Students’ Union Invite Applications to Annual Charity Fund
NUI Galway Students’ Union has opened the application process for Charities wishing to be considered as beneficiaries for its annual fundraising campaign for 2022/23. Last year students ran a series of events including a giant Christmas Raffle, a Taylor Swift night, saucy Sex Toy Bingo, charity Take Me Out, table quizzes, and a Sports Day. They raised €11,000 for Galway Rape Crisis Centre and BeLonG To Youth Services.
Application forms for the 2022/23 fund are available from the Students’ Union website here: NUIG SU Charity Application Form 2022 and the closing date for applications is 5pm Monday 29th of August 2022. Please note that any canvassing will automatically disqualify your charity from this process.
Students’ Union Vice-President/Welfare and Equality Officer Imogen O’Flaherty Falconer said: “Despite the constant cutbacks and daily challenges we all face, NUI Galway students have a very proud tradition of raising money for charities. This year we hope to raise even more money for good causes with our Charity events. These events will encourage our students to get involved in helping their community whilst also making friends and having fun.”
_____________________________________________________________________________________________________________________________________
Fáilte á Cur ag Comhaltas na Mac Léinn roimh Iarratais ar an gCiste Bliantúil Carthanachta
Tá Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh ag glacadh le hiarratais anois ó Charthanais ar mian leo a n-ainm a chur sa rith le haghaidh an fheachtais bhliantúil tiomsaithe airgid do 2022/23. I measc na n-imeachtaí a d’eagraigh mic léinn anuraidh bhí Crannchur Ollmhór na Nollag, Oíche Taylor Swift, Biongó Gnéasbhréagán, Take Me Out ar son carthanachta, tráth na gceist, agus Lá Spórt. Bhailigh siad €11,000 ar son Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Sheirbhísí Óige BeLonG To.
Tá foirmeacha iarratais ar chiste 2022/23 le fáil ó láithreán gréasáin Chomhaltas na Mac Léinn: NUIG SU Charity Application Form 2022 agus ní mór iarratais a chur isteach faoi 5 i.n., Dé Luain, an 29 Lúnasa 2022. Tabhair faoi deara go ndéanfar do charthanas a dhícháiliú go huathoibríoch má dhéantar aon iarracht canbhasáil ar a shon.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Imogen O’Flaherty Falconer, Leas-Uachtarán/Oifigeach Leasa agus Comhionannais Chomhaltas na Mac Léinn: “Tá traidisiún na carthanachta go smior i mic léinn OÉ Gaillimh d’ainneoin na gciorruithe uile agus na ndúshlán a bhíonn le sárú acu gach uile lá. Tá súil againn níos mó airgid ná riamh a bhailiú i mbliana ar son cúiseanna maithe trínár nImeachtaí Carthanachta. Spreagfaidh na himeachtaí seo ár gcuid mac léinn lena gcion féin a dhéanamh ar son a bpobal, chomh maith le cairde nua a dhéanamh agus spraoi a bheith acu ag an am céanna.”