Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn

What is the Students’ Union?

“The mission of the Union shall be to represent its members and promote, defend and vindicate the rights of its members at all levels of society.” – Constitution of the Students’ Union

The SU is a representative organisation that is independent from the University and consists of all registered students at the University of Galway.  As the SU is an independent body, the SU officers do not have to answer to the University authorities – we only answer to you, our members who have elected us.

These are the officers in the Students’ Union working for you this year to promote and defend your rights:

Want to join the team? Nominations will open on Weds 17th Sept for the vacant part time officer positions of Mature Students’ Officer and Postgraduate Taught Officer.

Lockers are on Sale Now

Log on to YourSpace to book and pay for your locker. You can then collect the key from the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn. Please note access to all YourSpace services is only added 24 hours after you register for college.

Early Bird Ents are Happening Now!

FREE Events to welcome all our early arrivals to the University of Galway!

  • Salsa Dancing 4pm-7pm TODAY Thursday 4th September at Sult
  • Arriba Night 7pm-11pm TODAY Thursday 4th September at Sult. Reggaeton, Dembow, Mambo + Electro-Latino music.
  • Speed Friending 5pm-7pm Friday 5th September at Sult
  • Karaoke 8.30pm-10.30pm Friday 5th September at Sult
  • Céilí 5pm-7pm Saturday 6th September in Bailey Allen Hall. Learn some traditional Irish dances.

Your SU Services are open!

  • The SU Office is open Mon-Fri 10am-5pm upstairs in Áras na Mac Léinn (beside Sult). Call in to meet your SU Officers, collect your Student Leap Card, get free condoms/period products, buy SU Charity Socks, collect your locker keys, and lots more!
  • The SU FREE Cloakroom reopens Mon 8th Sept and will be open 9am-6pm Monday-Friday in the Library basement near the SU Shop. You can drop off your luggage for free here. Please note we can’t accept laptops.
  • Our services at Sult, the SU Shop and Smokey’s Café are all open so call by and shop local!
  • The SU Síbín social space reopens Mon 8th Sept and is open 9am-5pm Mon-Fri in the Library Basement near the SU Shop.
  • Spéir, the SU Pantry, is a system where surplus food is collected from local supermarkets and then distributed for free to students to reduce food waste. The Pantry is open each Monday and Friday and you can apply for a slot online HERE. Slots are randomly allocated and you need to bring your student ID card and a reusable bag to your Spéir slot.

Save money on public transport fares with the Young Adult or Student Leap Card

  • The Young Adult Leap Card is available for all 19 to 25 year olds. Apply online HERE and it will be posted to you.
  • The Student Leap Card is only available for students in full time education who are either 16 -18 years of age or 26 years and above. Apply online HERE and collect from the SU Office when you get your confirmation code.

National Protest for the Irish Language and Gaeltacht

Join the protest at 13:30 Saturday 20th September in Parnell Square Dublin. We are organising a bus from University of Galway at 09:00 to the protest in Dublin. Bus tickets on sale HERE. University of Galway student ID required.

Life Skills

Our Life Skills courses are now enrolling for the year ahead. Spaces are limited so sign up soon for:

  • Sign Language
  • Gaeilge
  • Pilates
  • Tin Whistle
  • Financial Resilience
  • Bodhrán
  • Self Defence
  • Heartsaver AED
  • Mental Health Awareness
  • Disclosure Training with Galway Rape Crisis Centre
  • safeTALK Suicide Alertness

More info and registration HERE

Welcome Magazine

Our Fáilte magazine has all the information you need about starting life at the University of Galway and Galway! There’s some great offers, deals and information from our supporters too so have a read HERE.

Class Reps

Can you lead the way and be the voice of your class this year? Nominations for Class Rep positions for returning students open Mon 8th of Sept and close Fri 19th Sept on YourSpace. It’s a great way to gain experience, make friends, get training and, of course, get your Class Rep Hoodie! More information HERE.

Free Period Products

Free period products are now available from locations across campus. More info HERE. Please take only what you need!

Coming Up This September

We’ve lots coming up this September and more to be addedHERE!

Ways to get involved with your SU this year 

Take the Campus Challenge

Take part to find out where everything is on campus Thurs 11th + Fri 12th Sept. Great prizes and freebies up for grabs! More info HERE.

Student Health Unit

The FREE Student Health Unit is open but you must book your appointment online prior to attending. More information on their services and how to book your appointment onlinehere.

Digital Champions Free Autumn Workshop Series

Join us for fun & interactive workshops where you will build and improve your digital skills. We’ll be providing tasty pizza and everyone who participates in our workshops will earn a digital badge. You can also put the workshop towards either the ALIVE or Employability Award. More info HERE.

Galway Climate Festival 10-14 Sept

An innovative, creative and collaborative festival which aims to change the narrative around climate action to one of positivity. Lots of free events too! More info HERE.

Handy Links For You

Contact Us | Déan teagmháil linn

You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.

You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)

________________________________________________________________________________________________________________

Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn | Welcome to your weekly email from your Students’ Union

Céard é Comhaltas na Mac Léinn?

“Is é misean an Chomhaltais ionadaíocht a dhéanamh dá chuid ball, agus cearta na mball sin a chur chun cinn, a chosaint agus a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den tsochaí.” – Bunreacht Chomhaltas na Mac Léinn

Is eagraíocht ionadaíoch é an Comhaltas atá neamhspleách ar an Ollscoil, ach a bhfuil gach mac léinn atá cláraithe le hOllscoil na Gaillimhe ina bhall de.  Toisc gur foras neamhspleách é an Comhaltas, níl oifigigh an Chomhaltais freagrach d’údaráis na hOllscoile – is daoibhse, na baill a thogh muid, atáimid freagrach.

Seo iad oifigigh Chomhaltas na Mac Léinn a bheidh ag obair ar bhur son i mbliana chun bhur gcearta a chur chun cinn agus a chosaint:

An mian leat a bheith linn? Osclófar ainmniúcháin Dé Céadaoin, an 17 Meán Fómhair do na poist fholmha pháirtaimseartha a leanas: Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta agus Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha.

Taisceadáin ar díol anois

Logáil isteach ar YourSpace le clárú le haghaidh taisceadáin agus íocaíocht a dhéanamh. Is féidir leat an eochair a bhailiú ansin ó Oifig an Chomhaltais, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Tabhair faoi deara nach mbeidh rochtain agat ar sheirbhísí YourSpace go ceann 24 uair an chloig tar éis duit clárú le haghaidh an choláiste.

Imeachtaí Luatha ar Siúl Anois!

Imeachtaí SAOR IN AISCE le fáilte mhoch a chur roimh duine ar bith a thagann go hOllscoil na Gaillimhe!

  • Damhsa Salsa 4pm-7pm INNIU Déardaoin, an 4Meán Fómhair in Sult
  • Oíche Arriba7pm-11pm INNIU Déardaoin, an 4Meán Fómhair in Sult. Ceol Reggaeton, Dembow, Mambo + Leictrea-Laidineach.
  • Mearmhúintearas 5pm-7pm Dé hAoine, an 5 Meán Fómhair in Sult
  • Karaoke8.30pm-10.30pm Dé hAoine, an 5Meán Fómhair in Sult
  • Céilí5pm-7pm Dé Sathairn, an 6 Meán Fómhair i Halla Bailey Allen. Cuir eolas ar roinnt damhsaí traidisiúnta Éireannacha.

Tá Seirbhísí an Chomhaltais ar oscailt!

  • Bíonn Oifig an Chomhaltais ar oscailt Luan-Aoine, 10am-5pm, thuas staighre in Áras na Mac Léinn (béal dorais le Sult). Buail isteach le haithne a chur ar Oifigigh an Chomhaltais agus Cárta Leap do Mhic Léinn a fháil, coiscíní/táirgí míostraithe saor in aisce a fháil, Stocaí Carthanachta an Chomhaltais a cheannach, eochair do thaisceadáin a bhailiú, agus neart eile!
  • Osclóidh Seomra Cótaí an Chomhaltais arís Dé Luain, an 8 Meán Fómhair, agus beidh sé ar oscailt uaidh sin amach 9am-6pm, Luan-Aoine, in Íoslach na Leabharlainne in aice le Siopa an Chomhaltais. Is féidir leat do bhagáiste a fhágáil anseo saor in aisce. Tabhair do d’aire nach féidir linn glacadh le ríomhairí glúine.
  • Sult, Siopa an Chomhaltais agus Caifé Smokey ar fad ar oscailt. Buail isteach agus caith do chuid go háitiúil!
  • Osclófar spás sóisialta Síbín  Dé Luain, an 8 Meán Fómhair agus beidh sé ar oscailt 9am-5pm, Luan-Aoine, in Íoslach na Leabharlainne in aice le Siopa an Chomhaltais.
  • Is í Spéir  pantrach an Chomhaltais. Is é sin le rá gur córas í ina mbailítear farasbarr bia ó ollmhargaí áitiúla agus ina dtugtar an bia sin amach saor in aisce do mhic léinn d’fhonn dramhaíl bia a laghdú. Bíonn an phantrach ar oscailt gach Luan agus Aoine, agus is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ar shliotán ama ANSEO. Déantar na sliotáin a leithdháileadh go randamach agus ní mór duit do chárta aitheantais mic léinn agus mála in-athúsáidte a thabhairt leat chuig do shliotán i Spéir.

Sábháil airgead ar tháillí iompair phoiblí le Cártaí Leap d’Aosaigh Óga agus do Mhic Léinn

  • Tá an Cárta Leap d’Aosaigh Óga ar fáil do gach duine atá 19-25 bliain d’aois. Déan iarratas ar líne ANSEO agus cuirfear amach chugat sa phost é.
  • Tá an Cárta Leap do Mhic Léinn ar fáil do mhic léinn lánaimseartha atá 16-18 mbliana d’aois nó 26+ bliain d’aois. Déan iarratas air ANSEO agus bailigh suas ó Oifig an Chomhaltais é a luaithe a bheidh an cód deimhnithe faighte agat.

Agóid Náisiúnta ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta

Bí páirteach san agóid ag 13:30, Dé Sathairn, an 20 Meán Fómhair i gCearnóg Parnell, Baile Átha Cliath. Tá muid chun bus a eagrú ó Ollscoil na Gaillimhe ag 09:00 go dtí an agóid i mBaile Átha Cliath. Ticéid don bhus ar díol ANSEO. Cárta aitheantais Ollscoil na Gaillimhe ag teastáil.

Scileanna Saoil

Is féidir clárú dár gcúrsaí Scileanna Saoil anois don bhliain amach romhainn. Níl ach líon teoranta áiteanna ar fáil – cláraigh go luath do na cúrsaí a leanas:

  • Teanga Chomharthaíochta
  • Gaeilge
  • Pilates
  • Feadóg Stáin
  • Athléimneacht Airgeadais
  • Bodhrán
  • Féinchosaint
  • Heartsaver (Uath-Dhífhibrileoir Seachtrach)
  • Feasacht i leith na Meabhairshláinte
  • Oiliúint um Nochtadh ó Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe
  • safeTALK: Airdeall ar Fhéinmhárú

Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO

Iris Fáilte

Tá gach eolas atá uait maidir le tosú amach in Ollscoil na Gaillimhe agus maidir le Gaillimh féin le fáil inár n-iris, Fáilte! Tá tairiscintí den scoth, margaí iontacha agus eolas ónár lucht tacaíochta ann. Tabhair spléachadh uirthi ANSEO.

Ionadaithe Ranga

An bhfuil an mianach ionat le bheith ag ceann an tslua agus guth a thabhairt do do rang i mbliana? Osclófar ainmniúcháin d’Ionadaithe Ranga do mhic léinn atá ag filleadh Dé Luain, an 8 Meán Fómhair agus dúnfar Dé hAoine, an 19 Meán Fómhair iad. Is ar YourSpace a bheidh na hainmniúcháin ar siúl. Is bealach iontach é le bualadh le cairde nua agus taithí, oiliúint agus, ar ndóigh, Húdaí Ionadaí Ranga a fháil! Tuilleadh eolais ANSEO.

Táirgí Míostraithe Saor in Aisce

Tá táirgí míostraithe ar fáil saor in aisce ar fud an champais. Tuilleadh eolais ANSEO. Ná tóg ach a bhfuil ag teastáil uait i ndáiríre!

Le teacht i mí Mheán Fómhair

Tá neart le teacht i mí Mheán Fómhair. Tuilleadh eolais  ANSEO!

Bealaí le páirt a ghlacadh sa Chomhaltas i mbliana 

Glac páirt sa Dúshlán Campais

Glac páirt sa dúshlán lena fháil amach cá bhfuil gach rud ar an gcampas. Beidh sé ar siúl Déardaoin, an 11 Meán Fómhair agus Dé hAoine, an 12 Meán Fómhair. Duaiseanna iontacha le buachan agus aiscíní le fáil! Tuilleadh eolais ANSEO.

Aonad Sláinte na Mac Léinn

Tá Aonad Sláinte na Mac Léinn SAOR IN AISCE agus oscailte, ach ní mór coinne a chur in áirithe ar líne roimh dhul ann. Tá tuilleadh eolais maidir le seirbhísí agus cén chaoi coinne a dhéanamh ar líne le fáil  anseo.

Seaimpíní Digiteacha – Sraith Ceardlann Saor in Aisce an Fhómhair

Bí linn le haghaidh ceardlanna spraíúla agus idirghníomhacha a chabhróidh leat do scileanna digiteacha a fhorbairt agus a fheabhsú. Beidh píotsa blasta ar fáil againn agus gheobhaidh gach duine a ghlacann páirt sna ceardlanna suaitheantas digiteach. Is féidir leat an cheardlann a úsáid faoi chomhair gradam ALIVE nó gradam infhostaitheachta freisin. Tuilleadh eolais ANSEO.

Féile Aeráide na Gaillimhe, 10-14 Meán Fómhair

Féile nuálach, chruthaitheach agus chomhoibríoch a bhfuil sé mar aidhm aici an chaint faoin ngníomhú ar son na haeráide a dhéanamh dearfach. Neart imeachtaí saor in aisce chomh maith! Tuilleadh eolais ANSEO.

Naisc Áisiúla

Déan teagmháil linn / Contact us

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat.

Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)