Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn – Beidh Leagan Gaeilge ar fáil ANSEO
Got Questions?
We will be holding an Instagram live Q&A session at 12pm tomorrow Friday 14th of January. Head over to our Instagram story TODAY Thursday 13th of January to submit your questions and join us on Friday if you’ve any questions about college life.
Our next Hygiene Bank Drive takes place this Monday 17th of January. We are looking for new, unused, in-date personal care and household cleaning essentials – including deodorant, shower gel, shampoo, make-up, nappies, toilet roll, laundry detergent and surface cleaner. If you use a particular item, chances are someone else needs it too. You can donate items at our collection points in the SU Office and the SU Shop. Help us to fight hygiene poverty.
Want to learn Irish or improve the Irish you have and might not be using? We will be holding 8 week Irish Language Courses on Zoom with Gaelchultúr for just €20 deposit (this will be refunded if you attend all 8 classes!) DEADLINE TO REGISTER 5pm MON 17th JAN. More info and booking HERE.
How are you feeling about returning to NUIG campus this week?
Please take a minute to complete our Return to Campus Survey HERE
CÉIM Peer Learning this semester
CÉIM sessions start the week of Monday 17th of January for 1st year students studying BA Law, Engineering/BCM, Geography, Law, Political Science & Sociology, Psychology and Science. You’ll meet up weekly with others doing your course and trained 2nd/3rd year leaders in a friendly and relaxed environment. Make friends, get up to speed on coursework and develop new skills. If you’ve been attending CÉIM, keep it up! If you haven’t attended yet, now’s the time to start. Log into YourSpace and click CÉIM to see your session information.
Election of Postgrad Student to Údarás na hOllscoile
Nominations for the election of a postgraduate student to Údarás na hOllscoile / Governing Body open on Monday 17th January and close on Monday 24th January. You must be a registered postgraduate students to nominate yourself for election.
More info HERE
Tuilleadh Eolas ar fail ANSEO
You can save money when you use public transport with the Student Leap Card. Apply and pay for the card online HERE and then you can call in to the SU Office 10am-5pm Monday-Friday to collect your card. Just bring your Student ID card and application number with you.
Spaces are filling up fast for our 10 week online Sign Language Courses. The course starts the week of 24th of January, costs €40 and here’s the time/day options available:
- 12pm Tuesday: 5 spaces
- 1pm Tuesday: 6 spaces
- 6pm Wednesday: FULL
- 6pm Thursday: 2 spaces
Book your space HERE.
Vintage Clothing Pop-Up
There’ll be a vintage clothing pop-up running 10am-5pm Thursday 20th of January at the outdoor tent seating area beside the Arts Millennium Building. Come along and grab yourself some sustainable fashion from Whack Vintage and Sew It Seams!
The postponed Winter 2021 Conferrings will now take place over the first two weeks of April. For the graduates of Winter 2020, who did not have a virtual conferring ceremony, there will also be conferrings taking place in the first two weeks of April. For 2020 and 2021 graduates who were invited to a virtual conferring, there will be a commemorative gathering in the summer of 2022. More information and registration links HERE.
The SU Elections are coming soon! Do you think you’d make a great SU President? Have you a friend that would be an amazing Education Officer? Recommend yourself or a friend HERE.
Disability Rights Clinic | Clinic um Chearta Míchumais
Your SU Disability Rights Officer Niamh will be holding a Disability Rights Clinic 11am-1pm every Monday on Zoom at this LINK. Feel free to drop in to discuss any issues you may be facing. For more info contact: su.disability@nuigalway.ie
6 Week Pilates Course starts next week for just €5!
Work on your strength and flexibility with live Zoom classes 5.30pm starting Wednesday 19th of January. Can’t make the live classes? We will email the recording to you! Sign up HERE.
Irish Traveller Culture Awareness Training
Irish Traveller Culture Awareness Training is available to all NUI Galway staff and students Monday 28th Feb – Friday 5th March (multiple dates). For further information and to register click here.
SU Life Skills Courses Now Enrolling
- Sign Language
- Heartsaver AED
- Gaeilge
- Pilates
- Disclosure Training
More info and booking HERE.
Our SU Monthly clean ups are back with our first one taking place 2.30pmFriday 28th of January. Help us to make Galway a cleaner, greener place! Sign up for your free ticket HERE.
The Library has 24 laptops available for students to borrow. Laptops can be borrowed for two different periods depending on which laptop you select: 24 hours / up to 7 days. There is no charge to borrow a laptop; you just need your NUI Galway Student ID card. The laptop will be assigned to your Library account, just like borrowing a book! More info HERE.
Library Guide
Find your way around the library and it’s services with this handy guide to: Getting Started in the Library.
Students with disabilities, do you know your rights? Wish you had guidance on advocating for yourself? Want to make sure your activism is intersectional? #PowerOfDisability 2022 will cover this and more on Thurs 20th and Fri 21st of January. Sign up for free HERE.
Open Scholarship Event Tues 18th Jan
All you need to know about Transformative Agreements and Open publishing at NUI Galway! More info and free tickets HERE.
There will be a simplified phase 2 of #ProjectUniCoV starting soon with continuous testing for the whole semester. You will be able to get free antigen tests for self-testing twice a week. Watch this space!
Our Disclosure Training course with Galway Rape Crisis Centre is back on Wednesday 16th February. Learn the skills and knowledge to deal appropriately with a disclosure of sexual violence. More info + sign up HERE
Contact Us / Déan teagmháil linn
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@nuigalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok, Snapchat (@nuigsu) and Twitter.
__________________________________________________________________________________________________________________
Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn – Beidh Leagan Gaeilge ar fáil ANSEO
An bhfuil ceisteanna agat?
Beidh seisiún C&F (Ceist agus Freagra) á thionól againn beo ar Instagram amárach Dé hAoine an 14 Eanáir ag 12 i.n. Téigh anonn chuig ár Scéal Instagram INNIU Déardaoin an 13 Eanáir chun do chuid ceisteanna a chur agus bí linn Dé hAoine má tá aon cheist agam faoi shaol na hollscoile.
Achainí ar Tháirgí do Bhanc um Shláinteachais Pearsanta
Beidh ár gcéad Bhanc um Shláinteachas Pearsanta eile ar siúl an Luan beag seo an 17 Eanáir. Táimid ag lorg táirgí nua a bhaineann le cúram pearsanta agus glanadh an tí ar an gcoinníoll nár úsáideach riamh iad agus nach bhfuil siad imithe thar an dáta deiridh díolta – lena n-áirítear díbholaíoch, glóthach chithfholctha, seampú, smideadh, clúidíní, rolla páipéar leithris, glantach níocháin agus ábhar glantacháin. Má tá earra ar leith á lorg agat, seans maith go mbeidh gá ag duine eile leis freisin. Is féidir do chuid earraí a fhágaint ag ár bpointí bailithe in Oifig an Chomhaltais agus i Siopa an Chomhaltais. Cabhraigh linn chun dul i ngleic le bochtaineacht shláinteachais.
Fonn ort an Ghaeilge a fhoghlaim nó feabhas a chur ar an nGaeilge atá agat cheana féin ach nach bhfuil á húsáid agat b’fhéidir? Beidh cúrsaí Gaeilge 8 seachtaine ar fhad á reáchtáil againn ar Zoom i gcomhar le Gaelchultúr agus gan ach €20 mar éarlais orthu (aisíocfar é seo duit má fhreastalaíonn tú ar na 8 rang ar fad!) SPRIOCDHÁTA LE HAGHAIDH CLÁRÚ 5 i.n. DÉ LUAIN an 17 EANÁIR. Tuilleadh eolais agus chun áit a chur in áirithe cliceáil ANSEO.
Conas a bhraitheann tú faoi fhilleadh ar champas OE Gaillimh an tseachtain seo?
Tóg nóiméad le do thoil chun ár Suirbhé “Filleadh ar Champas” a chomhlíonadh ANSEO
CÉIM Piarfhoghlaim an seimeastar seo
Cuirfear tús le seisiúin CÉIM an tseachtain dar tús an Luan 17 Eanáir do mhic léinn na Chéad Bhliana atá ag déanamh staidéir ar an BA Dlí, an Innealtóireacht /BCM, an Tíreolaíocht, an Dlí, an Eolaíocht Pholaitiúil & an tSocheolaíocht, an tSíceolaíocht agus an Eolaíocht. Buailfidh tú go seachtainiúil le daoine eile ar do chúrsa agus le ceannairí oilte ón Dara agus ón Triú Bliain i dtimpeallacht chairdiúil agus réchúiseach. Féadann tú cairde nua a dhéanamh, tú féin a chur ar an eolas faoi obair chúrsa agus scileanna nua a fhorbairt. Má tá tú ag freastal ar CÉIM cheana féin, lean ort! Más é nár fhreastail tú air go fóill, is é seo an t-am chun an deis a thapú. Logáil isteach ar YourSpace agus cliceáil ar CÉIM chun an t-eolas faoi do sheisiún a fheiceáil.
Mac Léinn Iarchéime a Thoghadh ar Údarás na hOllscoile
Osclóidh na hainmniúcháin chun mac léinn iarchéime a thoghadh ar Údarás na hOllscoile / Fhoras Rialaithe Dé Luain 17 Eanáir agus dúnfaidh siad Dé Luain 24 Eanáir. Ní mór duit bheith cláraithe mar mhac léinn iarchéime chun tú féin a ainmniú mar iarrthóir don toghchán.
Tuilleadh eolais ANSEO
Tuilleadh Eolas ar fail ANSEO
Faigh do Chárta Mic Léinn Leap
Is féidir airgead a shábháil trí do Chárta Mic Léinn Leap a úsáid agus tú ag úsáid iompar poiblí. Cuir iarratas isteach agus íoc as an gcárta ar líne ANSEO agus is féidir bualadh isteach chuig Oifig an Chomhaltais ansin 10r.n.-5i.n. Luan-Aoine chun do chárta a bhailiú. Níl le déanamh agat ach do chárta aitheantais mic léinn agus do chód iarratais a thabhairt leat.
Deis Teanga Chomharthaíochta a Fhoghlaim
Tá an-tóir ar áiteanna ar ár gcúrsa Teanga Chomharthaíochta a mhaireann ar feadh 10 seachtaine. Tosaíonn an cúrsa an tseachtain dar tús an 24 Eanáir, cosnaíonn sé €40 agus is iad seo na huaireanta/laethanta a bheidh sé ar siúl:
- Dé Máirt ag 12 i.n.: 5 spás
- Dé Máirt ag 1 i.n.: 6 spás
- Dé Céadaoin ag 6 i.n.: LÁN
- Déardaoin ag 6 i.n.: 2 spás
Cuir d’áit in áirithe ANSEO.
Tobmhargadh d’Éadaí Seanré
Beidh tobmhargadh d’éadaí seanré ar siúl 10 r.n.-5 i.n. Déardaoin an 20 Eanáir ag an bpuball lasmuigh sa láthair shuí in aice leis an bhFoirgneamh Ealaíon na Mílaoise. Tar agus is féidir roinnt faisin inbhuanaithe a bhreith leat ó Whack Vintage agus Sew It Seams!
Uasdátú maidir le Searmanais Bhronnta
Maidir le searmanais bhronnta Gheimhreadh na bliana 2021 a cuireadh ar athló, tarlóidh siad le linn na chéad coicíse d’Aibreán anois. Maidir le céimithe Gheimhreadh na bliana 2021, nach raibh searmanas bronnta fíorúil acu, beidh searmanais bhronnta ar siúl dóibhsean freisin le linn an chéad dá sheachtain d’Aibreán. Do chéimithe na mblianta 2020 agus 2021 a fuair cuireadh chuig searmanas bronnta fíorúil, beidh tionól comórtha i samhradh na bliana 2022. Tuilleadh eolais agus naisc le haghaidh clárú ANSEO.
Tá Toghcháin an Chomhaltais ag teannadh linn! An dóigh leat go bhfuil mianach Uachtarán an Chomhaltais sármhaith ionat? Bhfuil cara agat a mbeadh ar fheabhas Éireann mar Oifigeach Oideachais? Cuir d’ainm féin chun cinn mar iarrthóir nó ainm carad ANSEO.
Disability Rights Clinic | Clinic um Chearta Míchumais
Beidh Clinic um Chearta Míchumas á reáchtáil ag Niamh, Oifigeach um Chearta Míchumais s’agatsa, ag 11 r.n. -1 i.n. gach Luan ar Zoom ag an NASC SEO. Fáilte romhat bualadh isteach chun aon ní ag cur isteach ort a phlé. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le: su.disability@nuigalway.ie
Cuir le do neart agus do sholúbthacht trí ranganna beo ar Zoom a dhéanamh ag tosnú 5.30 i.n. Dé Céadaoin an 19 Eanáir. Ní féidir leat freastal ar na ranganna beo? Seolfaimid taifead de i ríomhphost chugat! Cláraigh ANSEO.
Oiliúint chun Cur le Tuiscint Daoine ar Chultúr an Lucht Siúil
Tá Oiliúint chun Cur le Tuiscint Daoine ar Chultúr an Lucht Siúil ar fáil do gach ball foirne agus mac léinn de chuid OÉ Gaillimh Dé Luain 28 Feabhra – Dé hAoine an 5 Márta (go leor dátaí ar fáil). Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun d’áit a chur in áirithe cliceáil anseo.
Clárú le haghaidh Cúrsaí Scileanna Saoil de chuid an Chomhaltais ar Oscailt Anois
- Teanga Chomharthaíochta
- Heartsaver AED (Uathdhífhibrileoir Seachtrach)
- Gaeilge
- Pilates
- Oiliúint maidir le hEolas Íogair a Nochtadh
Tuilleadh eolais agus chun áit a chur in áirithe, cliceáil ANSEO.
Glantachán Míosúil de chuid an Chomhaltais
Tá ár nglantacháin míosúla de chuid an Chomhaltais ar ais agus beidh an chéad cheann ar siúl ag 2.30 i.n. Dé hAoine an 28 Eanáir. Cabhraigh linn chun Gaillimh ghlan gan truailliú a chruthú! Cuir do thicéad saor in aisce in áirithe ANSEO.
Seirbhís Ríomhaire Glúine ar Iasacht ón Leabharlann
Tá 24 ríomhaire glúine ag an Leabharlann le tabhairt amach ar iasacht do mhic léinn. Is féidir ríomhairí glúine a fháil ar iasacht ar feadh dhá thréimhse éagsúla ag braith ar cén saghas ríomhaire glúine a roghnaíonn tú: ar feadh 24 uair an chloig / suas le 7 lá. Ní ghearrtar aon táille chun ríomhaire glúine a fháil ar iasacht; ní gá ach do chárta aitheantais mic léinn de chuid OÉ Gaillimh a bheith agat. Sannfar an ríomhaire glúine dod’ chuntas leabharlainne, díreach cosúil le leabhar a fháil ar iasacht! Tuilleadh eolais ANSEO.
Treoir faoin Leabharlann
Cuir eolas ar leagan amach na leabharlainne agus a cuid seirbhísí leis an an dtreoir áisiúil seo: Buneolas maidir leis an Leabharlann.
A Mhic Léinn faoi Mhíchumas, an bhfuil bhur gcearta ar eolas agaibh? Bhfuil treoir uait maidir le seasamh ar son do cheart? An maith leat a chinntiú go bhfuil do chuid gníomhaíochais trasnach? Pléifidh #PowerOfDisability 2022 é seo agus go leor eile Déardaoin an 20 Eanáir agus Dé hAoine an 21 Eanáir. Cláraigh saor in aisce ANSEO.
Ócáid Oscailte Scoláireachta Dé Máirt an 18th Jan
Fios fátha an scéil maidir le Comhaontaithe Claochlaitheacha agus foilsitheoireacht oscailte ag OÉ Gaillimh! Tuilleadh eolais agus ticéid saor in aisce ANSEO.
Beidh céim 2 níos simplithe de #ProjectUniCoV ag tosnú go luath le tástáil leanúnach ar siúl i gcaitheamh an tseimeastair ar fad. Beidh tú in ann tástáil antaigine a fháil le haghaidh féin-tástála dhá uair in aghaidh na seachtaine. Coinnigh do shúil air seo!
Oiliúint maidir le hEolas Íogair a Nochtadh
Beidh ár gcúrsa oiliúna maidir le hEolas Íogair a Nochtadh i gcomhar le hIonad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe ar ais Dé Céadaoin an 16 Feabhra. Foghlaim faoi na scileanna agus an eolas atá de dhíth chun déileáil mar is cóir le nochtadh eolais maidir le foréigean gnéasach. Tuilleadh eolais + cláraigh ANSEO
Contact Us / Déan teagmháil linn
Is féidir dul i dteagmháil le Comhaltas na Mac Léinn trí ríomhphost a sheoladh chuig studentsunion@nuigalway.ie le haon cheist nó mholadh atá agat. D’fhéadfá “Is maith liom” a thabhairt dúinn nó sinn a leanúint ar Facebook Instagram Tik Tok, Snapchat (@nuigsu) agus Twitter.