Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn

What is the Students’ Union?

“The mission of the Union shall be to represent its members and promote, defend and vindicate the rights of its members at all levels of society.” – Constitution of the Students’ Union

The SU is a representative organisation that is independent from the University and consists of all registered students at the University of Galway.  As the SU is an independent body, the SU officers do not have to answer to the University authorities – we only answer to you, our members who have elected us.

These are the officers in the Students’ Union working for you this year to promote and defend your rights:

Want to join the team? Nominations will open on Weds 18th September for the vacant part time officer positions of Clubs’ Captain, Mature Students’ Officer and Postgraduate Taught Officer.

 

Accommodation Survey

Please take 5 minutes to fill out our accommodation survey for the 2024/2025 Academic Year HERE.

 

Lockers are on Sale Now

Log on to YourSpace to book and pay for your locker. You can then collect the key from the SU Office.

 

Early Bird Ents are Happening Now!

FREE Events to welcome all our early arrivals to the University of Galway!

  • Speed Friending 5pm-7pm TODAY Thursday 5th September at Sult
  • Arriba Night 9pm-11.30pm TODAY Thursday 5th September at Sult. Reggaeton, Dembow, Mambo + Electro-Latino music.
  • Karaoke 8pm-11pm Friday 6th September at Sult
  • Scavenger Hunt Saturday 7th September across Galway. Sign Up HERE.
  • Diamond Hill Hike 9.15am-7pm Sunday 8th September with University of Galway Mountaineering Club. FULLY BOOKED!

 

Your SU Services are open!

  • The SU Office is open Mon-Fri 10am-5pm upstairs in Áras na Mac Léinn (beside Sult). Call in to meet your SU Officers, collect your Student Leap Card, get free condoms/period products, get SU Charity Socks, collect your locker keys, recycle batteries/vapes and lots more!
  • The SU FREE Cloakroom reopens Mon 9th Sept and will be open new extended hours 9am-6pm Monday-Friday in the Library basement near the SU Shop. You can drop off your luggage for free here and we also have free condoms/period products.
  • Our services at Sult, the SU Shop and Smokey’s Café are all open so call by and shop local!
  • The SU Síbín social space reopens Mon 9th Sept and is open 9am-5pm Mon-Fri in the Library Basement near the SU Shop.

 

Get 50% off adult public transport fares with the Young Adult or Student Leap Card

  • The Young Adult Leap Card is available for all 19 to 25 year olds. Apply online HERE and it will be posted to you.
  • The Student Leap Card is only available for students in full time education who are either 16 -18 years of age or 26 years and above. Apply online HERE and collect from the SU Office.

 

Life Skills

Our Life Skills courses are now enrolling for the year ahead. Spaces are limited so sign up soon for:

  • Sign Language
  • Gaeilge
  • Pilates
  • Tin Whistle
  • Financial Resilience
  • Bodhrán
  • Self Defence
  • Heartsaver AED
  • Mental Health Awareness
  • Disclosure Training with Galway Rape Crisis Centre
  • safeTALK Suicide Alertness

More info and registration HERE

 

Welcome Magazine

Our Fáilte magazine has all the information you need about starting life at the University of Galway and Galway! There’s some great offers, deals and information from our supporters too so have a read HERE.

 

Class Reps

Can you lead the way and be the voice of your class this year? Nominations for Class Rep positions for returning students open Mon 9th of Sept and close Fri 20th Sept on YourSpace. It’s a great way to gain experience, make friends, get training and get your Class Rep Hoodie! More information HERE.

 

Free Period Products

Free period products are now available from locations across campus. More info HERE. Please take only what you need!

 

Coming Up This September

  • Teaching Starts Mon 9th Sept
  • 1st Year Orientation Thurs 12th + Fri 13th Sept
  • Fáilte Fest Thurs 12th + Fri 13th Sept
  • 1st Year Teaching Starts Mon 16th Sept
  • Socs Day + Volunteering Fair 12pm-5pm Weds 18th Sept
  • Clubs Day 12pm-4pm Weds 18th Sept
  • SU Freshers Fair 11am-3pm Thurs 19th Sept
  • Lab Coat + Goggle Giveaway 10am Mon 23rd Sept
  • Outdoor Cinema Tues 24th Sept. Free tickets HERE.

 

Ways to get involved with your SU this year 

 

Take the Campus Challenge

Take part to find out where everything is on campus.  At the end get free snacks + chance to win prizes including AirPods, gym memberships, Pizza Party in Sult, SU Vouchers and more! More info HERE.

 

SDG Week 16th-20th September

The week of events is an opportunity to increase awareness, engagement, and action to help achieve the United Nations’ 17 Sustainable Development Goals (SDGs). Activities include – guided walks; sustainability seminars, workshops, and flash talks; a student led SDG quiz; and more. More info HERE.

 

Help Reduce Waste on Campus

Enjoy your tea and coffee from a reusable cup or a ceramic cup. This September, all restaurants and cafés on campus ceased the use of disposable cups.

 

Student Health Unit

The FREE Student Health Unit is open but you must book your appointment online prior to attending. More information on their services and how to book your appointment online here.

 

Handy Links For You

 

Contact Us / Déan teagmháil linn

You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) and X (Twitter)

______________________________________________________________________________________________________________________________________

Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. / Welcome to your weekly email from your Students’ Union. Tá fáil ar an leagan Béarla ANSEO

Céard é Comhaltas na Mac Léinn?
“Is é misean an Chomhaltais ionadaíocht a dhéanamh dá chuid ball, agus cearta na mball sin a chur chun cinn, a chosaint agus a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den tsochaí.” – Bunreacht Chomhaltas na Mac Léinn
Is eagraíocht ionadaíoch é an Comhaltas atá neamhspleách ar an Ollscoil, ach a bhfuil gach mac léinn atá cláraithe le hOllscoil na Gaillimhe ina bhall de.  Toisc gur foras neamhspleách é an Comhaltas, níl oifigigh an Chomhaltais freagrach d’údaráis na hOllscoile – is daoibhse, an bhallraíocht a thogh muid, atáimid freagrach.
Seo iad oifigigh Chomhaltas na Mac Léinn a bheidh ag obair ar bhur son i mbliana chun bhur gcearta a chur chun cinn agus a chosaint:

An mian leat a bheith linn? Osclófar ainmniúcháin Dé Céadaoin, an 18 Meán Fómhair do na poist fholmha pháirtaimseartha a leanas: Captaen na gClubanna, Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta agus Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha.

Suirbhé Lóistín
Tóg 5 nóiméad lenár suirbhé lóistín a líonadh isteach don Bhliain Acadúil 2024/2025 ANSEO.

Tá Taisceadáin ar Díol Anois
Logáil isteach ar YourSpace le clárú le haghaidh taisceadáin agus íocaíocht a dhéanamh. Is féidir an eochair a bhailiú ó Oifig an Chomhaltais.

Imeachtaí Luatha Siamsaíochta ar Siúl Anois!
Imeachtaí SAOR IN AISCE le fáilte mhoch a chur roimh duine ar bith a thagann go hOllscoil na Gaillimhe!

  • Mearmhúintearas 5pm-7pm INNIU Déardaoin, an 5 Meán Fómhair ag Sult
  • Oíche Arriba 9pm-11.30pm INNIU Déardaoin, an 5 Meán Fómhair ag Sult. Ceol Reggaeton, Dembow, Mambo + Leictrea-Laidineach.
  • Karaoke 8pm-11pm Dé hAoine, an 6 Meán Fómhair ag Sult
  • Tóraíocht Taisce Dé Sathairn, an 7 Meán Fómhair ar fud na Gaillimhe. Cláraigh ANSEO.
  • Siúlóid ar Bhinn Ghuaire 9.15am-7pm, Dé Domhnaigh, an 8 Meán Fómhair le Cumann Sléibhteoireachta Ollscoil na Gaillimhe. LÁN!

Tá Seirbhísí an Chomhaltais ar oscailt!

  • Bíonn Oifig an Chomhaltais ar oscailt Luan-Aoine, 10am-5pm thuas staighre in Áras na Mac Léinn (béal dorais le Sult). Buail isteach le haithne a chur ar Oifigigh an Chomhaltais agus Cárta Leap do Mhic Léinn, coiscíní/táirgí míostraithe saor in aisce, Stocaí Carthanachta an Chomhaltais, d’eochair thaisceadáin a fháil, nó chun cadhnraí/galtoitíní a athchúrsáil – agus neart eile!
  • Osclófar Seomra Cótaí SAOR IN AISCE an Chomhaltais Dé Luain, an 9 Meán Fómhair agus cuirfear síneadh leis na huaireanta oscailte, 9am-6pm Luan-Aoine in íoslach na Leabharlainne in aice le Siopa an Chomhaltais. Is féidir do bhagáiste a fhágáil ann saor in aisce agus tá coiscíní/táirgí míostraithe saor in aisce ar fáil ann freisin.
  • Sult, Siopa an Chomhaltais agus Smokey’s Café ar fad ar oscailt. Buail isteach agus caith do chuid go háitiúil!
  • Osclófar Síbín, spás sóisialta, Dé Luain, an 9 Meán Fómhair agus beidh sé ar oscailt 9am-5pm, Luan-Aoine in Íoslach na Leabharlainne in aice le Siopa an Chomhaltais.

Faigh lascaine 50% ar tháillí iompair phoiblí d’aosaigh le Cárta Leap d’Aosaigh Óga nó do Mhic Léinn

  • Tá an Cárta Leap d’Aosaigh Óga ar fáil do gach duine atá 19-25 bliain d’aois. Déan iarratas ar líne ANSEO agus cuirfear amach chugat sa phost é.
  • Tá an Cárta Leap do Mhic Léinn ar fáil do mhic léinn lánaimseartha atá 16-18 mbliana d’aois nó 26+ bliain d’aois. Déan iarratas ANSEO agus bailigh é ó Oifig an Chomhaltais.

Scileanna Saoil
Is féidir clárú dár gcúrsaí Scileanna Saoil anois don bhliain amach romhainn. Níl ach líon teoranta áiteanna ar fáil – cláraigh go luath do na cúrsaí a leanas:

  • Teanga Chomharthaíochta
  • Gaeilge
  • Pilates
  • Feadóg Stáin
  • Athléimneacht Airgeadais
  • Bodhrán
  • Féinchosaint
  • Heartsaver (Uath-Dhífhibrileoir Seachtrach)
  • Feasacht i leith na Meabhairshláinte
  • Oiliúint um Nochtadh ó Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe
  • safeTALK: Airdeall ar Fhéinmhárú

Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO

Iris Fáilte
Tá gach eolas atá uait maidir le tosú ar Ollscoil na Gaillimhe agus maidir le Gaillimh féin le fáil inár n-iris, Fáilte! Tá tairiscintí den scoth, margaí iontacha agus eolas ónár lucht tacaíochta ann. Tabhair spléachadh uirthi ANSEO.

Ionadaithe Ranga
Ar mhaith leat an bealach a réiteach agus guth a thabhairt do do rang i mbliana? Osclófar ainmniúcháin d’Ionadaithe Ranga do mhic léinn atá ag filleadh Dé Luain 9 Meán Fómhair agus dúnfar iad Dé hAoine, an 20 Meán Fómhair ar YourSpace. Is bealach iontach é le bualadh le cairde nua agus taithí, oiliúint agus Húdaí Ionadaí Ranga a fháil! Tuilleadh eolais ANSEO.

Táirgí Míostraithe Saor in Aisce
Tá táirgí míostraithe ar fáil saor in aisce ar fud an champais. Tuilleadh eolais ANSEO. Ná tóg ach a bhfuil ag teastáil uait i ndáiríre!

Ag Teacht i mí Mheán Fómhair

  • Tosóidh Ranganna Dé Luain, an 9 Meán Fómhair
  • Ionduchtú do lucht 1ú Bliain, Déardaoin, an 12 + Dé hAoine, an 13 Meán Fómhair
  • Fáilte Fest Déardaoin, an 12 + Dé hAoine, an 13 Meán Fómhair
  • Tosóidh Ranganna don 1ú Bliain Dé Luain, an 16 Meán Fómhair
  • Lá na gCumann + Aonach Saorálaíochais 12pm-5pm, Dé Céadaoin, an 18 Meán Fómhair
  • Lá na gClubanna 12pm-4pm, Dé Céadaoin, an 18 Meán Fómhair
  • Aonach Freisear an Chomhaltais 11am-3pm, Déardaoin, an 19 Meán Fómhair
  • Cótaí + Spéaclaí Saotharlainne in Aisce 10am, Dé Luain, an 23 Meán Fómhair
  • Pictiúrlann faoin Aer Dé Máirt, an 24 Meán Fómhair. Ticéid in Aisce ANSEO.

Bealaí le páirt a ghlacadh sa Chomhaltas i mbliana

Glac páirt sa Dúshlán Campais
Bí páirteach ann chun eolas iomlán a chur ar an gcampas.  Sólaistí in aisce ina dhiaidh + deiseanna chun duaiseanna a bhuachan! AirPods, ballraíocht spórtlainne, Cóisir Píotsa ag Sult, Dearbháin Chomhaltas na Mac Léinn agus neart eile nach iad! Tuilleadh eolais ANSEO.

Seachtain SDG, 16-20 Meán Fómhair
Is deis í an tseachtain seo chun cur le feasacht, rannpháirtíocht agus gníomhaíochtaí chun 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiúin Aontaithe a bhaint amach. I measc na ngníomhaíochtaí beidh: siúlóidí treoraithe, seimineáir ar inbhuanaitheacht, ceardlanna, tobchainteanna; tráth na gceist SDG – stiúrtha ag mic léinn; agus tuilleadh. Tuilleadh eolais ANSEO.

Déan do Chion Féin le Dramhaíl a Laghdú ar an gCampas
Ól do chuid tae nó caife ó chupán in-athúsáidte nó ceirmeach. I mí Mheán Fómhair, stad na bialanna agus na caiféanna go léir ar an gcampas de chupáin aon uaire a úsáid.

Aonad Sláinte na Mac Léinn
Tá Aonad Sláinte na Mac Léinn SAOR IN AISCE agus oscailte, ach ní mór coinne a chur in áirithe ar líne roimh dhul ann. Tá tuilleadh eolais maidir le seirbhísí agus cén chaoi coinne a chur in áirithe ar líne le fáil anseo.

Naisc Áisiúla

Déan Teagmháil Linn / Contact Us
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost: studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat. Is féidir ‘is maith liom’ a thabhairt dúinn agus muid a leanúint ar Facebook, Instagram, TikTok (@cmlong_su) agus X (Twitter)

Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. / Welcome to your weekly email from your Students’ Union. Tá fáil ar an leagan Béarla ANSEO