Students’ Union to Host Pink Training

University of Galway Students’ Union will be hosting the national Pink Training conference event this weekend. Pink Training is Europe’s largest LGBT+ Conference, which sees over 250 student delegates attend a weekend of residential training. The weekend will include talks, workshops and plenary sessions run by AMLÉ (Aontas na Mac Léinn in Éirinn).

Students’ Union President Maisie Hall said: “Pink Training is about all things LGBT+, as well as activism, mental health, campaigning, leadership, and the diversity of our community. We are so excited to be hosting Pink Training for AMLÉ again this year in Galway. The weekend promotes inclusivity and is also a huge amount of fun -we are really looking forward to it.”

Students’ Union Vice President/Welfare and Equality Officer Paddy Marnane added: “Pink Training has been running since 1992 and is a fantastic training and networking event for our third level students. Breaking down barriers and promoting diversity is a key message of Pink Training and indeed the student movement.”

Comhaltas na Mac Léinn leis an Traenáil Bhándearg a chur ar siúl

Beidh Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe ina óstach ar chomhdháil náisiúnta na Traenála Bándeirge an deireadh seachtaine beag seo. Is í an Traenáil Bhándearg an Chomhdháil LADT+ is mó san Eoraip, tráth a bhfreastalaíonn níos mó ná 250 toscaire mic léinn ar dheireadh seachtaine de thraenáil chónaithe. Beidh imeachtaí éagsúla ann mar chuid den deireadh seachtaine – cainteanna, ceardlanna agus seisiúin iomlánacha ina measc – á reáchtáil ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ).

Arsa Maisie Hall, an tUachtarán ar Chomhaltas na Mac Léinn: “Baineann an Traenáil Bhándearg le gach gné de shaol an phobail LADT+, gnéithe a chuimsíonn an gníomhaíochas, an mheabhairshláinte, an fheachtasaíocht, an cheannaireacht agus an éagsúlacht sa phobal s’againne. Tá ríméad orainn go bhfuil an Traenáil Bhándearg á cur ar siúl againn arís i mbliana i nGaillimh thar ceann AMLÉ. Cuireann an deireadh seachtaine seo an uilechuimsitheacht chun cinn agus is mór an spraoi é freisin – tá muid ag súil go mór leis.”

Seo an méid a dúirt Paddy Marnane, Leas-Uachtarán/an tOifigeach Leasa agus Comhionannais i gComhaltas na Mac Léinn: “Tá an Traenáil Bhándearg ar bun ó bhí 1992 ann. Imeacht traenála agus forbartha gréasáin thar cionn a bhíonn ann do na mic léinn tríú leibhéal s’againne. Teachtaireacht lárnach atá sa Traenáil Bhándearg agus i ngluaiseacht na mac léinn le fírinne ná gur gá fáil réidh leis an deighilt idir daoine agus an éagsúlacht a chur chun cinn.”