Welcome to your last weekly email of the year from your Students’ Union! Thanks for reading and the weekly email will be back in September.
Below The Belt Screening 12.45pm today
Join us 12.45pm-2.30pm today Thurs 1st May in G019 in the Human Biology Building for a free screening of the Below the Belt documentary. Below the Belt is a documentary that aims to raise awareness about endometriosis and the issues surrounding its diagnosis and treatment. Info and free tickets HERE.
Locker Key Return Deadline Fri 9th May
The deadline to return your locker key is 5pm Friday 9th of May. Please return your locker key to the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn (you can leave the lock on your locker!). Items left in lockers after the deadline will be recycled, donated to charity or disposed of.
Bank Holiday on Monday
This Monday 5th of May is a Bank Holiday so the SU Office, Cloakroom, Síbín, Spéir, Smokey’s Café and Sult will all be closed. The SU Shop will be open 10am-3pm. The library and reading room will be open.
Exam Results and Repeats
If you’re traveling this summer please make sure that you can still access your exam results online. More info HERE.
Exam results are due out:
- Final Medicine + Final Therapies Tues 20th May
- Undergrad Results released Mon 23rd June
- Postgrad Results released Mon 30th June
- International Student Results (course instances 1EM1, 1OA2, 1OA3 only) released via International Office
The schedule of exact days/times results released is on Exams Office Website HERE
Repeat/Autumn Exams
- Timetable published Thursday 17th July
- Repeat/Autumn exams take place Tues 5th – Fri 15th August
- Repeat Exam fee is €195
- Repeat/Autumn Exam Results – 5th Sept Undergrads, 15th Sept Postgrads
Donate your Lab Coats + Goggles
We’re collecting lab coats and goggles in the SU Office until 5pm Friday 2nd of May. These will be passed on to students who need them in September.
Don’t forget your water bottle!
With the warm weather make sure you stay hydrated for exams/study by bringing your water bottle to campus each day. The list of 30 water stations on campus where you can fill up your bottle is available HERE.
safeTALK Training – just 10 spaces left
safeTALK is a free 3½ hour ‘suicide alertness’ programme that prepares participants to identify and engage with persons who may be having thoughts of suicide. It takes place 9am-1pm Thurs 19th June on campus. More info + sign up detailsHERE.
The Student Leap Card Application process has changed
Students must now upload supporting documentation online and present them in person to a Student Leap Card Agent. After submitting the online application students must await a confirmation email before collecting your Student Leap Card from the Students’ Union Office. The application process for the Young Adult Leap Card (anyone aged 19-25) remains the same and this will be posted out to you. More info HERE.
Summer Lockers
€10 summer lockers will go on sale 10am Weds 14th May on YourSpace HERE. 2025/26 lockers will go on sale on Monday 1st September.
Spéir the Students’ Union Pantry
Please note amended opening hours/registration for Spéir over Exams as follows:
- 2pm + 3.30pm Friday 2 May (registerHEREby 4pm today Thurs 1)
- 2pm + 3.30pm Wednesday 7 May (registerHEREby 4pm Tues 6)
- 2pm + 3.30pm Friday 9 May (register HEREby 4pm Thurs 8)
Slots for the Pantry are allocated on a lottery system. Make sure you bring a bag!
Autumn Conferring
Autumn Conferring will take place Wednesday 15th to Tuesday 21st October 2025. More info HERE.
SUSI Applications Open
SUSI is Ireland’s national awarding authority for further and higher education grants. SUSI is now open for new applications for academic year 2025/26. More info HERE.
Library Extended Weekend Opening Hours
- 08:30-21:30 Sat 3rd May + 10:00-21:30 Sun 5th May
The Reading Room is open as usual 7am-8.30am every day
Give Blood in Galway this May
- Clybaun Hotel: 15:50-20:10 Tues 20th, Weds 21st and Thurs 22nd May. 11:30-15:10 Sun 25th May.
- Menlo Park Hotel: 15:50-20:10 Tues 27th, Weds 28th and Fri 29th May
Check eligibility and book appointment HERE.
SU Open All Summer!
If you need us the SU Office will be open all summer 10am-12.30pm and 2pm-4.30pm Monday-Thursday + 10am-2pm Friday (closed Bank Holidays + staff training days). You can reach out to your SU Officers if you need any help HERE.
Contact Us / Déan teagmháil linn
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) and X (Twitter). For the most up to date news and info on all Students’ Union committees, join our WhatsApp communityHERE.
_______________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig an ríomhphost seachtainiúil deireanach den bhliain ó Chomhaltas na Mac Léinn! Gabhaimid buíochas libh as seo a léamh i rith na bliana. Beidh muid ar ais i mí Mheán Fómhair.
Taispeántas Below the Belt inniu ar 12.45pm
Bí linn 12.45pm-2.30pm inniu, Déardaoin an 1 Bealtaine in G019 i bhFoirgneamh Bhitheolaíocht an Duine le haghaidh taispeántas saor in aisce den scannán faisnéise Below the Belt. Is scannán faisnéise é Below the Belt a bhfuil sé mar aidhm aige feasacht a ardú ar an inmheatróis agus ar na saincheisteanna a bhaineann lena diagnóisiú agus lena cóireáil. Tuilleadh eolais agus ticéid saor in aisce ANSEO.
Spriocdháta chun Eochracha Taisceadáin a Thabhairt ar Ais, Dé hAoine an 9 Bealtaine
Ní mór d’eochair taisceadáin a thabhairt ar ais faoi 5pm, Dé hAoine an 9 Bealtaine. Iarrtar ort d’eochair a fhágáil ar ais in Oifig an Chomhaltais thuas staighre in Áras na Mac Léinn (is féidir an glas a fhágáil ar an taisceadán!). Déanfar aon earraí a fhágtar sna taisceadáin i ndiaidh an spriocdháta a athchúrsáil, a dheonú nó cuirfear sa bhruscar iad.
Lá Saoire Bainc Dé Luain
Lá Saoire Bainc a bheas ann Dé Luain beag seo an 5 Bealtaine, mar sin beidh Oifig an Chomhaltais, Seomra na gCótaí, Síbín, Spéir, Caifé Smokey agus Sult druidte. Beidh Siopa an Chomhaltais ar oscailt 10am-3pm. Beidh an leabharlann agus an seomra léitheoireachta ar oscailt.
Torthaí Scrúduithe agus Athscrúduithe
Má tá tú chun dul ag taisteal i rith an tsamhraidh, iarrtar ort a chinntiú go mbeidh rochtain agat ar do thorthaí scrúduithe ar líne. Tuilleadh eolais ANSEO.
Tá Torthaí Scrúdaithe le heisiúint ar na dátaí a leanas:
- Scrúduithe Deiridh Leighis + Scrúduithe Deiridh Teiripí Dé Máirt an 20 Bealtaine
- Torthaí Fochéimithe le heisiúint Dé Luain an 23 Meitheamh
- Torthaí Iarchéimithe le heisiúint Dé Luain an 30 Meitheamh
- Torthaí Mac Léinn Idirnáisiúnta (cúrsaí 1EM1, 1OA2, 1OA3 amháin) le heisiúint tríd an Oifig Idirnáisiúnta
Tá sceideal beacht na laethanta/na n-amanna a n-eiseofar na torthaí le fáil ar láithreán gréasáin Oifig na Scrúduithe ANSEO
Scrúduithe Athshuí/Fómhair
- Amchlár le foilsiú Déardaoin an 17 Iúil
- Beidh na Scrúduithe Athshuí/Fómhair ar siúl idir Dé Máirt an 5 Lúnasa agus Dé hAoine an 15 Lúnasa
- Is é €195 an táille le scrúdú a athshuí
- Torthaí na Scrúduithe Athshuí/Fómhair – an 5 Meán Fómhair i gcás Fochéimithe agus an 15 Meán Fómhair i gcás Iarchéimithe
Deonaigh do Chóta agus Spéaclaí Saotharlainne
Táimid ag bailiú cótaí agus spéaclaí saotharlainne in Oifig an Chomhaltais go dtí 5pm, Dé hAoine an 2 Bealtaine. Cuirfear ar aghaidh iad i mí Mheán Fómhair chuig mic léinn a bhfuil gá acu leo.
Cuimhnigh do bhuidéal uisce a thabhairt leat!
Leis an aimsir the linn anois, déan cinnte de go dtugann tú leat do bhuidéal uisce gach lá chun tú féin a choinneáil hiodráitithe do scrúduithe/staidéar. Tá liosta de na 30 stáisiún uisce ar an gcampas, áiteanna ar féidir do bhuidéal uisce a líonadh, ar fáil ANSEO.
Oiliúint safeTALK – níl ach 10 spás fágtha
Clár 3½ uair an chloig maidir le ‘hairdeall ar fhéinmharú’ is ea safeTALK. Cuireann sé ar chumas rannpháirtithe daoine is dóigh a bhfuil smaointe féinmharaithe ar intinn acu a aithint agus caidreamh a thógáil leo. Titfidh sí amach Déardaoin an 19 Meitheamh, 9am-1pm, ar an gcampas. Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO.
Tá athrú ar an bpróiseas iarratais do Chárta Leap do Mhic Léinn
Ní mór do mhic léinn cáipéisíocht tacaíochta a uaslódáil ar líne agus iad a thaispeáint do Ghníomhaí Cártaí Leap do Mhic Léinn i bpearsa. Tar éis iarratas ar líne a dhéanamh, caithfidh mic léinn fanacht le ríomhphost deimhnithe roimh an gCárta Leap do Mhic Léinn a bhailiú ó Oifig an Chomhaltais. Tá an próiseas iarratais don Chárta Leap d’Aosaigh Óga (duine ar bith atá 19-25 bliain d’aois) mar a bhí agus cuirfear é sin amach sa phost chugat. Tuilleadh eolais ANSEO.
Taisceadáin don Samhradh
Beidh costas €10 ar thaisceadáin don samhradh agus beidh siad ar díol ar 10am Dé Céadaoin an 14 Bealtaine ar YourSpace ANSEO. Beidh taisceadáin ar díol don bhliain 2025/26 Dé Luain an 1 Meán Fómhair.
Spéir, Pantrach Chomhaltas na Mac Léinn
Tabhair do d’aire go mbeidh roinnt leasuithe i bhfeidhm maidir le huaireanta oscailte/clárú do Spéir thar thréimhse Scrúduithe, mar seo a leanas:
- 2pm + 3.30pm Dé hAoine an 2 Bealtaine (cláraigh ANSEO faoi 4pm inniu Déardaoin an 1 Bealtaine)
- 2pm + 3.30pm Dé Céadaoin an 7 Bealtaine (cláraigh ANSEO faoi 4pm Dé Máirt an 6 Bealtaine)
- 2pm + 3.30pm Dé hAoine an 9 Bealtaine (cláraigh ANSEO faoi 4pm Déardaoin an 8 Bealtaine)
Déantar crannchur chun na sliotáin a thabhairt amach don Phantrach. Bí cinnte go dtugann tú mála leat!
Bronnadh Céimeanna an Fhómhair
Beidh Bronnadh Céimeanna an Fhómhair ar siúl Dé Céadaoin an 15 go dtí Dé Máirt an 21 Deireadh Fómhair 2025. Tuilleadh eolais ANSEO.
Iarratais SUSI ar Oscailt
Is é SUSI údarás náisiúnta na hÉireann um bhronnadh deontas don bhreisoideachas agus don ardoideachas. Tá SUSI ag glacadh le hiarratais nua ar dheontais don bhliain acadúil 2025/26 anois. Tuilleadh eolais ANSEO.
Uaireanta Breise Oscailte ag an Deireadh Seachtaine sa Leabharlann
- 08:30-21:30 Dé Sathairn an 3 Bealtaine + 10:00-21:30 Dé Domhnaigh an 4 Bealtaine
Beidh an Seomra Léitheoireachta ar oscailt 7am-8.30am gach lá
Deonaigh Fuil i nGaillimh i mí na Bealtaine
- Óstán Clybaun: 15:50-20:10 Dé Máirt an 20, Dé Céadaoin an 21 agus Déardaoin an 22 Bealtaine. 11:30-15:10 Dé Domhnaigh an 25 Bealtaine.
- Óstán Menlo Park: 15:50-20:10 Dé Máirt an 27, Dé Céadaoin an 28 agus Dé hAoine an 29 Bealtaine
Seiceáil incháilitheacht agus cuir coinne in áirithe ANSEO.
Comhaltas na Mac Léinn ar Oscailt i rith an tSamhraidh ar fad!
Beidh Oifig an Chomhaltais ar oscailt i rith an tsamhraidh ar fad 10am-12.30pm agus 2pm-4.30pm, Luan go Déardaoin + 10am-2pm De hAoine (druidte ar Laethanta Saoire Bainc agus ar laethanta oiliúna foirne) má tá aon rud uait. Is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigigh an Chomhaltais má theastaíonn aon chabhair uait ANSEO.
Déan Teagmháil Linn / Contact Us
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat. Is féidir muid a leanúint ar Facebook, ar Instagram, ar Tik Tok (@cmlong_su) agus ar X (Twitter). Chun an nuacht agus an t-eolas is déanaí a fháil maidir le coistí Chomhaltas na Mac Léinn, cláraigh lenár bpobal WhatsApp ANSEO.