Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
“The mission of the Union shall be to represent its members and promote, defend and vindicate the rights of its members at all levels of society.” – Constitution of the Students’ Union
The SU is a representative organisation that is independent from the University and consists of all registered students at NUI Galway. As the SU is an independent body, the SU officers do not have to answer to the University authorities – we only answer to you, our members who have elected us.
These are the officers in the Students’ Union working for you this year to promote and defend your rights:
- President: Róisín su.president@oegaillimhie
- Vice-President/Education: Clodagh su.education@oegaillimh.ie
- Vice-President/Welfare & Equality: Cora su.welfare@oegaillimh.ie
- Oifigeach na Gaeilge: Eímear su.gaeilge@oegaillimh.ie
- Mature Students: Anita su.maturestudents@oegaillimh.ie
- Postgraduate Taught: Martin su.pgtaught@oegaillimh.ie
- Postgraduate Research: Shane su.pgresearch@oegaillimh.ie
- Clubs: Kirsty su.clubs@oegaillimh.ie
- Convenor Arts, Social Sciences & Celtic Studies: Faye su.arts@oegaillimh.ie
- Convenor Science and Engineering: Sai su.scienceengineering@oegaillimh.ie
- Convenor Medicine, Nursing & Health Sciences: Jack su.medicine@oegaillimh.ie
- Convenor Business, Public Policy & Law: Krystian su.business@oegaillimh.ie
- Gender and LGBT+ Rights: Orlaith su.lgbt@oegaillimh.ie
- Disability Rights: Niamh su.disability@oegaillimh.ie
- Societies Chairperson: Ethan su.socs@oegaillimh.ie
- Ethnic Minorities Officer: Anne Marie su.ethnicminorities@oegaillimh.ie
- International Students Officer: Matthew su.international@oegaillimh.ie
Call over to us in the Aula Maxima, The Quadrangle, OÉ Gaillimh to get all the free stuff! We will be there from TODAY Thurs 2nd Sept until Friday 1st Oct. Pick up your reusable Rudaí Álainn bag full of FREE STUFF including:
- Your SU Welcome/Fáilte Magazine
- Reusable facemasks for every student provided by NUI Galway
- Flirt FM Wall Planners
- Free drinks
- Your SU Card
- Information on Project UniCoV
- + Lots more surprises!
SU Office is Open
The SU Office is now open Mon-Fri 10am-5pm upstairs in Áras na Mac Léinn (beside Sult). Call in to collect buy Secondhand Books, get SU Charity Socks, collect your locker keys and lots more! Our services at Sult, the SU Shop and Smokey’s Café have also reopened so call by and shop local!
Hump Day Hoolie 7.30pm Weds 8th Sept
Our Hump Day Hoolies are back with lots of speed friending, comedy, prizes and fun! Get your free tickets HERE.
Ways to get involved with your SU this year |Bealaí le páirt a ghlacadh i do Chomhaltas i mbliana
- Take the Charity Challenge
- Become a Class Rep
- Join the Welfare Crew
- Run for Election
- Join the Event Crew
- Join Coiste Gaeilge
Lockers will go on sale from the SU Website at 10am on Monday 6th of September.
Coming Up Soon
- Thurs 2nd Sept SU Pop Up in the Quad opens until 1st Oct
- Fri 3rd Sept Repeat/Autumn Exam Results
- Sat 4th Sept Welcome Back Day
- Mon 6th Sept Lectures start for returning students
- Weds 8th Sept SU Hump Day Hoolie
- Weds 8th Sept Socs Day
- Thurs 9th Sept SU Pop Up Gaeltacht
- Fri 10th Sept World Suicide Prevention Day
- Sun 12th Sept Cycle Challenge Starts
Welcome Magazine
Our Fáilte magazine has all the information you need about starting life in NUI Galway and Galway! There’s some great offers, deals and information from our supporters too so have a read HERE.
Can you lead the way and be the voice of your class this year? Nominations for Class Rep positions for this year will be opening soon. It’s a great way to gain experience, make friends, get training and get your Class Rep Hoodie! More information will be available HERE.
Sign Language Registration now open
Registration is now open for our 10 week reduced rate Sign Language Course. More information and registration HERE
NUIG is one of four Irish universities participating in the UniCoV project to help detect and prevent the spread of COVID-19 among students and staff. Its aim is to support, facilitate and sustain the return of face-to-face on campus activity. They need your help with this! Volunteer to take part in the project and you will be trained to perform rapid nasal swab tests and provide saliva samples for PCR testing for 2-week or 8-week periods. Watch the explainer video
The Smarter Travel Cycle Challenge will take place alongside Bike Week and will run from Sun 12th Sept to Sat 18th Sept. Get together with your NUIG classmates to form teams of 2 – 6 and be in with a chance to win some great prizes just by cycling more! Register your team or join a team now HERE
Upcoming Free Student Wellness Workshops
- Connection Wellness Workshops – 12pm Fri 3rd Sept
- Goal Setting Wellness Workshops- 4pm Weds 8th Sept & 12pm Fri 10th Sept
Book your spot for a Campus Tour online at www.yourspace.nuigalway.ie – meet new people, get familiar with campus and get your steps in!
The FREE Student Health Unit is open but you must book your appointment online prior to attending. More information on their services and how to book your appointment online here.
Handy Links For You
- Registration Dates
- Academic Term Dates 2021/22
- Fees Payment Dates
- University Updates
- What’s Happening on Campus
Start the year off right and take care of your mental & physical well-being by taking part in Energy Society’s Bike Week, where you can win awesome prizes based on how many kilometres you cycle and every participant gets a free breakfast, high-vis vest, and bike lights! For more info and to register visit our website here.
Would you like to strengthen your well-being and resilience this year?
WRAP is an evidence-based programme that develops personalised tools to help manage distress and promote positive mental health during 4 workshops, beginning 6pm Mon 13th Sept. Contact Programme Coordinator: fiona.m.fitzgerald@nuigalway.ie for more details or apply today HERE Limited Spaces.
Free Online Stress Control Course
Free Stress Control sessions start back next Monday 6th of September at this LINK
Don’t be afraid to reach out, you’re not alone. More info here.
Contact Us / Déan teagmháil linn
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@nuigalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok, Snapchat (@nuigsu) and Twitter.
_________________________________________________________________________________________________________________
Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Céard é Comhaltas na Mac Léinn?
“Is é misean an Chomhaltais ionadaíocht a dhéanamh ar a bhaill agus cearta a mball a chur chun cinn, a chosaint agus a dhearbhú ag gach leibhéal den tsochaí.” – Bunreacht Chomhaltas na Mac Léinn
Is eagraíocht ionadaíoch é an Comhaltas atá ag feidhmiú neamhspleách ar an Ollscoil agus tá gach mac léinn atá cláraithe in OÉ Gaillimh páirteach ann. De bhrí gur comhlacht neamhspleách é an Comhaltas, níl oifigigh an Chomhaltais freagrach d’údaráis na hOllscoile – táimid freagrach daoibhse, ár baill a thoghamar.
Seo a leanas na hoifigigh atá ar obair i gComhaltas na Mac Léinn i mbliana agus a bhfuil bhur gcearta á gcur chun cinn agus á gcosaint acu:
- Uachtarán: Róisín president@oegaillimhie
- Leas-Uachtarán/Oideachas: Clodagh education@oegaillimh.ie
- Leas-Uachtarán/Leas & Comhionannas: Cora welfare@oegaillimh.ie
- Oifigeach na Gaeilge: Eímear gaeilge@oegaillimh.ie
- Mic Léinn Lánfhásta: Anita maturestudents@oegaillimh.ie
- Cúrsaí Iarchéime Múinte: Martin pgtaught@oegaillimh.ie
- Taighde Iarchéime: Shane pgresearch@oegaillimh.ie
- Clubanna: Kirsty clubs@oegaillimh.ie
- Tionólaí – Na Dána, Eolaíochtaí Sóisialta & Léann Ceilteach: Faye arts@oegaillimh.ie
- Tionólaí – Eolaíocht agus Innealtóireacht: Sai scienceengineering@oegaillimh.ie
- Tionólaí – Leigheas, Altranas & Eolaíochtaí Sláinte: Jack medicine@oegaillimh.ie
- Tionólaí – Gnó, Beartas Poiblí & Dlí: Krystian business@oegaillimh.ie
- Inscne agus Cearta LGBT+: Orlaith lgbt@oegaillimh.ie
- Cearta Daoine faoi Mhíchumas: Niamh disability@oegaillimh.ie
- Cathaoirleach na gCumann: Ethan socs@oegaillimh.ie
- Oifigeach Mionlach Eitneach: Anne Marie ethnicminorities@oegaillimh.ie
- Oifigeach na Mac Léinn Idirnáisiúnta: Matthew international@oegaillimh.ie
Tabhair cuairt orainn san Aula Maxima, An Chearnóg, OÉ Gaillimh chun rudaí deasa a fháil uainn saor in aisce! Beimid ann INNIU, Déardaoin, an 2 Meán Fómhair go dtí Dé hAoine, an 1 Deireadh Fómhair. Faigh mála in-athúsáidte Rudaí Áille uainn atá lán le RUDAÍ SAOR IN AISCE lena n-áirítear:
- Irisleabhar Fáilte Chomhaltas na Mac Léinn
- Maisc aghaidhe in-athúsáidte atá á gcur ar fáil ag OÉ Gaillimh do gach mac léinn
- Pleanálaithe Balla Flirt FM
- Deochanna saor in aisce
- Cárta an Chomhaltais
- Eolas maidir le Tionscadal UniCoV
- + Neart rudaí deasa eile!
Uaireanta Oscailte Oifig Chomhaltas na Mac Léinn
Tá Oifig an Chomhaltais oscailte Luan-Aoine, idir 10am-5pm, thuas staighre in Áras na Mac Léinn (in aice le Sult). Tabhair cuairt orainn más mian leat Leabhair Dara Láimhe a cheannach, Stocaí Carthanais an Chomhaltais a fháil, eochracha do thaisceadáin a bhailiú agus neart eile! Tá Sult, Siopa an Chomhaltais agus Caifé Smokey’s oscailte arís agus ná bíodh drogall oraibh tamall a chaitheamh iontu!
Cóisir Lár na Seachtaine, 7.30pm, Dé Céadaoin, an 8 Meán Fómhair
Tá Cóisirí Lár na Seachtaine á reáchtáil againn arís agus beidh neart deiseanna agaibh bualadh le cairde nua, taitneamh a bhaint as seónna coiméide, duaiseanna a bhuachan agus píosa spraoi a bheith agaibh! Tá ticéid saor in aisce le fáil ANSEO.
Ways to get involved with your SU this year |Bealaí le páirt a ghlacadh i do Chomhaltas i mbliana
- Glac Páirt sa Dúshlán Carthanais
- Oibrigh mar Ionadaí Ranga
- Oibrigh leis an bhFoireann Leasa
- Seas i dToghchán
- Oibrigh leis an bhFoireann Imeachtaí
- Oibrigh le Coiste na Gaeilge
Beidh taisceadáin ar díol ar Shuíomh Gréasáin an Chomhaltais ag 10am, Dé Luain, an 6 Meán Fómhair.
Ag Tarlú go Luath
- Déardaoin, an 2 Meán Fómhair Pop Up CMLOÉG sa Chearnóg go dtí an 1 Deireadh Fómhair
- Dé hAoine, an 3 Meán Fómhair Torthaí Scrúduithe Athdhéanta/Scrúduithe an Fhómhair
- Dé Sathairn, an 4 Meán Fómhair Lá Fáilte ar Ais
- Dé Luain, an 6 Meán Fómhair Tosaíonn léachtaí le haghaidh na mac léinn atá ag filleadh
- Dé Céadaoin, an 8 Meán Fómhair Cóisir Lár na Seachtaine an Chomhaltais
- Dé Céadaoin, an 8 Meán Fómhair Lá na gCumann
- Déardaoin, an 9 Meán Fómhair Pop Up Gaeltacht an Chomhaltais
- Dé hAoine, an 10 Meán Fómhair Lá um Fhéinmharú a Chosc
- Dé Domhnaigh, an 12 Meán Fómhair Tús an Dúshláin Rothaíochta
Irisleabhar Fáilte
Tá an t-eolas ar fad a theastaíonn uait chun tús a chur le do shaol nua in OÉ Gaillimh agus i nGaillimh le fáil san irisleabhar Fáilte! Tá eolas maidir le roinnt tairiscintí iontacha, margaí maithe mar aon le heolas ónár lucht tacaíochta le fáil ann, agus is féidir é a léamh ANSEO.
Ar mhaith leat labhairt amach agus ionadaíocht a dhéanamh ar do rang i mbliana? Beidh deis agaibh ainmniúcháin a dhéanamh le haghaidh Ionadaithe Ranga don bhliain amach romhainn go luath. Is bealach iontach é chun taithí a fháil, aithne a chur ar dhaoine, tairbhe a bhaint as roinnt oiliúna agus Húdaí Ionadaí Ranga a fháil! Beidh tuilleadh eolais ar fáil ANSEO.
Cláraigh le haghaidh Cúrsa Teanga Chomharthaíochta anois
Is féidir clárú anois dár gCúrsa Teanga Chomharthaíochta 10 seachtaine agus tairbhe a bhaint as ráta laghdaithe. Tá tuilleadh eolais agus sonraí clárúcháin le fáil ANSEO
Cláraigh le haghaidh Tionscadal UniCoV
Tá OÉ Gaillimh i measc ceann de cheithre Ollscoil Éireannacha atá ag glacadh páirte i dtionscadal UniCoV. Táthar ag súil go gcabhróidh UniCoV le COVID-19 a aithint i measc mac léinn agus comhaltaí foirne agus leathadh an víris a chosc. Is é aidhm an tionscadail tacú leis na hiarrachtaí gníomhaíochtaí a reáchtáil ar an gcampas arís, na hiarrachtaí sin a éascú agus leanúint ar aghaidh leo. Ní mór daoibhse cabhrú leis na hiarrachtaí seo! Tairg páirt a ghlacadh sa tionscadal ar bhonn deonach agus cuirfear oiliúint ort ionas go mbeidh tú in ann tástálacha tapa maipín sróine a dhéanamh agus samplaí seile a chur ar fáil le haghaidh tástáil PCR le haghaidh tréimhsí coicíse nó ocht seachtaine. Breathnaigh ar an bhfíseán mínithe
Glac Páirt inár nDúshlán Rothaíochta
Reáchtálfar an Dúshlán Rothaíochta Taisteal Níos Cliste ag an am céanna le Seachtain na Rothar idir an Domhnach, an 12 Meán Fómhair agus an Satharn, an 18 Meán Fómhair. Bunaigh foirne de idir 2 – 6 le do chomhghleacaithe ranga in OÉ Gaillimh agus beidh deis agaibh roinnt duaiseanna iontacha a bhuachan trí níos mó ama a chaitheamh ag rothaíocht! Cláraigh d’fhoireann nó glac páirt i bhfoireann ANSEO
Ceardlanna Folláine Saor in Aisce do Mhic Léinn
- Ceardlanna Folláine Caidrimh – 12pm, Dé hAoine, an 3 Meán Fómhair
- Ceardlanna Folláine Socraithe Spriocanna – 4pm, Dé Céadaoin, an 8 Meán Fómhair & 12pm, Dé hAoine, an 10 Meán Fómhair
Turais Mórthimpeall an Champais
Cuir áit in áirithe ar líne ag www.yourspace.nuigalway.ie más mian leat dul ar Thuras Mórthimpeall an Champais – cuir aithne ar dhaoine nua, déan do bhealach thart ar an gcampas agus caith tamall ag siúl!
Tá Aonad Sláinte na Mac Léinn oscailte ach ní mór duit do choinne a chur in áirithe roimh ré ar líne. Tá an tseirbhís seo á cur ar fáil SAOR IN AISCE. Tá tuilleadh eolais maidir leis na seirbhísí atá á gcur ar fáil ag an Aonad Sláinte agus maidir le conas do choinne a chur in áirithe ar líne le fáil anseo.
Naisc Úsáideacha
- Dátaí Clárúcháin
- Dátaí Théarma Acadúil 2021/22
- Dátaí Íocaíochta Táillí
- Nuashonruithe Ollscoile
- Céard atá ag Tarlú ar an gCampas?
Déan Iarracht an Carr a Fhágáil sa Bhaile
Cuir tús maith leis an mbliain agus tabhair aire do d’fholláine mheabhrach & fhisiciúil trí pháirt a ghlacadh i Seachtain na Rothar atá á heagrú ag an gCumann Fuinnimh. Beidh deis agat duaiseanna iontacha a bhuachan bunaithe ar an méid ciliméadar a thaistealaíonn tú ar an rothar agus faigheann gach rannpháirtí bricfeasta, veist shofheicthe agus soilse dá rothar saor in aisce! Má theastaíonn tuilleadh eolais uait agus más mian leat clárú tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin anseo.
Ar mhaith leat d’fholláine agus acmhainneacht a fheabhsú i mbliana?
Is clár fianaisebhunaithe é WRAP a chabhraíonn le daoine uirlisí pearsanta a fhorbairt chun déileáil le dúshláin an tsaoil agus meabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn. Tá ceithre cheardlann ar fad á reáchtáil mar chuid den chlár seo agus reáchtálfar an chéad cheardlann ag 6pm, Dé Luain, an 13 Meán Fómhair. Sonraí Teagmhála Chomhordaitheoir an Chláir: seol r-phost chuig fiona.m.fitzgerald@nuigalway.ie má theastaíonn tuilleadh eolais uait nó déan iarratas ANSEO inniu. Níl ach méid teoranta Spásanna ar fáil.
Cúrsa Rialaithe Struis Saor In Aisce Ar Líne
Cuirfear tús arís leis na seisiúin Rialaithe Struis Dé Luain seo chugainn, an 6 Meán Fómhair ag an NASC seo
Ná bíodh drogall ort labhairt le duine éigin, níl tú i d’aonar. Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.
Contact Us / Déan teagmháil linn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn trí r-phost a sheoladh chuig studentsunion@nuigalway.ie agus aon cheisteanna nó moltaí atá agat a chur in iúl. Chomh maith leis sin, is féidir leat muid a leanúint ar Facebook Instagram Tik Tok, Snapchat (@nuigsu) agus Twitter.