Students’ Union Urges Caution Booking Student Accommodation

With housing options in short supply University of Galway students looking for accommodation for the upcoming academic year have been urged to exercise caution before committing to a private residence this year. Before rushing into signing a lease/contract it is extremely important to make sure the property fits the needs of all tenants and to look out for rental scams. There are still some properties available so don’t panic and make sure you keep a close eye on all the accommodation websites especially www.uniofgalwaystudentpad.ie

Here are some handy tips:

  1. Be aware of the following rental scams: Scammer claims to be out of the country so can’t show you the property but requests a deposit. Scammer is living at the property, and shows a number of people around. They get a deposit from several people and then flee with the cash. The transaction appears to have gone smoothly until the renter finds that the keys don’t work and the landlord has disappeared.
  2. Take your time when viewing a property. Ensure all the necessities are there e.g. washing machine, furnishings etc. Check that all gas and electrical appliances are in good working order.
  3. Take photos of the property and make sure to highlight any damages already there e.g. Cigarette burns, carpet stains, etc.
  4. If there are any repairs to be made in the property, be sure to get it in writing from the landlord or agency that these problems will be rectified before handing over your deposit.
  5. Avoid paying the deposit in cash and ensure you get a receipt for any moneys exchanged. You are legally entitled to a receipt so make sure to insist on one.
  6. Request a viewing prior to the move in date to ensure that all outstanding issues have been rectified.
  7. Ensure the house is well ventilated and that heating sources are identified prior to signing a contract/lease.
  8. Insist that a building energy rating (BER) certificate is provided prior to signing the contract. This will help you know how cold the house is likely to get and will give you an idea of the cost for heating.
  9. Ensure you are clear on the duration of the tenancy. If you sign a lease and leave early you may be liable to pay outstanding rent even though you are no longer living there. Check what the situation is in the event of a lockdown.
  10. Make sure it’s clearly outlined in your lease which utility bills you must pay.
  11. Take out contents insurance as the landlord’s policy will not cover your personal possessions.
  12. For online learning check what the broadband speeds and deals are in the neighbourhood to make sure you will be well connected.

Students’ Union President Faye Ní Dhomhnaill said: Finding accommodation can be extremely stressful and people tend to rush into it. It is paramount that you follow these guidelines to avoid scams and ensure that the house you live in will be sustainable for you and your friends. Never rush into getting accommodation, be cautious and insist on receipts and any repairs where necessary. This will be where you stay for at least nine months so make sure you have all the necessities before making any commitments. Students still seeking accommodation should check www.uniofgalwaystudentpad.ie

______________________________________________________________________________________________________________________________________

Comhaltas na Mac Léinn ag Iarraidh ar Mhic Léinn a Bheith Cúramach agus Cóiríocht á Cur in Áirithe acu

Toisc go bhfuil roghanna tithíochta gann faoi láthair, táimid ag iarraidh ar mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe a bheith cúramach agus iad sa tóir ar áit chónaithe phríobháideach don bhliain acadúil atá le teacht. Sula gcuirtear lámh le léas/conradh faoi dheifir, tá sé thar a bheith tábhachtach a chinntiú go n-oirfidh an áit do gach uile dhuine de na tionóntaí, chomh maith le bheith ar aire ar chamscéimeanna cíosa. Tá áiteanna fós ar fáil, mar sin ná caill an cloigeann agus déan cinnte de go gcoinneoidh tú súil ghéar ar na láithreáin ghréasáin go léir, www.nuigstudentpad.ie go háirithe.

Seo a leanas roinnt leideanna luachmhara:

  1. Bí ar d’aire ar na camscéimeanna cíosa seo a leanas: Deir an caimiléir go bhfuil sé thar lear agus nach féidir leis an áit a thaispeáint duit, ach iarrann sé éarlais ort mar sin féin. Tá an caimiléir ina chónaí sa teach agus tugann roinnt daoine timpeall an tí. Faigheann sé éarlais ó roinnt daoine agus ansin crochann leis an t-airgead. Dealraíonn sé go bhfuil gach rud i gceart agus i gcóir go dtí go bhfaigheann an tionónta amach nach n-oibríonn na heochracha agus nach bhfuil tásc ná tuairisc ar an tiarna talún.
  2. Tóg do chuid ama agus tú ag breathnú thart ar theach. Cinntigh go bhfuil na riachtanais go léir ann, m.sh. meaisín níocháin, troscán, srl. Cinntigh go bhfuil dea-bhail ar gach fearas gáis agus leictreach.
  3. Glac grianghraif agus tarraing aird ar aon rud atá damáistithe cheana féin m.sh. dónna ó thoitíní, smáil ar an gcairpéad, srl.
  4. Má bhíonn deisiúcháin le déanamh sula mbogfaidh tú isteach, cinntigh go bhfaighidh tú an méid sin i scríbhinn ón tiarna talún nó ón ngníomhaireacht sula dtabharfaidh tú éarlais dó nó di.
  5. Ná híoc an éarlais in airgead tirim más féidir ar chor ar bith é agus cinntigh go bhfaighidh tú admháil ar aon airgead a íocfaidh tú. Tá tú i dteideal admhála de réir an dlí agus, mar sin, cinntigh go n-éileoidh tú ceann.
  6. Iarr deis le breathnú thart roimh bhogadh isteach lena chinntiú go bhfuil gach fadhb réitithe.
  7. Cinntigh go bhfuil an teach aeráilte go maith agus go dtaispeántar na foinsí téimh duit sula síneoidh tú conradh/léas.
  8. Ná sínigh an conradh gan an Teastas ar Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (BER) a fháil ar dtús. Cabhróidh sé seo leat a fháil amach cé chomh fuar agus a bheidh an teach agus tabharfaidh sé tuairim duit faoi cé mhéad a chosnóidh sé le hé a théamh.
  9. Cinntigh go dtuigeann tú fad ama na tionóntachta. Má tá léas sínithe agat agus má fhágann tú go luath, d’fhéadfá a bheith faoi dhliteanas an cíos amuigh a íoc cé nach bhfuil tú i do chónaí ann a thuilleadh. Faigh amach céard a tharlóidh i gcás dianghlasáil eile.
  10. Cinntigh go bhfuil sé leagtha amach go breá soiléir i do léas cé na billí fóntais a bheidh ortsa a íoc.
  11. Cuir do shealúchas pearsanta faoi árachas inneachair toisc nach gclúdóidh polasaí an tiarna talún é.
  12. Le haghaidh na foghlama ar líne, seiceáil luas an leathanbhanda agus na margaí atá ar fáil sa cheantar lena chinntiú go mbeidh tú in ann brath ar do nasc leis an Idirlíon.

Dúirt Faye Ní Dhomhnaill, Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn: “Rud iontach strusmhar é a bheith sa tóir ar áit chónaithe agus is minic a dhéanann daoine cinntí tábhachtacha faoi dheifir. Tá sé fíorthábhachtach go leanfá na treoirlínte seo le fanacht glan ar chamscéimeanna agus lena chinntiú go mbeidh an áit a aimseoidh tú oiriúnach duit féin agus do do chuid cairde. Ná déan cinntí tábhachtacha faoi dheifir, bí ar d’aire agus éiligh admhálacha agus deisiúcháin nuair is gá. Beidh tú ag cur fút san áit seo go ceann naoi mí ar a laghad, mar sin cinntigh go sásóidh sí na riachtanais go léir atá agat sula ndéanfaidh tú aon mhargadh. Ba chóir do mhic léinn atá fós sa tóir ar áit breathnú ar  www.uniofgalwaystudentpad.ie