Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. Beidh Leagan Gaeilge ar fáil ANSEO
For the most up to date news and info on all Students’ Union committees, join our WhatsApp community HERE.
Vote Today
Voting takes place online on YourSpace 10am-8pm TODAY Thurs 3rd of October to elect your new SU Mature Students’ Officer, Postgraduate Taught Officer and Clubs Captain. This is your chance to choose who will represent you so make sure to vote. Please note that all registered students may vote for the Mature Students’ Officer but only Postgrad students may vote to elect the Postgraduate Taught Officer and only Club Captains may vote in the Clubs Captain election (one vote per club).
Mean Girls Night Tonight
To mark the important date of October 3rd it’s Mean Girls Night from 8pm tonight at Sult. Wear pink! Free entry.
Hallows Returns!
Galway’s biggest Halloween student event, Hallows, returns Thursday 31st October. We’re delighted to announce the return of Hallows after last year’s instant sell out! Ireland’s largest Halloween event with over 2,500 students at Sult and Áras na Mac Léinn hosted by Reboot Events and Bümblê in association with University of Galway Students’ Union. Featuring multiple stages with high level production, international acts and more this year’s edition is looking bigger and better! Sign up for first ticket access now HERE – tickets sold out in 48 hours last year so don’t miss out!
Mon 7th Oct
- 6.30pm-7.30pm Jigsaw 5 A Day for Mental Health Online Workshop. Book HERE.
Tues 8th Oct
- 5pm-6pm SU x Plámás “Caife agus Cómhra”
Weds 9th Oct
- 5pm-6pm Financial Resilience Online Workshop. Book HERE.
- 6.30pm Kneecap Movie at Pálás Cinema. €5 Student Loyalty Deal Ticket link HERE.
Thurs 10th Oct
- 11am-3pm Feel Good Fair in Áras na Mac Léinn
- 11am-3pm Pop Up Charity Shop with Galway Simon Community in the Cube
- 8pm Sensory Night at Sult. Free tickets HERE.
Fri 11th Oct
- 9.30am-1pm safeTALK Training. More info + booking details HERE.
- 1.30pm EcoCafé in An Séipéal/The Chapel
More info on all events is available HERE or contact Chloe on su.welfare@universityofgalway.ie
Class Rep Elections
If your class still doesn’t have a Class Rep nominations will re-open on YourSpace 9am tomorrow Fri 4th Oct and close 5pm Fri 11th Oct. The Elections to fill these remaining Class Reps will be on YourSpace 9am Mon 14th Oct to 5pm Weds 16th Oct. Contact Tom on su.education@universityofgalway.ie for more info.
Class Reps Council on Monday
Our first Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 1 (Class Reps Council) meeting of the year is on 6pm this Mon 7th Oct in the Colm OHeocha Theatre in the Arts Millennium Building. All Class Reps are asked to attend. All students are welcome at the meeting but only Class Reps may vote. For more info contact Tom on su.education@universityofgalway.ie. List of Class Rep meetings is available HERE.
Uniform Donation Drive
Donate Nursing and Midwifery Uniforms you no longer need at the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn Monday 7th October-Friday 1st November. These will be passed on to students who need them.
Here’s just some of what we have coming up this October! Click HERE.
CÉIM Peer Learning Sessions
Weekly CÉIM sessions are now running for eligible 1st year students in Arts, Law, Engineering and Science. Meet others doing your course, get up to speed on coursework and develop new skills in a welcoming and relaxed environment.
Log into YourSpace and click CÉIM to see your session information. See HERE for more information on eligible disciplines.
Kneecap Movie Night in Pálás
Join us for a screening of the Kneecap Movie 18:30 Weds 9th Oct in Pálás. Tickets are just €5 for students registered for Pálás Student Loyalty Scheme now available HERE. Loyalty scheme membership also means discounted popcorn and drinks!
First Year Meet Ups
Join the University at Freshers’ Point 12pm-2pm today Thurs 3 Oct in CA239b (The BizHub in the Cairnes building), 1pm-3pm Weds 9 Oct in The View (Áras na Mac Léinn) or 12pm-2pm Thurs 10 Oct in The View (Áras na Mac Léinn). There’ll be lots of hot drinks, board games and plenty of space to chill out and chat. It’s a laid-back, fun space run by students who’ve been exactly where you are.
Would you like to be part of the ENLIGHT Student Network?
ENLIGHT Galway Student Board are holding its inaugural meeting in the Chapel Common Room at 5pm on Wednesday, 9 October. Come along if you want to hear about the opportunities for virtual and physical study exchange, Blended Intensive Programmes, funding to attend conferences, and the opportunity to join the committee and have your voice heard across the ENLIGHT network of 10 European Universities. If you can’t attend they’ll be hosting a Zoom Info Session on Monday 4 November at 4pm HERE.
Support for Palestine
- Irish Healthcare Workers for Palestine hold a candlelight vigil 7pm-8pm every Tuesday outside the front gate of Galway University Hospital. All welcome.
- The University of Galway Staff for Palestine group hold a solidarity event 1pm-2pm every Wednesday outside the main University entrance by Gate Lodge on University Road. All welcome.
- Join the University of Galway Palestinian Solidarity Society. More info HERE.
safeTALK (Suicide Alertness for Everyone) 10 SPACES LEFT
safeTALK is a 3½ hour ‘suicide alertness’ programme that prepares participants to identify and engage with persons who may be having thoughts of suicide. Participants learn how to provide practical help also gain information on the supports and resources available locally, regionally and nationally. The free course takes place on campus 9.30am-1pm Fri 11th Oct. More info HERE please email joanna.brophy@universityofgalway.ie for booking link and code.
Contact Us / Déan teagmháil linn
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) and X (Twitter)
______________________________________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. / Welcome to your weekly email from your Students’ Union. Tá fáil ar an leagan Béarla ANSEO
Leis an nuacht agus eolas is déanaí a fháil maidir le coistí Chomhaltas na Mac Léinn, cláraigh lenár bpobal WhatsApp ANSEO.
Vótáil Inniu
Tá an vótáil ar siúl ar líne ar YourSpace 10am-8pm, INNIU, Déardaoin, an 3 Deireadh Fómhair le hOifigeach na Mac Léinn Lánfhásta, Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha agus Captaen na gClubanna a thoghadh. Seo é do sheans a roghnú cé a bheidh ag déanamh ionadaíocht duitse, mar sin ná déan dearmad vótáil. Tabhair faoi deara gur ceadmhach do gach mac léinn cláraithe vótáil i dtoghchán Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta, ach nach ceadmhach ach do mhic léinn iarchéime vótáil i dtoghchán Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha agus nach ceadmhach ach do Chaptaein Chlub vótáil i dtoghchán Chaptaen na gClubanna (vóta amháin in aghaidh an chlub).
Oíche Mean Girls Anocht
Ar ndóigh, tá tábhacht nach beag ag baint leis an 3 Deireadh Fómhair, agus beidh Oíche Mean Girls ar siúl ag 8 i.n. anocht in Sult le ceiliúradh ceart a dhéanamh air. Cuir ort éadaí bándearga! Saorchead isteach.
Hallows le teacht ar ais!
Beidh an ócáid is mó i gcomhair Oíche Shamhna do mhic léinn i nGaillimh, Hallows, ar siúl arís Déardaoin, an 31 Deireadh Fómhair. Tá lúcháir orainn a fhógairt go bhfuil Hallows le teacht ar ais i mbliana tar éis na ticéid go léir a dhíoladh amach go han-sciobtha anuraidh! An t-imeacht is mó in Éirinn i gcomhair Oíche Shamhna le breis agus 2,500 mac léinn in Sult agus Áras na Mac Léinn, arna óstáil ag Reboot Events agus Bümblê, i gcomhar le Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe. Beidh sé níos mó agus níos fearr ná riamh, le roinnt ardán, ardchaighdeáin léiriúcháin, grúpaí idirnáisiúnta agus neart eile nach iad! Cláraigh anois le fáil a bheith agat ar na chéad ticéid ANSEO – díoladh amach na ticéid go léir taobh istigh de 48 uair an chloig anuraidh. Ná caill amach!
Imeachtaí Sheachtain na Meabhairshláinte
Lua, 7 DFó
- 6:30 i.n. – 7:30 i.n. Ceardlann ar Líne ‘Jigsaw 5 A Day for Mental Health’ Déan áirithint ANSEO.
Mái, 8 DFó
- 5 i.n. – 6 i.n. An Comhaltas x Plámás “Caife agus Cómhra”
Céa, 9 DFó
- 5 i.n. – 6 i.n. Ceardlann ar Líne ‘Teacht Aniar ó thaobh Airgid de’ Déan áirithint ANSEO.
- 6:30 i.n. Scannán Kneecap i bPictiúrlann Phálás. Margadh Dílseachta €5 do Mhic Léinn ANSEO.
Déa, 10 DFó
- 11 r.n. – 3 i.n. Aonach Ardaithe Meanman in Áras na Mac Léinn
- 11 r.n. – 3 i.n. Preabshiopa Carthanachta le Pobal Shíomóin na Gaillimhe sa Chiúb
- 8 i.n. Oíche na gCéadfaí in Sult Ticéid saor in aisce ANSEO.
Aoi, 11 DFó
- 9:30 r.n. – 1 i.n. Oiliúint safeTALK. Tuilleadh eolais + sonraí áirithinte ANSEO.
- 1:30 i.n. EcoCafé sa Séipéal
Tá tuilleadh eolais ar na himeachtaí ar fad ar fáil ANSEO, é sin nó déan teagmháil le Chloe ag su.welfare@universityofgalway.ie
Toghcháin na nIonadaithe Ranga
Mura bhfuil Ionadaí Ranga ag do rang go fóill, athosclófar na hainmniúcháin ar YourSpace 9 r.n., amárach, Dé hAoine, an 4 Deireadh Fómhair agus dúnfar ag 5 i.n., Dé hAoine, an 11 Deireadh Fómhair iad. Beidh na toghcháin leis na folúntais a líonadh ar siúl ar YourSpace ó 9 r.n., Dé Luan, an 14 Deireadh Fómhair go dtí 5 i.n., Dé Céadaoin, an 16 Deireadh Fómhair. Déan teagmháil le Tom ag su.education@universityofgalway.ie le tuilleadh eolais a fháil.
Comhairle na nIonadaithe Ranga Dé Luain
Beidh an chéad chruinniú de Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn 1 (Comhairle na nIonadaithe Ranga) ar siúl ag 6 i.n., Dé Luain, an 7 Deireadh Fómhair in Amharclann Choilm Uí Eocha i bhFoirgneamh Mílaoise na nEalaíon. Iarrtar ar gach Ionadaí Ranga a bheith i láthair. Beidh fáilte roimh gach mac léinn ag an gcruinniú, ach ní bheidh ceart vótála ach ag na hIonadaithe Ranga. Déan teagmháil le Tom ag su.education@universityofgalway.ie le tuilleadh eolais a fháil. Tá liosta de chruinnithe Chomhairle na nIonadaithe Ranga ar fáil ANSEO.
Feachtas na nÉidí
Tabhair éidí Altranais agus Cnáimhseachais nach bhfuil ag teastáil uait a thuilleadh ag Oifig an Chomhaltais, thuas staighre in Áras na Mac Léinn, Dé Luain, an 7 Deireadh Fómhair – Dé hAoine, an 1 Samhain. Cuirfear ar aghaidh iad chuig mic léinn a bhfuil gá acu leo.
Imeachtaí an Chomhaltais i mí Dheireadh Fómhair
Níl anseo ach cuid de na rudaí atá le teacht i mí Dheireadh Fómhair! Cliceáil ANSEO.
Seisiúin Phiarfhoghlama CÉIM
Tá seisiúin sheachtainiúla CÉIM ar siúl anois do mhic léinn incháilithe na chéad bhliana sna hEalaíona, sa Dlí, san Innealtóireacht agus san Eolaíocht. Buail le daoine eile atá ag déanamh an chúrsa chéanna leatsa, coinnigh suas le hobair chúrsa agus forbair scileanna nua i dtimpeallacht fháilteach agus réchúiseach.
Logáil isteach ar YourSpace agus cliceáil CÉIM le sonraí do sheisiúin a fheiceáil. Féach ANSEO le tuilleadh eolais a fháil ar na disciplíní atá incháilithe.
Oíche Scannáin Kneecap i bPálás
Bí linn le haghaidh thaispeáint an scannáin ‘Kneecap’ i bPálás, 18:30, Dé Céadaoin, an 9 Deireadh Fómhair. Níl ach €5 ar thicéid do mhic léinn atá cláraithe le Scéim Dílseachta Mac Léinn Phálás. Tá siad ar díol anois ANSEO. Agus ballraíocht agat sa Scéim Dílseachta, gheobhaidh tú lascaine ar ghrán rósta agus deochanna chomh maith!
Bualadh le Chéile Mhic Léinn na Chéad Bhliana
Luigh isteach ar an ollscoil ag Pointe na bhFreisear, 12 i.n. – 2 i.n., inniu, Déardaoin, an 3 Deireadh Fómhair ag CA239b (An BizHub i bhFoirgneamh Cairnes), 1 i.n. – 3 i.n., Dé Céadaoin, an 9 Deireadh Fómhair sa Radharc (Áras na Mac Léinn) nó 12 i.n. – 2 i.n., Déardaoin, an 10 Deireadh Fómhair sa Radharc (Áras na Mac Léinn). Beidh neart deochanna te, cluichí boird agus go leor spáis le scíth a ligean agus comhrá a dhéanamh. Spás réchúiseach, taitneamhach é atá á reáchtáil ag mic léinn a bhí sa chás céanna agatsa tráth.
Ar mhaith leat a bheith páirteach i Líonra ENLIGHT na Mac Léinn?
Tá Bord Mac Léinn ENLIGHT na Gaillimhe lena chéad chruinniú a reáchtáil i Seomra Caidrimh an tSéipéil ag 5 i.n., Dé Céadaoin, an 9 Deireadh Fómhair. Bí linn más mian leat cloisteáil faoi na deiseanna atá ann do mhalartú staidéir, idir fhíorúil agus fhisiciúil, Dianchláir Chumaisc, maoiniú le freastal ar chomhdhálacha, agus an deis le bheith ar an gcoiste agus cead cainte a fháil ar fud Líonra ENLIGHT, a bhfuil 10 nOllscoil Eorpacha páirteach ann. Mura bhfuil tú in ann a bheith i láthair, beidh Seisiún Faisnéise Zoom ar siúl Dé Luain, an 4 Samhain ag 4 i.n. ANSEO.
Tacaíocht don Phalaistín
- Reáchtálann Oibrithe Cúraim Sláinte na hÉireann ar son na Palaistíne bigil faoi sholas coinnle 7 i.n. – 8 i.n. gach Máirt lasmuigh de gheata tosaigh Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe. Fáilte roimh chách.
- Reáchtálann Foireann Ollscoil na Gaillimhe ar son na Palaistíne imeacht dlúthpháirtíochta 1 i.n. – 2 i.n. gach Céadaoin lasmuigh de phríomhbhealach isteach na hOllscoile, in aice leis an Teach Geata ar Bhóthar na hOllscoile. Fáilte roimh chách.
- Glac ballraíocht i gCumann Ollscoil na Gaillimhe um Dhlúthpháirtíocht leis an bPalaistín. Tuilleadh eolais ANSEO.
safeTALK (Airdeall ar Fhéinmharú do Chách): 10 SPÁS FÁGTHA
Clár 3½ uair an chloig maidir le ‘hairdeall ar fhéinmharú’ is ea safeTALK. Cuireann sé ar chumas rannpháirtithe daoine is dóigh a bhfuil smaointe féinmharaithe ar intinn acu a aithint agus caidreamh a thógáil leo. Foghlaimíonn rannpháirtithe faoi dhóigheanna le cuidiú praiticiúil a thabhairt chomh maith le heolas a fháil ar na tacaíochtaí agus na háiseanna áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta atá ar fáil. Beidh an cúrsa saor in aisce seo ar siúl ar an gcampas 9:30 r.n. – 1 i.n., Dé hAoine, an 11 Deireadh Fómhair. Tuilleadh eolais ANSEO nó cuir ríomhphost chuig joanna.brophy@universityofgalway.ie chun nasc agus cód cláraithe a fháil.
Déan Teagmháil Linn / Contact Us
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost: studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat. Is féidir ‘is maith liom’ a thabhairt dúinn agus muid a leanúint ar Facebook, Instagram, TikTok (@cmlong_su) agus X (Twitter)