Clár Scileanna Saoil an Chomhaltais
Déanann Comhaltas na Mac Léinn an Clár Scileanna Saoil a reáchtáil le deis a thabhairt do mhic léinn iad féin a fhorbairt tuilleadh lasmuigh den saol acadúil.
Cabhraíonn muid leo na scileanna a fhorbairt trí ranganna i réimsí ar nós: Teanga Chomharthaíochta, Garchabhair, Féinchosaint, Athléimneacht Airgeadais, Feasacht Mheabhairshláinte, Gaeilge, Oiliúint Nochta agus Pilates. Cuirtear na ranganna ar fáil ar ráta laghdaithe sa chaoi go mbeidh deis ag mic léinn scil nua a fhoghlaim, a d’fhéadfadh beatha duine a shábháil fiú amháin i gcásanna áirithe. Deis iontach atá ann cur le do CV chomh maith. Tabhair faoi deara: ní rachfar ar aghaidh leis na ranganna ach amháin má chláraíonn líon leordhóthanach mac léinn lena n‑aghaidh. Is do mhic léinn cláraithe de chuid Ollscoil na Gaillimhe amháin na cúrsaí seo. Ní mór íoc as an gcúrsa (nuair is infheidhme) ar chlárú. Déanfar daoine a chlárú san ord a thiocfaidh siad féin. Ní mór na táillí, nuair is infheidhme, a íoc ar chlárú. Is féidir clárú ar líne tríd an nasc atá sa chur síos ar gach cúrsa.