deireadh Fómhair san Fhuaimsheomra Mór thíos staighre in Áras na Mac Léinn. Fáilte roimh chách. Tuilleadh eolais ó Peter ag su.environment@universityofgalway.ie
Oíche Scannáin Kneecap i bPálás
Bí linn le haghaidh thaispeáint an scannáin ‘Kneecap’ i bPálás, 18:30, Dé Céadaoin, an 9 Deireadh Fómhair. Níl ach €5 ar thicéid do mhic léinn atá cláraithe le Scéim Dílseachta Mac Léinn Phálás. Tá siad ar díol anois ANSEO. Agus ballraíocht agat sa Scéim Dílseachta, gheobhaidh tú lascaine ar ghrán rósta agus deochanna chomh maith!
Fothoghcháin an Chomhaltais
Beidh an vótáil ar siúl ar líne ar YourSpace 10am-8pm, Déardaoin, an 3 Deireadh Fómhair le hOifigeach na Mac Léinn Lánfhásta, Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha agus Captaen na gClubanna a thoghadh. Seo é do sheans a roghnú cé a bheidh ag déanamh ionadaíocht duitse, mar sin ná déan dearmad vótáil. Foilseofar liosta na n-iarrthóirí deimhnithe a luaithe a bheidh an spriocdháta tarraingthe amach thart. Is féidir leat bualadh leis na hiarrthóirí ag na hócáidí toghchánaíochta a bheidh ar siúl:
- 3pm-4pm, Dé Céadaoin, an 2 Deireadh Fómhair – Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta agus Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha – in An Radharc, Áras na Mac Léinn
- 5pm-6pm, Dé Céadaoin, an 2 Deireadh Fómhair – Captaen na gClubanna – Ionad le socrú fós
Tabhair faoi deara gur ceadmhach do gach mac léinn cláraithe vótáil i dtoghchán Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta, ach nach ceadmhach ach do mhic léinn iarchéime vótáil i dtoghchán Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha agus nach ceadmhach ach do Chaptaein Chlub vótáil i dtoghchán Chaptaen na gClubanna (vóta amháin in aghaidh an chlub).
safeTALK (Airdeall ar Fhéinmharú do Chách): LÍON BEAG SPÁSANNA FÁGTHA
Clár 3½ uair an chloig maidir le ‘hairdeall ar fhéinmharú’ is ea safeTALK. Cuireann sé ar chumas rannpháirtithe daoine is dóigh a bhfuil smaointe féinmharaithe ar intinn acu a aithint agus caidreamh a thógáil leo. Foghlaimíonn rannpháirtithe faoi dhóigheanna le cuidiú praiticiúil a thabhairt chomh maith le heolas a fháil ar na tacaíochtaí agus na háiseanna áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta atá ar fáil. Beidh an cúrsa saor in aisce seo ar siúl ar an gcampas 9.30am-1pm, Dé hAoine an 11 Deireadh Fómhair. Tuilleadh eolais ANSEO nó cuir ríomhphost chuig joanna.brophy@universityofgalway.ie chun nasc agus cód cláraithe a fháil.
Toghcháin na nIonadaithe Ranga
Tá Toghcháin na nIonadaithe Ranga ar siúl anois ar YourSpace!
- Beidh deireadh leis an vótáil do mhic léinn atá ag filleadh ag 5pm amárach, Dé hAoine, an 27 Meán Fómhair.
- Beidh deireadh leis an vótáil do lucht na Céad Bliana ag 5pm, Dé Céadaoin, an 2 Deireadh Fómhair.
Buail le cairde nua agus faigh taithí, oiliúint agus Húdaí Ionadaí Ranga! Tuilleadh eolais ANSEO nó déan teagmháil le Tom ag su.education@universityofgalway.ie
Seisiúin Phiarfhoghlama CÉIM
Tosaíonn seisiúin CÉIM an tseachtain seo chugainn do lucht na céad bliana ar na cúrsaí a leanas: Tíreolaíocht, Dlí, Síceolaíocht, Spáinnis, Eolaíocht. Buailfidh tú le daoine eile ar do chúrsa agus le ceannairí oilte atá níos faide ar aghaidh sa chúrsa i dtimpeallacht chairdiúil réchúiseach. Buail le cairde nua, bí suas chun dáta le hobair chúrsa agus faigh scileanna nua. Logáil isteach ar YourSpace agus cliceáil CÉIM le sonraí do sheisiúin a fheiceáil. Féach ANSEO le tuilleadh eolais a fháil ar na disciplíní atá incháilithe.
Cláraigh le haghaidh ár gCúrsaí Gaeilge 8 seachtaine SAOR IN AISCE* faoin 1 Deireadh Fómhair
- Cúrsa do thosaitheoirí ar an láthair: LÁN
- Cúrsa athnuachana ar an láthair: LÁN
- Cúrsa do thosaitheoirí ar líne: 1 spás
- Cúrsa meánleibhéil ar líne: 9 spás
- Cúrsa ardleibhéil ar líne: 20 spás
Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO. *Aisíocfar leat an táille €20 tar éis duit freastal ar na 8 rang sheachtainiúla ar fad.
Carthanais an Chomhaltais
Tá lúcháir orainn a fhógairt gurb iad Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe carthanais an Chomhaltais don bhliain. An mian leat cabhrú linn airgead a thiomsú ar son na ngrúpaí iontacha sin? Glac páirt sa Chriú Siamsaíochta! Cuir ríomhphost chuig Faye ag su.president@universityofgalway.ie le bheith páirteach.
Caiféin mar Rogha Theiripeach le haghaidh Ghalar Alzheimer
Má tá 20 nóiméad agat, glac páirt i gceistneoir ar líne ANSEO. Is aidhm leis an gceistneoir suirbhé a dhéanamh ar nósanna na ndaoine in Éirinn a ghlacann caiféin d’fhonn tuiscint a fháil ar na héifeachtaí a bhíonn aici ar an gcognaíocht agus ar an riosca néaltraithe. Ná bíodh drogall ort an scéal a scaipeadh ar chairde, daoine muinteartha agus comharsana ach an oiread! Fáilte rompu siúd a ólann caife agus nach n-ólann caife araon!
An bhfuil an raithneach do do chur as do mheabhair?
Tá clár grúpchóireála 8 seachtaine saor in aisce le reáchtáil ag FSS i gCathair na Gaillimhe dóibh siúd atá ag iarraidh éirí as an raithneach nó gearradh siar uirthi. 2pm-4pm, Dé Máirt, an 8 Deireadh Fómhair – Dé Máirt, an 26 Samhain. Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Mark ar 087 654 0945 nó 091 864 450. Seirbhís rúnda saor in aisce é seo dóibh siúd atá 18 mbliana d’aois agus os a chionn.
Imeachtaí Mheán Fómhair
Cliceáil ANSEO le haghaidh liosta na n-imeachtaí a bheidh á gcur ar siúl ag an gComhaltas i mí Mheán Fómhair.
Bealaí le páirt a ghlacadh sa Chomhaltas i mbliana
- Bí i d’Ionadaí Ranga
- Glac páirt sa Chriú Leasa
- Seas sa Toghchán
- Glac páirt sa Chriú Siamsaíochta
- Glac páirt i gCoiste na Gaeilge
Chun an nuacht agus eolas is déanaí a fháil maidir le coistí Chomhaltas na Mac Léinn, cláraigh lenár bpobal WhatsApp ANSEO.
Déan Teagmháil Linn / Contact Us
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost: studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat. Is féidir ‘is maith liom’ a thabhairt dúinn agus muid a leanúint ar Facebook, Instagram, TikTok (@cmlong_su) agus X (Twitter)