Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. Beidh Leagan Gaeilge ar fáilANSEO
For the most up to date news and info on all Students’ Union committees, join our WhatsApp communityHERE.
Taylor Swift Night TONIGHT!
Join us and Swiftie Soc for: Sult (Taylor’s Version) Eras Edition 8pm today Thurs 28th Nov. €5 Tickets on saleHERE! Dress as your favourite era – prizes to be won! All proceeds go to the SU Charities: Galway Rape Crisis Centre and Galway Autism Partnership.
Hygiene Hub Christmas Appeal Tomorrow
Our Hygiene Hub Christmas Appeal is on 10am-5pm TOMORROW Fri 29th Nov at the SU Office. We’re looking for donations of gift sets, personal hygiene products and cleaning products for those in need in Galway. Please spread the word! Learn more about the Hygiene Hub HERE.
Vote Tomorrow
Voting in the General Election takes place 7am-10pm tomorrow Fri 29th Nov in polling stations across the country. You should bring ID with you to vote in your polling station. Our student General Election guide is HERE. We also have interviews on our General Election Podcast on Spotify HERE. The Electoral Commission have an easy to read guide to voting HERE.
Christmas Raffle Tickets on Sale
Raffle tickets are on sale HERE until 11pm Sun 8th Dec. There’s 22 amazing prizes to be won including Festival tickets, hotel breaks, driving lessons, hampers and lots of vouchers for fabulous places! Tickets are 1 for €5 or 3 for €10. Raising funds for the SU Charities: Galway Rape Crisis Centre and Galway Autism Partnership.
Climate Crew Meet Up
Are you passionate about the environment and sustainability? Join the SU Climate Crew! Next meeting 6pm-7pm Weds 4th Dec in the Large Acoustic Room downstairs in Áras na Mac Léinn. All welcome. More info from Peter on su.environment@universityofgalway.ie
Thriftmas next Thursday
Our Thriftmas Market is back 11am-3pm Thurs 5th of Dec in Áras na Mac Léinn. There’ll be student vendors, a Galway Simon pop up shop and tunes from Flirt FM. Call down for a well-deserved study break and maybe get a start on your Christmas shopping or just treat yourself! More info HERE.
Life Skills 2025
Registration opens Mon 2nd Dec for our Life Skill courses for 2025. These classes are provided by us at a reduced rate giving you a chance to learn a new skill and broaden your CV. More info HERE.
Freebies at SU Office
Keep an eye on our Instagram over the next week as we will have lots of different free treat giveaways to keep you going through study week and beyond!
Doing a pre-Christmas Clear-out?
Galway Simon Community are looking for donations of clothes, shoes, jewellery, hats, gloves, towels and jigsaws/games. These can be donated 11am-3pm Thurs 5th Dec at The Cube at the Thriftmas Market. More info on what they can/can’t take HERE.
Pet Day
Pet Day is back Tues 3rd Dec! Send photos of your pets to our Instagram to get them included in our pet day story!
Smart Strategies: Boost Motivation and Beat Procrastination with Student Success Coaching
Learn tools and techniques for time management and motivation tips to get through exam season with the Student Success Coaches. Open to all students! 12pm-12.30pm TODAY Thurs 28th Nov on Zoom. Register on this link.
Extended Weekend Library Opening Hours
- Sat 30th Nov/Sat 7th Dec/Sat 14th Dec 08:30-21:30
- Sun 1st Dec/Sun 8th Dec/Sun 15th Dec 10:00-21:30
Details of Extra Study Space during exams can be found HERE.
If you need some pet therapy the Library will have Willow the dog visiting their foyer 1pm-2pm Mon 2nd Dec.
The Study Break Policy is now in place in the Library until 20th Dec. There’s an “I’m Taking a Study Break” timesheet that you must use to record the time you leave for a break which can be 5-60 minutes. Timesheets are available on all 3 floors of the Library. Belongings left at desks without timesheet may be moved.
First year undergrads! The Séamus McDermott Entrepreneurial Scholarship 2025 is open for applications.
The scholarship is funded through The Liffey Trust Enterprise Centre and is open to 1st Year undergraduate students registered at University of Galway. The scholarship value is €9,000 for the duration of their studies. Application deadline 6th Dec. More info HERE.
Spéir
Spéir, the Students’ Union Pantry, will be open 2pm + 3.30pm each Monday and Friday. To apply for a slot please register on YourSpace HERE. Deadlines are 6pm each Sunday for Monday slots and 6pm each Thursday for Friday slots. Slots will be randomly allocated.
Freshers’ Point Facilitated Study
Facilitated study sessions for first year students 9am-11am Tues 3rd, Weds 4th + Thurs 5th Dec in AC202. Student facilitators will guide you through the Pomodoro Technique (25 minutes of focused study, followed by a 5-minute break) and lead you in some active movement breaks. There’ll also be free hot drinks and pastries and you can keep your study space for the rest of the day!
Calm Zone
The Calm Zone is a space to chill out, escape sensory stress and overload, and ‘just be’ while you study for and sit your exams. Relax on bean bags in a softly lit sanctuary with weighted blankets, ear defenders, fidget toys, arts + crafts, cards and board games.
- Study Week open 10am-6pm Mon 2nd – Thurs 5th Dec The Stage in Áras na Mac Léinn + Fri 6th Dec in Bank of Ireland Theatre (beside Sult)
- Exam Week 1 + 2 open 8am-7pm Mon-Fri in Bank of Ireland Theatre (beside Sult)
Cancer Patients and Survivors needed for Study
The “Exploring the Potential for Digital Tools to Support Cancer Care” study aims to better understand the needs of cancer patients and survivors in Ireland. The insights gathered will guide the development of patient-centred digital tools to improve their care experience. It only takes 10 minutes to take part HERE.
World AIDS Day Candlelit Concert Tomorrow
Sexual Health West invite you to attend their free annual World AIDS Day Candlelit Concert inSt. Nicholas’ Collegiate Church, Galway at 8pm tomorrow Fri 29th Nov. Cois Cladaigh and Bel Cantowill perform on the night and admission is free. For many in Galway, it heralds in the Christmas season in a true spirit of joy and goodwill.
GLOWRED for World AIDS Day 2024
World AIDS Day is this Sunday 1st of December. HIV Ireland are asking you to wear red on World AIDS Day and use #GLOWRED4WAD to show your support on social media.
Contact Us / Déan teagmháil linn
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) and X (Twitter)
________________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. / Welcome to your weekly email from your Students’ Union. Tá fáil ar an leagan Béarla ANSEO
Leis an nuacht agus eolas is déanaí a fháil maidir le coistí Chomhaltas na Mac Léinn, cláraigh lenár bpobal WhatsApp ANSEO.
Oíche Taylor Swift ANOCHT!
Bígí linn agus le Swiftie Soc le haghaidh: Sult (Taylor’s Version) Eras Edition. €5, 8pm inniu, Déardaoin, an 28 Samhain. Ticéid ar díol ANSEO! Déan tú féin a ghléasadh suas mar an ré is fearr leat – duaiseanna le buachan! Tabharfar an t-airgead ar fad do Charthanais an Chomhaltais: Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe.
Bailiúchán na Nollag don Mhol Sláinteachais Amárach
Reáchtálfar Bailiúchán na Nollag don Mhol Sláinteachais ó 10am go dtí 5pm, AMÁRACH, Dé hAoine, an 29 Samhain, in Oifig Chomhaltas na Mac Léinn. Tá tabhartais de tháirgí sláinteachais phearsanta, táirgí glantacháin agus boscaí beaga cosmaidí agus earraí níocháin á lorg againn do dhaoine i ngátar i nGaillimh. Scaip an scéal! Tá tuilleadh eolais faoin Mol Sláinteachais le fáil ANSEO.
Vótáil san Olltoghchán Amárach
Beidh daoine ag dul ag vótáil san Olltoghchán 7am-10pm amárach, Dé hAoine, an 29 Samhain i stáisiúin vótaíochta ar fud na tíre. Ná déan dearmad comhartha aitheantais a thabhairt leat lena chinntiú go mbeidh tú in ann vótáil i do stáisiún vótaíochta. Tá ár Lámhleabhar Olltoghcháin le fáil ANSEO. Tá agallaimh déanta againn freisin inár bPodchraoladh Olltoghcháin, atá ar fáil ar Spotify ANSEO. Tá treoir vótála éasca le léamh curtha amach ag an gCoimisiún Toghcháin freisin, atá ar fáil ANSEO.
Ticéid do Chrannchur na Nollag ar díol
Beidh ticéid ar díol ANSEO go dtí 11pm, Dé Domhnaigh, an 8 Nollaig. Tá 22 duais iontach le buachan, ina measc ticéid le haghaidh féilte, saoirí beaga in óstáin, ceachtanna tiomána, ciseáin agus dearbháin le haghaidh áiteanna den scoth! Is féidir ticéad amháin a cheannach ar €5 nó 3 thicéad ar €10. Airgead á bhailiú do Charthanais an Chomhaltais: Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe.
Teacht le Chéile Chriú na hAeráide
An bhfuil tú go mór ar son an chomhshaoil agus na hinbhuanaitheachta? Glac páirt i gCriú Aeráide an Chomhaltais! Beidh an chéad chruinniú eile ar siúl 6pm-7pm, Dé Céadaoin, an 4 Nollaig san Fhuaimsheomra Mór thíos staighre in Áras na Mac Léinn. Fáilte roimh chách. Tuilleadh eolais ó Peter ag su.environment@universityofgalway.ie
Tíosmhargadh na Nollag Déardaoin seo chugainn
Beidh Tíosmhargadh na Nollag ar ais 11am-3pm, Déardaoin, an 5 Nollaig in Áras na Mac Léinn. Beidh díoltóirí ar mic léinn iad ann, tobshiopa le Clann Shíomóin na Gaillimhe agus ceol a bhuí le Flirt FM. Buail isteach chun sos a ghlacadh ón staidéar, chun tús a chur le siopadóireacht na Nollag, nó chun rud beag deas a cheannach duit féin! Tuilleadh eolais ANSEO.
Scileanna Saoil 2025
Beifear in ann clárú le haghaidh na gcúrsaí atá le cur ar fáil mar chuid de Scileanna Saoil 2025 ó Dé Luain, an 2 Nollaig. Is muidne a chuireann na ranganna seo ar fáil ar ráta laghdaithe d’fhonn an deis a thabhairt duit scil nua a fhoghlaim agus do CV a fheabhsú. Tuilleadh eolais ANSEO.
Aiscíní in Oifig an Chomhaltais
Coinnigh súil amach ar ár gcuntas ar Instagram an tseachtain seo chugainn mar beidh muid ag tabhairt amach an-chuid rudaí saor in aisce le tú a choinneáil ag dul sa tseachtain staidéir agus in aimsir na scrúduithe.
Glanadh amach roimh an Nollaig?
Tá Clann Shíomóin na Gaillimhe ag lorg tabhartas, amhail éadaí, bróga, seodra, hataí, lámhainní, tuáillí agus míreanna mearaí/cluichí. Is féidir iad a thabhairt idir 11am agus 3pm, Déardaoin, an 5 Nollaig ag The Cube ag Tíosmhargadh na Nollag. Tuilleadh eolais faoi na rudaí ar féidir leo glacadh leo agus nach féidir leo glacadh leo ANSEO.
Lá na bPeataí
Beidh Lá na bPeataí ar ais Dé Máirt, an 3 Nollaig! Seol grianghraif de do pheataí chuig ár gcuntas ar Instagram agus cuirfidh muid san áireamh iad i Scéal Lá na bPeataí!
Straitéisí Cliste: Spreag thú féin agus faigh an lámh in uachtair ar an moilleadóireacht le Cóitseáil Ratha do Mhic Léinn
Faigh na huirlisí agus na teicnící a chabhróidh leat do chuid ama a bhainistiú agus tú féin a spreagadh in aimsir na scrúduithe le Cóitseáil Ratha do Mhic Léinn. Fáilte roimh mhic léinn! 12pm-12.30pm INNIU, Déardaoin, an 28 Samhain ar Zoom. Lean an nasc seo le clárú.
Uaireanta Oscailte Breise ag an Deireadh Seachtaine sa Leabharlann
Sat, 30 Samh/Sat 7 Noll/Sat 14 Noll – 08:30-21:30
Dom, 1 Noll/Dom 8 Noll/Dom 15 Noll – 10:00-21:30
Is féidir sonraí faoi Spás Staidéir Breise in aimsir na scrúduithe a fháil ANSEO.
Má bhíonn teiripe peataí ag teastáil uait, beidh an madra Willow ag tabhairt cuairt ar fhorhalla na Leabharlainne 1pm-2pm, Dé Luain, an 2 Nollaig.
Tá an Beartas Sosa Staidéir i bhfeidhm anois sa Leabharlann agus beidh go dtí an 20 Nollaig. Tá bileog ama “Tá mé ar Shos Staidéir” ann, a chaithfidh tú a líonadh isteach nuair a théann tú amach. Is ceadmhach sosanna idir 5 nóiméad agus 60 nóiméad a ghlacadh. Tá bileoga ama ar gach ceann de 3 urlár na Leabharlainne. Má theipeann ort an bhileog ama a líonadh isteach ach go bhfágann tú do chuid ghiuirléidí ag deasc mar sin féin, bainfear iad.
A mhic léinn na chéad bhliana! Is féidir cur isteach ar Scoláireacht Fiontraíochta Séamus McDermott, 2025 anois.
Tá an scoláireacht maoinithe ag Ionad Fiontraíochta Iontaobhas na Life agus oscailte d’fhochéimithe na chéad bhliana atá cláraithe in Ollscoil na Gaillimhe. Tá luach €9,000 ar an scoláireacht agus mairfidh sí fad is a bheidh an té ag staidéar. Is é an 6 Nollaig an dáta deiridh le hiarratas a chur isteach. Tuilleadh eolais ANSEO.
Spéir
Beidh Spéir, Landair Chomhaltas na Mac Léinn, ar oscailt ag 2pm agus 3:30pm gach Luan agus Aoine. Le hiarratas a dhéanamh ar shliotán ama, cláraigh ar YourSpace ANSEO. 6pm ar an Domhnach an sprioc-am chun sliotán ama a fháil ar an Luan agus 6pm ar an Déardaoin an sprioc-am chun sliotán ama a fháil ar an Aoine. Leithdháilfear sliotáin ama ar bhonn randamach.
Staidéar Éascaithe ag Pointe na bhFreisear
Seisiúin staidéir éascaithe do mhic léinn na chéad bhliana 9am-11am, Dé Máirt, an 3 Nollaig, Dé Céadaoin, an 4 Nollaig agus Déardaoin, an 5 Nollaig in AC202. Tabharfaidh éascaitheoirí mic léinn tús eolais duit ar Theicníc Pomodoro (25 nóiméad de staidéar dírithe agus sos 5 nóiméad ina dhiaidh), chomh maith le treoir ar roinnt sosanna gluaiseachta gníomhaí. Beidh deochanna teo agus taosráin saor in aisce ar fáil freisin, agus fáilte romhat do spás staidéir a choinneáil go deireadh an lae.
Crios an Chiúnais
Spás é Crios an Chiúnais inar féidir leat do scíth a ligean, éalú ó strus agus ró-ualú céadfach agus díreach a bheith istigh leat féin agus tú ag staidéar agus ag déanamh do scrúduithe. Lig do scíth ar mhálaí pónairí i dtearmann faoi sholas bog le pluideanna ualaithe, cosantóirí cluaise, rotháin mhéire, ealaíona agus ceardaíocht, cluichí cártaí agus cluichí boird.
An tSeachtain Staidéir, ar oscailt 10am-6pm, Lua, 2 Noll – Déa, 5 Noll, an tArdán in Áras na Mac Léinn agus Aoi, 6 Noll, in Amharclann Bhanc na hÉireann (in aice le Sult)
Seachtain na Scrúdaithe 1 agus 2, ar oscailt 8am-7pm, Lua-Aoi, in Amharclann Bhanc na hÉireann (in aice le Sult)
Othair agus Marthanóirí Ailse de dhíth le haghaidh Staidéir
Is é “Iniúchadh ar an Ról a D’fhéadfadh a Bheith ag Uirlisí Digiteacha le Tacú le Cúram Ailse” an teideal atá ar an staidéar, arb aidhm leis tuiscint níos fearr a fháil ar riachtanais othar agus marthanóirí ailse in Éirinn. Úsáidfear na torthaí le bonn eolais a chur faoi fhorbairt uirlisí digiteacha a bheidh dírithe ar an othar d’fhonn an cúram a fhaigheann siad a fheabhsú. Ní thógfaidh sé ach 10 nóiméad ort páirt a ghlacadh ANSEO.
Ceolchoirm faoi sholas coinnle ar son Lá Domhanda SEIF amárach
Tugann Sláinte Gnéis an Iarthair cuireadh duit freastal ar cheolchoirm saor in aisce faoi sholas coinnle ar son Lá Domhanda SEIF i Séipéal Coláisteach San Niocláis, Gaillimh, ag 8pm amárach, Dé hAoine, an 29 Samhain. Beidh Cois Cladaigh agus Bel Canto ag canadh ar an oíche agus saorchead isteach ann. Ócáid í seo a chuireann tús ceart le séasúr na Nollag agus a dhéanann ceiliúradh ar spiorad an áthais agus na dea-mhéine.
GLOWRED ar son Lá Domhanda SEIF, 2024
Is é Dé Domhnaigh, an 1 Nollaig Lá Domhanda SEIF. Tá VEID Éireann ag iarraidh ort dearg a chaitheamh ar Lá Domhanda SEIF agus #GLOWRED4WAD a úsáid le do thacaíocht a léiriú ar na meáin shóisialta.
Déan Teagmháil Linn / Contact Us
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost: studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat. Is féidir ‘is maith liom’ a thabhairt dúinn agus muid a leanúint ar Facebook, Instagram, TikTok (@cmlong_su) agus X (Twitter)