Welcome to your weekly email from your Students’ Union
Coca Cola Boycott Actions
9am onwards Weds 21 Oct Protest in the Quadrangle
7am onwards Thurs 22 Oct Picket at the main entrance to the University
12pm Fri 23 Oct Freebie Friday with Palestine Cola
Postgraduate Students: Vote Today!
Voting takes place 8am-8pm today Thurs 15 Oct online atYourSpace to elect your new SU Postgraduate Taught Officer. All registered Postgraduate students can vote in this election so use your voice!
The Big Gay Lock In – 2 Fast, 2 Fabulous!
The Big Gay Lock in is back! Join Annie Naggins and her Qweens for a free night of drag Wednesday 21 October at Sult. Doors 8pm. Show Starts 8.30pm. Doors Locked Tight 9pm!
safeTALK Registration Closes Tomorrow
There’s just 10 spaces left on our free safeTALK (Suicide Alertness for Everyone) training 9.15am-1pm Fri 23 October. Sign up at the link HERE with the password 23OCT – more info about the training HERE.
Free Rapid HIV and Syphilis Testing
We have free rapid HIV and Syphilis testing 1pm-3pm Thursday 22October with Sexual Health West in The Space, upstairs in Áras na Mac Léinn. No appointment needed.
2016-Aween
Join us as we travel back in time to 2016 for our 2016Aween Halloween Party at Sult 8pm Thursday 29October. There’s €1,000 of prizes to be won for the best fancy dress and it’s free entry!
Class Rep Elections Update:
- Nominations close 5pm tomorrow Fri 16 Oct (where no class reps have been elected)
- Elections will take place 9am Sat 17 Oct – 5pm Thurs 22 Oct
Nominations and elections will take place online via YourSpace
Disclosure Training
Gain the skills and knowledge to deal appropriately with a disclosure of sexual violence, in settings where it is likely to occur. Training will take place 10am-2pm Tues 3 Nov on campus and is provided by Galway Rape Crisis Centre. It’s €10 and you can sign up HERE.
- 6pm today Thurs 15 Oct Postgraduate Council meeting in AC202
- 6pm Mon 19 Oct Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 2 meeting in O’Flaherty Theatre.
Save money on public transport fares with the Young Adult or Student Leap Card
- The Young Adult Leap Card is available for all 19 to 25 year olds. Apply online HERE and it will be posted to you.
- The Student Leap Card is only available for students in full time education who are either 16 -18 years of age or 26 years and above. Apply online HERE and collect from the SU Office when you get your confirmation code.
Digital Champions free Video workshop for students next week
- Video Workshop 12pm-2pm Weds 21 October. More info and sign up HERE.
Are you registered to Vote?
Voter.ie is the website where you can register to vote, check if you are registered to vote or update your voting details. More info HERE.
Log on to YourSpace to book and pay for your locker. You can then collect the key from the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn.
Dyspraxia Awareness Week Event Today – Every Story Matters
Come along to this free talk 1pm TODAY Thurs 15 Oct in The Hub to highlight how Dyspraxia impacts those who are diagnosed with the disorder, and what others can do to help them. More info about Dyspraxia HERE.
ALIVE Student Volunteering Opportunities
- INSIDE EU Institute for Studies in Social Inclusion, Diversity and Engagement are looking for a digital marketing volunteer (online). Info HERE.
- Volunteer at the Macnas Halloween Parade 2026: Fiáin –range of roles. Info HERE.
- Galway Community Volunteers with Galway Volunteer Centre – range of roles. Info HERE.
Akumakon 2027 Volunteer Applications are Open HERE
Still Looking for Accommodation? Rooms Are Available!
There are still 5-day and 7-day accommodation options available onStudentpad. The University Accommodation Advisory Service is also here to help you explore your options and answer any housing questions. You can call in to them upstairs in Áras Uí Chathail, Mon–Fri, 10:00–12:30 and 14:00–16:00.
Recruitment advertisement for participation in a Phase 1 Clinical Trial
The CRFG is currently recruiting participants for an exciting Phase 1 clinical trial; see the poster via the link provided for further information and details on how to register your interest through the dedicated study mailbox. More info HERE.
October SU Events
Here’s just some of what we have coming up this October and there’s lots more to come! INFO
Contact Us
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
_________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig an ríomhphost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Gníomhartha Baghcatála Coca Cola
Ó 9am ar aghaidh, Dé Céadaoin, an 21 Deireadh Fómhair: Agóid sa Chearnóg
Ó 7am ar aghaidh, Déardaoin, an 22 Deireadh Fómhair: Picéad ag an bpríomhbhealach isteach chuig an Ollscoil
12pm, Dé hAoine, an 23 Deireadh Fómhair: Aoine na n-aiscíní le Palestine Cola
Mic Léinn Iarchéime: Vótaigí Inniu!
Beidh an vótáil ar siúl idir 8am agus 8pm inniu, Déardaoin, an 15 Deireadh Fómhair, ar líne arYourSpace chun d’Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha de chuid an Chomhaltais a thoghadh. Is féidir le gach mac léinn iarchéime cláraithe vótáil sa toghchán seo, mar sin cuir do ghlór chun gnímh!
An Mhórghlasáil Isteach Aerach – Róthapa, Ró-Iontach!
Tá an Mhórghlasáil Isteach Aerach ar ais! Bígí linn le Annie Naggins agus a Banríonacha le haghaidh oíche dhraig saor in aisce, Dé Céadaoin, an 21 Deireadh Fómhair, i Sult. Osclófar na doirse ag 8pm. Tosófar an seó ag 8.30pm. Cuirfear Glas Docht ar na Doirse ag 9pm!
Dúnfar Clárú safeTALK Amárach
Níl ach 10 spás fágtha ar ár n-oiliúint safeTALK (Airdeall ar Fhéinmharú do Chách) saor in aisce, 9.15am-1pm, Dé hAoine, an 23 Deireadh Fómhair. Cláraigh ag an nasc ANSEO leis an bpasfhocal 23OCT – tuilleadh eolais faoin oiliúint ANSEO.
Mearthástáil saor in aisce le haghaidh VEID agus na Gallbholgaí
Mearthástáil saor in aisce le haghaidh VEID agus na Gallbholgaí le Sláinte Ghnéis an Iarthair. Ar siúl 1pm-3pm, Déardaoin, an 22 Deireadh Fómhair, sa Spás, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Ní gá duit coinne a bheith agat.
Cóisir Oíche Shamhna-2016
Bí linn agus muid ag taisteal siar san am go 2016 le haghaidh Chóisir Oíche Shamhna, 2016, i Sult ag 8pm, Déardaoin, an 29Deireadh Fómhair. Tá duaiseanna €1,000 le buachan don chulaith bhréige is fearr agus tá saorchead isteach!
An Scéal is Déanaí maidir le Toghchán na nIonadaithe Ranga:
- Dúnfar ainmniúcháin ag 5pm amárach, Dé hAoine, an 16 Deireadh Fómhair (i gcás nár toghadh ionadaithe ranga)
- Beidh toghcháin ar siúl ó 9am, Dé Sathairn, an 17 Deireadh Fómhair go 5pm, Déardaoin, an 22 Deireadh Fómhair
Beidh ainmniúcháin agus toghcháin ar siúl ar líne trí YourSpace
Oiliúint ar Nochtadh
Foghlaim na scileanna agus an t-eolas chun déileáil go cuí le nochtadh foréigin ghnéasaigh, sna comhthéacsanna siúd is dócha a dtarlódh a leithéid. Beidh an oiliúint ar siúl 10am-2pm, Dé Máirt, an 3 Samhain, ar an gcampas agus cuirfidh Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú ar fáil í. €10 atá air agus is féidir leat clárú ANSEO.
Cruinnithe Ionadaithe Ranga atá le Teacht
- 6pm inniu, Déardaoin, an 15 Deireadh Fómhair: cruinniú Chomhairle na nIarchéimithe in AC202
- 6pm, Dé Luain, an 19 Deireadh Fómhair: cruinniú Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn 2 in Amharclann Uí Fhlatharta.
Sábháil airgead ar tháillí iompair phoiblí le Cártaí Leap d’Aosaigh Óga agus do Mhic Léinn
- Tá an Cárta Leap d’Aosaigh Óga ar fáil do gach duine atá 19-25 bliain d’aois. Déan iarratas ar líne ANSEO agus cuirfear amach chugat sa phost é.
- Níl an Cárta Leap do Mhic Léinn ar fáil ach do mhic léinn lánaimseartha atá 16-18 mbliana d’aois nó 26+ bliain d’aois. Déan iarratas air ANSEO agus bailigh ó Oifig an Chomhaltais é a luaithe a bheidh an cód deimhnithe faighte agat.
Ceardlann físe saor in aisce do mhic léinn ó na Seaimpíní Digiteacha an tseachtain seo chugainn
- Ceardlann Físe: 12pm-2pm, Dé Céadaoin, an 21 Deireadh Fómhair. Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO.
An bhfuil tú cláraithe le Vótáil?
Is é Voter.ie an suíomh gréasáin inar féidir leat clárú le vótáil, seiceáil an bhfuil tú cláraithe le vótáil nó do shonraí vótála a nuashonrú. Tuilleadh eolais ANSEO.
Logáil isteach ar YourSpace le clárú le haghaidh taisceadáin agus íocaíocht a dhéanamh. Is féidir leat an eochair a bhailiú ansin ó Oifig an Chomhaltais, thuas staighre in Áras na Mac Léinn.
Imeacht de chuid na Seachtaine Feasachta ar Dhiospraicse Inniu – Tá Tábhacht le Gach Scéal
Tar chuig an gcaint saor in aisce seo ag 1pm INNIU, Déardaoin, an 15 Deireadh Fómhair, sa Mhol chun aird a tharraingt ar an gcaoi a mbíonn tionchar ag Diospraicse ar dhaoine a ndéantar diagnóis orthu leis an neamhord, agus cad is féidir le daoine eile a dhéanamh chun cabhrú leo. Tuilleadh eolais faoi Dhiospraicse ANSEO.
Deiseanna Saorálaíochais do Mhic Léinn le ALIVE
- Tá oibrí deonach margaíochta digití (ar líne) á lorg ag Institiúid an AE um Staidéir ar Ionchuimsiú Sóisialta, Éagsúlacht agus Rannpháirtíocht INSIDE. Tuilleadh eolais ANSEO.
- Déan obair dheonach ag Paráid Oíche Shamhna Macnas 2026: Fiáin – raon ról. Tuilleadh eolais ANSEO.
- Oibrithe Deonacha Pobail na Gaillimhe le hIonad Saorálaíochta na Gaillimhe – réimse ról. Tuilleadh eolais ANSEO.
Tá Foirm Iarratais ar Obair Dheonach Akumakon 2027 Oscailte ANSEO
Ag Lorg Cóiríochta fós? Tá seomraí ar fáil!
Tá roghanna cóiríochta 5 lá agus 7 lá ar fáil fós arStudentpad. Tá Seirbhís Chomhairleach Cóiríochta na hOllscoile ann freisin le cabhrú leat do roghanna a mheas, agus freagróidh siad aon cheist atá agat faoi chóiríocht. Is féidir bualadh isteach chucu thuas staighre in Áras Uí Chathail, Luan go hAoine, 10:00–12:30 agus 14:00–16:00.
Fógra earcaíochta le haghaidh rannpháirtíochta i dTriail Chliniciúil Céim 1
Tá an Áis Taighde Cliniciúil, Gaillimh ag earcú rannpháirtithe faoi láthair le haghaidh triail chliniciúil Céim 1 spreagúil; féach an póstaer tríd an nasc atá curtha ar fáil le haghaidh tuilleadh eolais agus sonraí ar conas do spéis a léiriú tríd an mbosca poist staidéir tiomnaithe. Tuilleadh eolais ANSEO.
Imeachtaí an Chomhaltais i mí Dheireadh Fómhair
Níl anseo ach cuid dá bhfuil le teacht an Deireadh Fómhair seo. Tá neart eile ar na bacáin freisin! EOLAS
Déan teagmháil linn
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)