Welcome to your last weekly email of 2025 from your Students’ Union! Nollaig Shona agus Athbhliain Faoi Mhaise ó Oifigigh agus ó Fhoireann Chomhaltas na Mac Léinn. We hope you all have a very merry Christmas and a Happy New Year. See you all in 2026!
Thinking of running for the SU Officer Elections?
Our SU Elections Handbook is now available HERE. This handbook focusses on the roles of the four full-time, paid, officer positions. The other 14 part time officer positions are unpaid, voluntary roles. We’ll have a Canvassing Workshop / Election Info Session 6pm-8pm Tues 27 Jan.
Election nominations for all 18 SU Officer positions open 10am Weds 25 Feb and close 5pm Weds 4 March.Voting takes place Thurs 12 March 2026.
You can email suelections@universityofgalway.ie with any election questions or check HERE.
What’s Raise and Give Week?
Raise and Give (RAG) week is a chance for you to take a break, have some fun and help raise money for charity! It takes place Sunday 8th – Friday 13th February 2026
- What’s happening for Raise and Give Week? RAG Run, Firewalk, RAG Rose, Shave Off, RAG Sale, Charity Cup 5 A Side Competition, Charity Auction, Galentine’s Day Brunch, Blind Date with a Book and lots more to be announced!
- Who are the SU Raise and Give Week Charities?Galway Rape Crisis Centre + GOAL
- How do I get involved?Email studentsunion@universityofgalway.ie For info on any of the events, if you’ve any event ideas or if you want to volunteer to help out
Need a secret Santa present?
SU Big Yellow Thing socks are the perfect stocking filler for just €9 and all proceeds go to the SU Charities! Pick up a pair in the SU Office or SU Shop.
Pilates
Our January 6 week online Pilates course is now signing up for just €5! Info + registration HERE.
The RAG Rose
Could you be the next RAG (Raise and Give Week) Rose? Prizes include: a €200 Sult Voucher; your photo on the wall of Sult; a Sash + Tiara and the Honour + Glory of being the RAG Week Rose! Raise €150 minimum to take part by 5pm Mon 19 Jan. All proceeds go to the SU Charities: Galway Rape Crisis Centre and GOAL. Sign up HERE
Firewalk in 2026!
Take part in a once in a lifetime fundraising event next February by joining our Firewalk team for Raise and Give (RAG) Week! Experience the exhilaration of walking on fire! Spaces are limited. More info and sign up HERE.
Life Skills 2026 filling up fast!
Sign up is now open for the following courses:
- Sign Language
- Gaeilge
- Heartsaver AED
- Bodhrán
- Tin Whistle
- Pilates
- Self Defence
- safeTALK Suicide Awareness Training
- Disclosure Training with Galway Rape Crisis Centre
- Financial Resilience
- 5 A Day for Mental Health with Jigsaw
- Bike Maintenance Course with An Mheitheal Rothar
More info + sign up links are HERE.
Coming up next Semester
| Mon 12 Jan- Thurs 2 April | Teaching All Years |
| Weds 14 Jan | Socs Day 2 |
| Mon 19 Jan | CÉIM Starts |
| Tues 20 Jan | Clubs Day 2 |
| Weds 21 Jan | SU Refreshers’ Fair |
| Mon 26 Jan | Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 4 |
| Tues 27 Jan | SU Election Info Evening |
| Sat 31 Jan | Deadline for Fees Payment Semester 2 |
| Tues 3 – Fri 6 Feb | Consent Week |
| Tues 3 Feb | S*x Toy Bingo |
| Sun 8 – Fri 13 Feb | Raise and Give (RAG) Week |
| Mon 23 Feb | Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 5 |
| Weds 25 Feb | SU Officer Nominations Open |
| Mon 2 – Tues 17 March | SU Seachtain na Gaeilge |
| Weds 4 March | SU Officer Nominations Close |
| Thurs 12 March | SU Officer Elections |
| Mon 23 March | Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 6 |
| Mon 13 April – Fri 17 April | Study Week |
| Tues 21 April – Fri 8 May | Exams |
Have you experienced racism? You don’t have to face it alone.
The EDI Race Equality Advisors are here to help if you experience racism on or off campus. They offer confidential one‑to‑one appointments and can guide you on reporting options and support mechanisms. You deserve to feel safe, respected and supported. More info here.
Christmas Holiday Arrangements
- The Students’ Union Office closes 5pm Fri 19 Dec and reopens 10am Weds 7 Jan.
- The SU Cloakroom closes 7pm Fri 19 Dec and reopen 9am Mon 12 Jan.
- The SU Síbín closes 7pm on Fri 19 Dec and reopens 9am Mon 12 Jan.
- Sult closes Fri 19 Dec and reopens 8.30am Weds 7 Jan.
- The SU Shop closes 2pm Tues 23 Dec and reopens Mon 5Jan.
- Smokey’s Café closes 4pm Fri 19 Dec and reopens Mon 5 Jan.
- Spéir, the SU Student Pantry, will close on Fri 19th Dec and reopen Mon 12th Jan.
- The James Hardiman Library closes 4pm Tues 23 Dec and reopens 8.30am Mon 5 Jan.
- The Reading Room will be open 07:00 – 02:30 throughout the Christmas period.
More info HERE.
Contact Us | Déan teagmháil linn
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
_____________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig an ríomhphost seachtainiúil deireanach de 2025 ó Chomhaltas na Mac Léinn! Nollaig shona agus athbhliain faoi mhaise ó Oifigigh agus ó Fhoireann Chomhaltas na Mac Léinn. Nollaig mhór mhaith duit agus gach rath agus séan ort san athbhliain. Feicfidh muid san athbhliain sibh!
An bhfuil rún agat dul san iomaíocht i dToghchán na nOifigeach Comhaltais?
Tá Lámhleabhar Toghcháin an Chomhaltais ar fáil ANSEO anois. Díríonn an lámhleabhar seo ar an gceithre ról mar oifigigh lánaimseartha íoctha. Róil dheonacha gan phá is ea na 14 phost eile mar oifigigh pháirtaimseartha. Beidh Ceardlann Canbhasála / Seisiún Eolais Toghcháin ar siúl 6pm-8pm Dé Máirt an 27 Eanáir.
Osclófar ainmniúcháin toghcháin do na 18 bpost mar Oifigigh Chomhaltais ar 10am Dé Céadaoin an 25 Feabhra agus dúnfar ainmniúcháin ar 5pm Dé Céadaoin an 4 Márta.Déanfar an vótáil Déardaoin an 12 Márta 2026.
Is féidir aon cheisteanna maidir leis an toghchán a chur ar ríomhphost chuigsuelections@universityofgalway.ie nó is féidir féachaint ANSEO.
Céard í an tSeachtain Phléarácaim?
Deis í an tSeachtain Phléarácaim (Seachtain RAG) sos a ghlacadh, spraoi a dhéanamh agus airgead a bhailiú ar son carthanachtaí! Beidh sé ar siúl Dé Domhnaigh an 8 go dtí Dé hAoine an 13 Feabhra 2026
- Céard a bheidh ar siúl? Rith RAG, Siúl Dóiteáin, An Rós RAG, Babhta Bearrtha, Díolachán RAG, Craobhcomórtas Carthanachta 5 an Taobh, Ceant Carthanachta, Bróinse Lá na gCairde Ban, Coinne Chéad Aithne le Leabhar agus go leor eile le fógairt!
- Cé hiad Carthanachtaí na Seachtaine Pléarácaim?Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú + GOAL
- Cén chaoi ar féidir liom a bheith páirteach?Seol ríomhphost chuig studentsunion@universityofgalway.ie le heolas a fháil ar na himeachtaí, má bhíonn aon smaointe agat le haghaidh imeachtaí nó más mian leat cabhrú ar bhonn deonach.
Bronntanas ó Dhaidí Rúnda na Nollag uait?
Is bronntanais bheaga fhoirfe iad na stocaí den Rud Mór Buí ón gComhaltas agus níl ach €9 orthu. Tabharfar an t-airgead ar fad do Charthanais an Chomhaltais! Faigh péire ó Oifig an Chomhaltais nó ó Shiopa an Chomhaltais.
Pilates
Is féidir clárú do chúrsa 6 seachtaine Pilates ar líne a thosóidh i mí Eanáir anois, agus níl ach €5 air! Eolas agus clárúchán ANSEO.
An Rós RAG
An tusa an chéad Rós RAG eile? Ar na duaiseanna atá le buachan, tá dearbhán Sult €200; do ghrianghraf ar bhalla Sult; Sais + Tiara agus an Onóir + an Ghlóir a ghabhann le bheith i do Rós RAG! Le bheith páirteach, bailigh €150 ar a laghad faoi 5pm Dé Luain an 19 Eanáir. Rachaidh an t-airgead go léir chuig Carthanachtaí an Chomhaltais: Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus GOAL. Cláraigh ANSEO
Siúl Dóiteáin in 2026!
Bí páirteach in imeacht tiomsaithe airgid nach ndéanfaidh tú arís i do shaol i mí Feabhra agus tiomsaigh airgead le haghaidh Sheachtain Phléarácaim le foireann Siúil Dóiteáin s’againn! Cuir an t-aidréanailín ag sruthú is ag sreabhadh le siúl dóiteáin! Líon teoranta áiteanna ann. Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO.
Scileanna Saoil 2026 á líonadh go gasta!
Tá clárúchán oscailte anois do na cúrsaí seo a leanas:
- Teanga Chomharthaíochta
- Gaeilge
- Heartsaver (Uath-Dhífhibrileoir Seachtrach)
- Bodhrán
- Feadóg Stáin
- Pilates
- Féinchosaint
- Oiliúint safeTALK um Fheasacht Féinmharaithe
- Oiliúint um Nochtadh ó Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe
- Athléimneacht Airgeadais
- 5 sa lá ar son na meabhairshláinte le Jigsaw
- Cúrsa Cothabhála Rothar le An Mheitheal Rothar
Tuilleadh eolais agus naisc chun clárú ANSEO.
Le teacht an seimeastar seo chugainn
| Dé Luain an 12 Eanáir go dtí Déardaoin an 2 Aibreán | An Mhúinteoireacht do na Blianta Uile |
| Dé Céadaoin an 14 Eanáir | Lá na gCumann 2 |
| Dé Luain an 19 Eanáir | Tosaíonn CÉIM |
| Dé Máirt an 20 Eanáir | Lá na gClubanna 2 |
| Dé Céadaoin an 21 Eanáir | Aonach Athnuachana an Chomhaltais |
| Dé Luain an 26 Eanáir | Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn, 4 |
| Dé Máirt an 27 Eanáir | Oíche Eolais maidir le Toghcháin an Chomhaltas |
| Dé Sathairn an 31 Eanáir | Spriocdháta chun Táillí Seimeastar 2 a Íoc |
| Dé Máirt an 3 go dtí Dé hAoine an 6 Feabhra | An tSeachtain Toilithe |
| Dé Máirt an 3 Feabhra | Biongó Bréagán Gnéas |
| Dé Domhnaigh an 8 go dtí Dé hAoine an 13 Feabh | Seachtain Phléarácaim (Seachtain RAG) |
| Dé Luain an 23 Feabhra | Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 5 |
| Dé Céadaoin an 25 Feabhra | Ainmniúcháin Oscailte le haghaidh Oifigigh an Chomhaltais |
| Dé Luain an 2 go dtí Dé Máirt an 17 Márta | Seachtain Ghaeilge an Chomhaltais |
| Dé Céadaoin an 4 Márta | Ainmniúcháin Dúnta le haghaidh Oifigigh an Chomhaltais |
| Déardaoin an 12 Márta | Toghcháin na nOifigeach Comhaltais |
| Dé Luain an 23 Márta | Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 6 |
| Dé Luain an 13 Aibreán go dtí Dé hAoine an 17 Aibreán | Seachtain Staidéir |
| Dé Máirt an 21 Aibreán go dtí Dé hAoine an 8 Bealtaine | Scrúduithe |
An raibh tú riamh thíos leis an gciníochas? Ní gá duit dul i ngleic leis leat féin.
Tá Comhairleoirí EDI um Chomhionannas Ciníocha anseo chun cabhrú leat má bhíonn tú thíos leis an gciníochas ar an gcampas nó lasmuigh de. Éascaíonn siad coinní rúnda duine‑le‑duine agus is féidir leo treoir a thabhairt duit maidir le roghanna tuairiscithe agus córais tacaíochta. Tá sé de cheart agat a bheith sábháilte, meas a bheith ort agus tacaíocht a bheith agat. Tuilleadh eolais anseo.
Socruithe Shaoire na Nollag
- Dúnann Oifig an Chomhaltaisar 5pm Dé hAoine an 19 Nollaig agus osclófar arís í ar 10am Dé Céadaoin an 7 Eanáir.
- Dúnfar Seomra Cótaí an Chomhaltaisar 7pm Dé hAoine an 19 Nollaig agus osclófar arís é ar 9am Dé Luain an 12 Eanáir.
- Dúnfar an Síbínar 7pm Dé hAoine an 19 Nollaig agus osclófar arís é ar 9am Dé Luain an 12 Eanáir.
- Dúnfar SultDé hAoine an 19 Nollaig agus osclófar arís é ar 8.30am Dé Céadaoin an 7 Eanáir.
- Dúnfar Siopa an Chomhaltais ar 2pm Dé Máirt an 23 Nollaig agus athosclófar é Dé Luain an 5Eanáir.
- Dúnfar Caifé Smokey ar 4pm Dé hAoine an 19 Nollaig agus osclófar arís é Dé Luain an 5 Eanáir.
- Dúnfar Spéir, Landair Mac Léinn an Chomhaltais, Dé hAoine an 19 Nollaig agus athosclófar í Dé Luain an 12 Eanáir í.
- Dúnfar Leabharlann James Hardimanar 4pm Dé Máirt an 23 Nollaig agus osclófar arís í ar 8.30am Dé Luain an 5 Eanáir.
- Beidh an Seomra Léitheoireachtaar oscailt ó 07:00 go dtí 02:30 i rith thréimhse na Nollag.
Tuilleadh eolais ANSEO.
Déan teagmháil linn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost ag studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)