Students’ Union Launches Practical Training for Students
University of Galway Students’ Union today launched their Life Skills courses for the 2024/25 academic year. Since 2009 the Students’ Union has been running a wide range of subsidised courses for the 19,000 students of University of Galway with the aim of increasing their practical knowledge. These courses help to improve the employment prospects of students during and after college by boosting their CV’s. The courses also teach them important life skills including how to save lives.
The courses on offer from the Students’ Union include:
- Sign Language
- Heart Saver AED Training
- Mental Health Awareness Courses
- Gaeilge Classes
- Self Defence
- Disclosure Training with Galway Rape Crisis Centre
- Financial Resilience Training
- Suicide Awareness
- Tin Whistle and Bodhrán
Students’ Union President Faye Ní Dhomhnaill said: “We are delighted to announce details of our Life Skills courses for the year ahead. Whether it’s learning Sign Language or gaining the skills to administer CPR, all of these courses help to provide a well-rounded education for our students whilst also helping them to make their CV’s stand out from the crowd when looking for jobs.”
University of Galway Students’ Union is a democratic organisation whose mission is “to represent its members and promote, defend and vindicate the rights of its members at all levels of society.”
Full details of all courses is available HERE.
_____________________________________________________________________________________________________________________________________
Oiliúint Phraiticiúil do Mhic Léinn Seolta ag Comhaltas na Mac Léinn
Inniu sheol Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe cúrsaí i Scileanna Saoil don bhliain acadúil 2024/25. Tá réimse leathan cúrsaí fóirdheonaithe á reáchtáil ag Comhaltas na Mac Léinn ón mbliain 2009 i leith don 19,000 mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe d’fhonn a gcuid eolais phraiticiúil a mhéadú. Cuidíonn na cúrsaí seo le mic léinn a n-ionchais fostaíochta a fheabhsú le linn an choláiste agus ina dhiaidh trí bhíthin a CV a threisiú. Múintear scileanna saoil tábhachtacha dóibh ar na cúrsaí freisin, lena n-áirítear cén chaoi beatha a shábháil.
I measc na gcúrsaí a bheidh á dtairiscint ag Comhaltas na Mac Léinn an seimeastar seo tá:
- Teanga Chomharthaíochta
- Oiliúint ACS
- Cúrsaí Feasachta Meabhairshláinte
- Gaeilge
- Féinchosaint
- Oiliúint um Nochtadh ó Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe
- Oiliúint san Athléimneacht Airgeadais
- Oiliúint um Fheasacht i leith Féinmharú
- Feadóg Stáin agus Bodhrán
Dúirt Faye Ní Dhomhnaill, Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn: “Tá an-áthas orainn sonraí ár gcúrsaí Scileanna Saoil a fhógairt don bhliain amach romhainn. Cibé an mbaineann sé leis an Teanga Chomharthaíochta a fhoghlaim nó leis na scileanna a ghnóthú chun ACS a thabhairt, déanann na cúrsaí seo go léir a gcion féin le hoideachas leathan a thabhairt dár gcuid mac léinn. Chomh maith leis sin, cabhraíonn siad leo CV a bheith acu a sheasfaidh amach sa slua agus post á lorg acu.”
Eagraíocht dhaonlathach é Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe arb é a mhisean ná ionadaíocht a dhéanamh dá chuid ball, agus cearta na mball sin a chur chun cinn, a chosaint agus a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den tsochaí.”
Tá sonraí faoi na cúrsaí ar fad ar fáil ANSEO.