Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
World Suicide Prevention Day Today Thurs 10 Sept
- Tea and Chats (and pastries!) 10am-12pm in The Corrib Room at Sult. All welcome!
- Speed Friending 7pm in AC202 with free pizza! Free tickets HERE.
Ready to make real change?
University of Galway Students’ Union YouthBank applications are now open HERE.
- 15 Students
- €5,000 Grant Fund
- Global YouthBank Network
Can you lead the way and be the voice of your class this year? Nominations for Class Rep positions for Undergrad and Postgrad Taught students close Fri 18Sept on YourSpace. It’s a great way to gain experience, make friends, get training and, of course, get your Class Rep Hoodie! More information HERE.
Freshers’ Fair next Thurs 17 Sept
Our Freshers’ Fair is on 11am-3pm Thursday 17 September at Áras na Mac Léinn! There’ll be games and promos in the Bailey Allen Hall. More student friendly companies in Áras na Mac Léinn, a vintage pop up shop in The Cube and food trucks and a photobooth outside Áras na Mac Léinn. More info HERE.
Are you passionate about Student Well-being?
Join the SU Welfare Crew! Contact su.welfare@universityofgalway.ie to get involved.
Hike for Hygiene this Saturday
Hygiene Hub Galway are holding their Hike for Hygiene fundraiser this Saturday 12 Sept and will be stopping by the SU Office at 10.45am. More info + donation link HERE. You can also drop off Hygiene Hub donations in our donation box in the SU Office.
Log on to YourSpace to book and pay for your locker. You can then collect the key from the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn. Please note access to all YourSpace services is only added 24/48 hours after you register for college.
Notice of By Election
We will be holding a by election to fill the vacant SU Officer positions ofMature Students’ Officer. This is a part time, unpaid, voluntary roles. Nominations and voting will all take place online atYourSpace
- Election nominations open 10am Wednesday 16September
- Elections nominations close 5pm Wednesday 23September
- Voting takes place 8am-8pm Thursday 1st October
For more information contact studentsunion@universityofgalway.ie
Join the Events Crew!
Help us plan and run events for University of Galway students. Email su.president@universityofgalway.ie to get involved.
Get your FREE SU Card at the SU Office
Your SU Card is a loyalty card that can be used in Sult, Smokey’s Café and the SU Shop. Scan your SU Card when you buy to: Collect 2 points for every €1 spent; Buy 10 teas/coffees and get one free; Get special SU Card offers on food and drinks!
Learn Sign Language
Learn beginners sign language to introduce yourself and conduct a basic conversation with another sign language user over this 10 week course. Cost: €40 (usual price €75). More info + booking links HERE. Courses start week of 22 September.
CÉIM Peer Learning Sessions
CÉIM sessions start next week for 1st year students studying: Engineering, Denominated Sciences, Social Sciences and Political Science and Sociology. You’ll meet weekly with others doing your course and trained higher year student leaders in a friendly and relaxed environment. Make friends, get up to speed on coursework and develop new skills. Log into YourSpace and click CÉIM to see your session information a few days before your sessions start. See HERE for more information on eligible disciplines.
Irish Language Classes
Learn Irish or improve the Irish you have and might not be using. 4 class levels available from total Beginner to Intermediate. Cost:€30 which will be refunded when you attend all classes. More info + booking links HERE. 8 week courses start week of 6 October.
Spéir, the SU Pantry, is open 2pm + 3.30pm each Monday + Friday in the Library Basement with Walk In’s at 3.40pm. To apply for a slot goHERE.
- Monday slot applications are open 5pm Fri to 6pm Sun
- Friday slot applications are open 10am Tues to 4pm Thurs
Don’t forget your student ID card + a tote bag!
An Mheitheal Rothar – Galway’s Community Bike Workshop on Campus!
- Free Bike Repair Clinic 10am-1pm Mon 14 Sept. Book your spaceHERE.
- Bike Maintenance Course 6.30pm-8pm Mon 21 Sept. Book your spaceHERE.
Academic Writing Centre
The Academic Writing Centre in the Library offers free one-on-one tutorials on essay writing for students. They can help you if you are having trouble starting your essay, choosing a topic, avoiding plagiarism etc. More info HERE.
University of Galway Parkrun
Parkrun is a free, fun, and friendly weekly 5k community event. Walk, jog, run, roll, volunteer or spectate – it’s up to you! It’s on every Saturday at 9:30am and starts from the Park & Ride Carpark. More infoHERE.
Academic Skills
The Library runs a huge number of free workshops and courses to help your develop your academic skills. More info + booking HERE.
Yoga Classes
Yoga classes will run from Tues 15 Sept to Fri 23 Oct and the course is just €24 for students. All classes take place in The View, Áras na Mac Léinn and mats are provided. Book + pay HERE.
University Students Wanted for Digital Mental Health Research Study – €20 Voucher
Are you a university student in Ireland who has experienced ongoing mental health difficulties for at least one year? Take part in a research study exploring how students use and experience digital mental health tools by trying at least two tools over two weeks and completing short online surveys, with a €20 voucher provided for completing both surveys. LINK.
Welcome Magazine
Our Fáilte magazine has all the information you need about starting life at the University of Galway and Galway! There’s some great offers, deals and information from our supporters too so have a read HERE.
Save money on public transport fares with the Young Adult or Student Leap Card
- The Young Adult Leap Card is available for all 19 to 25 year olds. Apply online HERE and it will be posted to you.
- The Student Leap Card is only available for students in full time education who are either 16 -18 years of age or 26 years and above. Apply online HERE and collect from the SU Office when you get your confirmation code.
Our Life Skills courses are now enrolling for the year ahead. Spaces are limited so sign up soon! More info and registration HERE
Coming Up This September
We’ve lots coming up this September and more to be addedHERE!
Handy Links For You
Contact Us | Déan teagmháil linn
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
_________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Lá Domhanda um Fhéinmharú a Chosc Inniu Déardaoin an 10 Meán Fómhair
- Tae agus Comhrá (agus taosráin!) 10am-12pm i Seomra na Coiribe i Sult. Fáilte roimh chách!
- Meardhéanamh Cairdis 7pm in AC202 le píotsa saor in aisce! Ticéid saor in aisce ANSEO.
Réidh le fíorathrú a dhéanamh?
Táthar ag glacadh le hiarratais anois ar YouthBank Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe ANSEO.
- 15 Mac Léinn
- Ciste Deontais €5,000
- Líonra Domhanda YouthBank
An bhfuil an mianach ionat le bheith ag ceann an tslua agus guth a thabhairt do do rang i mbliana? Dúnfar ainmniúcháin d’Ionadaithe Ranga d’Fhochéimithe agus d’Iarchéimithe Teagasctha Dé hAoine an 18Meán Fómhair ar YourSpace. Is bealach iontach é le bualadh le cairde nua agus taithí, oiliúint agus, ar ndóigh, Húdaí Ionadaí Ranga a fháil! Tuilleadh eolais ANSEO.
Aonach na bhFreisear Déardaoin seo chugainn an 17 Meán Fómhair
Beidh Aonach na bhFreisear ar siúl 11am-3pm Déardaoin an 17 Meán Fómhair in Áras na Mac Léinn! Beidh cluichí agus promóisin i Halla Bailey Allen. Níos mó comhlachtaí báúla do mhic léinn in Áras na Mac Léinn, tobshiopa éadaí seanré sa Chiúb agus trucailí bia agus both grianghraf lasmuigh d’Áras na Mac Léinn. Tuilleadh eolais ANSEO.
An bhfuil dúshuim agat i leas na mac léinn?
Glac páirt i gCriú Leasa an Chomhaltais! Téigh i dteagmháil le su.welfare@universityofgalway.ie le bheith páirteach.
Siúlóid ar son Sláinteachais an Satharn beag seo
Beidh Mol Sláinteachais na Gaillimhe ag reáchtáil a n-ócáid tiomsaithe airgid Siúlóid ar son Sláinteachais an Satharn beag seo an 12 Meán Fómhair agus beidh siad ag tabhairt cuairte ar Oifig Chomhaltas na Mac Léinn ag 10.45am. Tuilleadh eolais + nasc síntiúis ANSEO. Is féidir leat síntiúis le haghaidh an Mhoil Shláinteachais a fhágáil inár mbosca síntiús in Oifig Chomhaltas na Mac Léinn freisin.
Logáil isteach ar YourSpace chun taisceadán a chur in áirithe agus íoc as. Is féidir leat an eochair a bhailiú ansin ó Oifig an Chomhaltais, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Tabhair faoi deara nach mbeidh rochtain agat ar sheirbhísí YourSpace go ceann 24/48 uair an chloig tar éis duit clárú le haghaidh an choláiste.
Fógra Fothoghcháin
Reáchtálfar fothoghchán chun an post folamh mar Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta a líonadh. Is ról páirtaimseartha, neamhíoctha, deonach é seo. Déanfar ainmniúcháin agus vótáil ar líne ar YourSpace
- Osclófar ainmniúcháin toghcháin 10am Dé Céadaoin an 16 Meán Fómhair
- Dúnfar ainmniúcháin toghcháin 5pm Dé Céadaoin an 23Meán Fómhair
- Beidh vótáil ar oscailt 8am-8pm Déardaoin an 1 Deireadh Fómhair
Chun tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig studentsunion@universityofgalway.ie
Glac páirt sa Chriú Siamsaíochta!
Cabhraigh linn imeachtaí a phleanáil agus a reáchtáil do mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe. Seol ríomhphost chuig su.president@universityofgalway.ie le bheith páirteach.
Faigh do Chárta Comhaltais SAOR IN AISCE in Oifig an Chomhaltais
Is cárta dílseachta é do Chárta Comhaltais is féidir a úsáid i Sult, i gCaifé Smokey agus i Siopa an Chomhaltais. Scan do Chárta Comhaltais nuair a cheannaíonn tú aon rud chun na sochair a leanas a fháil: 2 phointe as gach €1 a chaitheann tú; cupán tae/caife saor in aisce i ndiaidh gach 10 a cheannaíonn tú; Tairiscintí speisialta ar bhia agus ar dheochanna do shealbhóirí Cártaí Comhaltais!
Foghlaim an Teanga Chomharthaíochta
Foghlaim teanga chomharthaíochta do thosaitheoirí chun tú féin a chur in aithne agus comhrá bunúsach a dhéanamh le húsáideoir teanga chomharthaíochta eile le linn an chúrsa 10 seachtaine seo. Costas: €40 (gnáthphraghas €75). Tuilleadh eolais + naisc áirithinte ANSEO. Tosaíonn cúrsaí an tseachtain dar tús an 22 Meán Fómhair.
Seisiúin Phiarfhoghlama CÉIM
Tosóidh seisiúin CÉIM an tseachtain seo chugainn do mhic léinn sa chéad bhliain atá ag déanamh staidéir ar: Innealtóireacht, Eolaíochtaí Ainmnithe, Eolaíochtaí Sóisialta agus Eolaíocht Pholaitiúil agus Socheolaíocht. Gach seachtain buailfidh tú le daoine eile ar do chúrsa agus le ceannairí oilte atá níos faide ar aghaidh sa chúrsa i dtimpeallacht chairdiúil réchúiseach. Buail le cairde nua, coinnigh suas le hobair chúrsa agus faigh scileanna nua. Logáil isteach ar YourSpace agus cliceáil ar CÉIM chun faisnéis do sheisiúin a fheiceáil cúpla lá roimh ré. Féach ANSEO le tuilleadh eolais a fháil ar na disciplíní atá incháilithe.
Ranganna Gaeilge
Foghlaim Gaeilge nó cuir feabhas ar an nGaeilge atá agat agus nach bhfuil á húsáid agat b’fhéidir. 4 leibhéal ranga ar fáil ó Ghlantosaitheoirí go Meánleibhéal. Costas:€30 a aisíocfar nuair a fhreastalóidh tú ar na ranganna go léir. Tuilleadh eolais + naisc áirithinte ANSEO. Tosaíonn cúrsaí 8 seachtaine an tseachtain dar tús an 6 Deireadh Fómhair.
Iarratais ar shliotáin ama i Spéir
Bíonn Spéir, Pantrach Chomhaltas na Mac Léinn, ar oscailt 2pm + 3.30pm gach Luan + Aoine in Íoslach na Leabharlainne le cead siúil isteach ag 3.40pm. Chun sliotán a iarraidh, téigh ANSEO.
- Bíonn iarratais ar shliotáin Luain oscailte ó 5pm gach Aoine go dtí 6pm gach Domhnach
- Bíonn iarratais ar shliotáin Aoine oscailte ó 10am gach Máirt go dtí 4pm gach Déardaoin
Ná déan dearmad do chárta aitheantais mic léinn + mála gualainne a thabhairt leat!
An Mheitheal Rothar – Ceardlann Rothar Phobail na Gaillimhe ar an gCampas!
- Clinic Deisiúcháin Rothar Saor in Aisce 10am-1pm Dé Luain an 14 Meán Fómhair. Cuir d’áit in áirithe ANSEO.
- Cúrsa Cothabhála Rothar 6.30pm-8pm Dé Luain an 21 Meán Fómhair. Cuir d’áit in áirithe ANSEO.
Ionad Scríbhneoireachta Acadúla
Cuireann an tIonad Scríbhneoireachta Acadúla sa Leabharlann ranganna teagaisc duine le duine ar fáil saor in aisce do mhic léinn maidir le haistí a scríobh. Is féidir leo cabhrú leat má bhíonn deacracht agat le d’aiste a thosú, ábhar a roghnú, bradaíl a sheachaint srl. Tuilleadh eolais ANSEO.
Parkrun Ollscoil na Gaillimhe
Imeacht pobail 5km saor in aisce é Parkrun, a bhíonn ar siúl gach seachtain le spraoi agus muintearas ann i gcónaí. Tar linn ag siúl, ag bogshodar, ag rith, ag rolladh agus cabhraigh linn an t-imeacht a reáchtáil, nó bí sa lucht féachana fiú – fút féin atá sé! Titeann sé amach gach Satharn ar 9:30am agus tosaíonn sé sa Charrchlós Páirceála agus Taistil. Tuilleadh eolais ANSEO.
Scileanna Acadúla
Reáchtálann an Leabharlann líon mór ceardlann agus cúrsaí saor in aisce chun cabhrú leat do scileanna acadúla a fhorbairt. Tuilleadh eolais + áirithint ANSEO.
Ranganna Ióga
Beidh ranganna ióga ar siúl ó Dé Máirt, an 15 Meán Fómhair go Dé hAoine, an 23 Deireadh Fómhair agus níl ach €24 ar an gcúrsa do mhic léinn. Bíonn na ranganna ar fad ar siúl sa Radharc, Áras na Mac Léinn agus cuirtear mataí ar fáil. Áirithint + íoc ANSEO.
Mic Léinn Ollscoile ag Teastáil le haghaidh Staidéar Taighde ar Mheabhairshláinte Dhigiteach – Dearbhán €20
An mac léinn ollscoile in Éirinn thú a bhfuil deacrachtaí leanúnacha a bhaineann leis an meabhairshláinte agat le bliain anuas ar a laghad? Glac páirt i staidéar taighde a dhéanann iniúchadh ar an gcaoi a n-úsáideann agus a mbíonn taithí ag mic léinn ar uirlisí digiteacha a bhaineann leis an meabhairshláinte trí thriail a bhaint as dhá uirlis ar a laghad thar dhá sheachtain agus suirbhéanna gearra ar líne a dhéanamh, agus cuirtear dearbhán €20 ar fáil as an dá shuirbhé a chomhlánú. NASC.
Iris Fáilte
Tá gach eolas atá uait maidir le tosú amach in Ollscoil na Gaillimhe agus maidir le Gaillimh féin le fáil inár n-iris, Fáilte! Tá tairiscintí den scoth, margaí iontacha agus eolas ónár lucht tacaíochta ann. Tabhair spléachadh uirthi ANSEO.
Sábháil airgead ar tháillí iompair phoiblí le Cártaí Leap d’Aosaigh Óga agus do Mhic Léinn
- Tá an Cárta Leap d’Aosaigh Óga ar fáil do gach duine atá 19-25 bliain d’aois. Déan iarratas ar líne ANSEO agus cuirfear amach chugat sa phost é.
- Tá an Cárta Leap do Mhic Léinn ar fáil do mhic léinn lánaimseartha atá 16-18 mbliana d’aois nó 26+ bliain d’aois. Déan iarratas air ANSEO agus bailigh ó Oifig an Chomhaltais é a luaithe a bheidh an cód deimhnithe faighte agat.
Is féidir clárú dár gcúrsaí Scileanna Saoil anois don bhliain amach romhainn. Níl ach líon teoranta áiteanna ar fáil – cláraigh go luath! Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO
Le teacht i mí Mheán Fómhair
Tá neart le teacht i mí Mheán Fómhair. Tuilleadh eolaisANSEO!
Naisc Áisiúla
Déan teagmháil linn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost ag studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)