Students’ Union Raises €27,000 for Charity

University of Galway Students’ Union have presented the proceeds of their year of fundraising events to Galway Rape Crisis Centre and GOAL. The unique charity events held throughout the academic year raised a total of €27,000 for the two charities.

The Students’ Union held fundraisers throughout the year with the majority taking place during Raise and Give Week in February which included events such as the Firewalk, a head shave, the RAG Rose competition, a charity auction, a 5km fun run, and a 5 A Side Tournament. They also held a giant Christmas Raffle, saucy Sex Toy Bingo, Take Me Out, cake sales and dunk tanks. Their iconic “Big Yellow Thing” socks are on sale all year round to help boost funds raised.

Students’ Union President Maisie Hall said: “We’re delighted to have raised so much money for charity, and it’s all thanks to each and every student that got involved with our events throughout the year. We’d also like to thank the University for supporting Raise and Give week which helped focus our fundraising efforts and bring a great sense of community to campus.”

Students’ Union Vice-President/Welfare and Equality Officer Paddy Marnane added: “In what has been another challenging year with the continued cost of living crisis it’s great that the students and staff of University of Galway have put such a huge effort in to raising funds to help others. We are delighted to be presenting €27,000 to these two amazing charities who help so many in need. To have raised so much is a great achievement for all involved.”

_________________________________________________________________________________________________________

€27,000 Tiomsaithe ag Comhaltas na Mac Léinn ar son Carthanachta

Bhronn Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe airgead a bailíodh le bliain anuas ar Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus ar GOAL. Bailíodh €27,000 san iomlán don dá charthanas ag imeachtaí carthanachta ar leith a bhí ar siúl le linn na bliana.

Reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn imeachtaí tiomsaithe airgid ó cheann ceann na bliana, ach thit an chuid ba mhó acu amach le linn na Seachtaine Tiomsaithe Airgid agus Carthanachta (an tSeachtain Phléarácaim) i mí Feabhra. I measc na n-imeachtaí a bhí ar siúl an tseachtain sin bhí siúl dóiteáin, lombhearradh gruaige, Comórtas Rós Pléarácaim, ceant carthanachta, rith spraoi 5km, agus Comórtas Cúigear an Taobh. Reáchtáladh Crannchur Ollmhór na Nollag, Biongó Gnéasbhréagán, Take Me Out, díolachán cístí agus umair thumtha freisin. Bíonn na stocaí cáiliúla “Big Yellow Thing” ar díol ar feadh na bliana ar fad chun cur leis an airgead a bhailítear.

Dúirt Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn, Maisie Hall: “Tá an-áthas orainn gur bhailigh muid an oiread sin airgid ar son carthanachta, agus tá an buíochas as sin ag dul do gach uile mhac léinn ar leith a ghlac páirt i gceann ar bith de na himeachtaí a bhí ar siúl i mbliana. Ba mhaith linn freisin ár mbuíochas a ghabháil leis an Ollscoil as tacú leis an tSeachtain Phléarácaim, rud a chuidigh linn ár n-iarrachtaí tiomsaithe airgid a dhíriú agus muintearas a chothú ar an gcampas.”

Dúirt Leas-Uachtarán/Oifigeach Leasa agus Comhionannais Chomhaltas na Mac Léinn, Paddy Marnane: “Cé gur bliain dhúshlánach eile a bhí ann mar gheall ar an ngéarchéim costais maireachtála atá ag leanúint ar aghaidh, is iontach an rud é go ndearna mic léinn agus foireann Ollscoil na Gaillimhe a seacht ndícheall airgead a bhailiú le cabhrú le daoine eile. Tá ríméad orainn €27,000 a bhronnadh ar an dá charthanas iontacha seo a thugann cúnamh do líon chomh mór sin de dhaoine in am an ghátair. Is éacht ollmhór é gur éirigh leo siúd a bhí páirteach an méid sin airgid a thiomsú.”