SU Weekly Email

Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn

Le Boom Tickets on sale now

We’re delighted to announce our first big gig of the year is Le Boom 8pm Tues 23rd Sept at Sult. Le Boom are two brothers making high energy dance music which has been described as “4am chats with your mates”. Support is from DJ Soc + there’s free entry to Electric after. Get your tickets HERE.

First Year Orientation Events Today + Tomorrow

Join us for some great FREE Orientation events today + tomorrow including:

  • 11.30am-2.30pm Campus Challenge (Thursday + Friday)
  • 12.30pm-2.30pm Midday Mix in Áras na Mac Léinn (Thursday + Friday)
  • 5pm-7pm Bingo + Burgers in An Bialann (Thursday + Friday)
  • 7.30pm Speed Quizzing in Bailey Allen Hall (Thursday)
  • 9pm-Late Arriba Traffic Light Night at Sult (Friday)

Class Reps

Can you lead the way and be the voice of your class this year? Nominations for Class Rep positions are open and close Fri 19th Sept on YourSpace. It’s a great way to gain experience, make friends, get training and, of course, get your Class Rep Hoodie! More information HERE.

Spéir Slot Applications

Spéir, the SU Pantry, is open 2pm + 3.30pm each Monday + Friday in the Library Basement. To apply for a slot go HERE

  • Monday slot applications are open 5pm Fri to 6pm Sun
  • Friday slot applications are open 10am Tues to 4pm Thurs

Don’t forget your student ID card + a tote bag!

safeTALK Training in October

safeTALK is a free 3½ hour ‘suicide alertness’ programme that prepares participants to identify and engage with persons who may be having thoughts of suicide. It takes place 9am-1pm Fri 10th Oct on campus. More info + sign up details HERE.

Flirt FM

Flirt FM 101.3fm is our award-winning student radio station on campus. The station is by, of and for the third-level students of Galway. We’ve lots of fantastic volunteering and training opportunities so why not tune in and get involved!

Notice of By Election

We will be holding by elections to fill the two vacant SU Officer positions of Mature Students’ Officer and Postgraduate Taught Officer. Both of these positions are part time, unpaid, voluntary roles. Nominations and voting will all take place online at YourSpace

  • Election nominations open 10am Wednesday 17th September
  • Elections nominations close 5pm Wednesday 24th September
  • Voting takes place 10am-8pm Thursday 2nd October

For more information contact studentsunion@universityofgalway.ie

Get your FREE SU Card at the SU Office

Your SU Card is a loyalty card that can be used in Sult, Smokey’s Café and the SU Shop. Scan your SU Card when you buy to: Collect 2 points for every €1 spent; Buy 10 teas/coffees and get one free; Get special SU Card offers on food and drinks!


Are you registered to vote?

Voting to elect the next President of Ireland takes place on Friday 24th of October. Voters must apply to register to vote by Tuesday 7th October (Postal/Special Voters deadline is Monday 29th September). You can register to vote online now at www.checktheregister.ie

SDG Week 2025 20–27 Sept

There’s something for everyone, from our inaugural Run into SDG Week to a community climate assembly, including student-led initiatives and research showcases. More info here.

Coming Up This September

We’ve lots coming up this September and more to be added HERE!

Lockers are on Sale Now

Log on to YourSpace to book and pay for your locker. You can then collect the key from the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn. Please note access to all YourSpace services is only added 24 hours after you register for college.

University of Galway Parkrun

Parkrun is a free, fun, and friendly weekly 5k community event. Walk, jog, run, roll, volunteer or spectate – it’s up to you! It’s on every Saturday at 9:30am and starts from the Park & Ride Carpark. More infoHERE.

Save money on public transport fares with the Young Adult or Student Leap Card

  • The Young Adult Leap Card is available for all 19 to 25 year olds. Apply online HERE and it will be posted to you.
  • The Student Leap Card is only available for students in full time education who are either 16 -18 years of age or 26 years and above. Apply online HERE and collect from the SU Office when you get your confirmation code.

National Protest for the Irish Language and Gaeltacht

Join the protest at 13:30 Saturday 20th September in Parnell Square Dublin. We are organising a bus from University of Galway at 09:00 to the protest in Dublin. Bus tickets on sale HERE. University of Galway student ID required.

Life Skills

Our Life Skills courses are now enrolling for the year ahead. Spaces are limited so sign up soon for:

  • Sign Language
  • Gaeilge
  • Pilates
  • Tin Whistle
  • Financial Resilience
  • Bodhrán
  • Self Defence
  • Heartsaver AED
  • Mental Health Awareness
  • Disclosure Training with Galway Rape Crisis Centre
  • safeTALK Suicide Alertness

More info and registration HERE

Welcome Magazine

Our Fáilte magazine has all the information you need about starting life at the University of Galway and Galway! There’s some great offers, deals and information from our supporters too so have a read HERE.

Equitable education in science: why it matters, what it entails, and how it might be achieved

Free seminar with Professor Heather King 3.30pm Thurs 18 Sept in the Dunican theatre, Microbiology 127. More info from cellexplorers@universityofgalway.ie

Beer Run on Sunday

Join Galway Bay Brewery Running Club 12.30pm this Sunday 14th Sept for a free social 5km jog/run and get a free pint after for your efforts! Meet at the Salt House Bar. Bag drop available, run at your own pace – all welcome!

Contact Us | Déan teagmháil linn

You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.

You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)

_____________________________________________________________________________________________________________

Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn | Welcome to your weekly email from your Students’ Union

Ticéid Le Boom ar díol anois

Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh Le Boom ar an gcéad gig mhór den bhliain, 8pm Dé Máirt an 23 Meán Fómhair in Sult. Is beirt deartháireacha iad Le Boom a chruthaíonn ceol damhsa lán fuinnimh a gcuirtear síos air mar “chomhrá le do chairde ar 4 am ar maidin”. Beidh ceol tacaíochta ann ó DJ Soc + beidh saorchead isteach chuig Electric ina dhiaidh. Ticéid ar fáil ANSEO.

Imeachtaí Ionduchtaithe na Céad Bhliana Inniu + Amárach

Bí linn le haghaidh roinnt imeachtaí Ionductaithe SAOR IN AISCE inniu + amárach lena n-áirítear:

  • 11.30am-2.30pm Dúshlán Campais (Déardaoin + Dé hAoine)
  • 12.30pm-2.30pm Meascán Meánlae in Áras na Mac Léinn (Déardaoin + Dé hAoine)
  • 5pm-7pm Bingo + Burgair sa Bhialann (Déardaoin + Dé hAoine)
  • 7.30pm Tráth na gCeist Gasta i Halla Bailey Allen (Déardaoin)
  • 9pm-mall Oíche Soilse Tráchta Arriba in Sult (Dé hAoine)

Ionadaithe Ranga

An bhfuil an mianach ionat le bheith ag ceann an tslua agus guth a thabhairt do do rang i mbliana? Tá na hainmniúcháin d’Ionadaithe Ranga ar oscailt anois, agus beidh go dtí Dé hAoine, an 19 Meán Fómhair. Is ar YourSpace atá siad ar siúl. Is bealach iontach é le bualadh le cairde nua agus taithí, oiliúint agus, ar ndóigh, Húdaí Ionadaí Ranga a fháil! Tuilleadh eolais ANSEO.

Iarratais le haghaidh Sliotáin Spéir

Bíonn Spéir, Pantraí Chomhaltas na Mac Léinn, oscailte 2pm + 3.30pm gach Luan + Aoine in Íoslach na Leabharlainne. Chun sliotán a iarraidh, téighANSEO

  • Bíonn iarratais ar shliotáin Luain oscailte ó 5pm gach Aoine go dtí 6pm gach Domhnach
  • Bíonn iarratais ar shliotáin Aoine oscailte ó 10am gach Máirt go dtí 4pm gach Déardaoin

Ná déan dearmad ar do chárta aitheantais mac léinn + mála gualainne!

Oiliúint safeTALK i mí Dheireadh Fómhair

Clár 3½ uair an chloig maidir le ‘hairdeall ar fhéinmharú’ is ea safeTALK. Cuireann sé ar chumas rannpháirtithe daoine is dóigh a bhfuil smaointe féinmharaithe ar intinn acu a aithint agus caidreamh a thógáil leo. Beidh sé ar siúl 9am-1pm Dé hAoine an 10 Deireadh Fómhair ar an gcampas. Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO.

Flirt FM

Is é Flirt FM 101.3fm an stáisiún raidió mic léinn ar an gcampas a bhfuil neart duaiseanna buaite aige. Is le mic léinn tríú leibhéal na Gaillimhe an stáisiún. Bíonn an-chuid deiseanna againn le hobair dheonach a dhéanamh agus le hoiliúint a fháil, mar sin is mithid tiúnáil isteach agus páirt a ghlacadh!

Fógra Fothoghcháin

Reáchtálfar toghcháin chun dhá phost fholmha mar Oifigigh Chomhaltas na Mac Léinn a líonadh. Is iad na poist sin  an tOifigeach um Chúrsaí Mac Léinn Lánfhásta agus Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha. Is róil pháirtaimseartha, neamhíoctha, dheonacha iad an dá phost sin. Déanfar ainmniúcháin agus vótáil ar líne arYourSpace

  • Osclófar ainmniúcháin toghcháin 10am Dé Céadaoin an 17 Meán Fómhair
  • Dúnfar ainmniúcháin toghcháin 5pm Dé Céadaoin an 24 Meán Fómhair
  • Beidh vótáil ar oscailt 10am-8pm Déardaoin an 2 Deireadh Fómhair

Chun tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig studentsunion@nuigalway.ie

Faigh do Chárta Comhaltais SAOR IN AISCE in Oifig an Chomhaltais

Is cárta dílseachta é do Chárta Comhaltais is féidir a úsáid i Sult, i Smokey’s Café agus i Siopa an Chomhaltais. Scan do Chárta Comhaltais nuair a cheannaíonn tú aon rud chun na sochair a leanas a fháil: 2 phointe as gach €1 a chaitheann tú; cupán tae/caife saor in aisce i ndiaidh gach 10 a cheannaíonn tú; Tairiscintí speisialta ar bhia agus ar dheochanna do shealbhóirí Cártaí Comhaltais!


An bhfuil tú cláraithe le vótáil?

Caithfear vótaí chun an chéad Uachtarán eile ar Éirinn a thoghadh Dé hAoine an 24 Deireadh Fómhair. Ní mór do vótálaithe iarratas a dhéanamh chun clárú le vótáil faoin Máirt an 7 Deireadh Fómhair (is é an spriocdháta do Vótálaithe Poist/Speisialta ná Dé Luain an 29 Meán Fómhair). Is féidir leat clárú le vótáil ar líne anois arwww.checktheregister.ie

Seachtain na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, 20 -26 Meán Fómhair

Tá rud éigin ann do chách, mar shampla an chéad Rith do Sheachtain SDG agus tionól aeráide pobail, lena n-áirítear tionscnaimh faoi stiúir na mac léinn agus taispeántais taighde. Tá an liosta iomlán imeachtaí do Sheachtain SDG 2025 le fáil anseo.

Le teacht i mí Mheán Fómhair

Tá neart le teacht i mí Mheán Fómhair. Tuilleadh eolaisANSEO!

Taisceadáin ar díol anois

Logáil isteach ar YourSpace le clárú le haghaidh taisceadáin agus íocaíocht a dhéanamh. Is féidir leat an eochair a bhailiú ansin ó Oifig an Chomhaltais, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Tabhair faoi deara nach mbeidh rochtain agat ar sheirbhísí YourSpace go ceann 24 uair an chloig tar éis duit clárú le haghaidh an choláiste.

Parkrun Ollscoil na Gaillimhe

Imeacht pobail 5km saor in aisce é seo a bhíonn ar siúl gach seachtain le spraoi agus muintearas ann i gcónaí. Tar linn ag siúl, ag bogshodar, ag rith, ag rolladh agus cabhraigh linn an t-imeacht a reáchtáil, nó bí sa lucht féachana fiú – fút féin atá sé! Titeann sé amach gach Satharn ar 9:30am agus tosaíonn sé sa Charrchlós Páirceála agus Taistil. Tuilleadh eolais ANSEO.

Sábháil airgead ar tháillí iompair phoiblí le Cártaí Leap d’Aosaigh Óga agus do Mhic Léinn

  • Tá an Cárta Leap d’Aosaigh Óga ar fáil do gach duine atá 19-25 bliain d’aois. Déan iarratas ar líne ANSEO agus cuirfear amach chugat sa phost é.
  • Tá an Cárta Leap do Mhic Léinn ar fáil do mhic léinn lánaimseartha atá 16-18 mbliana d’aois nó 26+ bliain d’aois. Déan iarratas air ANSEO agus bailigh suas ó Oifig an Chomhaltais é a luaithe a bheidh an cód deimhnithe faighte agat.

Agóid Náisiúnta ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta

Bí páirteach san agóid ag 13:30, Dé Sathairn, an 20 Meán Fómhair i gCearnóg Parnell, Baile Átha Cliath. Tá muid chun bus a eagrú ó Ollscoil na Gaillimhe ag 09:00 go dtí an agóid i mBaile Átha Cliath. Ticéid don bhus ar díol ANSEO. Cárta aitheantais Ollscoil na Gaillimhe ag teastáil.

Scileanna Saoil

Is féidir clárú dár gcúrsaí Scileanna Saoil anois don bhliain amach romhainn. Níl ach líon teoranta áiteanna ar fáil – cláraigh go luath do na cúrsaí a leanas:

  • Teanga Chomharthaíochta
  • Gaeilge
  • Pilates
  • Feadóg Stáin
  • Athléimneacht Airgeadais
  • Bodhrán
  • Féinchosaint
  • Heartsaver (Uath-Dhífhibrileoir Seachtrach)
  • Feasacht i leith na Meabhairshláinte
  • Oiliúint um Nochtadh ó Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe
  • safeTALK: Airdeall ar Fhéinmhárú

Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO

Iris Fáilte

Tá gach eolas atá uait maidir le tosú amach in Ollscoil na Gaillimhe agus maidir le Gaillimh féin le fáil inár n-iris, Fáilte! Tá tairiscintí den scoth, margaí iontacha agus eolas ónár lucht tacaíochta ann. Tabhair spléachadh uirthi ANSEO.

Oideachas cothrom san eolaíocht: cén fáth a bhfuil sé tábhachtach, cad atá i gceist leis, agus conas is féidir é a bhaint amach

Seimineár saor in aisce leis an Ollamh Heather King, 3.30pm Déardaoin an 18 Meán Fómhair in amharclann Dunican, Micribhitheolaíocht 127. Tuilleadh eolais ócellexplorers@universityofgalway.ie

Rith agus Beoir Dé Domhnaigh

Buail le Club Reathaíochta Galway Bay Brewery le haghaidh rith shóisialta 5km saor in aisce ar 12.30pm Dé Domhnaigh an 14 Meán Fómhair. Pionta saor in aisce ina dhiaidh! Teacht le chéile ag Salt House Bar. Is féidir do mhála a fhágáil ann. Rith ar do luas féin – fáilte roimh chách!

Déan teagmháil linn / Contact us

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat.

Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)