Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Vote today!
Today is SU Election Day and you can vote online 8am-8pm on YourSpace to elect your SU Officers for 2026/27 and also vote in our Referendum on the University’s Association with Technion. Your vote is your voice so make sure you use it today to choose who represents you!
More information on your election candidates is available on the SU Website HERE and you can also read some of their Sin Newspaper Interviews HERE and listen to interviews on Flirt FM.
We also have the following happening for election day today:
- 11am-4pm Selfie photobooth + freebies at SU Síbín Election Info Desk
- 11am-3pm Pizza + freebies at SU Office Election Info Desk
- 7.30pm-late Election Results Party at Sult. Free live music from SuperCéilí PLUS Election Results Announcement!
Email suelections@universityofgalway.iewith any questions.
MAC Makeup Masterclass Ticket Sales Close Monday
Ticket sales close 5pm Mon 16 March for our MAC Makeup Masterclass eventHERE. This interactive demo showcases pro tips, tricks and insider techniques that will elevate your skills and transform your artistry. Ticket price includes a free glass of Prosecco, prizes and €20 redeemable on MAC products. €5 from each ticket will go to the SU Charities.
Referendum on University Association with Technion Today
Today, Thursday 12 March, you are asked to vote in a referendum on the Union’s position regarding the University’s association with Technion. The wording which will appear on the ballot, requiring a Yes / No answer, will be:
Do you agree with this motion: “That Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe demands that the University cut all ties with Technion”
Voting takes place 8am-8pm today Thurs 12 March online via YourSpace.
Nominations Reopened
Nominations have now reopened for the SU Part Time Officer Positions of Clubs’ Captain and Mature Students’ Officer. Nominations close 5pm Weds 18 March at which point completed nomination forms must be returned to the box in the SU Office. The election takes place Thurs 26 March. If you’re interested in running you can collect a nomination form in the SU Office, our website HERE or email studentsunion@universityofgalway.ie and we’ll send more information.
Daffodil Day Fundraiser at SU Office
Buy a daffodil pin for €3 to support the Irish Cancer Society’s Daffodil Day Campaign or donate online HERE.
Want to go to AMLÉ Comhdháil in Sligo?
Comhdháil is the supreme policy making body of the National Students Union AMLÉ. It makes policy, establishes the principles of the organisation and can amend the constitution. Comhdháil will take place from Mon 30 March to Thurs 2 April, in the Clayton Hotel Sligo. Our 20 person delegation should represent the wide range of student experiences and journeys that our University community is made up of, so please apply even if you have never been actively engaged with the Students’ Union!AMLÉ Comhdháil 2026 – Fill out form
Books and Bakes
We’ll be holding a book and cake sale 11am-3pm Thurs 26 March to raise funds for Galway Rape Crisis Centre and GOAL. You can get involved by:
- Donating Books
- Baking
- Volunteering
Emailstudentsunion@universityofgalway.ie for info!
Galway Simon Pop Up
We’ve another second-hand pop up shop with Galway Simon Community 11am-3pm Tues 24 March in The Cube. Call in and get some sustainable fashion bargains for a good cause!
Bank Holiday on Tuesday
Remember this Tuesday 17March is a Bank Holiday for St. Patrick’s Day so there’s no classes and the SU Office, Sult, Cloakroom, Smokey’s, SU Shop, Síbín, Spéir and Library are all closed. TheReading Room is open as usual 7am-2.30am. There’s lots of free events taking place in Galway over the weekend including the parade from 11am on Tuesday.
Exam Timetables
Exam timetables will be released online at 12pm Weds 18March more infoHERE. Semester 2 exams will run from 21April to 8 May 2026. Please check your exam timetable carefully to ensure all your subjects are present.
Study Supports for You
- Academic Writing Centre
- Academic Skills Hub
- SUMS (Support for Undergraduate Mathematics and Statistics)
- Computer DISC Programming Support Centre
- Grinds Register
Student Sustainability Scholarships close tomorrow
The Sustainability Office is offering two student scholarships of €3,700 each.. Responsibilities include sustainability engagement and content creation. Applications close tomorrow Fri 13 March at 12 noon. Apply here
ALIVE President’s Award for Volunteering deadline Weds 18 March
Log your hours, society, SU, Sport or charity volunteering and submit your application on YourSpace (then join the party to celebrate!)
What do Galway students think about sexual consent and peer support in 2026?
Please support this student-led Final Year Research Project which aims to assess university students’ attitudes towards sexual consent and peer support HERE. The results will be used to shape information and education for Galway students.
Volunteering Opportunities
- Fold and pack letters for Croí, the Heart & Stroke Charity. 2 hours a month on the first Thursday or Friday of each month. | StudentVolunteer.ie
- An Mheitheal Rothar are looking for volunteer bike mechanics to help out in their DIY workshops. Volunteers will be paired with a participant will instruct and guide them through the skills of bike maintenance. | StudentVolunteer.ie
Curious about interacting with a robot dog?
Join a small-group interactive sonic play where you explore movement and hear the distance between yourself, others, and a robot through spatial sound. 12pm, 2pm or 4pm Friday 13 & 20 March in O’Donoghue Theatre (more dates in May). Watch thetrailer andregister here.
FutureCapsule
FutureCapsule is a global digital archive preserving the voices of today’s students for the year 2046. Students record a short 1–2 minute video message reflecting on the present and sharing how they imagine society, technology, culture, or the world evolving in the coming decades. Info HERE.
safeTALK Training – 6 spaces left
We’ve another free safeTALK Suicide Prevention Training course 9am-1pm Fri 20March. Learn more and book your free space HERE using the password: 20MAR (case sensitive).
Contact Us
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
_________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Vótáil Inniu!
Inniu Lá Toghcháin an Chomhaltais agus is féidir leat do vóta a chaitheamh ar líne idir 8am agus 8pm ar YourSpace chun Oifigigh an Chomhaltais a thoghadh le haghaidh 2026/27 chomh maith le vótáil inár Reifreann ar Cheangal na hOllscoile le Technion. Is é do vóta do ghuth. Déan cinnte go n-úsáidfidh tú é chun na daoine a dhéanfaidh ionadaíocht duit a roghnú!
Tá tuilleadh eolais faoi na hiarrthóirí toghcháin ar fáil ar shuíomh gréasáin an Chomhaltais ANSEO agus is féidir leat cuid dá n-agallaimh in Sin Newspaper a léamh ANSEO agus éisteacht le hagallaimh leo ar Flirt FM.
Seo a leanas nithe eile a bheas ag titim amach do na toghcháin inniu:
- 11am-4pm Bothán féiníní + aiscíní ag Deasc Eolais um Thoghcháin de chuid an tSíbín
- 11am-3pm Píotsa agus aiscíní ag Deasc Eolais um Thoghcháin de chuid Oifig an Chomhaltais
- 7.30pm-mall Cóisir Thorthaí an Toghcháin ag Sult. Ceol beo saor in aisce ó SuperCéilí AGUS Fógairt Torthaí Toghcháin!
Má bhíonn aon cheisteanna agat, cuir ríomhphost chuig suelections@universityofgalway.ie.
Dúnfar Díolacháin Ticéad le haghaidh Máistir-Rang Smideadh MAC Dé Luain
Dúnfar díolacháin ticéad ar 5pm Dé Luain an 16 Márta don imeacht Máistir-Rang Smideadh MAC. Tá ticéid ar fáil ANSEO. Léireofar sa taispeántas idirghníomhach seo leideanna gairmiúla, teicnící agus cleasa na ceirde a chuirfidh le do scileanna agus a fheabhsóidh do chuid smideoireachta ó bhonn. Mar chuid de phraghas an ticéid, gheobhaidh tú gloine Prosecco saor in aisce, duaiseanna agus dearbhán €20 le haghaidh táirgí MAC. Rachaidh €5 ó gach ticéad a dhíolfar do rogha carthanachtaí an Chomhaltais.
Reifreann ar Cheangal na hOllscoile le Technion Inniu
Inniu, Déardaoin an 12 Márta, iarrtar ort vótáil i reifreann ar sheasamh an Aontais maidir le ceangal na hOllscoile le Technion. Is mar seo a leanas a chuirfear an cheist ort ar an mballóid, agus beidh ortsa freagra Tá / Níl a thabhairt uirthi:
“An bhfuil tú ag toiliú leis an rún seo a leanas: “Go n-éilíonn Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe go scoirfeadh an Ollscoil de gach ceangal le Technion”
Beidh an vótáil ar siúl ar líne ar YourSpace, Déardaoin an 12 Márta idir 8am agus 8pm.
Ainmniúcháin Athoscailte
Tá ainmniúcháin oscailte arís do Phoist mar Oifigigh Pháirtaimseartha an Chomhaltais. Is iad na róil atá ar fáil ná Captaen na gClubanna agus Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta. Dúnfar ainmniúcháin ar 5pm Dé Céadaoin an 18 Márta agus ní mór foirmeacha ainmniúcháin comhlánaithe a chur sa bhosca in Oifig an Chomhaltais faoin am sin. Beidh an toghchán ar siúl Déardaoin an 26 Márta. Más spéis leat a bheith san iomaíocht is féidir foirm ainmniúcháin a bhailiú ó Oifig an Chomhaltais, ar ár suíomh gréasáin ANSEO nó ríomhphost a sheoladh chuig studentsunion@universityofgalway.ie go gcuirfimid tuilleadh eolais chugat.
Lá Tiomsaithe Airgid Lus na gCromchinn in Oifig an Chomhaltais
Ceannaigh biorán lus an chromchinn ar €3 chun tacú le Feachtas Lá Lus na gCromchinn de chuid Chumann Ailse na hÉireann nó déan tabhartas ar líneANSEO.
Bhfuil tú ag iarraidh dul chuig Comhdháil AMLÉ i Sligeach?
Is í Comhdháil foras mórchinntí beartais Aontas na Mac Léinn in Éirinn, AMLÉ. Is ann a dhéantar beartais, a bhunaítear prionsabail na heagraíochta agus a fhéadfaidh an bunreacht a leasú.Beidh Comhdháil ar siúl Dé Luain an 30 Márta go Déardaoin 2 Aibreán, in Óstán Clayton, Sligeach. Táthar ag súil go mbeidh ár dtoscaireacht de 20 duine ionadaíoch ar phobal na hOllscoile, ar an raon leathan taithí atá ag ár gcuid mac léinn agus ar na haistir atá déanta acu. Mar sin, déan iarratas, fiú mura raibh tú riamh gníomhach i gcúrsaí an Chomhaltais roimhe seo!AMLÉ Comhdháil 2026 – Líon isteach an fhoirm
Leabhair agus Cístí
Beidh díolachán leabhar agus cístí ar siúl idir 11am agus 3pm Déardaoin an 26 Márta chun airgead a thiomsú d’Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus do GOAL. Is féidir cur leis an imeacht ar roinnt bealaí:
- Leabhair a dheonú
- Bácáil
- Obair Dheonach
Seol ríomhphost chuigstudentsunion@universityofgalway.iele haghaidh tuilleadh eolais.
Tobshiopa Chlann Shíomóin na Gaillimhe
Beidh tobshiopa athláimhe á réachtáil le Clann Shíomóin na Gaillimhe 11am-3pm Dé Máirt an 24 Márta sa Chiúb. Buail isteach agus faigh roinnt margaí faisin inbhuanaithe agus tacaigh le cúis mhaith san am céanna!
Lá Saoire Bainc Dé Máirt
Cuimhnigh gur Lá Saoire Bainc a bheidh ann Dé Máirt, an 17 Márta do Lá Fhéile Pádraig. Mar sin, ní bheidh ranganna ar siúl agus beidh Oifig an Chomhaltais, Sult, Seomra na gCótaí, Smokey’s, Siopa an Chomhaltais, Síbín, Spéir agus an Leabharlann dúnta. Beidh an Seomra Léitheoireachtaar oscailt ó 7am go 2.30am mar is gnách.Beidh neart imeachtaí saor in aisce ar siúl i nGaillimh thar an deireadh seachtaine, gan trácht ar an bparáid Dé Máirt ar 11am.
Amchlár na Scrúduithe
Eiseofar amchlár na scrúduithe ar líne ar 12pm, Dé Céadaoin an 18 Márta. Tuilleadh eolais ANSEO. Beidh scrúduithe Sheimeastar 2 ar siúl ón 21Aibreán go dtí an 8 Bealtaine 2026. Seiceáil d’amchlár go cúramach lena chinntiú go bhfuil gach ceann de do chuid ábhar ann.
Tacaíochtaí Staidéir atá ar Fáil Duit
- Ionad Scríbhneoireachta Acadúla
- Mol Scileanna Acadúla
- SUMS (Tacaíocht d’Fhochéimithe Matamaitice agus Staitisticí)
- Ionad Tacaíochta Ríomhchláraithe ComputerDISC
- An Clár Diancheachtanna
Dúnfar iarratais ar Scoláireachtaí Mac Léinn um an Inbhuanaitheacht amárach.
Tá dhá scoláireacht do mhic léinn ar fiú €3,700 an ceann iad á dtairiscint ag an Oifig Inbhuanaitheachta. I measc na bhfreagrachtaí ina leith beidh rannpháirtíocht inbhuanaitheachta agus cruthú ábhair. Dúnfar na hiarratais amárach, Dé hAoine an 13 Márta ar mheán lae. Déan iarratas anseo
Spriocdháta le haghaidh Ghradam ALIVE an Uachtaráin don Obair Dheonach, Dé Céadaoin an 18 Márta
Cláraigh d’uaireanta i dtaca le hobair dheonach shóisialta, sa Chomhaltas, i gclub spóirt nó le haghaidh carthanachtaí agus cuir isteach d’iarratas ar YourSpace. (Déan cinnte de go mbeidh tú ann don chóisir chun ceiliúradh a dhéanamh chomh maith!)
Cad a cheapann mic léinn na Gaillimhe faoi thoiliú gnéis agus faoi thacaíocht piaraí in 2026?
Tacaigh leis an tionscadal taighde seo, arna stiúradh ag mic léinn na Bliana Deireanaí, tionscadal a bhfuil sé mar aidhm aige dearcadh mac léinn na hollscoile i leith toiliú gnéis agus tacaíocht piaraí a mheas ANSEO. Cuirfear na torthaí chun feidhme chun faisnéis agus oideachas a mhúnlú do mhic léinn na Gaillimhe.
Deiseanna Saorálaíochais
- Fill agus pacáil litreacha le haghaidh Croí, an Carthanas um an Chroí agus Stróc. Dhá uair an chloig sa mhí ar an gcéad Déardaoin nó Aoine de gach mí. | StudentVolunteer.ie
- Tá meicneoirí rothair deonacha á lorg ag An Mheitheal Rothar chun cuidiú lena gceardlanna DIY a éascú. Cuirfear oibrithe deonacha le rannpháirtí agus tabharfaidh siad treoir agus leideanna dóibh maidir le scileanna cothabhála rothair. | StudentVolunteer.ie
An bhfuil suim agat caidreamh a dhéanamh le madra róbataice?
Glac páirt i súgradh sonach idirghníomhach mar chuid de ghrúpa beag ina ndéanfaidh tú iniúchadh ar an ngluaiseacht agus ina gcloisfidh tú an t-achar idir tú féin, daoine eile, agus róbat tríd an bhfuaim spásúil. 12pm, 2pm nó 4pm Dé hAoine an 13 agus an 20 Márta in Amharclann Uí Dhonnchú (tuilleadh dátaí i mí na Bealtaine). Féach ar an réamhbhlaiseadhagus cláraigh anseo.
FutureCapsule
Is cartlann dhigiteach dhomhanda é FutureCapsule a chaomhnóidh guthanna mhic léinn an lae inniu don bhliain 2046. Déanfaidh mic léinn taifead ar theachtaireacht físe ghearr 1-2 nóiméad ina ndéanfaidh siad machnamh ar an lá inniu agus ar an gcaoi a samhlaíonn siad a bhforbróidh an tsochaí, an teicneolaíocht, an cultúr, nó an domhan sna blianta amach romhainn. Tuilleadh eolais ANSEO.
Oiliúint safeTALK – níl ach 6 spás fágtha
Beidh cúrsa oiliúna saor in aisce eile um Chosc ar Fhéinmharú le safeTALK ar siúl 9am-1pm, Dé hAoine an 20Márta. Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus do spás saor in aisce a chur in áirithe ANSEO ach an focal faire a leanas a úsáid: 20MAR (cásíogair).
Déan teagmháil linn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost ag studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)