New Students’ Union President Takes Office

Seán de Búrca has taken up the role of President of University of Galway Students’ Union which is the representative group of over 20,000 students. Seán, a BA Government Graduate from Loughrea, Co. Galway, was elected by his peers earlier this year and has now taken the reins in the Students’ Union.  

Seán follows in the footsteps of former President Michael D Higgins who was the University of Galway Students’ Union President back in 1964. He will be working closely with the other SU Officers including the Vice President/Welfare and Equality Officer Molly Hickey, the Vice President/Education Officer Eimear Burke and the Vice President for the Irish Language Cathal Ó hÉigeartaigh.

Students’ Union President Seán de Búrca said: “It’s an honour and a privilege to be representing the students of the University of Galway. It will continue to be another challenging year for students, in particular, with issues around housing and the cost of living continuing to present barriers for our members. University of Galway students will need extra support to ensure that they are able to fully engage with student life. Our Union exists to promote, defend and vindicate the rights of our members, at all levels of society, and I look forward to the next year of realising this mission.”

PICTURED (Left to Right): Eimear Burke, Cathal Ó hÉigeartaigh,Seán de Búrca and Molly Hickey (University of Galway Students’ Union)

Uachtarán nua Chomhaltas na Mac Léinn tar éis dul i mbun oifige

Tá Seán de Búrca tar éis dul i mbun oifige mar Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, an grúpa ionadaíoch do bhreis agus 20,000 mac léinn. Is Céimí BA sa Léann Rialtais é Seán agus is as Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe dó. Toghadh a chomh-mhic léinn ní ba luaithe sa bhliain é agus tá sé anois tar éis teacht i gceannas ar an gComhaltas.  

Tá Seán ag déanamh mar a rinne an t-iar-Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn roimhe, a bhí ina uachtarán ar Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe siar in 1964. Beidh sé ag obair as lámha a chéile le hOifigigh eile an Chomhaltais, lena n-áirítear an Leas-Uachtarán/An tOifigeach Leasa agus Comhionannais, Molly Hickey, an Leas-Uachtarán/An tOifigeach Oideachais, Eimear Burke, agus an Leas-Uachtarán don Ghaeilge, Cathal Ó hÉigeartaigh.

Arsa Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn, Seán de Búrca: “Is mór an onóir agus an phribhléid dom a bheith ag déanamh ionadaíocht do mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe. Tá bliain dhúshlánach eile geallta do mhic léinn, agus fadhbanna a bhaineann le tithíocht agus an costas maireachtála fós ina mbacainní dár gcuid ball. Beidh tacaíocht bhreise ag teastáil ó mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe lena chinntiú go mbeidh siad in ann an leas is fearr is féidir a bhaint as saol na hollscoile. Is ann don Chomhaltas chun cearta na mball a chur chun cinn, a chosaint agus a dhaingniú ar gach leibhéal den tsochaí, agus tá mé ag tnúth go mór leis an misean sin a chomhlíonadh an bhliain seo chugainn.”

SA PHICTIÚR (ó chlé go deas): Eimear Burke, Cathal Ó hÉigeartaigh,Seán de Búrca agus Molly Hickey (Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe)