Students’ Union Invite Applications to Annual Charity Fund
University of Galway Students’ Union has opened the application process for Charities wishing to be considered as beneficiaries for its annual fundraising campaign for 2026/27. Last year students ran a series of fundraising events during RAG Week, a giant Christmas Raffle, saucy Sex Toy Bingo, charity Take Me Out, head shaves, dunk tanks and table quizzes. They raised a massive €27,000 for Galway Rape Crisis Centre and GOAL.
Application forms for the fund are available from the Students’ Union website HERE and the closing date for applications is 5pm Wednesday 26th of August 2026. Please note that any canvassing will automatically disqualify your charity from this process.
Students’ Union President Seán de Búrca said: “Despite the continued cost of living crisis and daily challenges we all face, University of Galway students have a very proud tradition of raising money for charities. This year we hope to raise even more money for good causes with our Charity events including Raise and Give (RAG) Week in February. These events will encourage students to get involved in and support their community whilst also having fun and meeting new people.”
Fáilte á Cur ag Comhaltas na Mac Léinn roimh Iarratais ar an gCiste Bliantúil Carthanachta
Tá Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe ag glacadh le hiarratais anois ó Charthanais ar mian leo a n-ainm a chur sa rith le haghaidh an fheachtais bhliantúil tiomsaithe airgid do 2026/27. I measc na n-imeachtaí tiomsaithe airgid a d’eagraigh mic léinn anuraidh bhí Seachtain RAG, Crannchur Ollmhór na Nollag, Biongó Gnéasbhréagán, Take Me Out ar son carthanachta, imeachtaí bearrtha cloigne, umair thumtha agus oícheanta tráth na gceist. D’éirigh leo €27,000 a bhailiú ar son Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus GOAL.
Tá foirmeacha iarratais le cur isteach ar an gciste ar fáil ó láithreán gréasáin an Chomhaltais ANSEO agus ní mór d’iarratais a bheith istigh faoi 5 i.n., Dé Céadaoin, an 26 Lúnasa 2026. Tabhair faoi deara go ndéanfar do charthanas a dhícháiliú go huathoibríoch má dhéantar aon iarracht canbhasáil ar a shon.
Arsa Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, Seán de Búrca: “Tá traidisiún na carthanachta go smior i mic léinn Ollscoil na Gaillimhe d’ainneoin na géarchéime costais maireachtála atá ag leanúint ar aghaidh agus na ndúshlán a bhíonn le sárú againn go léir gach uile lá. Tá súil againn níos mó airgid ná riamh a bhailiú i mbliana ar son cúiseanna maithe trínár n-imeachtaí carthanachta, an tSeachtain um Bailiú agus Bronnadh (RAG) i mí Feabhra ina measc. Spreagfaidh na himeachtaí sin ár gcuid mac léinn lena gcion féin a dhéanamh ar son a bpobail, chomh maith le spraoi a bheith acu agus bualadh le daoine nua ag an am céanna.”