MAC LÉINN IARCHÉIME A THOGHADH CHUIG ÚDARÁS NA hOLLSCOILE
De réir Acht na nOllscoileanna, 1997, tá mac léinn Iarchéime amháin le toghadh ag na mic léinn Iarchéime le bheith ina c(h)omhalta d’Údarás na hOllscoile. Mairfidh tréimhse oifige an duine a thoghfar chun an folúntas reatha a líonadh ón 1 Feabhra 2021 go dtí an 31 Eanáir 2022 (ar an gcoinníoll go mbeidh sé/sí ina m(h)ac léinn iarchéime ar feadh iomlán na tréimhse sin).
Nós imeachta Ainmniúcháin:
Osclófar an ghairm ar ainmniúcháin ag 9:00am, Dé hAoine, an 15 Eanáir 2021 agus fanfaidh sí oscailte go dtí 5:00pm, an 22 Eanáir 2021. Ní ghlacfar le hainmniúcháin dhéanacha.
Tá ainmniúcháin le déanamh tríd an Tairseach Toghcháin ar Líne www.nuigsuelections.com
Ní mór na sonraí ainmniúcháin seo a leanas a bheith le gach ainmniúchán:
- Grianghraf den ainmní
- Ráiteas ón Iarrthóir – “An fáth ar cheart tacú liom” (250 focal ar a mhéad)
Nós imeachta Toghcháin:
Reáchtálfar toghchán Mic Léinn Iarchéime trí bhallóid ar líne ar thairseach toghcháin ar líne Chomhaltas na Mac Léinn ar an Déardaoin, an 28 Eanáir, 2021 ó 9:00am – 9:00pm.
Fógrófar torthaí toghcháin an iarrthóra rathúil ag 5pm, Dé hAoine, an 29 Eanáir 2021.
Tá an post seo oscailte do mhic léinn Iarchéime cláraithe amháin.
Céard é Údarás na hOllscoile?
Is é Údarás na hOllscoile comhlacht deiridh cinnteoireachta na hOllscoile. Bunaíodh Údarás na hOllscoile le hAcht na nOllscoileanna 1997. Bord reachtúil a bhfuil 40 ball air is ea é agus tá dualgas air maoirseacht a dhéanamh ar threoir straitéiseach na hOllscoile, a hacmhainní a bhainistiú agus a polasaithe agus nósanna imeachta a fhaomhadh.
Ballraíocht an Bhoird: Céard atá i gceist?
Tá baill den Údarás freagrach in éineacht as inbhuanaitheacht fhadtéarmach na hOllscoile. Ceanglaítear orthu breithiúnas neamhspleách a thabhairt ar shaincheisteanna amhail straitéis, feidhmíocht, acmhainní, príomhcheapacháin agus caighdeáin iompair.
Tá dualgas muiníneach, go sonrach, ar gach ball i leith na hOllscoile ar an gcéad dul síos (i.e. an dualgas gníomhú de mheon macánta agus ar mhaithe le leas na hOllscoile).
Cé mhéid ama atá i gceist? Tagann Údarás na hOllscoile le chéile cúig huaire in aghaidh na bliana ag deireadh mhí Feabhra, mhí Aibreáin, mhí an Mheithimh, mhí Dheireadh Fómhair agus i lár mhí na Nollag. Ina theannta sin, beidh baill ar fhochoiste amháin de chuid Údarás na hOllscoile. Tagann na fochoistí le chéile cúig huaire in aghaidh na bliana, roimh chruinnithe Údarás na hOllscoile. Cuirtear cáipéisíocht le haghaidh na gcruinnithe ar fáil seachtain roimh ré agus teastaíonn cúpla lá don léitheoireacht agus don ullmhú.
Cé go bhfuiltear ag súil go bhfreastalóidh gach ball ar roinnt cruinnithe go pearsanta, beifear in ann páirt a ghlacadh i gcruinnithe go cianda trí ardáin ar líne.
Le haghaidh ceisteanna neamhfhoirmiúla maidir le Ballraíocht an Bhoird déan teagmháil leis an Rúnaí Gnóthaí Rialachais agus Acadúla:
R: govandacademicaffairs@nuigalway.ie
ENGLISH VERSION