Students’ Union Invite Applications to Annual Charity Fund

NUI Galway Students’ Union has opened the application process for Charities wishing to be considered as beneficiaries for its annual fundraising campaign for 2021/22. Last year students took part in a series of monthly challenges including Kilometre Challenges, Random Act of Kindness Challenges and the Hair Raiser Challenge to raise €13,000 for Galway Rape Crisis Centre, Galway Autism Partnership and Helplink Mental Health!

Application forms for the 2020/21 fund are available here: NUIG SU Charity Application Form 2021 and the closing date for applications is 5pm Friday 27th of August 2021. Please note that any canvassing will automatically disqualify your charity from this process.

Students’ Union President Róisín Nic Lochlainn said: “Despite the constant cutbacks and daily challenges we all face, NUI Galway students have a very proud tradition of raising money for charities. This year we hope to raise even more money for good causes with our Charity Challenge. Each month NUI Galway students will take on a different challenge that will be adaptable to the challenges of living with Covid-19. These challenges will encourage our students to get involved in helping their community whilst also setting goals for themselves each month.”

__________________________________________________________________________________________________________________

Fáilte á Cur ag Comhaltas na Mac Léinn roimh Iarratais ar an gCiste Bliantúil Carthanachta

Tá Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh ag glacadh le hiarratais anois ó Charthanais ar mian leo a n-ainm a chur sa rith le haghaidh an fheachtais bhliantúil tiomsaithe airgid do 2021/22. Ghlac mic léinn páirt i sraith dúshlán míosúil anuraidh, Dúshlán na gCiliméadar, Dúshlán na gCineáltas gan Choinne agus Dúshlán Hair Raiser ina measc, agus d’éirigh leo €13,000 a thiomsú d’Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú, Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe agus Helplink Mental Health.

Tá foirmeacha iarratais ar chiste 2020/21 le fáil ó láithreán gréasáin Chomhaltas na Mac Léinn, www.su.nuigalway.ie, agus ní mór iarratais a chur isteach faoi 5 i.n., Dé hAoine, an 27 Lúnasa 2021. Tabhair faoi deara go ndéanfar do charthanas a dhícháiliú go huathoibríoch má dhéantar aon iarracht canbhasáil ar a shon.

Bhí an méid seo le rá ag Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn, Róisín Nic Lochlainn: “Tá traidisiún na carthanachta go smior i mic léinn OÉ Gaillimh d’ainneoin na gciorruithe uile agus na ndúshlán a bhíonn le sárú acu gach uile lá. Tá súil againn níos mó airgid ná riamh a bhailiú i mbliana ar son cúiseanna maithe trínár nDúshlán Carthanachta. Gach mí, tabharfaidh mic léinn de chuid OÉ Gaillimh faoi dhúshlán nua, a bheifear in ann a chur in oiriúint do na cora a bhaineann le maireachtáil le Covid-19. Spreagfaidh na dúshláin seo ár gcuid mac léinn lena gcion féin a dhéanamh le cabhrú lena bpobal agus le spriocanna a leagan síos dóibh féin gach mí freisin.”