Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn

The Pit-Ball!

Join us 9.30pm-Late Thursday 30th October for The Pit-Ball at Sult! A night celebrating Mr Worldwide: Pitbull. Free Entry for everyone in fancy dress. Prizes for the best Pitbulls – you know we want ya!

T-Fund Applications are Open

The T-Fund is a social transition fund. Applications are open HERE on YourSpace until Tues 4th Nov. Please note this fund can only be used for items involved in social transitioning, not medical supplies. More info from Paddy su.welfare@universityofgalway.ie

We’re hiring: Sin Editor

Sin is a student news outlet operated by the University of Galway Students’ Union. It includes a mix of campus news, features, sport and reviews. The Sin Editor will be a self-starter with experience of working well with others. Remuneration: €275 (gross) per week in term time. Application closing date: 5pm Thurs 23 Oct. More info + application details HERE.

Get Tested

Free Rapid HIV and Syphilis Testing 1pm-3pm next Thurs 23rd Oct with Sexual Health West in The Space, upstairs in Áras na Mac Léinn.

Class Rep Meetings

More info from su.education@universityofgalway.ie 

Pop-Up Shop

Whack Vintage x Fíor Jewellery pop-up shop 11am-3pm next Thurs 23rd Oct in The Cube.

Irish Language Strategy Survey

Help shape the University Irish Language Strategy by completing this short survey by 5pm, Fri 31 Oct.  This will ensure your thoughts and ideas are included in the next Strategy for the Irish Language. You can choose to complete the survey in Irish or in English by selecting your preferred language at the top right-hand corner of the screen.  

Free Cloakroom

The SU Free Cloakroom is open 9am-6pm Monday-Friday in the Library basement near the SU Shop. You can drop off bags and jackets (no laptops please!) and collect them before we close for the day.

Lockers on Sale

We have a limited amount of lockers left for sale. Log on to YourSpace to book and pay.

The SU Síbín

The SU Síbín is your social space in the Library basement (opposite Spéir) and it’s open 9am-5pm Monday-Friday.

New Courses Added to Life Skills!

  1. Puncture Repair Class 6pm-7pm Tues 28Oct at An Mheitheal Rothar Community Bike Workshop. Just €10. No need to bring own bike, demo equipment provided! Sign up HERE.
  2. Bike Maintenance Basics 6pm-7.30pm Tues 4Nov at An Mheitheal Rothar Community Bike Workshop. Just €15. Bring your own bike! Sign up HERE.

October SU Events

Click the link HERE to see what else we have going on this month!

Decider Skills

Decider Skills is a free programme designed to enable you to make effective changes to help manage distress, regulate emotion, increase mindfulness, promote effective communication and help to live a less impulsive life. It starts 21st  Oct and runs over three Tuesdays 10am-11.45am. If you can’t make the first session, they’re happy to bring you up to speed in the second session.  There’s also one-day sessions on Fri 14 Nov or Fri 21Nov. Apply here. Questions? Email deciderskills@universityofgalway.ie

Islamic Society Charity Fair
Join the Islamic society and host of other societies at their stalls in Áras na Mac Léinn 11am-4pm Thurs 23rd Oct to raise funds for countries in need of emergency aid.  More info about the charities HERE and the event HERE.

Student volunteering opportunities this week include:

Breaking through the Pain Barrier

Insights on Pain in Irritable Bowel Syndrome and Inflammatory Bowel Disease: A Public and Patient Involvement National Festival Event 23Oct from 6:30pm in the Human Biology Building.

Spaces limited, please register HERE.  

Nominate a Road Safety Hero – 2025 RSA Leading Lights Awards

Do you know someone who is raising awareness and encouraging road safety? Why not nominate them for the Youth Road Safety Champion Award. Deadline 24th Oct more info HERE.

IGHNxEU Pre-Conference Event  “Youth Shaping the Future of Health”

Be part of an dynamic discussion that will feed into a policy brief for Ireland’s EU Presidency 2026- Debate. Inspire. Influence. Registration link HERE. Any queries email SOTCoordinator@globalhealth.ie 

Are you graduating soon?

You might be eligible to vote in the Seanad Éireann Higher Education constituency. Apply HERE.

Le Boom Tickets On Sale

Our Le Boom gig is taking place on Thurs 6th Nov in Electric when Le Boom return from their UK + Australia tour. Get your tickets HERE.

Contact Us | Déan teagmháil linn

You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.

You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)

_____________________________________________________________________________________________________________

Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn | Welcome to your weekly email from your Students’ Union

Bál an Uasail Dhomhanda!

Bígí linn 9.30pm Déardaoin, an 30 Deireadh Fómhair i gcomhair Bhál an Uasail Dhomhanda in Sult! Oíche le ceiliúradh a dhéanamh ar an Uasal Domhanda é féin: Pitbull. Saorchead isteach do gach duine i gculaith bhréige. Duaiseanna do na Pitbulls is fearr – you know we want ya!

Ag glacadh le hiarratais ar Chiste-T anois

Ciste le haghaidh aistriú sóisialta is ea Ciste-T. Beifear ag glacadh le hiarratais ANSEO arYourSpacego dtí Dé Máirt, an 4 Samhain. Tabhair do d’aire gur féidir an ciste seo a úsáid le haghaidh earraí a bhaineann leis an aistriú sóisialta, ní do sholáthairtí leighis. Tuilleadh eolais ó Paddy su.welfare@universityofgalway.ie

Tá muid ag earcú: Eagarthóir Sin

Is áisíneacht nuachta do mhic léinn é Sin atá á oibriú ag Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe. Bíonn meascán de nuacht champais, gnéithe, spórt agus léirmheasanna ann. Beidh an tEagarthóir in ann gníomhú as a stuaim féin agus taithí aige nó aici ar oibriú go maith le daoine eile. Luach saothair: €275 (comhlán) in aghaidh na seachtaine i rith an téarma. Spriocdháta le haghaidh iarratas: 5pm, Déardaoin, an 23 Deireadh Fómhair. Tuilleadh eolais agus sonraí maidir le cén chaoi cur isteach air ANSEO.

Faigh Tástáil

Mearthástáil saor in aisce le haghaidh VEID agus na Gallbholgaí le Sláinte Ghnéis an Iarthair. Ar siúl 1pm-3pm an Déardaoin seo chugainn, an 23 Deireadh Fómhair sa Spás, thuas staighre in Áras na Mac Léinn.

Cruinnithe Ionadaithe Ranga

Tuilleadh eolais su.education@universityofgalway.ie 

Tobshiopa

Tobshiopa Whack Vintage x Fíor Jewellery 11am-3pm an Déardaoin seo chugainn, an 23 Deireadh Fómhair sa Chiúb.

Suirbhé ar Straitéis na Gaeilge

Déan do chuid chun Straitéis na Gaeilge san Ollscoil a mhúnlú. Líon isteach an suirbhé gearr seo faoi 5pm, Dé hAoine, an 31 Deireadh Fómhair lena chinntiú go gcuirfear do chuid smaointe agus tuairimí san áireamh sa chéad Straitéis eile don Gaeilge. Is féidir an suirbhé a chomhlánú i nGaeilge nó i mBéarla ach do roghatheanga a roghnú sa chúinne ar bharr ar dheis den scáileán.  

Seomra Cótaí Saor in Aisce

Bíonn Seomra Cótaí an Chomhaltais ar oscailt 9am-6pm, Luan-Aoine, in Íoslach na Leabharlainne in aice le Siopa an Chomhaltais. Is féidir leat málaí agus seaicéid a fhágáil isteach agus iad a bhailiú roimh an am dúnta. Ná déan dearmad nach nglactar le ríomhairí glúine.

Taisceadáin ar Díol

Tá líon teoranta taisceadán fós ar díol againn. Logáil isteach ar YourSpace le clárú le haghaidh taisceadáin agus le híoc as.

An Síbín

Spás sóisialta í an Síbín atá in íoslach na Leabharlainne. Bíonn sí ar oscailt 9am-5pm, Luan-Aoine.

Cúrsaí Nua Curtha leis na Scileanna Saoil!

  1. Rang Deisiúcháin Poll 6pm-7pm, Dé Máirt, an 28Deireadh Fómhair ag Ceardlann Phobail na Meithle Rothar. Níl ach €10 ar an gcúrsa seo. Ní gá do rothar féin a thabhairt leat, cuirfear trealamh taispeána ar fáil! Cláraigh ANSEO.
  2. Rang Cothabhála Rothar 6pm-7pm, Dé Máirt, an 4 Samhain i gCeardlann Phobail na Meithle Rothar. Níl ach €15 ar an gcúrsa seo. Tabhair leat do rothar féin! Cláraigh ANSEO.

Imeachtaí an Chomhaltais i mí Dheireadh Fómhair

Cliceáil an nascANSEOlena fháil amach céard eile a bheidh ar siúl againn an mhí seo!

Decider Skills

Clár saor in aisce is ea Decider Skills a dearadh chun cur ar chumas daoine athruithe éifeachtacha a dhéanamh go mbeidh siad in ann strus a bhainistiú, mothúcháin a rialáil, aireachas a mhéadú, cumarsáid éifeachtach a chothú agus saol gan spadhar a bheith acu. Tosóidh sé an 21 Deireadh Fómhair agus reáchtálfar é thar trí sheachtaine, gach Máirt 10am-11.45am.Mura féidir leat freastal ar an gcéad seisiún, cuirfear ar an eolas thú faoi aon rud a chaill tú sa dara seisiún.  Titfidh seisiúin aon lae amach Dé hAoine, an 14 Samhain agus Dé hAoine, an 21Samhain chomh maith. Cláraigh  anseo. Ceisteanna? Ríomhphostdeciderskills@universityofgalway.ie

Aonach Carthanachta an Chumainn Ioslamaigh
Bígí linn ag seastán an Chumainn Ioslamaigh agus ag seastáin na gcumann eile in Áras na Mac Léinn 11am-4pm, Déardaoin, an 23 Deireadh Fómhair chun airgead a bhailiú do thíortha a bhfuil cúnamh éigeandála ag teastáil uathu. Tuilleadh eolais faoi na carthanachtaí ANSEO agus faoin ócáid ANSEO.

Deiseanna oibre deonaí do mhic léinn an tseachtain seo:

Bac na Péine a Shárú

Léargas ar phian sa Siondróm Putóige Greannaithí agus sa Ghalar Athlasta Putóige. Imeacht de chuid Fhéile Náisiúnta PPI, an 23Deireadh Fómhair ag 6:30pm i bhFoirgneamh Bhitheolaíocht an Duine

Líon teoranta spásanna, cláraigh ANSEO

Ainmnigh Laoch Sábháilteachta Bóthair – Gradaim na gCeannródaithe Sábháilteachta ar Bhóithre, 2025

An bhfuil aithne agat ar dhuine atá ag ardú feasachta i leith sábháilteacht ar bóithre agus á spreagadh? Cuir chun tosaigh é nó í le haghaidh Gradam Chrann Taca Óg na Sábháilteachta ar Bhóithre. Spriocdháta: 24 Deireadh Fómhair. Tuilleadh eolaisANSEO.

Imeacht Réamhchomhdhála IGHNxEU “Youth Shaping the Future of Health (An Óige ag Múnlú Thodhchaí na Sláinte)”

Bí páirteach i bplé dinimiciúil a chuirfidh bonn faoin treoirbheartas le haghaidh Uachtaránacht na hÉireann ar an AE in 2026. Plé. Spreagadh. Tionchar. Cláraigh ANSEO. Má bhíonn aon cheist agat, seol ríomhphost chuig SOTCoordinator@globalhealth.ie

An bhfuil tú chun do chéim a bhaint amach go luath?

D’fhéadfá a bheith i dteideal vótáil i dtoghlach Ardoideachais Sheanad Éireann. Déan iarratas ANSEO.

Ticéid Le Boom ar díol anois

Beidh gig athsceidealaithe Le Boom ar siúl Déardaoin, an 6 Samhain in Electric, tráth a bhfillfidh Le Boom óna gcamchuairt sa Ríocht Aontaithe agus san Astráil. Ticéid ar fáil ANSEO.

Déan teagmháil linn / Contact us

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat.

Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)