Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Consent Week Continues!
Consent Week continues today + tomorrow with lots of great events happening on campus including: Free STI Testing, Active* Consent activities, Disclosure Training and lots of free condoms + lube! More infoHERE.
Vote Today
Vote online 10am-8pm Today Thurs 5 Feb on YourSpace at THIS LINK to elect your new SU Convenor of the College of Medicine, Nursing & Health Sciences. *Please note only registered Medicine, Nursing and Health Science students may vote in this election.
RAG Week Events Booking Up Fast!
Sun 8 Feb
- 8am-8am Flirt FM 24 Hour Radio-thon. Tune in as Flirt FM broadcast for 24 hours on 101.3FM without a break! Donations HERE.
- 12.30pm RAG Run. Sign up for the RAG 5km Fun Run/Jog/Walk/Roll HERE. Entry is just €10 which all goes to the SU Charities. Goodie bags + t-shirts for all entrants! Prizes for best costumes with a Heroes and Villains theme (Costumes optional but encouraged!)
Mon 9 Feb (Mayo Monday)
- 11am-3pm RAG Sale. Pop Up Charity Clothes Shop with Galway Simon Community in the Cube downstairs in Áras na Mac Léinn
- 12pm-3pm Dunk Tank. Outside Áras na Mac Léinn.
- 12pm-3pm Writers Soc Blind Date With a Book (store) in The View. This pop-up bookstore offers a charming way to discover new authors, genres, and narratives like never before! Each book comes wrapped with its very own blurb, so for the small price of €5 you can pick the perfect literary suitor for you!
- 6pm-10pm Firewalk. More info and sign up HERE.
- 7pm-9pm Postgrad Quiz Night in The Space upstairs in Áras na Mac Léinn. Get your €5 ticket HERE. Great prizes to be won!
- 8pm-9pm Jack Reilly at Sult. Free Entry.
- 9.30pm-11pm Clada at Sult (Doors close 10pm). Free Entry.
Tues 10 Feb (Donegal Tuesday)
- 1pm Shave Off. Shave your head or face to raise funds for the SU Charities! More info and sign up HERE.
- 4pm MC Pat Flynn at Sult. Free Entry.
Weds 11 Feb
- 11am-4pm SU Charity Cup. €500 prize up for grabs in this 5 A Side Competition in the Corrib Cages. More info and Sign up HERE.
- 12pm-4pm Sports Day Challenge with the University of Galway Sports Clubs vs ATU.
Thurs 12Feb
- 11am-12pm Galentine’s Day Prosecco and Pancake Brunch in the Corrib Room at Sult in aid of the SU Charities. Tickets available HERE.
- 8pm Comedy Gig with Tom O’Mahony in the O’Flaherty Theatre. €5 Tickets available HERE. MC Cathal Shanagher and the line up also includes Enda Whitney, Donna Fletcher, Seán Ryan and Chris Watts.
- 8pm Speed Quizzing at Sult. €5 entry includes a free pint. €100 worth of prizes!
Fri 13Feb
- 1pm-2pm Charity Auction. Join us at in the Corrib Room at Sult for lunch and a charity auction with Hugh and Eoin from O’Donnellan & Joyce Auctioneers. Tickets €5 on saleHERE includes lunch. Auction item listHERE
SU Officer Elections
Election nominations for all 18 SU Officer positions open 10am Weds 25 Feb and close 5pm Weds 4 March.Voting takes place Thurs 12 March. More info HERE.
Apply to be a 2026/27 CÉIM leader by 9 February
Last chance to get your application in before Monday! Make new friends, support 1st year students, get free intensive leadership training, boost your CV, develop new skills, put your learning into practice, gain the CÉIM Leadership Award, and get a free CÉIM hoodie! Apply by 9 February.
Get Tested Today
FREE Rapid HIV and Syphilis Testing with Sexual Health West in The Space upstairs in Áras na Mac Léinn 1pm-3pm today Thurs 5 Feb. No appointment required.
Student Sustainability Champion Badge
A Sustainability Champion is a student who actively drives sustainability efforts through leadership, advocacy, and hands-on initiatives. You can find out more about applying for this digital badge HERE.
Cost of College Survey – win €500!
Please take a minute to complete the AMLÉ Cost of College Survey HERE and you could win €500. Your input will help AMLÉ identify student needs nationally so they can lobby the Government on same.
Free Digital Champion Workshops
- Design 11am-1pm Weds 11 Feb in Meeting Room 1 & 2, Áras na Mac Léinn REGISTER
- Video 11am-1pm Weds 4 March in Meeting Room 1 & 2, Áras na Mac Léinn REGISTER
- Podcasting 12pm-2pm Tues 10 March in Meeting Room 1 & 2, Áras na Mac Léinn REGISTER
RAG Week Volunteering
We need lots of volunteers to help us make RAG Week happen. If you’re available and willing to volunteer during RAG Week to help us raise funds for Galway Rape Crisis Centre and GOAL please email joanna.brophy@universityofgalway.ie
Want student discounts and deals?
Download the FREE MyAMLÉ app HERE and you’ll access loads of great student offers from local, national and international brands. Plus for every app sign up in February a donation will be made to the SU Charities!
Firewalk on Monday just 4 spaces left!
Take part in a once in a lifetime fundraising event by joining our Firewalk team for RAG Week! Experience the exhilaration of walking on fire! More infoHERE.
Contact Us
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
______________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
An tSeachtain Toilithe faoi lán seoil!
Leanann an tSeachtain Toilithe ar aghaidh inniu agus amárach le neart imeachtaí den scoth ar siúl ar an gcampas, lena n-áirítear: Tástáil STI saor in aisce, gníomhaíochtaí Active* Consent, Oiliúint um Nochtadh agus neart coiscíní agus bealadh saor in aisce! Tuilleadh eolais ANSEO.
Vótáil Inniu
Caith vóta ar líne ar YourSpace ar AN NASC SEO, 10am-8pm, Inniu Déardaoin an 5 Feabhra, chun Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte a thoghadh. *Tabhair faoi deara gur mic léinn atá cláraithe ar chúrsaí Leighis, Altranais agus Eolaíochtaí Sláinte amháin atá in ann vótáil sa toghchán seo.
Imeachtaí Seachtain RAG á Líonadh go Gasta!
Dé Domhnaigh, an 8 Feabhra
- 8am-8amMaratón Raidió 24 Uair an Chloig le Flirt FM. Éist le Flirt FM ag craoladh 24 uair an chloig gan sos ar 101.3FM! Deonacháin ANSEO.
- 12.30pm Rith RAG. Cláraigh don Rith/Bogshodar/Siúl/Rolladh Spraoi 5km RAG ANSEO.Ní chosnaíonn sé ach €10 chun clárú agus rachaidh an t-airgead sin ar fad chuig Carthanais an Chomhaltais. Málaí féiríní ⁊ t-léinte do gach iarrthóir! Duaiseanna do na cultacha is fearr faoin téama ‘Laochra agus Bithiúnaigh’ (culaith roghnach ach moltar iad!)
Dé Luain, an 9 Feabhra (Luan Mhaigh Eo)
- 11am-3pm Díolachán RAG. Tobshiopa carthanachta éadaí i gcomhar le Clann Shíomóin na Gaillimhe sa Chiúb, thíos staighre in Áras na Mac Léinn
- 12pm-3pm Umar Tumtha. Lasmuigh d’Áras na Mac Léinn.
- 12pm-3pm Coinne Chéad Aithne le (siopa) Leabhar á reáchtáil ag Cumann na Scríbhneoirí sa Radharc. Soláthraíonn an tobshiopa leabhar deis dheas chun teacht ar údair, seánraí agus scéalta eile ar shlí úr! Tá a bhlurba féin ag gabháil le gach leabhar, agus an leabhar clúdaithe. Mar sin, ar phraghas íseal €5 is féidir an saothar litríochta is feiliúnaí duit féin a roghnú!
- 6pm-10pm Siúlóid Dóiteáin. Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO.
- 7pm-9pm Tráth na gCeist do Chéimithe sa Spás, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Faigh do thicéid ar €5 ANSEO.. Duaiseanna iontacha le buachan!
- 8pm-9pm Jack Reilly in Sult. Saorchead isteach.
- 9.30pm-11pm Clada in Sult (Dúnfar na doirse ar 10pm). Saorchead isteach.
Dé Máirt, an 10 Feabhra (Máirt Dhún na nGall)
- 1pm An Bearradh Mór. Bearr díot do chuid gruaige nó d’fhéasóg le hairgead a thiomsú do Charthanais an Chomhaltais! Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO.
- 4pm MC Pat Flynn in Sult. Saorchead isteach.
Dé Céadaoin, an 11 Feabhra
- 11am-4pm Corn Carthanachta an Chomhaltais. Duais €500 le buachan sa chomórtas cúigear an taobh seo i gCaighin na Coiribe. Tuilleadh eolais agus clárúchánANSEO.
- 12pm-4pm Dúshlán Lae Spóirt le Clubanna Spóirt Ollscoil na Gaillimhe i gcoinne ATU.
Déardaoin, an 12Feabhra
- 11am-12pm Bróinse Prosecco is Pancóg ar Lá na gCairde Ban i Seomra na Coiribe i mbeár Sult ar mhaithe le Carthanais an Chomhaltais. Ticéid ar fáil ANSEO.
- 8pm Gig Ghrinn le Tom O’Mahony in Amharclann Uí Fhlaitheartaigh. Ticéid ar fáil ar €5 ANSEO.. Chomh maith le Cathal Shanagher mar fhear a’ tí, beidh Enda Whitney, Donna Fletcher, Seán Ryan agus Chris Watts ar an gclár.
- 8pm Quiz Sciobtha i mbeár Sult. €5 cead isteach le pionta saor in aisce. Luach €100 de dhuaiseanna le buachan!
Dé hAoine, an 13Feabhra
- 1pm-2pm Ceant Carthanachta. Bí linn i Seomra na Coiribe in Sult le haghaidh lóin agus ceant carthanachta le Hugh agus Eoin ó O’Donnellan & Joyce Auctioneers. Ticéid €5 ar díol ANSEO , le lón san áireamh. Liosta earraí an cheantANSEO
Toghcháin na nOifigeach Comhaltais
Osclófar ainmniúcháin toghcháin do na 18 bpost mar Oifigigh Chomhaltais ar 10am, Dé Céadaoin, an 25 Feabhra agus dúnfar ainmniúcháin ar 5pm Dé Céadaoin an 4 Márta.Déanfar an vótáil Déardaoin an 12 Márta. Tuilleadh eolais ANSEO.
Déan iarratas le bheith i do cheannaire CÉIM le haghaidh 2026/27 faoin 9 Feabhra.
Deis dheireanach chun iarratas a chur isteach roimh Dé Luain! Buail le cairde nua, tabhair tacaíocht do mhic léinn na chéad bhliana, téigh faoi oiliúint cheannaireachta, cuir le do CV, cuir an oiliúint féin i ngníomh, gnóthaigh Gradam Ceannaireachta CÉIM agus faigh húdaí CÉIM saor in aisce! Déan iarratas faoin 9 Feabhra.
Faigh Tástáil Inniu
Mearthástáil SAOR IN AISCE le haghaidh VEID agus na Gallbholgaí le Sláinte Ghnéis an Iarthair. Ar siúl 1pm-3pm inniu, Déardaoin, an 5 Feabhra sa Spás, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Ní gá coinne a dhéanamh roimh ré.
Suaitheantas do Churaidh Inbhuanaitheachta na Mac Léinn
Mac léinn a thiomáineann dúthracht ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht go gníomhach trí cheannaireacht, abhcóideacht agus tionscnaimh phraiticiúla is ea Curadh Inbhuanaitheachta. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi iarratas a dhéanamh ar an suaitheantas digiteach seo ANSEO.
Suirbhé maidir le Costais Choláiste – buaigh €500!
Tóg nóiméad chun Suirbhé AMLÉ maidir le Costais Choláiste a chomhlánú ANSEO agus seans go mbuafaidh tú €500. Cabhróidh do chuid ionchuir le AMLÉ riachtanais na mac léinn a shainaithint go náisiúnta ionas gur féidir leo brústocaireacht a dhéanamh ar an Rialtas ina leith.
Ceardlanna Saor in Aisce don Saol Digiteach
- Dearadh 11am-1pm, Dé Céadaoin, an 11 Feabhra i Seomra Cruinnithe 1 & 2, Áras na Mac Léinn CLÁRAIGH
- Físeáin 11am-1pm, Dé Céadaoin, an 4 Márta i Seomra Cruinnithe 1 & 2, Áras na Mac Léinn CLÁRAIGH
- Podchraoladh 12pm-2pm, Dé Máirt, an 10 Márta i Seomra Cruinnithe 1 & 2, Áras na Mac Léinn CLÁRAIGH
Obair dheonach le linn Sheachtain RAG
Tá a lán oibrithe deonacha uainn le go mbeidh muid in ann Seachtain RAG a reáchtáil. Má bhíonn tú saor agus sásta obair go deonach le linn Sheachtain RAG le cabhrú linn airgead a bhailiú le haghaidh Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus GOAL, cuir ríomhphost chuig joanna.brophy@universityofgalway.ie
Ar mhaith leat lascainí agus margaí mac léinn?
Íoslódáil an aip MyAMLÉ SAOR IN AISCE ANSEO go bhfaighidh tú rochtain ar neart tairiscintí iontacha do mhic léinn ó bhrandaí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Rachaidh síntiús chuig Carthanachtaí an Chomhaltais as gach duine a chláraíonn ar an aip i mí Feabhra!
Siúl Dóiteáin Dé Luain – níl ach 4 spás fágtha!
Ar mhaith leat a bheith páirteach in imeacht nach ndéanfaidh tú arís i do shaol i mí Feabhra? Tiomsaigh airgead le haghaidh Sheachtain Phléarácaim le foireann Siúil Dóiteáin s’againn! Cuir an t-aidréanailín ag sruthú is ag sreabhadh le siúl dóiteáin! Tuilleadh eolais ANSEO.
Déan teagmháil linn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost ag studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)