Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn

Take Me Out Tickets Selling Fast!

The dating show Take Me Out is back at 8pm next Thurs 27 Nov at Sult. Audience tickets are on sale HERE now and all proceeds go to the SU Charities.

Our Christmas Raffle is BACK! 

Christmas raffle tickets are on saleHERE until 11pm Sun 7 Dec. There’s 20 amazing prizes to be won including a LOCO E-Scooter, jewellery, hoodies, hampers,  and lots of vouchers for fabulous places! Tickets are 1 for €5 or 3 for €10. Raising funds for the SU Charities: Galway Rape Crisis Centre and GOAL.

Special Comhairle Meeting

There’s a special Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn (Class Reps Council) meeting at 6pm this Monday 24 November in the Kirwan Theatre. All are welcome to attend but only registered Class Reps can vote in the meeting.

Drug & Alcohol Support Drop In on Tuesday

This Tues 25 Nov 2pm-4pm we have a Drug & Alcohol Support Drop in Clinic in the SU Office with the Western Region Drug & Alcohol Task Force. If you’ve concerns about your own drug/alcohol use or that of a friend/family member you can talk in confidence about it at this free drop in.

SIN is back and recruiting!

SIN is our online student newspaper. They’re looking for volunteer sub-editors, writers and a brand new social media crew to help shape the year of student journalism.  Follow sin_newsug on Instagram for more info and the application deadline is 5pm Weds 26 Nov.

Calling all Nursing or Midwifery Students

The SU wants to hear your concerns regarding payments. Join us for a Townhall Meeting 12pm-2pm Tues 25 Nov in person at LCI-G018 Lecture Theatre in the ILAS building or online HERE.

Postgrads and Unions

All Postgraduate students are invited to attend this free event “Postgrads and Unions” 2pm-4pm Thurs 27 Nov in CA111. Find out about your rights as postgrads. More info + free tickets HERE.

Free Energy Drinks

Call in to the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn to get some free energy drinks while stocks last!

Climate Crew Meeting Thursday

The SU Climate Crew is a space for you to meet and talk about everything to do with the environment and sustainability. Next meeting 6pm Thurs 27th Nov in the Large Acoustic Room.

Free Porridge

Did you know you can get free porridge every morning at Smokey’s Café and Sult? Just buy any hot drink and use your SU Card. Limited stock so get in early!

Let Loose Party

Join us 7pm-10pm Weds 26 Nov for the Let Loose Party at Sult. Galway’s first ever girlie student singalong prinks party! DJs, freebies + surprises! Ticket linkHERE.

Spéir Slot Applications

Spéir, the SU Pantry, is open 2pm + 3.30pm each Monday + Friday in the Library Basement. Here you can get free food items that would otherwise have been disposed of. Monday slot applications are open 5pm Friday to 6pm Sunday. Friday slot applications are open 10am Tuesday to 4pm Thursday. To apply for a slot go to YourSpace. Don’t forget your student ID card + a tote bag!

Grinds Register

If you’re looking to get or give grinds in any subject we have a grinds register on YourSpace. Here you can find details of people available to give grinds or put up your own advertisement up. More info HERE.

Exams 101

The Exams 101 webpage HERE has lots of free resources to get you through the exams including:

  • List of extra study spaces on campus
  • Free library workshops on citing and referencing books and articles for assignments.
  • Free tea or coffee at the Student Enquiry Centre on the Concourse 12pm-2pm Weds 26 Nov + Thurs 4 Dec.

Sustainability Engagement Fund

The Sustainability Engagement Fund is available to students and staff with grants ranging from €1,000 – €2,000. The Fund will support engagement activities on two key sustainability issues: Green Labs (SDG12) and Peace (SDG16). Application Deadline 5pm Fri 5 Dec 2025.Further information here.

Megatrends Conference (student-led)

Join the free Megatrends conference Fri 28 Nov in CA239e and CA241 (J.E. Cairnes Building). The Megatrends Conference includes student-led presentations on the world’s most significant long-term trends in society, technology, climate or demography. Email yixin.qiu@universityofgalway.ie for info.

Would you like to bring your children to our very own University party?

The annual Student and Staff Children’s Christmas Party is on 6pm-7.30pm Thurs 4 Dec in Áras na Mac Léinn. Limited numbers so be sure to book your free slot HERE.

Beer Run on Monday

Join Galway Bay Brewery Running Club at 7pm this Mon 24Nov at the Oslo in Salthill for a social 5km run followed by a free beer. All welcome at this free event and bag drop is available. Meet in the back section of the bar.

World AIDS Day Candlelit Concert

Sexual Health West invite you to this free event 8pm Fri 28 Nov inSt. Nicholas’ Collegiate Church where both Cois Cladaigh and Bel Cantowill perform.

Contact Us | Déan teagmháil linn

You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.

You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)

___________________________________________________________________________________________________________

Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn | Welcome to your weekly email from your Students’ Union

Ticéid chuig Take Me Out ag díol go sciobtha!

Beidh an seó cleamhnais Take Me Out ar ais ag 8pm, Déardaoin seo chugainn, an 27 Samhain ag Sult. Tá ticéid ar díol ANSEO anois agus rachaidh an teacht isteach ar fad chuig rogha carthanachtaí an Chomhaltais.

Tá Crannchur na Nollag AR AIS!

Beidh ticéid do chrannchur na Nollag ar díolANSEO go dtí 11pm Dé Domhnaigh an 7 Nollaig. Tá 20 duais den scoth le buachan, lena n-áirítear Scútar Leictreach LOCO, seodra, húdaithe, ciseáin agus neart dearbhán le haghaidh áiteanna iontacha!Is féidir ticéad amháin a cheannach ar €5 nó 3 thicéad ar €10. Rachaidh an t-airgead i dtreo Charthanachtaí an Chomhaltais: Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus GOAL.

Cruinniú Speisialta na Comhairle

Beidh cruinniú speisialta de Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn (Comhairle na nIonadaithe Ranga) ar siúl 6pm Dé Luain an 24 Samhain in Amharclann Kirwan. Cuirfear fáilte roimh chách freastal ach is iad Ionadaithe Ranga cláraithe amháin a bheas in ann vótáil sa chruinniú.

Tá SIN ar ais agus i mbun earcaíochta!

Is é SINár nuachtán ar líne do mhic léinn. Tá fo-eagarthóirí deonacha, scríbhneoirí agus foireann meán sóisialta úrnua á lorg faoi láthair chun cabhrú le bliain iriseoireachta na mac léinn a mhúnlú.  Lean sin_newsug ar Instagram le haghaidh tuilleadh eolais. Is é 5pm, Dé Céadaoin an 26 Samhain an spriocdháta d’iarratais.

Tacaíocht Buail Isteach maidir le Drugaí agus Alcól Dé Máirt

Dé Máirt, an 25 Samhain, 2pm-4pm, beidh Clinic Tacaíochta maidir le Drugaí agus Alcól ar siúl in Oifig an Chomhaltais i gcomhar le Tascfhórsa Drugaí agus Alcóil Réigiún an Iarthair. Má tá imní ort fút féin i leith drugaí/alcóil nó faoi chara nó faoi bhall teaghlaigh, is féidir leat é a phlé go rúnda ag an gclinic saor in aisce seo.

An Mac Léinn Altranais nó Cnáimhseachais thú?

Ba mhaith leis an gComhaltas cloisteáil faoi aon imní atá agat maidir le híocaíochtaí.Bí linn le haghaidh Cruinniú Halla an Bhaile 12pm-2pm Dé Máirt an 25 Samhain ar an láthair i Léachtlann LCI-G018 i bhfoirgneamh ILAS nó ar líne ANSEO.

Iarchéimithe agus Ceardchumainn

Tá cuireadh á thabhairt do gach mac léinn iarchéime freastal ar an ócáid saor in aisce seo “Iarchéimithe agus Ceardchumainn” 2pm-4pm, Déardaoin, an 27 Samhain in CA111. Faigh tuilleadh eolais faoi na cearta atá agat mar iarchéimí. Tuilleadh eolais agus ticéid saor in aisce ANSEO.

Deochanna Fuinnimh Saor in Aisce

Buail isteach chuig Oifig an Chomhaltais thuas staighre in Áras na Mac Léinn chun roinnt deochanna fuinnimh saor in aisce a fháil fad is a bheidh cuid fágtha againn!

Cruinniú den Chriú Aeráide Déardaoin

Soláthraíonn Criú Aeráide an Chomhaltais spás do dhaoine chun teacht le chéile agus labhairt faoi gach ní a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an inbhuanaitheacht. An chéad chruinniú eile6pm, Déardaoin an 27 Samhainsan Fhuaimsheomra Mór.

Leite Saor in Aisce

An raibh a fhios agat gur féidir leat leite saor in aisce a fháil gach maidin in Smokey’s Café agus in Sult? Ní gá ach deoch te a cheannach agus do Chárta Comhaltais a úsáid lena fáil. Níl ach méid teoranta ar fáil, mar sin is fearr a bheith luath ná mall!

Cóisir Lig Leat

Bí linn 7pm-10pm, Dé Céadaoin, an 26 Samhain le haghaidh Chóisir Lig Leat in Sult. Cóisir canta cailíní le réamhdheochanna don chéad uair riamh i nGaillimh! DJanna, aiscíní + iontais! Ticéid ar fáil ANSEO.

Iarratais ar shliotáin ama i Spéir

Bíonn Spéir, Landair Chomhaltas na Mac Léinn, ar oscailt 2pm + 3.30pm gach Luan + Aoine in Íoslach na Leabharlainne. Is féidir leat earraí bia saor in aisce a fháil anseo a bheadh le diúscairt murach é. Bíonn iarratais ar shliotáin Luain oscailte ó 5pm gach Aoine go dtí 6pm gach Domhnach. Bíonn iarratais ar shliotáin Aoine oscailte ó 10am gach Máirt go dtí 4pm gach Déardaoin. Chun iarratas a dhéanamh ar shliotán, téigh chuig YourSpace.Ná déan dearmad do chárta aitheantais mic léinn + mála gualainne a thabhairt leat!

An Clár Diancheachtanna

Más mian leat tabhairt faoi dhiancheachtanna (ceachtanna a dhéanamh nó a mhúineadh) in aon ábhar, tá clár diancheachtanna againn ar YourSpace. Ansin is féidir leat sonraí a fháil faoi dhaoine atá ar fáil chun diancheachtanna a chur ar fáil nó d’fhógra féin a chur in airde. Tuilleadh eolais ANSEO.

Scrúduithe 101

Tá roinnt mhaith acmhainní saor in aisce ar an leathanach gréasáin Buntreoir maidir leis na Scrúduithe ANSEO chun cuidiú leat in aimsir na scrúduithe, ina measc:

  • Liosta de spásanna staidéir breise in aimsir na scrúduithe
  • Ceardlanna leabharlainne saor in aisce faoi cén chaoi leabhair agus ailt a lua agus tagairt a dhéanamh dóibh i do thascanna.
  • Tae agus caife saor in aisce san Ionad um Fiosruithe Mac Léinn ar an tSlí Dála 12pm-2pm Dé Céadaoin an 26 Samhain + Déardaoin an 4 Nollaig.

Ciste Rannpháirtíochta Inbhuanaitheachta

Tá an Ciste Rannpháirtíochta Inbhuanaitheachta ar fáil do mhic léinn agus do bhaill foirne le deontais idir €1,000 agus €2,000 le fáil.Tacóidh an Ciste le gníomhaíochtaí rannpháirtíochta ar dhá phríomh-shaincheist inbhuanaitheachta: Saotharlanna Glasa (SDG12) agus An tSíocháin (SDG16). Spriocdháta le haghaidh Iarratas: 5pm Dé hAoine an 5 Nollaig 2025.Tuilleadh eolais anseo.

Comhdháil na dTreochtaí Ollmhóra (faoi stiúir mac léinn)

Glac páirt i gComhdháil na dTreochtaí Ollmhóra saor in aisce Dé hAoine an 28 Samhain in CA239e agus in CA241 (Foirgneamh J.E. Cairnes). Ag Comhdháil na dTreochtaí Ollmhóra, déanfaidh mic léinn cur i láthair ar na treochtaí fadtéarmacha is suntasaí ar domhan sa tsochaí, sa teicneolaíocht, san aeráid agus sa déimeagrafaíocht. Seol ríomhphost chuigyixin.qiu@universityofgalway.ie le haghaidh eolais.

Ar mhaith leat do pháistí a thabhairt chuig ár gcóisir Ollscoile?

Beidh Cóisir Nollag do Pháistí na Foirne agus na Mac Léinn ar siúl 6pm-7.30pm Déardaoin an 4 Nollaig in Áras na Mac Léinn.Freastal teoranta, mar sin bí cinnte d’áit a chur in áirithe saor in aisce ANSEO.

Rith agus Beoir Dé Luain

Tá Club Reathaíochta Galway Bay Brewery ag reáchtáil rith sóisialta 5km agus beoir saor in aisce ina dhiaidh ag 7pm an Luan beag seo, an 24Samhain, ag beár an Oslo ar Bhóthar na Trá. Tá fáilte roimh chách ag an ócáid saor in aisce seo agus féadfaidh tú do mhála a fhágáil linn agus tú ag rith. Buail le chéile ag cúl an bheáir.

Ceolchoirm faoi sholas coinnle ar son Lá Domhanda SEIF

Tugann Sláinte Ghnéis an Iarthair cuireadh duit teacht chuig an ócáid saor in aisce seo 8pm Dé hAoine an 28 Samhain iSéipéal Coláisteach San Nioclás, áit a mbeidh Cois Cladaigh agus Bel Canto ag seinm.

Déan teagmháil linn / Contact us

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost ag studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.

Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)