Students’ Union Invite Applications to Annual Charity Fund

University of Galway Students’ Union has opened the application process for Charities wishing to be considered as beneficiaries for its annual fundraising campaign for 2025/29. Last year students ran a series of fundraising events during RAG Week, a giant Christmas Raffle, saucy Sex Toy Bingo, charity Take Me Out, head shaves and table quizzes. They raised a massive €29,443 for Galway Rape Crisis Centre and Galway Autism Partnership.

Application forms for the fund are available from the Students’ Union website HERE and the closing date for applications is 5pm Wednesday 27th of August 2025. Please note that any canvassing will automatically disqualify your charity from this process.

Students’ Union President Maisie Hall said: “Despite the constant cutbacks and daily challenges we all face, University of Galway students have a very proud tradition of raising money for charities. This year we hope to raise even more money for good causes with our Charity events including Raise and Give (RAG) Week. These events will encourage our students to get involved in helping their community whilst also making friends and having fun.”

Fáilte á Cur ag Comhaltas na Mac Léinn roimh Iarratais ar an gCiste Bliantúil Carthanachta

Tá Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe ag glacadh le hiarratais anois ó Charthanais ar mian leo a n-ainm a chur sa rith le haghaidh an fheachtais bhliantúil tiomsaithe airgid do 2025/29. I measc na n-imeachtaí tiomsaithe airgid a d’eagraigh mic léinn anuraidh bhí Seachtain RAG, Crannchur Ollmhór na Nollag, Biongó Gnéasbhréagán, Take Me Out ar son carthanachta, imeachtaí bearrtha cloigne agus oícheanta tráth na gceist. Bhailigh siad €29,443 d’Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe.

Tá foirmeacha iarratais le cur isteach ar an gciste ar fáil ó láithreán gréasáin an Chomhaltais, ANSEO agus ní mór d’iarratais a bheith istigh faoi 5 i.n., Dé Céadaoin, an 27 Lúnasa 2025. Tabhair faoi deara go ndéanfar do charthanas a dhícháiliú go huathoibríoch má dhéantar aon iarracht canbhasáil ar a shon.

Arsa Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, Maisie Hall: “Tá traidisiún na carthanachta go smior i mic léinn Ollscoil na Gaillimhe d’ainneoin na gciorruithe uile agus na ndúshlán a bhíonn le sárú acu gach uile lá. Tá súil againn níos mó airgid ná riamh a bhailiú i mbliana ar son cúiseanna maithe trínár nImeachtaí Carthanachta, an tSeachtain um Bailiú agus Bronnadh (RAG) ina measc. Spreagfaidh na himeachtaí seo ár gcuid mac léinn lena gcion féin a dhéanamh ar son a bpobal, chomh maith le cairde nua a dhéanamh agus spraoi a bheith acu ag an am céanna.”