Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn.

SU Election Results

Thanks to everyone who came out and voted last week in the SU Elections which had a record turnout of 4,895 voters! The election results are available on HERE and your new officers will take up their roles from 1st of July. Well done to all the candidates and their teams!

We still have 6 more SU Officer positions to fill and voting will take place online 8am-8pm next Thurs 27th March to elect your new:

  • Gender & LGBT+ Rights Officer
  • Mature Students’ Officer
  • Postgraduate Taught Officer
  • Convenor of College of Medicine, Nursing and Health Sciences
  • Convenor of College of Science and Engineering
  • Societies Chairperson

The list of candidates will be announced tomorrow (Friday) once the deadline for withdrawals closes.

Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn on Monday

Our next Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn (Class Reps Council) meeting is at 6pm on Monday 24th of March in the O’Flaherty Theatre. All are welcome to attend. Only Class Reps may vote at the meeting.

Save Pálás Campaign

Please take a minute to sign the petition HERE to support the Save Pálás Campaign.

Comhdháíl 2025

Comhdháil is the annual USI congress event where students and SU Officers from around the country meet to debate and decide policies and vote in USI Elections. Applications are now open to attend Comhdháil 2025 as a delegate from University of Galway 13-17 April. Apply HERE.

Have you got a lab coat or goggles that you no longer need?

Our donation drive is back! Donate lab coats and goggles at the SU Office so that they can be passed on to other students next year. Donation deadline Fri 2nd May.

Renters’ Rights Day

Join us 11am-3pm Monday 31st March in the SU Síbín for our Renters’ Rights Day event. If you’ve any questions about your rights as a renter there’ll be a Threshold advisor available to help you. We’re also looking for renters to let us know their experiences of landlords not returning deposits. If you’d like to tell your story on camera please email studentsunion@universityofgalway.ie

Free Rapid HIV & Syphilis Testing

1pm-3pm Thurs 27th March with Sexual Health West in The Space upstairs in Áras na Mac Léinn. No appointment needed.

What Universities need to know about trans healthcare

Join this important discussion 11.30am-1pm Fri 28th March at the Hardiman building looking at how universities can better support trans and non-binary students and staff. Register to attend HERE.

Study Supports for You

Speak Out

Speak Out is an online anonymous reporting tool available HERE to all students and staff to disclose incidents of bullying, cyberbullying, harassment, discrimination, hate crime, coercive behaviour / control, stalking, assault, sexual harassment, sexual assault, and rape.

ADT4Blue Entrepreneurship Showcase

Are you an early-stage entrepreneurs or aspiring entrepreneur passionate about innovation, sustainability, and digital transformation? The ADT4Blue Entrepreneurship Showcase is your opportunity to connect with inspiring founders, industry leaders, and digital pioneers shaping the future of the Blue Economy! More info and sign up HERE.

Conferring Dates

  • Summer Conferring 12 June 2025
  • Autumn Conferring 15-21 October 2025
  • Winter Conferring 19-25 November 2025

More info HERE.

Are you an International or domestic minority ethnic student that requires confidential advice?

The EDI Race Equality Advisors are available to meet with you and discuss any issues you may be experiencing, including racial discrimination. Click on your College below to book a confidential in person or online meeting.

March SU Events

Here’s just some of what we have coming up this month and there’s lots more to be added so stay tuned! More info HERE.  

Contact Us / Déan teagmháil linn

You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) and X (Twitter). For the most up to date news and info on all Students’ Union committees, join our WhatsApp communityHERE.

________________________________________________________________________________________________________________

Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn

Torthaí Thoghchán an Chomhaltais

Glacaimid buíochas le gach duine a tháinig amach chun vóta a chaitheamh an tseachtain seo i dToghchán an Chomhaltais – an toghchán is mó vótálaithe riamh le 4,895 duine ag caitheamh vóta ann! Tá torthaí an toghcháin ar fáil ANSEO agus tosóidh na hoifigigh nua ina róil an 1 Iúil. Comhghairdeas le gach iarrthóir agus leis na foirne go léir!
Tá 6 ról eile mar Oifigigh Chomhaltais go fóill le líonadh, agus is féidir vóta a chaitheamh ina leith ar líne Déardaoin, an 27 Márta chun na hoifigigh a leanas a thoghadh:

  • An tOifigeach um Chearta Inscne agus LADT+
  • Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta
  • Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha
  • Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte
  • Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
  • Cathaoirleach na gCumann

Fógrófar liosta na n-iarrthóirí amárach, Dé hAoine, a luaithe a bheidh an sprioc-am chun tarraingt siar istigh.

Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn ar an Luan
Beidh an chéad chruinniú eile de Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn (Comhairle na nIonadaithe Ranga) ar siúl ag 6pm Dé Luain an 24 Márta i Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh. Beidh fáilte roimh chách freastal ar an imeacht. Ní bheidh ceart vótála ag an gcruinniú ach ag Ionadaithe Ranga.

Feachtas chun an Pálás a Shábháil
Tóg nóiméad chun an achainí a shíniú ANSEO chun tacú leis an bhFeachtas chun an Pálás a Shábháil.

Comhdháíl 2025
Is é Comhdháil imeacht bliantúil AMLÉ inar féidir le mic léinn agus Oifigigh Chomhaltais ar fud na tíre teacht le chéile chun beartais a phlé agus a chinneadh, chomh maith le vótaí a chaitheamh i dToghcháin AMLÉ. Tá iarratais ar oscailt anois chun freastal ar Chomhdháil 2025 mar thoscaire Ollscoil na Gaillimhe 13-17 Aibreán. Déan iarratas ANSEO.

An bhfuil cóta nó spéaclaí saotharlainne agat nach dteastaíonn uait a thuilleadh?
Tá an feachtas deonaithe ar ais! Deonaigh cótaí agus spéaclaí saotharlainne ag Oifig an Chomhaltais ionas gur féidir iad a thabhairt do mhic léinn eile an bhliain seo chugainn. Spriocdháta chun deonú, Dé hAoine an 2 Bealtaine.

Lá Chearta na gCíosaithe
Bígí linn 11am-3pm, Dé Luain, an 31 Márta i Síbín an Chomhaltais d’imeacht Lá Chearta na gCíosaithe. Má tá aon cheist agat maidir le do chearta mar chíosaí, beidh comhairleoir de chuid Threshold ar fáil chun cuidiú leat. Táimid ar lorg cíosaithe chun insint dúinn faoi aon chásanna de thiarnaí talún gan taiscí a thabhairt ar ais fosta. Más suim leat do scéal a roinnt linn ar ceamara, seol ríomhphost chuig studentsunion@universityofgalway.ie

Mearthástáil Saor in Aisce le haghaidh VEID agus na Gallbholgaí
1i.n.-3i.n., Déardaoin an 27 Márta le Sláinte Ghnéis an Iarthair sa Spás, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Ní gá duit coinne a bheith agat.


Cad nach mór a bheith ar eolas ag Ollscoileanna maidir le cúram sláinte do dhaoine trasinscneacha?

Bígí linn don phlé tábhachtach seo 11.30am-1pm, Dé hAoine an 28 Márta i bhFoirgneamh Hardiman chun féachaint arna dóigheanna ar féidir le hollscoileanna tacaíocht níos fearr a thabhairt do mhic léinn agus do bhaill foirne atá trasinscneach nó neamh-dhénártha. Cláraigh le freastal ar an imeacht ANSEO.

Tacaíochtaí Staidéir Duit

Speak Out
Is uirlis ar líne é Speak Out atá ar fáil ANSEO do gach mac léinn chun tuairisc a thabhairt ar eachtraí a bhaineann le bulaíocht, cibearbhulaíocht, ciapadh, idirdhealú, coireanna fuatha, iompraíocht chomhéigneach/sriantach, stalcaireacht, ionsaí, ciapadh gnéasach, ionsaí gnéasach agus éigniú.

Taispeántas Fiontraíochta ADT4Blue
An fiontraí sna luathchéimeanna nó ardaidhmeannach thú le dú-shuim sa nuálaíocht, san inbhuanaitheacht agus sa chlaochlú digiteach? Is deis é an Taispeántas Fiontraíochta ADT4Blue chun caidreamh a thógáil le bunaitheoirí ardaidhmeannacha, le ceannródaithe tionscail agus digiteacha atá ag múnlú thodhchaí an Gheilleagair Ghoirm! Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO.

Dátaí Bronnta Céimeanna

  • Bronnadh Céimeanna an tSamhraidh, 12 Meitheamh 2025
  • Bronnadh Céimeanna an Fhómhair, 15-21 Deireadh Fómhair 2025
  • Bronnadh Céimeanna an Gheimhridh, 19-25 Samhain 2025

Tuilleadh eolais ANSEO.

An mac léinn idirnáisiúnta nó náisiúnta thú as mionlach eithneach atá ar lorg comhairle faoi rún?
Tá Comhairleoirí um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú ar fáil le bualadh leat agus aon cheisteanna atá agat a phlé, ar a n-áirítear idirdhealú ciníoch. Cliceáil ar do Choláiste thíos chun cruinniú rúnda duine le duine nó ar líne a chur in áirithe.

Imeachtaí an Chomhaltais i mí an Mhárta
Níl anseo ach cuid dá bhfuil le teacht an mhí seo. Tá neart eile ar na bacáin freisin, mar sin bígí ag faire amach! Tuilleadh eolais ANSEO.

Déan Teagmháil Linn / Contact Us
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat. Is féidir muid a leanúint ar Facebook, ar Instagram, ar Tik Tok (@cmlong_su) agus ar X (Twitter). Chun an nuacht agus an t-eolas is déanaí a fháil maidir le coistí Chomhaltas na Mac Léinn, cláraigh lenár bpobal WhatsApp ANSEO.