Weekly Email

Stay up to date with the latest news and events across campus.

SU Weekly Email 29 – 16th April 2026

Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn

Donate don’t dump!

If you’re moving out and have items that you no longer need please consider donating to the following appeals:

  • Lab Coats and Goggles donate at SU Office.
  • Personal care and household cleaning essentials donate at our Hygiene Hub Donation Day Fri 24 April in SU Office.
  • Clothes, Bed Linen, Towels, Shoes, Jewellery, Kitchen Utensils donate at our Galway Simon Collection Day Fri 24 April in SU Office.
  • Bikes can be donated to An Mheitheal Rothar.
  • Household items can be donated at the Glassary collections in student accommodation.

More info HERE.

Extended Opening Hours Cloakroom and Síbín

We’ve extended opening hours 9am-7pm weekdays in our free cloakroom and the Síbín during exams Mon 20 April – Fri 8 May.

Free Breakfast Options

  • 8am-10am Weekdays Tues 21 April-Fri 8 May in The Hub Kitchen – free tea, coffee, cereal + toast.
  • Weekday mornings at Smokey’s Café and Sult buy any hot drink using your SU Card and get a free bowl of porridge.

Exams

We wish you all the very best of luck in the exams and if you need anything just give us ashout.

Emergency Public Meeting on Housing

Free event 7pm today Thurs 16 April in the Druid Theatre. Panel includes speakers from SIPTU, CATU, Galway Traveller Movement, Galway Council of Trade Unions and your Students’ Union.

Use your Voice in Shaping Sensory Accessibility on Campus

All students can take part in a short survey HERE looking at sensory accessibility across campus. Tell them how you experience things like noise, lighting, and quiet spaces, and how these can be improved. There’s 3 x €50 SU vouchers to be won and the survey closes 28 April.

The Calm Zone

If you’re looking for a space to take a break and escape from sensory stress The Calm Zone will be open 21 April to 8 May inSC200A. There’ll be bean bags, arts, crafts, board games and cards to help you relax. You can also use the other Sensory Spaces on campus for a break.

Locker Key Return Deadline

Remember if you’ve an SU Locker you need to return your key to the SU Office before 5pm on Friday 8 May.

Volunteer with Glassary

At the end of term in student accommodation Glassary gives household items a second life! Volunteers get involved in the sorting party and help donate items to local Galway charities. Apply HERE to take part Weds 6 May, Thurs 7 May, Fri 8 May or Sat 9 May.

MakerSpace Braille Signage Project Needs Your Help!

MakerSpace are working on a student-led project to 3D print braille signage for the library and would lovefeedback from visually impaired students HERE on what would be most useful for you.

What if one conversation could save a life?

Join Cycle Against Suicide for the Galway Mental Health Awareness Cycle this Sat 18 April starting at Oranmore Community Centre. This inclusive, peloton-style 40km community cycle is open to everyone and shares a powerful message: there is no shame in asking for help. Info HERE.

Google AI Experience Evening

Join the Galway Local Enterprise Office and Aimee Connolly (Sculpted by Aimee) for this free event 6pm Thurs 30 April. Info and free tickets HERE.

Pilgrims for Palestine 

Pilgrims for Palestine is on at  7.30pm Sat 2May in the Rowing Club, Galway. It’s an evening focused on bringing the community together with live music and speakers to raise funds and awareness for humanitarian efforts in Palestine. More info + tickets HERE.

Parkrun this Saturday (and every Saturday!)

University of Galway Parkrun takes place every Saturday at 9:30am. It’s a free, fun, and friendly weekly 5k community event. Walk, jog, run, roll, volunteer or spectate – more info HERE.

Contact Us

You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.

You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)

__________________________________________________________________________________________________________

Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn

Deonaigh seachas dumpáil!

Má tá tú chun bogadh amach agus earraí agat nach dteastaíonn uait a thuilleadh, smaoinigh faoi iad a thabhairt do na feachtais seo a leanas:

  • Cótaí Saotharlainne agus Spéaclaí Cosanta – deonaigh ag Oifig an Chomhaltais.
  • Bunriachtanais ghlantacháin agus cúraim pearsanta – deonaigh ar Lá Deonaithe an Chomhaltais don Mhol Sláinteachais, Dé hAoine an 24 Aibreán.
  • Éadaí, Éadaí Leapa, Tuáillí, Bróga, Seodra, Gréithe Cócaireachta – deonaigh ag Lá Deonaithe Chlann Shíomóin na Gaillimhe, Dé hAoine an 24 Aibreán in Oifig an Chomhaltais.
  • Is féidir rothair a dheonú don Mheitheal Rothar.
  • Is féidir earraí tí a dheonú ag bailiúcháin Glassary i lóistín na mac léinn.

Tuilleadh eolais ANSEO.

Uaireanta Oscailte Sínte le haghaidh Sheomra na gCótaí agus an tSíbín

Tá uaireanta oscailte á síneadh againn, ó 9am go 7pm, i rith na seachtaine i Seomra na gCótaí (saor in aisce!) agus sa Síbín le linn na scrúduithe, ó Dé Luain an 20 Aibreán go dtí Dé hAoine an 8 Bealtaine.

Roghanna Bricfeasta Saor in Aisce

  • 8am-10am le linn na seachtaine, Dé Máirt an 21 Aibreán go dtí Dé hAoine an 8 Bealtaine sa Mholchistin – tae, caife, arbhar + tósta saor in aisce.
  • Gach maidin i gCaifé Smokey’s agus in Sult, má cheannaíonn tú aon deoch te le do Chárta Comhaltais is féidir babhla leite a fháil saor in aisce

Scrúduithe

Guímid gach rath oraibh sna scrúduithe! Má theastaíonn aon rud uait, déan teagmháillinn.

Cruinniú Poiblí Éigeandála maidir le Tithíocht

Imeacht saor in aisce, 7pm, inniu Déardaoin an 16 Aibreán in Amharclann an Druid. Beidh cainteoirí ann ó CSTGT, CATU, Gluaiseacht Taistealaithe na Gaillimhe, Comhairle Cheardchumann na Gaillimhe agus Comhaltas na Mac Léinn ar an bpainéal.

Úsáid do Ghuth chun Inrochtaineacht Chéadfach ar an gCampas a Mhúnlú

Is féidir le gach mac léinn páirt a ghlacadh i suirbhé gearr a scrúdaíonn inrochtaineacht chéadfach ar fud an champais ANSEO. Cuir in iúl an taithí atá agat ar rudaí amhail torann, soilsiú agus spásanna ciúine, agus tabhair tuairimí ar na dóigheanna lena bhfeabhsú. Tá 3 dearbhán €50 ón gComhaltas le buachan agus dúnfar an suirbhé an 28 Aibreán.

An Crios Ciúin

Má tá spás uait chun sos a ghlacadh agus éalú ó strus céadfach, beidh An Crios Ciúin ar oscailt ón 21 Aibreán go dtí an 8 Bealtaine in SC200A. Beidh málaí pónairí, ealaíona, ceardaíocht, cluichí boird agus cártaí ann chun cabhrú leat scíth a ligean. Is féidir leat na Spásanna Céadfacha eile ar an gcampas a úsáid chun do scíth a ligean freisin.

Spriocdháta chun Eochracha Taisceadáin a Thabhairt ar Ais

Tabhair do d’aire, má tá taisceadán agat sa Chomhaltas, caithfidh tú d’eochair a thabhairt ar ais chuig Oifig an Chomhaltais roimh 5pm, Dé hAoine an 8 Bealtaine.

Déan obair dheonach le Glassary

Ag deireadh a dtéarma i lóistín na mac léinn, tugann Glassary ré nua d’earraí tí! Tugann oibrithe deonacha faoin gcóisir shórtála agus cuidíonn le hearraí a dheonú do charthanais áitiúla i nGaillimh. Déan iarratas ANSEO le bheith páirteach Dé Céadaoin an 6 Bealtaine, Déardaoin an 7 Bealtaine, Dé hAoine an 8 Bealtaine nó Dé Sathairn an 9 Bealtaine.

D’fhéadadh comhrá amháin beatha a shábháil.

Bí linn san Fheachtas Rothaíochta in aghaidh Féinmharú agus déan babhta rothaíochta um Ardú Feasachta um an tSláinte Mheabhrach an Satharn seo, an 18 Aibreán. Cuirfear tús leis ag Ionad Pobail Órán Mór. Tá an babhta rothaíochta pobail ionchuimsitheach seo, dar fad 40km agus ar stíl peloton, oscailte do chách, agus an teachtaireacht chumhachtach faoi: ní ghabhann aon náire le cabhair a iarraidh. Tuilleadh eolais ANSEO.

Oíche Eispéiris IS Google

Bí linn in Oifig Fiontair Áitiúil na Gaillimhe le Aimee Connolly (Sculpted by Aimee) don ócáid saor in aisce seo a thitfidh amach ar 6pm Déardaoin an 30 Aibreán. Tuilleadh eolais agus ticéid saor in aisce ANSEO.

Oilithrigh don Phalaistín

Beidh Oilithrigh don Phalaistín ar siúl ar 7.30pm, Dé Sathairn, an 2Bealtaine sa Chlub Rámhaíochta, Gaillimh. Tráthnóna dírithe ar an bpobal a thabhairt le chéile le ceol beo agus cainteoirí a bheidh ann chun airgead a thiomsú agus feasacht a ardú mar gheall ar chabhair dhaonnúil sa Phalaistín. Tuilleadh eolais agus ticéid ar fáil ANSEO.

Parkrun Dé Sathairn (agus gach Satharn!)

Titeann Parkrun Ollscoil na Gaillimhe amach gach maidin Sathairn ar 9.30am. Imeacht pobail 5km saor in aisce é seo a bhíonn ar siúl gach seachtain le spraoi agus muintearas ann i gcónaí. Tar ag siúl, ag bogshodar, ag rith, nó ag rolladh, cabhraigh linn an t-imeacht a reáchtáil, nó bí ag breathnú air fiú – tuilleadh eolais ANSEO.

Déan teagmháil linn

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost ag studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.

Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)