Students’ Union Documentary to have World Premiere at Galway Film Fleadh

“The SU” documentary will have its World Premiere at Galway Film Fleadh at 3pm this Sunday 12th of July in the Town Hall Theatre. The documentary, directed and produced by Gerard Conway, Mark Byrne and Rob Dennis, offers unprecedented access to the lives of Students’ Union officers as they organise protests, campaign for change, support their fellow students and grow into their roles as leaders. Filmed over two years, it captures not only the challenges they face, but also the friendships, humour and energy of student life in Galway.

For decades the Students’ Union at the University of Galway has produced some of Ireland’s leading political figures, including former President Michael D. Higgins. Throughout its history, generations of student leaders have found themselves at the centre of campaigns that reach far beyond campus – from contraception to abortion, from the Troubles in Northern Ireland to war in the Middle East. 

Students’ Union President Seán de Búrca said: “We’re very excited that the Film Fleadh audience will get an insight into the world of the SU. This documentary shows how our Students’ Union Officers develop the skills and values that shape them into future leaders. It’s an inspiring story about getting involved and believing you can make a difference.”

Students’ Union Vice President/Welfare and Equality Officer Molly Hickey added: The SU offers a rare behind-the-scenes look at the realities of student representation. Whether you were involved in student politics, are currently a student, or simply care about the future of Irish society, this documentary will offer food for thought.”

Tickets are available at https://www.galwayfilmfleadh.com/project/the-s-u/

Scannán faisnéise maidir le Comhaltas na Mac Léinn le taispeáint den chéad uair riamh ag Fleadh Scannánaíochta na Gaillimhe

Tá an scannán faisnéise “The SU” le taispeáint den chéad uair riamh ag Fleadh Scannánaíochta na Gaillimhe ag 3pm, an Domhnach beag seo, an 12 Iúil in Amharclann Áras an Bhaile. Tugtar sa scannán faisnéise, arna stiúradh agus arna léiriú ag Gerard Conway, Mark Byrne agus Rob Dennis, léargas nach bhfuarthas a leithéid riamh cheana ar shaol oifigigh Chomhaltas na Mac Léinn agus iad ag eagrú agóidí, ag feachtasaíocht ar son athrú, ag tacú le mic léinn eile agus ag teacht in inmhe mar cheannairí. Rinneadh é a scannánú thar dhá bhliain agus ní hamháin go n-insítear scéal na ndúshlán a bhí le sárú acu, ach scéal an chairdis, an ghrinn agus an fhuinnimh a bhaineann le saol na mac léinn i nGaillimh chomh maith.

Le trí scór blianta anuas, is i gComhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe atá cuid de mhórphearsana polaitiúla na hÉireann ag tosú ar an bpolaitíocht, an t-iar-Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ina measc. Ó tháinig sé ar an bhfód, tá glúin i ndiaidh glúine de cheannairí mic léinn i gcroílár feachtas a dtéann a dtionchar i bhfad thar an gcampas amach – feachtais faoin bhfrithghiniúint agus faoin nginmhilleadh, faoi na Trioblóidí i dTuaisceart Éireann agus faoin gcogaíocht sa Mheánoirthear.

Dúirt Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn, Seán de Búrca: “Tá muid ar bís go bhfuil lucht freastail Fhleadh Scannánaíochta na Gaillimhe chun blaiseadh a fháil de shaol an Chomhaltais. Léirítear sa scannán faisnéise seo an chaoi a bhforbraíonn oifigigh de chuid Chomhaltas na Mac Léinn na scileanna agus na luachanna is bun le mianach na ceannaireachta. Scéal spreagúil é faoi dhul i mbun gnímh agus muinín a bheith agat gur féidir leatsa difríocht a dhéanamh.”

Dúirt Leas-Uachtarán/Oifigeach Leasa agus Comhionannais Chomhaltas na Mac Léinn, Molly Hickey, an méid seo freisin: “In The SU faightear léargas cúlstáitse nach bhfaightear rómhinic ar fhírinní loma ionadaíocht na mac léinn. Cibé acu a bhí baint agat le polaitíocht na mac léinn tráth, is mac léinn thú faoi láthair, nó is cás leat a bhfuil i ndán do shochaí na hÉireann, tabharfaidh an scannán seo ábhar machnaimh duit.”

Tá ticéid ar fáil ag https://www.galwayfilmfleadh.com/project/the-s-u/