Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. Beidh Leagan Gaeilge ar fáil ANSEO  

 

Protest this Saturday

Join us at 5pm this Saturday 6th of April on the President’s Lawn to protest the Fine Gael Ard Fheis which is being held on campus this weekend. We are calling for a General Election now as we’ve no confidence in the current Government.

 

Locker Key Return Deadline

The deadline to return your locker key is 5pm Friday 3rd of May. Please return your locker key to the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn (you can leave the lock on your locker!). Items left in lockers after the deadline will be recycled, donated to charity or disposed of.

 

MMR Vaccination Clinic Today

Get your free MMR Vaccine 10am-3pm today Thurs 4th of April in THB-G011 (The Hardiman Building).

 

SU Service Extended Opening Hours 8th-26th April

  • Smokey’s Café: Monday to Thursday 8.30am to 8pm, Friday 8.30am to 5pm. Closed Saturday and Sunday.
  • SU Shop: Monday to Friday 8am to 6pm. Saturday and Sunday 10am to 3pm.

 

HIV and Syphilis Testing

Free rapid HIV and Syphilis testing with Sexual Health West 12pm-3pm Thursday 11th April in The Space upstairs in Áras na Mac Léinn. No appointment necessary.

 

Extra Study Spaces

Extra individual and group study spaces are available in Cairnes Building, IT Building, Concourse, Áras Uí Chathail, Arts Millennium Building, Engineering Building and Clinical Science Building. Full list HERE. Find out more on Galway Exams 101 HERE

 

Table Quiz for Gaza

There’s a general knowledge table quiz to fundraise for UNWRA Aid in Gaza at 8pm this Monday 8th of April at Sult. Teams of 4-6 members, €5 per person. Prizes for 1st place and spot prizes to be won.

 

Library Study Break Policy

The study break policy will be in effect April 2nd – 26th. You will find study break forms at the entrance to the Library. If you’re leaving your seat for a short break (5-60 minutes), you should fill out the form and leave it on the table. Vacant seats without forms may have belongings moved. This is to ensure there are seats available for everyone. And, as always, remember to bring your University card for access to the Library (you’ll need it for your exams too!)

 

Donate Don’t Dump!

If you’re moving out soon and have any of the following items that you no longer need please consider donating them to the following appeals:

  1. Lab Coats and Goggles can be donated in the SU Office until 5pm Fri 3rd of May. These will be passed on to students who need them in September.
  2. New, unused, in-date personal care and household cleaning essentials can be donated at the SU Office until 5pm Fri 26th April for our Hygiene Hub appeal. More info HERE.
  3. Clothes, Bed Linen, Towels, Shoes, Jewellery and Kitchen Utensils can be donated at our Galway Simon Community Collection Day 11am-3pm Fri 26th April in The Large Acoustic Room downstairs in Áras na Mac Léinn
  4. Adult Running Shoes and Raincoats can be donated to Galway Sanctuary Runners so that refugees and people seeking international protection can join their community running group. More info HERE.
  5. Bikes – If you’ve an old bike in good condition, An Mheitheal Rothar would love to give it a new lease of life. The finished bikes are sold at affordable prices or donated to those in need, such as refugees. More info HERE.

 

School of Education Charity Drive

Please consider donating any new or gently used bed linens and towels, hygiene products, rain jackets and boots, sports gear, or children’s books for local DEIS primary school students on Friday 19th April (3-6pm) and Saturday 20th April (10am-3pm) at the University of Galway School of Education Building on Nun’s Island, or contact Katie Kaufman (k.kaufman1@universityofgalway.ie) with any queries.

 

ALIVE Volunteering Certificate Deadline Weds 10th April

Did you volunteer this year as a Class Rep, CÉIM leader, An Coiste Gaeilge, Events Crew or Welfare Crew? Don’t forget to apply for your ALIVE Volunteering Certificate and get recognised for your time spent volunteering. The deadline for applications is Weds 10th of April. More info HERE or email alive@universityofgalway.ie

 

SUSI Applications

Remember you need to reapply for SUSI each year – it doesn’t happen automatically! The closing dates for priority processing are 06/06/2024 for renewals and 11/07/2024 for new applications. The online system will remain open to accept applications after these dates, and the final deadline will be announced on the SUSI website in early Autumn.

 

Sin Issue 6

Our last issue of Sin newspaper is out now HERE with all the news you need to know from campus and beyond!

 

Speak Out

Speak Out is an online anonymous reporting tool available to all students and staff to disclose incidents of bullying, cyberbullying, harassment, discrimination, hate crime, coercive behaviour/ control, stalking, assault, sexual harassment, sexual assault, and rape. The Speak Out tool is available HERE.

 

Give Blood in Galway this April

Clybaun Hotel

  • 15:50-20:10 today Thurs 4th April
  • 11:30-15:10 Sun 7th April

Menlo Park Hotel

  • 15:50-20:10 Tues 9th April
  • 15:50-20:10 Weds 10th April
  • 15:50-20:10 Thurs 11th April

Check your eligibility and book your appointment HERE.

 

Mental Health Supports

Don’t be afraid to reach out, you’re not alone. You can find a list of Mental Health Supports HERE.

 

Contact Us / Déan teagmháil linn

You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok and Twitter.

_________________________________________________________________________________________________________________________________________________________

Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. Beidh Leagan Gaeilge ar fáil ANSEO  

Agóid – Dé Sathairn

Bígí linn ag 5i.n. Dé Sathairn, an  6 Aibreán ar Fhaiche an Uachtaráin chun agóid a dhéanamh in aghaidh Ard-Fheis Fhine Gael atá á reáchtáil ar an gcampas an deireadh seachtaine seo. Tá Olltoghchán á éileamh againn anois mar nach bhfuil aon mhuinín againn as an Rialtas reatha.

 

Spriocdháta le haghaidh Eochracha do Locair a Thabhairt ar ais

Is é an spriocdháta chun d’eochair locair a thabhairt ar ais ná 5i.n. Aoine,  an 3 Bealtaine. Cuir d’eochair locair ar ais chuig Oifig Chomhaltas na Mac Léinn thuas staighre in Áras na Mac Léinn (is féidir leat an glas a fhágáil ar do locair!). Déanfar earraí a fhágfar i locair tar éis an spriocdháta a athchúrsáil, a bhronnadh ar charthanacht nó a dhiúscairt.

 

Clinic Vacsaíne MMR Inniu

Faigh do Vacsaín MMR saor in aisce 10r.n.-3i.n. inniu Déardaoin 4 Aibreán i THB-G011 (Áras Uí Ardagáin).

 

Uaireanta Sínte Oscailte Sheirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn 8-26 Aibreán

  • Caifé Smokey’s: Luan go Déardaoin 8.30r.n. go 8i.n., Aoine 8.30r.n. go 5i.n. Dúnta Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.
  • Siopa Chomhaltas na Mac Léinn: Luan go hAoine 8r.n. go 6i.n. Satharn agus Domhnach 10r.n. go 3i.n.

 

Tástáil VEID agus Sifilis

Mearthástáil VEID agus Sifilis saor in aisce le Sexual Health West 12i.n.-3i.n. ar an Déardaoin, an 11 Aibreán in The Space thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Ní gá coinne a dhéanamh.

 

Spásanna Staidéir Breise

Tá spásanna breise staidéir aonair agus grúpa ar fáil i bhFoirgneamh Cairnes, Foirgneamh TF, Foirgneamh na nDán/na hEolaíochta, Áras Uí Chathail, Áras Dán na Mílaoise, Foirgneamh Innealtóireachta agus Foirgneamh Eolaíochta Cliniciúla. Liosta iomlán ANSEOFaigh tuilleadh eolais ar Scrúduithe na Gaillimhe 101 ANSEO

 

Tráth na gCeist ar son Gaza

Beidh tráth na gceist boird ann hairgead a thiomsú do UNWRA Aid in Gaza ar 8i.n. Dé Luain, an 8 Aibreán ag Sult. Foirne de 4-6 duine, €5 an duine. Duaiseanna don 1ú háit agus spotduaiseanna le buachan.

Polasaí um Shos Staidéar sa Leabharlann

Beidh an polasaí um shos staidéir i bhfeidhm ón 2  – 26 Aibreán. Gheobhaidh tú foirmeacha sosa staidéir ag an mbealach isteach chuig an Leabharlann. Má tá tú ag fágáil do shuíocháin ar mhaithe le sos gairid (5 -60 nóiméad), ba chóir duit an fhoirm a líonadh agus í a fhágáil ar an mbord. D’fhéadfadh sé go mbeadh giuirléidí bogtha ag suíocháin fholmha gan foirmeacha. Déantar é seo chun a chinntiú go bhfuil suíocháin ar fáil do gach duine. Agus, mar is gnáth, cuimhnigh do chárta Ollscoile a thabhairt leat chun rochtain a fháil ar an Leabharlann (beidh sé ag teastáil uait le haghaidh do chuid scrúduithe freisin!)

 

Deonaigh, Ná Dumpáil!

Má tá tú ag bogadh amach go luath agus má tá aon cheann de na nithe seo a leanas agat nach dteastaíonn uait a thuilleadh smaoinigh ar iad a thabhairt do na feachtais seo a leanas:

  1. Is féidir Cótaí Saotharlainne agus Spéaclaí Cosanta  a dheonú in Oifig Chomhaltas na Mac Léinn go dtí 5i.n. Aoine, an 3 Bealtaine. Cuirfear iad seo ar aghaidh chuig mic léinn a mbeidh siad ag teastáil uathu i mí Mheán Fómhair.
  2. Is féidir earraí cúraim phearsanta agus táirgí glantacháin tí nua, neamhúsáidte agus ag teacht leis a dáta a dheonú in Oifig Chomhaltas na Mac Léinn go dtí 5i.n. Aoine, an 26 Aibreán dár bhfeachtas don Mhol Sláinteachais. Níos mó eolaisANSEO.
  3. Is féidir Éadaí, Línéadach Leapa, Tuáillí, Bróga, Seodra agus Uirlisí Cistine a dheonú ag ár Lá Bailiúcháin do Chlann Shíomóin na Gaillimhe agn.-3i.n. Aoine, an 26 Aibreán i The Large Acoustic Room thíos staighre in Áras na Mac Léinn
  4. Is féidir Bróga Reatha agus Cótaí Báistí do Dhaoine Fásta a dheonú ar Galway Sanctuary Runners ionas gur féidir le dídeanaithe agus daoine atá ag lorg cosaint idirnáisiúnta a bheith páirteach ina ngrúpa reatha pobail.Níos mó eolais ANSEO.
  5. Rothair – Má tá seanrothar le bail mhaith air, ba bhreá leis An Mheitheal Rothar beocht a chur iontu arís. Díoltar na rothair chríochnaithe ar phraghsanna inacmhainne nó bronntar iad orthu siúd atá i ngátar, amhail dídeanaithe. Níos mó eolaisANSEO.

 

Feachtas Carthanais Scoil an Oideachais

Smaoinigh, le do thoil, ar aon línéadach leapa agus tuáillí a úsáideadh go hannamh, táirgí sláinteachais, seaicéid agus buataisí báistí, fearas spóirt, nó leabhair do pháistí do dhaltaí bunscoile DEIS áitiúla a dheonú Dé hAoine, an 19 Aibreán (3 -6i.n.) agus Dé Sathairn, an 20 Aibreán (10r.n. -3i.n.) ag Foirgneamh Scoil Oideachais Ollscoil na Gaillimhe ar Oileán Altanach, nó déan teagmháil le Katie Kaufman (k.kaufman1@universityofgalway.ie) le haon cheisteanna.

 

Spriocdháta do Theastas Saorálaíochta ALIVE Dé Céadaoin, an 10 Aibreán

Ar thug tú faoi obair dheonach i mbliana mar Ionadaí Ranga, ceannaire CÉIM, An Coiste Gaeilge, Criú Imeachtaí nó ball den Chriú Leasa? Ná déan dearmad iarratas a dhéanamh ar do Dheimhniú Oibre Deonach ALIVE agus aitheantas a fháil as an am a chaith tú ag obair go deonach. Is é Dé Céadaoin, an 10 Aibreán an spriocdháta le haghaidh iarratas. Tuilleadh eolais ANSEO nó seol ríomhphost chuig alive@universityofgalway.ie

 

Iarratais SUSI

Cuimhnigh go gcaithfidh tú iarratas a dhéanamh do SUSI gach bliain – ní tharlaíonn sé go huathoibríoch! Is iad na dátaí deiridh le haghaidh próiseáil tosaíochta ná 06/06/2024 le haghaidh athnuachana agus 11/07/2024 le haghaidh iarratas nua. Fanfaidh an córas ar líne oscailte chun glacadh le hiarratais tar éis na ndátaí seo, agus fógrófar an spriocdháta deiridh ar shuíomh gréasáin SUSI go luath san Fhómhar.

 

Eagrán 6 de Sin

Tá ár n-eagrán deireanach de nuachtán Sin amach ANSEO anois leis an nuacht uile an champais agus níos faide i gcéin atá ag teastáil uait!

 

Speak Out

Is uirlis tuairiscithe gan ainm ar líne é Speak Out atá ar fáil do gach mac léinn agus ball foirne chun eachtraí bulaíochta, cibearbhulaíochta, ciaptha, idirdhealaithe, coireachta fuatha, iompar/ rialú comhéigneach, stalcaireacht, ionsaí, ciapadh gnéasach, ionsaí gnéis, agus éigniú a nochtadh. Tá an uirlis Speak Out ar fáil ANSEO.

 

Tabhair Fuil i nGaillimh i mí Aibreáin

Óstán an Chlaí Bháin

  • 15:50-20:10 inniu Déardaoin, an 4 Aibreán
  • 11:30-15:10 Dé Domhnaigh, an 7 Aibreán

Óstán Pháirc Mhionlaigh

  • 15:50-20:10 Dé Máirt, an 9 Aibreán
  • 15:50-20:10 Dé Céadaoin, an 10 Aibreán
  • 15:50-20:10 Déardaoin, an 11 Aibreán

Seiceáil d’incháilitheacht agus cuir do choinne in áirithe ANSEO.

Tacaíochtaí Meabhairshláinte

Ná bíodh eagla ort teagmháil a dhéanamh agus cabhair a iarraidh, níl tú i d’aonar. Is féidir leat liosta de Thacaíochtaí Meabhairshláinte a fháil ANSEO.

 

Déan Teagmháil Linn

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn trí ríomhphost a sheoladh chuig studentsunion@universityofgalway.ie le haon cheisteanna nó moltaí atá agat. Is féidir ‘like’ a thabhairt dúinn nó muid a leanúint ar  Facebook Instagram Tik Tok agus Twitter.