Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Consent Week
Consent Week takes place Tues 3-Fri 6 Feb with lots of great events happening on campus including: Free STI Testing, Active* Consent activities, sold out Sex Toy Bingo, Disclosure Training with Galway Rape Crisis Centre and lots of free condoms + lube! More info HERE.
Book Donation Deadline Tomorrow
Donate fiction books for our RAG Week fundraiser to the SU Office by 5pm tomorrow Fri 30 Jan.
Become a 2026/27 CÉIM Peer Learning leader
Make new friends, support 1st year students, get free intensive leadership training, boost your CV, develop new skills, put your learning into practice, gain the CÉIM Leadership Award, and get a free CÉIM hoodie! Apply by 9 February.
Eco Café on Wednesday
The Eco Café is a judgement free confidential space to discuss and explore concerns about the Ecological and Climate Crisis. Please bring your thoughts, your lunch (if you would like) and stay for as long or short as you please. The next Café is on 1pm-3pm Weds 4 Feb in The River Room. Any questions please email: SU.environment@universityofgalway.ie
Bank Holiday on Monday
This Mon 2 Feb is a Bank Holiday so there’s no classes and all your SU Services – SU Office, Cloakroom, Spéir, Sult, SU Shop, Smokey’s Café and the Síbín – will be closed. The library will also be closed but the Reading Room is open as usual. Happy St Brigid’s Day!
RAG Week the lineup so far…
Sun 8 Feb
- 8am-8am Flirt FM 24 Hour Radio-thon. Tune in as Flirt FM broadcast for 24 hours on 101.3FM without a break! Donations HERE.
- 12.30pm RAG Run. Sign up for the RAG 5km Fun Run/Jog/Walk/Roll HERE. Entry is just €10 which all goes to the SU Charities. Goodie bags + t-shirts for all entrants! Prizes for best costumes with a Heroes and Villains theme (Costumes optional but encouraged!)
Mon 9 Feb (Mayo Monday)
- 11am-3pm RAG Sale. Pop Up Charity Clothes Shop with Galway Simon Community in the Cube downstairs in Áras na Mac Léinn
- 12pm-3pm Dunk Tank Outside Áras na Mac Léinn.
- 12pm-3pm Writers Soc Blind Date With a Book (store) in The View. Each book comes wrapped with its very own blurb, so for the small price of €5 you can pick the perfect literary suitor for you! All proceeds go to the SU Charities.
- 6pm-10pm Firewalk at the Quad. More info and sign up HERE.
- 7pm-9pm Postgrad Quiz Night in The Space upstairs in Áras na Mac Léinn. Get your €5 ticket HERE. Great prizes to be won!
- 8pm-9pm Jack Reilly at Sult. Free Entry.
- 9.30pm-11pm Clada at Sult (Doors close 10pm). Free Entry.
Tues 10Feb (Donegal Tuesday)
- 1pm Shave Off. Shave your head or face to raise funds for the SU Charities! More info and sign up HERE.
Weds 11Feb
- 11am-4pm SU Charity Cup. €500 prize up for grabs in this 5 A Side Competition in the Corrib Cages. More info and Sign up HERE.
- 12pm-4pm Sports Day Challenge with the University of Galway Sports Clubs.
Thurs 12Feb
- 11am-12pm Galentines Day Prosecco and Pancake Brunch in the Corrib Room at Sult in aid of the SU Charities. Tickets available HERE.
- 8pm Comedy Gig with Tom O’Mahony in the O’Flaherty Theatre. €10 Tickets available HERE.
- 8pm Speed Quizzing at Sult. €5 entry includes a free pint. €100 worth of prizes to be won!
Fri 13 Feb
- 1pm-2pm Charity Auction. Join us at in the Corrib Room at Sult for lunch and a charity auction. Tickets €5 on sale HERE soon includes lunch. Auction item list HERE soon.
All events are raising funds for the SU Charities:Galway Rape Crisis Centre and GOAL
SU Officer Elections
Election nominations for all 18 SU Officer positions open 10am Weds 25 Feb and close 5pm Weds 4 March.Voting takes place Thurs 12 March. More info HERE.
RAG Week Volunteering
We need lots of volunteers to help us make RAG Week happen. If you’re available and willing to volunteer during RAG Week to help us raise funds for Galway Rape Crisis Centre and GOAL please email joanna.brophy@universityofgalway.ie
Do you wish to strengthen your well-being and resilience this semester?
Taking Action for Whole Health and Wellbeing is a free program which develops personalised tools to manage distress and promote a positive approach to maintaining wellness. It takes place on campus over two days Sat 21 and Sun 22 February. You must be available to attend both full days. Snacks and lunch will be provided. Limited Spaces here: Taking Action for Whole Health and Wellbeing – Fill out form. Questions email: noirin.mannion@universityofgalway.ie
Hardiman PhD Scholarships close 5pm 6 Feb
The Hardiman PhD Scholarships are fully funded for four years; with a stipend of €25,000 per annum, plus tuition fee covered for the 4 years. These Scholarships offer opportunities for suitably qualified individuals to pursue a Structured PhD, on a wide range of programmes in the university.
Hult Prize at University of Galway – Win $1M to Change the World
The Hult Prize is the world’s largest student entrepreneurship competition, inviting students to develop for-profit startups aligned with the UN Sustainable Development Goals, with the local campus event taking place 10am-1pm Fri 20 Feb at BizHub. Email: hultprizegalway@gmail.com
Your SU Services
- Lockers
- Sult
- Life Skills
- CÉIM
- SIN Newspaper
- SU Card
- SU Shop
- Help and Advice from your SU Officers
- Cloakroom
- Smokey’s Café
- Spéir
- Grinds Register
- Síbín
Firewalk just 10 spaces left!
Take part in a once in a lifetime fundraising event by joining our Firewalk team for RAG Week! Experience the exhilaration of walking on fire! More infoHERE.
Contact Us | Déan teagmháil linn
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
________________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
An tSeachtain Toilithe
Titfidh an tSeachtain Toilithe amach ón Máirt an 3 Feabhra go dtí an Aoine an 6 Feabhra le neart imeachtaí iontacha ar siúl ar an gcampas, lena n-áirítear: Tástáil STI saor in aisce, gníomhaíochtaí Active Consent*, Biongó Bréagán Gnéis (atá díolta amach), Oiliúint um Nochtadh le hIonad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus neart coiscíní + bealaidh saor in aisce! Tuilleadh eolais ANSEO.
Spriocdháta chun Leabhair a Dheonú Amárach
Deonaigh leabhair ficsin in Oifig an Chomhaltais faoi 5pm amárach, Dé hAoine 30 Eanáir, chun airgead a thiomsú mar chuid de Sheachtain RAG.
Bi i do cheannaire Piarfoghlama CÉIM le haghaidh 2026/27
Deis duit le cairde nua a dhéanamh, tacú le mic léinn na chéad bhliana, dul faoi oiliúint cheannaireachta, cur le do CV, an oiliúint a chur i ngníomh, Gradam Ceannaireachta CÉIM a bhaint amach agus húdaí CÉIM saor in aisce a fháil! Déan iarratas faoin 9 Feabhra.
Éicea-Chaifé Dé Céadaoin
Spás rúnda saor ó bhreithiúnas is ea an tÉicea-Chaifé inar féidir ábhair buairim faoin nGéarchéim Éiceolaíoch agus Aeráide a phlé agus a iniúchadh.Tabhair leat do chuid smaointe, do lón (más mian leat) agus fan chomh fada agus is mian leat.Beidh an chéad Éicea-Chaifé eile ar siúl idir 1pm agus 3pm, Dé Céadaoin an 4 Feabhra i Seomra na hAbhann. Seol aon cheisteanna ar ríomhphost chuig: SU.environment@universityofgalway.ie
Lá Saoire Bainc Dé Luain
Is lá saoire bainc é an Luan seo, an 2 Feabhra. Ní bheidh aon ranganna ar siúl agus beidh seirbhísí uile an Chomhaltais dúnta – Oifig an Chomhaltais, Seomra na gCótaí, Spéir, Sult, Siopa an Chomhaltais, Caifé Smokey agus an Síbín ina measc. Beidh an leabharlann dúnta freisin ach beidh an Seomra Léitheoireachta ar oscailt mar is gnách. Beannachtaí na Féile Bríde ort!
Seachtain RAG — an clár go dtí seo…
Dé Domhnaigh, 8 Feabhra
- 8am-8amMaratón Raidió 24 Uair an Chloig le Flirt FM. Éist le Flirt FM ag craoladh gan sos gan stad ar feadh 24 uair an chloig ar 101.3FM! Deonacháin ANSEO.
- 12.30pm Rith RAG. Cláraigh don Rith/Bogshodar/Siúl/Rolladh Spraoi 5km RAG ANSEO. Ní chosnaíonn sé ach €10 chun clárú agus rachaidh an t-airgead sin ar fad chuig Carthanais an Chomhaltais. Málaí féiríní ⁊ t-léinte do gach iarrthóir! Téama Laochra agus Bithiúnaigh ann (Moltar culaith a chaitheamh, ach tá siad roghnach) agus duaiseanna le baint do na cultacha is fearr!
Dé Luain, an 9 Feabhra (Luan Mhaigh Eo)
- 11am-3pm Díolachán RAG. Tobshiopa carthanachta éadaí i gcomhar le Clann Shíomóin na Gaillimhe sa Chiúb, thíos staighre in Áras na Mac Léinn
- 12pm-3pm Umar Tumtha Lasmuigh d’Áras na Mac Léinn.
- 12pm-3pm Coinne Chéad Aithne le (siopa) Leabhar á reáchtáil ag Cumann na Scríbhneoirí sa Radharc. Tá a bhlurba féin ag gabháil le gach leabhar, agus an leabhar clúdaithe. Mar sin, ar phraghas íseal €5 is féidir an saothar litríochta is feiliúnaí duit féin a roghnú! Tabharfar an t-airgead ar fad do Charthanais an Chomhaltais.
- 6pm-10pm Siúl Dóiteáin sa Chearnóg. Tuilleadh eolais agus clárúchánANSEO.
- 7pm-9pm Tráth na gCeist do Chéimithe sa Spás thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Ticéid €5 ar fáil ANSEO.. Duaiseanna iontacha le buachan!
- 8pm-9pm Jack Reilly ag Sult. Saorchead isteach.
- 9.30pm-11pm Clada ag Sult (Dúnfar na doirse ar 10pm). Saorchead isteach.
Dé Máirt an 10Feabhra (Máirt Dhún na nGall)
- 1pm An Bearradh Mór. Bearr díot do chuid gruaige nó d’fhéasóg le hairgead a thiomsú do Charthanais an Chomhaltais! Tuilleadh eolais agus clárúchánANSEO.
Dé Céadaoin, an 11Feabhra
- 11am-4pm Corn Carthanachta an Chomhaltais. Duais €500 le buachan sa chomórtas cúigear an taobh seo i gCaighin na Coiribe. Tuilleadh eolais agus clárúchánANSEO.
- 12pm-4pm Dúshlán Lae Spóirt le Clubanna Spóirt Ollscoil na Gaillimhe.
Déardaoin, an 12Feabhra
- 11am-12pm Bróinse Prosecco is Pancóg ar Lá na gCairde Ban i Seomra na Coiribe i mbeár Sult ar mhaithe le Carthanais an Chomhaltais. Ticéid ar fáil ANSEO.
- 8pm Gig Ghrinn le Tom O’Mahony in Amharclann Uí Fhlaitheartaigh. Ticéid €10 ar fáil ANSEO.
- 8pm Quiz Sciobtha i mbeár Sult. €5 cead isteach le pionta saor in aisce. €100 de dhuaiseanna le buachan!
Dé hAoine, an 13 Feabhra
- 1pm-2pm Ceant Carthanachta. Bígí linn i Seomra na Coiribe i mbeár Sult le haghaidh lóin agus ceant carthanachta. Ticéid €5 ar díol ANSEO go luath, le lón san áireamh. Liosta earraí an cheantANSEOgo luath.
Tá na himeachtaí uile ag tiomsú airgid do Charthanachtaí an Chomhaltais:Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus GOAL
Toghcháin na nOifigeach Comhaltais
Osclófar ainmniúcháin toghcháin do na 18 bpost mar Oifigigh Chomhaltais ar 10am Dé Céadaoin an 25 Feabhra agus dúnfar ainmniúcháin ar 5pm Dé Céadaoin an 4 Márta.Déanfar an vótáil Déardaoin an 12 Márta. Tuilleadh eolais ANSEO.
Obair dheonach le linn Sheachtain RAG
Tá a lán oibrithe deonacha uainn le go mbeidh muid in ann Seachtain RAG a reáchtáil. Má bhíonn tú saor agus sásta obair go deonach le linn Sheachtain RAG le cabhrú linn airgead a bhailiú le haghaidh Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus GOAL, cuir ríomhphost chuig joanna.brophy@universityofgalway.ie
Ar mhaith leat cur le d’fholláine agus le d’athléimneacht an seimeastar seo?
Is clár saor in aisce é Taking Action for Whole Health and Wellbeing (Gníomhú ar mhaithe le Sláinte agus Folláine Iomlánaíoch) a fhorbraíonn uirlisí pearsanta chun míshuaimhneas a bhainistiú agus chun cur chuige dearfach i leith folláine a choinneáil a spreagadh. Beidh sé ar siúl ar an gcampas thar dhá lá: Dé Sathairn an 21 agus Dé Domhnaigh an 22 Feabhra. Ní mór go mbeidh tú in ann freastal ar an dá lá. Cuirfear sólaistí agus lón ar fáil. Spásanna teoranta anseo: Gníomhú ar mhaithe le Sláinte agus Folláine Iomlánaíoch – Líon isteach an fhoirm. Má bhíonn aon cheisteanna agat, déan teagmháil le: noirin.mannion@universityofgalway.ie
Druidfear Iarratais ar Scoláireachtaí PhD Hardiman ar 5pm, an 6 Feabhra
Maoinítear Scoláireachtaí PhD Hardiman go hiomlán ar feadh ceithre bliana. Íoctar liúntas €25,000 in aghaidh na bliana, chomh maith leis na táillí teagaisc do na ceithre bliana. Tugann na Scoláireachtaí seo deiseanna do dhaoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu tabhairt faoi PhD Struchtúrtha, a chuimsíonn réimse leathan clár san ollscoil.
Duais Hult in Ollscoil na Gaillimhe – $1M le Buachan chun an Domhan a Athrú
An comórtas fiontraíochta mac léinn is mó ar domhan atá i nDuais Hult, comórtas a thugann cuireadh do mhic léinn gnólachtaí nuathionscanta brabúsacha a fhorbairt atá ailínithe le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Reáchtálfar ócáid ar an gcampas áitiúil ó 10am-1pm Dé hAoine, an 20 Feabhra ag BizHub. Ríomhphost: hultprizegalway@gmail.com
Seirbhísí do Chomhaltais
- Taisceadáin
- Sult
- Scileanna Saoil
- CÉIM
- Nuachtán SIN
- Cárta an Chomhaltais
- Siopa an Chomhaltais
- Cabhair agus Comhairle ó Oifigigh an Chomhaltais
- Seomra na gCótaí
- Smokey’s Café
- Spéir
- An Clár Diancheachtanna
- Síbín
Siúl Dóiteáin – Níl ach 10 spás fágtha!
Ar mhaith leat a bheith páirteach in imeacht nach ndéanfaidh tú arís i do shaol i mí Feabhra? Tiomsaigh airgead le haghaidh Sheachtain Phléarácaim le foireann Siúil Dóiteáin s’againn! Cuir an t-aidréanailín ag sruthú is ag sreabhadh le siúl dóiteáin! Tuilleadh eolais ANSEO.
Déan teagmháil linn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost ag studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)