Weekly Email

Stay up to date with the latest news and events across campus.

SU Weekly Email 11 – 14th November 2024

Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. Beidh Leagan Gaeilge ar fáil ANSEO 

For the most up to date news and info on all Students’ Union committees, join our WhatsApp community HERE.

An tSeachtain Ghaelach

Inniu Déardaoin 14 Samhain | Thursday 14th November

11:00 Daidí na Nollag Oifig Comhaltas na Mac Léinn

12:00 Paul Belton i Sult

13:00-14:00 Deich le Mary Tynan ar Flirt FM 101.3

Dé hAoine 15 Samhain | Friday 14th November

13:00-14:00 Eachtraí Eilís le Eilís Ní Bhroin ar Flirt FM 101.3

Tuilleadh eolais ar fail ó | More info from su.gaeilge@ollscoilnagaillimhe.ie

Christmas Dinner Today

Sult will be serving Christmas Dinner with all the trimmings from 12pm today Thurs 14th Nov. €1 from every dinner sold will be donated to the SU Charities so fill your belly for a good cause! DJ Paul Belton will also have the tunes going to keep spirits merry and bells jingling.  

Big Fat Semester 1 Quiz

Join us for the Big Fat Semester 1 Quiz 8pm Thursday 21st November at Sult. Register your table of 4 for €20 HERE. Big HUGE prizes to be won and it’s all raising funds for the SU charities: Galway Rape Crisis Centre and Galway Autism Partnership

Clean Up Tomorrow

Join us for a post College Christmas Clean up 12pm tomorrow Friday 15th of November. Meet at the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn. Dress warm – gloves and bin bags provided!

Attention Swifties!

Join us and Swiftie Soc for: Sult (Taylor’s Version) Eras Edition. €5 Tickets on saleHERENOW! Dress as your favourite era. All proceeds go to the SU Charities: Galway Rape Crisis Centre and Galway Autism Partnership. 

Thriftmas Vendor Opportunity

Are you a University of Galway student with your own business? We have limited spaces available for students to trade at our Thriftmas Market 11am-3pm Thurs 5th of Dec in Áras na Mac Léinn. If you’re available and interested please contact joanna.brophy@universityofgalway.ie ASAP.

Free Breakfast!

You can get free porridge with any hot drink purchased at Sult using your SU Card each morning while stocks last!

Disclosure Training with Galway Rape Crisis Centre 

This course provides participants with the skills and knowledge to deal appropriately with a disclosure of sexual violence, in settings where this is likely to occur. The course takes place 10am-2pm Thurs 21st Nov in The View, Áras na Mac Léinn. Very limited spaces left. Sign Up HERE

Exam Timetables out today

Semester 1 exam timetables will be available from 12pm today. More info HERE. Exams will run Mon 9th-Fri 20th Dec. Please check your timetable carefully to make sure all your modules are there.

SU Charity Socks

Are you graduating next week? Don’t forget to get some SU Big Yellow Thing socks to wear on your big day! They’re only €9 and all funds go to the SU Charities. Available from the SU Shop, the SU Office and online HERE.

Volunteering with ALIVE

As the season of giving is almost here, check out these ideas for volunteering your time for good on the ALIVE website opportunities include supporting our communities in health and wellbeing, education, sport, coding and Spanish tutoring. The Alive President’s Award for Volunteering application process is open on YourSpace discover the steps here and remember to save the application as you go! Looking forward to celebrating your volunteering in our awards ceremony next year. For any queries please contact Ann at studentvolunteering@universityofgalway.ie

Student Success free e-modules

Discover the tools, techniques and skills to coach yourself to success, all in your own time with Student Success Coaching’s new e-modules: Designing Your Life and Coach Yourself To Success. Both available on Canvas Course modules: Student Success Coaching

Free Willow Fencing Training Workshops today and tomorrow

As part of the Pocket Forest currently being created on campus there will be 4 x free training sessions for anyone who would like to learn how to usethis skill in their own garden. Sessions are taking place 11am-1pm + 2pm-4pm today Thurs 14th Nov and tomorrow Fri 15th Nov behind the ILAS Building. You’ll learn a willow technique called pairing which is used in many willow projects from basketry to sculptures. Take away the skills and knowledge to create your own beautiful edging or screens for your own garden or community projects. Please bring gloves and wet weather gear. All tools will be provided.

Employability Award Deadline

The deadline to apply for the Employability Award is this Monday 18th November. The Employability Award recognises what you have learned and the skills you have developed through work and extra-curricular activities.

Need someone to talk to at the weekend?

Galway Community Café is a free out-of-hours adult mental health café that provides peer support to people in a supportive non-clinical space. It’s located in Mr Waffle opposite the University Hospital Galway is open 6.30pm-11pm Thursday-Sunday. More info + booking link HERE.

Students’ Union Pantry

Spéir will be open tomorrow Fri 15th Nov at 2pm and 3.30pm.Registration closes 5pm today Thurs 14th Nov. Apply for your slot on YourSpace HERE.

Contact Us / Déan teagmháil linn

You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) and X (Twitter)  

Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. / Welcome to your weekly email from your Students’ Union. Tá fáil ar an leagan Béarla ANSEO
Leis an nuacht agus eolas is déanaí a fháil maidir le coistí Chomhaltas na Mac Léinn, cláraigh lenár bpobal WhatsApp ANSEO.

An tSeachtain Ghaelach
Inniu, Déardaoin, an 14 Samhain

11:00 Daidí na Nollag Oifig Comhaltas na Mac Léinn
12:00 Paul Belton i Sult
13:00-14:00 Deich le Mary Tynan ar Flirt FM 101.3
Dé hAoine, an 15 Samhain
13:00-14:00 Eachtraí Eilís le hEilís Ní Bhroin ar Flirt FM 101.3
Tuilleadh eolais ar fáil ó su.gaeilge@ollscoilnagaillimhe.ie

Dinnéar na Nollag inniu
Beidh Sult ag cur dinnéar na Nollag agus gach a dtéann leis ar an mbord ó 12pm inniu, Déardaoin, an 14 Samhain. Bronnfar €1 as gach dinnéar a dhíoltar ar Charthanachtaí an Chomhaltais, mar sin, ith do sháith ar son na cúise! Beidh na móramhráin uilig ag DJ Paul Belton freisin leis an spraoi agus an spiorad a choinneáil ag dul.

Tráth na gCeist Ollmhór, Seimeastar 1
Bígí linn le haghaidh Thráth na gCeist Ollmhór, Seimeastar 1 ag 8pm, Déardaoin, an 21 Samhain i Sult. €20 ar bhord ceathrair. Cláraigh ANSEO. Duaiseanna OLLMHÓRA le buachan agus beidh an t-airgead go léir a bhaileofar ag dul do charthanachtaí an Chomhaltais: Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe.

Glantachán Amárach
Bígí linn le haghaidh Glantachán Nollag i ndiaidh an choláiste ag 12pm amárach, Dé hAoine, an 15 Samhain. Beimid ag bualadh le chéile in Oifig an Chomhaltais, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Bíodh éadaí teolaí oraibh – tabharfar amach lámhainní agus málaí bruscair.

Ar aire, a Swifties!
Bígí linn agus le Swiftie Soc le haghaidh: Sult (Taylor’s Version) Eras Edition. €5. Ticéid ar díol ANSEO ANOIS! Déan tú féin a ghléasadh suas mar an ré is fearr leat. Tabharfar an t-airgead ar fad do Charthanachtaí an Chomhaltais: Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe.

Deis do Dhíoltóirí ag Tíosmhargadh na Nollag
An mac léinn de chuid Ollscoil na Gaillimhe thú a bhfuil do ghnó féin agat? Tá líon teoranta spásanna ar fáil do mhic léinn ar mian leo seastán a bheith acu ag Tíosmhargadh na Nollag, a bheidh ar siúl 11am-3pm, Déardaoin, an 5 Nollaig in Áras na Mac Léinn. Má bhíonn tú ar fáil agus spéis agat ann, déan teagmháil gan mhoill le joanna.brophy@universityofgalway.ie.

Bricfeasta Saor in Aisce!
Leite saor in aisce nuair a cheannaíonn tú aon deoch the i Sult le Cárta an Chomhaltais gach maidin go dtí go mbíonn an leite ar fad imithe.

Oiliúint um Nochtadh ó Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe
Sa chúrsa seo gheobhaidh na rannpháirtithe na scileanna agus an t-eolas a bheidh ag teastáil uathu le plé a dhéanamh go cuí le nochtadh foréigin ghnéasaigh, sna socruithe siúd ar dócha go dtarlódh a leithéid. Beidh an cúrsa ar siúl 10am-2pm, Déardaoin, an 21 Samhain sa Radharc, Áras na Mac Léinn. Líon teoranta áiteanna fágtha. Cláraigh ANSEO

Amchlár na Scrúduithe le heisiúint inniu

Beidh Amchlár Scrúduithe Sheimeastar 1 ar fáil ó 12pm inniu. Tuilleadh eolais ANSEO. Beidh na scrúduithe ar siúl Dé Luain, an 9 Nollaig go dtí Dé hAoine, an 20 Nollaig. Seiceáil d’amchlár go cúramach lena chinntiú go bhfuil gach ceann de do mhodúil ann.

Stocaí Carthanachta an Chomhaltais
An mbeidh tú ag fáil do chéime an tseachtain seo chugainn? Ná déan dearmad stocaí den Rud Mór Buí a fháil ón gComhaltas le caitheamh ar an lá mór! Níl orthu ach €9 agus do Charthanachtaí an Chomhaltais a thabharfar an t-airgead ar fad. Ar fáil ó Shiopa an Chomhaltais, ó Oifig an Chomhaltais agus ar líne ANSEO.

Obair Dheonach le ALIVE

Agus an séasúr tugtha bronntanas ag druidim linn, caith súil ar láithreán gréasáin ALIVE le smaointe a fháil faoi na bealaí a bhféadfá do chuid ama a thabhairt suas agus obair dheonach a dhéanamh. I measc na ndeiseanna tá tacú leis na pobail againn i réimsí amhail sláinte agus folláine, oideachas, spórt, códúchán agus Spáinnis. Tá an próiseas iarratais i dtaca le Gradam ALIVE an Uachtaráin don Obair Dheonach ar oscailt anois ar YourSpace. Faigh amach a bhfuil i gceist leis anseo agus ná déan dearmad an t-iarratas a shábháil de réir mar atá tú á chomhlánú. Tá muid ag tnúth go mór le ceiliúradh a dhéanamh ar an méid obair dheonach a rinne tú ag an searmanas bronnta an bhliain seo chugainn. Má bhíonn ceist ar bith agat, déan teagmháil le Ann ag studentvolunteering@universityofgalway.ie

Ríomh‑mhodúil ratha saor in aisce do mhic léinn

Faigh na huirlisí, na teicníochtaí agus na scileanna atá de dhíth ort le tú féin a chóitseáil chun rathúlachta i do chuid ama féin le ríomh‑mhodúil nua ó Chóitseáil Ratha do Mhic Léinn: Designing Your Life agus Coach Yourself To Success. Tá an dá cheann acu sin ar fáil ar Canvas faoin modúl cúrsa: Cóitseáil Ratha do Mhic Léinn

Ceardlanna Oiliúna san Fhálú Sailí saor in aisce inniu agus amárach

Mar chuid den Fhoraois Phóca atá á cruthú faoi láthair ar an gcampas, tá 4 sheisiún oiliúna saor in aisce le reáchtáil d’aon duine ar mhaith leis a fhoghlaim cén chaoi an scil seo a úsáid ina ghairdín féin. Beidh na seisiúin ar siúl 11am-1pm + 2pm-4pm inniu, Déardaoin, an 14 Samhain agus amárach, Dé hAoine, an 15 Samhain taobh thiar d’Fhoirgneamh ILAS. Foghlaimeoidh tú teicníocht sailí a dtugtar péireáil uirthi agus a úsáidtear in go leor tionscadail sailí ó chiseáin go dealbhóireacht. Faigh na scileanna agus an t-eolas a bheidh de dhíth ort le d’imeall nó do scáileáin áille féin a chruthú i do ghairdín féin nó do thionscadail phobail. Tabhair leat lámhainní agus feisteas báistí. Cuirfear na huirlisí go léir ar fáil.

Spriocdháta le haghaidh na Dámhachtana Infhostaitheachta
Is é an Luan beag seo, an 18 Samhain an spriocdháta le cur isteach ar an Dámhachtain Infhostaitheachta. Aithníonn an Dámhachtain Infhostaitheachta an méid atá foghlamtha agat agus na scileanna a d’fhorbair tú mar thoradh ar obair agus gníomhaíochtaí seach-churaclaim.

Comhrá agus cuideachta de dhíth ort ag an deireadh seachtaine?
Caifé meabhairshláinte a bhíonn ar oscailt taobh amuigh de na gnáthuaireanta gnó is ea Caifé Pobail na Gaillimhe, áit a dtugtar piarthacaíocht do dhaoine in áit thacúil neamhchliniciúil. Tá sé lonnaithe in Mr Waffle, os comhair Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, agus bíonn sé ar oscailt 6.30pm-11pm, Déardaoin-Domhnach. Tuilleadh eolais + nasc áirithinte ANSEO.

Landair Chomhaltas na Mac Léinn
Beidh Spéir ar oscailt amárach, Dé hAoine, an 15 Samhain ag 2pm agus 3:30pm.Dúnfar an clárúchán ag 5pm inniu, Déardaoin, an 14 Samhain. Cuir isteach ar do shliotán ar YourSpace ANSEO.

Déan Teagmháil Linn / Contact Us
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost: studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat. Is féidir ‘is maith liom’ a thabhairt dúinn agus muid a leanúint ar FacebookInstagram, TikTok (@cmlong_su) agus X (Twitter)