Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn – Beidh Leagan Gaeilge ar fáil ANSEO
Ticket sales for our Christmas Raffle will close at 5pm on Weds 15th of Dec. Prizes include gym membership, a Google Home hub, vouchers for books, food, the cinema and beauty treatments + loads more! The draw will take place Thurs 16th Dec. Make sure you’re in with a chance to win by getting your raffle ticket HERE.
Monday 6th December- Thursday 16th December *EXTRA BUSES Saturday 11th December & Sunday 12th December*
- Leaving University Road 08:40 15:40
- Leaving Salthill (Leisureland) 11:40 18:40
The University Road Bus Stop is located mid-way between Wards Sandwiches and Tesco Express – it’s the electronic bus stop. FREE SERVICE. NUIG STUDENT ID REQUIRED.
Free Live Online Fitness Classes Next Week
- 7.30am Tues 14th Dec Stress Buster with Wilder Wellbeing Live on their Instagram HERE
- 7.30am Thurs 16th Dec Stress Buster with Wilder Wellbeing Live on their Instagram HERE
Our Big Yellow Thing Socks are just €9 and all proceeds go to the SU Charities Galway Rape Crisis Centre and BeLonG To Youth Services. Shop online HERE or pick up a pair in the SU Office or SU Shop if you’re on campus!
Heading Home for Christmas?
Don’t forget to bring home anything you might need over the holidays from your locker – just in case!
There will be a simplified phase 2 of #ProjectUniCoV starting in 2022 with continuous testing for the whole semester. Watch this space!
Feeling stressed or overwhelmed about exams or assignments?
Get in touch with the NUIG Exam Stress Helpline Phone 089-462 3763 or email examstress@nuigalway.ie
The Library has 24 laptops available for students to borrow. For the moment laptops are loaned from the Library & IT Service Desk in the foyer of the main library. Laptops can be borrowed for two different periods depending on which laptop you select:
- Up to 24 hours
- Up to 7 days
There is no charge to borrow a laptop; you just need your NUI Galway Student ID card. Fines will apply for late returned, lost, stolen or damaged laptops.
Is your Student Leap Card Expiring?
The old blue Student Leap Cards are expiring on 31/12/21 so don’t get caught out over Christmas. Renew your card now! Apply online at www.leapcard.ie then call in to the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn 10am-5pm Mon-Fri with your application code and student ID. We will print off your new card for you.
Study Space Update
- Cairnes Building – 55 Spaces, open plan first floor. Walk-in. Open Monday – Friday 10:00-16:00
- Library – 1360 Spaces. Walk-in. Open Monday-Friday 08:30 – 22:00; Saturday 08:30 – 21:30; Sunday 10:00 – 21:30
- Reading Room – 152 Spaces. Walk In. Open Monday – Friday 08:00-02:00
Tree & Bulb Planting this Saturday
This Saturday 11th of December from 10am as part of rewilding the Lough Atalia area of Galway there will be tree and bulb planting taking place. More info and sign up HERE.
2022 Hardiman PhD Scholarships are Open
The Hardiman PhD Scholarships are fully funded for four years; with a stipend of €18,500 per annum, plus fees waiver for the 4 years. These Scholarships offer opportunities for suitably qualified individuals to pursue a Structured PhD, focused on the key areas of research in which the University offers leading expertise. You will find potential PhD supervisors at Find a Supervisor/ PhD. Applications close 5pm 11th February 2022. Scholarships begin 1st September 2022. More info HERE.
Organised by The Student Health Unit, Societies Office and Health Promotion. Sign up via www.yourspace.nuigalway.ie
- Mug Cake Evening 7pm TODAY Thurs 9th Dec Festive sweet and savoury mug cakes. First 25 people to register will receive a FREE mug muffin kit.
- Christmas Walk & Talk 3pm Fri 10th Dec meeting beside the Human Biology Building. Hot beverage & snacks will be provided after a short stroll.
IdeasLab Competition Time!
Super give away at the IdeasLab – win an iPad or MS Pro to the value of €800. For more information, and to be in with a chance to win this amazing prize, see the IdeasLab Instagram page @ideaslabnuig. Closes TOMORROW Friday December 10th.
Be part of the global student voice and win cash Prizes
NUIG need you to use your voice by filling in the International Student Barometer Surveys and helping them identify ways to improve the experience for you and your fellow students. All respondents who complete the survey will be entered into a draw for €50 & €100 OneForAll vouchers. Complete the survey HERE.
SUSI’s Support Desk assists members of the public with any questions they may have regarding student grant funding. The new phone number for their Support Desk is 0818 888 777.The team is available 09.00-17.30 Monday-Friday their email is support@susi.ie, Facebook & Twitter.
First Cut! Youth Film Festival Submissions are Open
First Cut! accepts films from individual filmmakers aged 12-24. Every type of film under 15 minutes is welcome, including fiction, documentary, animation and music video. The deadline for entries is 5pm on Friday January 21st 2022. For more information, please visit: firstcutfilmfestival.com
Find out all the NUIG news you need to know in issue 6 of Sin newspaper HERE.
Free Rudaí Álainn Bags
Our free Rudaí Álainn goodie bags are back in the SU Office to help you get through to the end of the semester! Collect yours while stocks last 10am-5pm Mon-Fri from the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn.
Need Grinds, Lockers or Second-hand Books?
You can now access these SU Services via www.yourspace.nuigalway.ie – Just log in and go to the Students’ Union section on the left. You can also register our SU Card here.
Have you got your NUIG ID Card?
You will need your NUIG student ID Card to attend in person exams. If you’ve lost it you can get a new one from the Student Registry Helpdesk. Opening hours and appointment booking link HERE.
Contact Us / Déan teagmháil linn
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@nuigalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok, Snapchat (@nuigsu) and Twitter.
____________________________________________________________________________________________________________________
Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn – Beidh Leagan Gaeilge ar fáil ANSEO
Dáta deiridh don Chrannchur an Chéadaoin Bheag seo
Dúnfaidh díolaíocht ticéad dár gCrannchur na Nollag ag 5 i.n. ar an gCéadaoin an 15 Mí na Nollag. I measc na nduaiseana tá ballraíocht ionaid aclaíochta, Mol Cliste Google, dearbháin i gcomhair leabhar, bia, na pictiúrlainne agus cúraimí áilleachta + go leor rudaí eile! Tarlóidh an crannchur Déardaoin an 16 Mí na Nollag. Déan cinnte go bhfuil tú san iomaíocht trí do thicéad crannchuir a fháil ANSEO.
Busanna le haghaidh Scrúduithe na Nollag
Dé Luain an 6 Mí na Nollag – Déardaoin 16 Mí na Nollag *Busanna sa Bhreis Dé Sathairn an 11 Mí na Nollag & Dé Domhnaigh an 12 Mí na Nollag*
- Ag fágáil Bhóthar na hOllscoile 08:40 15:40
- Ag fágáil Bhóthar na Trá (Leisureland) 11:40 18:40
Tá stad an bhus Bhóthar na hOllscoile suite leathshlí idir Wards Sandwiches agus Tesco Express – is é stad an bhus leictreonach é. SEIRBHÍS SAOR IN AISCE. CÁRTA AITHEANTAIS MAC LÉINN DE CHUID NUIG DE DHÍTH
Ranganna Aclaíochta Saor in Aisce Beo ar Líne An tSeachtain Seo Chugainn
- 30r.n. Dé Máirt an 14 Mí na Nollag Babhta Traenála chun an Ruaig a chur ar an Strus le Wilder Wellbeing beo ar a Instagram ANSEO
- 30r.n. Déardaoin 16 Mí na Nollag Babhta Traenála chun an Ruaig a chur ar an Strus le Wilder Wellbeing beo ar a Instagram ANSEO
Ní chosnaíonn ár Stocaí “Rud Mór Buí” ach €9 agus téann an t-airgead go léir chuig carthanachtaí an Chomhaltais an tIonad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe agus Seirbhísí Óige BeLonG To. Ceannaigh ar líne iad ANSEO nó ceannaigh péire in Oifig an Chomhaltais nó i Siopa an Chomhaltais más ar campas atá tú!
Ag Dul Abhaile don Nollaig?
Má tá aon rud i do thaisceadáin a bhfuil seans ann go mbeidh gá agat leis i rith na Nollag, ná déan dearmad é a thabhairt abhaile leat – ar eagla na heagla!
Tabharfaidh #ProjectUniCoV faoi Chéim 2 níos simplithe ag tús 2022 agus beidh tástáil leanúnach ar siúl ar feadh an tseimeastair ar fad. Coinnigh do shúil air seo!
An mbraitheann tú faoi bhrú nó trína chéile de bharr scrúduithe nó tascanna ranganna?
Téigh i dteagmháil le Líne Chabhrach Struis Scrúduithe de chuid NUIG. Glaoigh air 089-462 3763 nó seol r-phost chuig examstress@nuigalway.ie
Faigh iasacht de Ríomhaire Glúine ón Leabharlann
Tá 24 ríomhaire glúine ag an Leabharlann le tabhairt amach ar iasacht do mhic léinn. Tá na ríomhairí glúine á dtabhairt amach ar iasacht faoi láthair ó Dheasc Freastail na Leabharlainne & Teicneolaíochta Faisnéise i bhforhalla na príomhleabharlainne. Is féidir ríomhairí glúine a fháil ar iasacht ar feadh dhá thréimhse éagsúla ag braith ar cén saghas ríomhaire glúine a roghnaíonn tú:
- Suas le 24 uair an chloig
- Suas le 7 lá
Ní ghearrtar aon táille chun ríomhaire glúine a fháil ar iasacht; ní gá ach do chárta aitheantais mac léinn de chuid OÉ Gaillimh a bheith agat. Gearrtar fíneálacha as ríomhairí glúine a thugtar ar ais go déanach, a chailltear, a ghoidtear nó a bhfuil dámáiste déanta dóibh.
An Bhfuil do Chárta Leap Mac Léinn ag dul in Éag?
Beidh deireadh leis na seanchártaí Leap Mac Léinn gorma ar an 31/12/21 agus ná lig do sin teacht aniar aduaidh ort i rith na Nollag mar sin. Déan athnuachan ar do chárta anois! Cuir iarratas isteach ar líne www.leapcard.ie agus buail isteach chuig Oifig an Chomhaltais thuas staighre in Áras na Mac Léinn 10r.n.-5i.n. Luan go hAoine le do chód iarratais agus cárta aitheantais mac léinn. Priontálfaimid do chárta nua duit.
An t-eolas is déanaí maidir le spás le haghaidh staidéir
- Foirgneamh Cairnes – 55 Suíochán, plean oscailte ar an gcéad urlár. Buail isteach. Ar Oscailt Luan go hAoine 10:00-16:00
- Leabharlann – 1360 Spás. Buail isteach. Ar Oscailt Luan go hAoine 08:30 – 22:00; Dé Sathairn 08:30 – 21:30; Dé Domhnaigh 10:00 – 21:30
- Seomra Léitheoireachta – 152 Spás. Buail Isteach. Ar Oscailt Luan go hAoine 08:00-02:00
Crainn & Bleibíní á gCur an Satharn beag seo
An Satharn beag seo an 11 Mí na Nollag ó 10 r.n. cuirfear crainn agus bleibíní mar chuid d’fheachtas chun an ceantar Gaillimheach cois Loch an tSáile a ligint fás ina fhiántas arís. Tuilleadh eolais agus clárú ANSEO.
Scoláireachtaí Dochtúireachta Hardiman na bliana 2022 Ar Oscailt Anois
Cuireann Scoláireachtaí Dochtúireachta de chuid Hardiman maoiniú iomlán ar fáil ar feadh 4 bliana; le stipinn de €18,500 in aghaidh na bliana, chomh maith le tarscaoileadh i leith táillí ar feadh 4 bliana. Cuireann na Scoláireachtaí seo deiseanna ar fáil do dhaoine leis na cáilíochtaí cuí chun dochtúireacht struchtúrtha a dhéanamh, iad dírithe ar na príomhréimsí taighde ina bhfuil an Ollscoil ar thús cadhnaíochta ó thaobh saineolais de. Is féidir teacht ar mhaoirseoirí féideartha ag Find a Supervisor/ PhD. Ní ghlacfar le hiarratais tar éis 5i.n. an 11 Mí Feabhra 2022. Tosnaíonn scoláireachtaí an 1 Mí Mhéan Fómhair 2022. Tuilleadh eolais ANSE0.
Imeachtaí Féiltiúla chun Faoiseamh a Fháil ó Strus
Arna eagrú ag Aonad Sláinte na Mac Léinn, Oifig na gCumann agus Oifig Chur chun Cinn na Sláinte. Is féidir clárú ag www.yourspace.nuigalway.ie
- Oíche de Chácaí Déanta i Mugaí 7i.n. INNIU Déardaoin an 9 Mí na Nollag. Cácaí féiltiúla milse agus saillte déanaí i mugaí. Gheobhaidh an chéad 25 duine a chláraíonn fearas muifíní déanta i mugaí saor in aisce.
- Caint & Siúlóid na Nollag 3i.n. Dé hAoine an 10 Mí na Nollag ag buaileadh le chéile in aice le Foirgneamh Bhitheolaíocht an Duine. Soláthrófar deochanna & béilí beaga tar éis siúlóid ghearr.
Tá sé in Am do Chomórtas le IdeasLab!
Féirín iontach ó IdeasLab – d’fhéadfaí iPad nó MS Pro a bhfuil luach €800 orthu a bhuachan. Le haghaidh tuilleadh eolais, agus chun seans a fháil an duais iontach seo a bhuachan, téigh chuig leathanach Instagram de chuid IdeasLab @ideaslabnuig. Ag dúnadh AMÁRACH Dé hAoine an 10 Mí na Nollaig.
Labhair d’aonghuth le mic léinn ar fud na cruinne agus beidh deis agat duaiseanna airgid a bhuachan
Tá OÉ Gaillimh ag braith ort chun leas a bhaint as do ghuth trí Shuirbhéanna Mac Léinn Idirnáisiúnta de chuid Bharaiméadar a líonadh isteach agus trí chabhrú leo bealaí a aimsiú chun saol na hOllscoile a fheabhsú duitse agus do do chomh-mhic léinn. Freagróir ar bith a líonann suirbhé isteach cuirfear isteach ar chrannchur iad le haghaidh dearbháin OneForAll ar luach €50 & €100. Comhlánaigh an suirbhé ANSEO.
Cabhraíonn an Deasc Tacaíochta de chuid SUSI le daoine den phobal le haon cheist a bhfuil acu maidir le maoinú deontas mac léinn. Is í an uimhir ghutháin nua dá nDeasc Tacaíochta ná 0818 888 777. Tá an fhoireann ar fáil 09.00-17.30 Luan go hAoine, is é an seoladh ríomhphoist atá acu ná support@susi.ie, Facebook & Twitter.
An Chéad Leagan de Scannán! Iontrálacha d’Fhéile Scannán na n-Óg ar Oscailt Anois
Glacann First Cut! le scannáin ó dhéantóirí scannán a bhfuil idir 12 agus 24 bliana d’aois. Fáilteofar roimh gach saghas scannáin faoi 15 nóiméad, ficsean, clár faisnéise, beochan agus físeán ceoil san áireamh. Tá an spriocdháta le haghaidh iontrálacha ag 5i.n. Dé hAoine an 21 Mí Eanáir 2022. Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt air: firstcutfilmfestival.com
Faigh fios fátha an scéil maidir le cúrsaí in OÉ Gaillimh in Eagrán 6 den nuachtán Sin ANSEO.
Málaí Rudaí Álainn Saor in Aisce
Tá ár málaí féiríní Rudaí Álainn ar fáil arís in Oifig an Chomhaltais d’fhonn cabhrú leat treabhadh leat go dtí deireadh an tseimeastair! Bailigh do cheannsa sula mbeidh siad imithe 10r.n.-5i.n. Luan go hAoine ó hOifig an Chomhaltais thuas staighre in Áras na Mac Léinn.
Teagasc sa Bhreis, Taisceadáin nó Leabhair Athláimhe uait?
Féadann tú teacht ar na seirbhísí de chuid an Chomhaltais seo trí www.yourspace.nuigalway.ie – Níl le déanamh agat ach logáil isteach agus téigh chuig rannán an Chomhaltais atá ar chlé. Is féidir Cárta an Chomhaltais s’againne a chlárú anseo freisin.
Bhfuil do Chárta Aitheantais OÉ Gaillimh agat?
Ní mór do Chárta Aitheantais OÉ Gaillimh a thaispeáint d’fhonn freastal go fisiciúil ar scrúduithe. Má tá sé caillte agat is féidir ceann nua a fháil ón nDeasc Chabhrach Chlárú na Mac Léinn. Uaireanta oscailte agus nasc chun coinne a chur in áirithe ANSEO.
Contact Us / Déan teagmháil linn
Is féidir dul i dteagmháil le Comhaltas na Mac Léinn trí ríomhphost a sheoladh chuig studentsunion@nuigalway.ie le haon cheist nó le haon mholadh a bhfuil agat. Is féidir “Is maith liom” a thabhairt dúinn nó sinn a leanúint ar Facebook Instagram Tik Tok, Snapchat (@nuigsu) agus Twitter.