Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Vote Today!
Voting takes place online HERE 8am-8pm today Thurs 23 Oct to elect your new SU Mature Students’ Officer. All registered students can vote in this election so please use your voice. Your three candidates are:
- McHale, Chantel
- McLoughlin Baudouin, Niamh
- Schneider, Stacey
Learn more about themHERE.
Get Tested Today
We’ve free Rapid HIV and Syphilis Testing 1pm-3pm today Thurs 23Oct with Sexual Health West in The Space, upstairs in Áras na Mac Léinn. No appointment necessary.
The Pit-Ball!
Join us 9.30pm-Late Thursday 30th October for The Pit-Ball at Sult! A night celebrating Mr Worldwide: Pitbull. Free Entry for everyone in fancy dress. Prizes for the best Pitbulls – you know we want ya!
Pop-Up Shop Today
Call down to The Cube in Áras na Mac Léinn where we’ve a pop-up shop with Whack Vintage x Fíor Jewellery 11am-3pm.
S*x Toy Bingo
S*x Toy Bingo is back 7pm Tues 4th Nov for SHAG Week at Sult with over €1,000 worth of prizes to be won! Tickets are €7 HERE and all proceeds go to the SU Charities: Galway Rape Crisis Centre and GOAL.
Sin Editor Job Applications Close 5pm today!
More info + application details HERE.
T-Fund Applications are Open
The T-Fund is a social transition fund. Applications are open HERE onYourSpaceuntil Tues 4th Nov. Please note this fund can only be used for items involved in social transitioning, not medical supplies. More info from Paddysu.welfare@universityofgalway.ie
Climate Crew Meeting Wednesday
The SU Climate Crew is a space for you to meet and talk about everything to do with the environment and sustainability. Email Molly at su.environment@universityofgalway.ie to get involved or join the next meeting 5pm Weds 29th Oct in the Large Acoustic Room.
Bank Holiday
Remember Monday 27th October is a Bank Holiday so the SU Office, Cloakroom, Síbín, Spéir, Sult, SU Shop, Smokey’s Café + Library are all CLOSED and there’s no classes. The Reading Room is open as usual 7am-2.30am. Spéir will be open Weds 29Oct instead and Fri 31Oct as usual.
We now have a permanent donation drop off box for the Hygiene Hub in the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn. Please donate hygiene, personal care and household cleaning products for those in need if you can.
Presidential Election Tomorrow
Don’t forget to get out and use your vote between 7am and 10pm tomorrow Fri 24 Oct in the Irish Presidential Election. There’s a handy guide on how to vote from the Electoral Commission HERE.
October SU Events
Click the linkHERE to see what else we have going on this month!
Le Boom Tickets On Sale
Our Le Boom gig is taking place on Thurs 6th Nov in Electric when Le Boom return from their UK + Australia tour. Get your tickets HERE.
Bubble Tea & Movie Night
Join the International Student Society at 6pm today Thurs 23 Oct for a bubble tea-making session followed by a movie! Get your tickets HERE and sign up HERE.
Volunteering Opportunities
- Volunteers needed to contribute to local community development project (online) Tues evenings for 3 weeks starting 28th Oct. If you live near Mountbellew, Headford, Erris or Bangor, get in touch with ann.obrien@universityofgalway.ie
- Lots of new opportunities on www.studentvolunteer.ie including Serve in Solidarity International.
Horror Soc Halloween Party
Join Horror Society at 8pm Weds 29th Oct for their Halloween Party in The Loft, above Seven. Get your ticket for €7.50 HERE or pay €10 at the door. The event is fundraising for charity Jigsaw and costumes are encouraged with optional costume contest with the theme “slasher”.
Fun Indonesian Class
Learn Indonesian at this complete beginner class starting 5pm-6pm Tues 28 Oct in The Bridge Room in the Hardiman Building. Info + sign up HERE.
ktober Dance Fest 24–25 Oct
An international mash-up of dance, music & pure energy with Salsa, Bachata, Kizomba, Zumba, Hip-Hop, Contemporary and Heels in Áras na Mac Léinn. Info + sign up HERE.
Neurodivergent Solidarity Forum
The Forum will be open to any interested parties in the University: students and staff, neurodivergent and neurotypical allies alike. If you’re interested, please register for the Neurodivergent Solidarity Forum here. The first meeting will be held 2pm-4pm Tues 28 Oct in THB-G011.
Societies Halloween Events Info HERE.
Beer Run on Monday
Join Galway Bay Brewery Running Club 7pm this Mon 27th Oct for a free social 5km jog/run and get a free pint after for your efforts! Meet at the back of the Oslo Bar in Salthill. Bag drop available, run at your own pace – all welcome!
Appeal for Blood Donors
Currently, the national blood supply is extremely low, with most blood types having less than a three-day supply. Find out about becoming a blood donor HERE and see if there’s a clinic near you HERE.
Contact Us | Déan teagmháil linn
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
______________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn | Welcome to your weekly email from your Students’ Union
Vótáil Inniu!
Is féidir vótáil ar líne ANSEO 8am-8pm inniu, Déardaoin an 23 Deireadh Fómhair, chun Oifigeach nua do Mhic Léinn Lánfhásta a thoghadh. Is féidir le gach mac léinn cláraithe vótáil sa toghchán seo, mar sin cuir do ghlór chun gnímh. Seo a leanas an triúr iarrthóirí:
- McHale, Chantel
- McLoughlin Baudouin, Niamh
- Schneider, Stacey
Tuilleadh eolais maidir leis na hiarrthóiríANSEO.
Faigh Tástáil Inniu
Mearthástáil saor in aisce le haghaidh VEID agus na Gallbholgaí le Sláinte Ghnéis an Iarthair. Ar siúl 1pm-3pm, inniu, Déardaoin, an 23 Deireadh Fómhair sa Spás, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Ní gá duit coinne a bheith agat.
Bál an Uasail Dhomhanda!
Bígí linn 9.30pm Déardaoin, an 30 Deireadh Fómhair i gcomhair Bhál an Uasail Dhomhanda in Sult! Oíche le ceiliúradh a dhéanamh ar an Uasal Domhanda é féin: Pitbull. Saorchead isteach do gach duine i gculaith bhréige. Duaiseanna do na Pitbulls is fearr – you know we want ya!
Tobshiopa Inniu
Buail isteach chuig an gCiúb in Áras na Mac Léinn, áit a mbeidh tobshiopa le Whack Vintage x Fíor Jewellery 11am-3pm.
Biongó Bréagán Gnéas
Tiocfaidh Biongó Bréagán Gnéis ar ais 7pm, Dé Máirt, an 4 Samhain i gcomhair Sheachtain SHAG in Sult le breis is €1,000 de dhuaiseanna le buachan! €7 ar na ticéid, agus is féidir iad a fháil ANSEO. Rachaidh na fáltais go léir chuig Carthanachtaí an Chomhaltais: Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus GOAL.
Iarratais le bheith mar Eagarthóir Sin le dúnadh inniu ag 5pm!
Tuilleadh eolais + sonraí iarratais ANSEO.
Ag glacadh le hiarratais ar Chiste-T anois
Ciste le haghaidh aistriú sóisialta is ea Ciste-T. Beifear ag glacadh le hiarratais ANSEO arYourSpacego dtí Dé Máirt, an 4 Samhain. Tabhair do d’aire gur féidir an ciste seo a úsáid le haghaidh earraí a bhaineann leis an aistriú sóisialta, ní do sholáthairtí leighis. Tuilleadh eolais ó Paddysu.welfare@universityofgalway.ie
Cruinniú den Chriú Aeráide Dé Céadaoin
Soláthraíonn Criú Aeráide an Chomhaltais spás do dhaoine chun teacht le chéile agus labhairt faoi gach ní a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an inbhuanaitheacht. Seol ríomhphost chuig Molly ag su.environment@universityofgalway.ie le bheith páirteach nó tar chuig an gcéad chruinniú eile 5pm, Dé Céadaoin, an 29 Deireadh Fómhair san Fhuaimsheomra Mór.
Lá Saoire Bainc
Cuimhnigh gur Lá Saoire Bainc é Dé Luain an 27 Deireadh Fómhair. Mar sin, beidh Oifig an Chomhaltais, Seomra na gCótaí, Síbín, Spéir, Sult, Siopa an Chomhaltais, Smokey’s Café + an Leabharlann DÚNTA agus ní bheidh aon ranganna ar siúl. Beidh an Seomra Léitheoireachta ar oscailt 7am-2.30am mar is gnách. Beidh Spéir ar oscailt Dé Céadaoin, an 29Deireadh Fómhair ina ionad sin agus Dé hAoine, an 31Deireadh Fómhair mar is gnách.
Tá bosca buan againn anois le haghaidh tabhartais don Mhol Sláinteachais. Tá sé le fáil in Oifig an Chomhaltais, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Más tá sé d’acmhainn agat, iarrtar táirgí sláinteachais, cúraim phearsanta agus glantacháin tí a dheonú dóibh siúd i nGaillimh atá i ngátar.
Toghchán na hUachtaránachta Amárach
Ná déan dearmad dul amach agus do vóta a chaitheamh idir 7am agus 10pm amárach, Dé hAoine, an 24 Deireadh Fómhair i dToghchán Uachtaránachta na hÉireann. Gheobhaidh tú treoir úsáideach maidir leis an gcaoi le vóta chaitheamh ón gCoimisiún Toghcháin ANSEO.
Imeachtaí an Chomhaltais i mí Dheireadh Fómhair
Cliceáil an nasc ANSEO lena fháil amach céard eile a bheidh ar siúl againn an mhí seo!
Ticéid Le Boom ar díol anois
Beidh gig athsceidealaithe Le Boom ar siúl Déardaoin, an 6 Samhain in Electric, tráth a bhfillfidh Le Boom óna gcamchuairt sa Ríocht Aontaithe agus san Astráil. Ticéid ar fáil ANSEO.
Oíche Tae Bholgánaigh agus Scannáin
Tar le chéile le Cumann na Mac Léinn Idirnáisiúnta ag 6pm inniu, Déardaoin, an 23 Deireadh Fómhair le haghaidh seisiún déanta tae bholgánaigh agus scannán ina dhiaidh!Faigh do thicéid ANSEO agus cláraigh ANSEO.
Deiseanna Saorálaíochais
- Oibrithe deonacha ag teastáil chun cur le tionscadal forbartha pobail áitiúil (ar líne) Gach oíche Mháirt go ceann 3 seachtaine ag tosú an 28 Deireadh Fómhair. Má tá cónaí ort in aice leis an gCreagán, le hÁth Cinn, le hIorras nó le Baingear, téigh i dteagmháil le ann.obrien@universityofgalway.ie
- Neart deiseanna nua ar www.studentvolunteer.ie lena n-áirítear Serve in Solidarity International.
Cóisir Oíche Shamhna leis an gCumann Scéine
Bí linn sa Chumann Scéine ag 8pm, Dé Céadaoin, an 29 Deireadh Fómhair le haghaidh Chóisir Oíche Shamhna sa Loft, os cionn Seven. Faigh do thicéad ar €7.50 ANSEO nó íoc €10 ar an doras. Imeacht tiomsaithe airgid don charthanacht Jigsaw a bheidh ann agus moltar cultacha a chaitheamh. Beidh comórtas bréagéide (roghnach) ar an oíche freisin, agus ‘scannáin sléachta’ mar théama ann.
Rang Spraíúil Indinéisise
Foghlaim an Indinéisis sa rang seo do ghlanthosaitheoirí. Reáchtálfar an chéad rang 5pm-6pm, Dé Máirt, an 28 Deireadh Fómhair i Seomra an Droichid i Leabharlann Hardiman. Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO.
Féile Damhsa Oktober 24–25 Deireadh Fómhair
Meascán idirnáisiúnta de dhamhsa, ceol agus sárfhuinneamh le Salsa, Bachata, Kizomba, Zumba, Hip-Hop, Damhsa Comhaimseartha agus Sála in Áras na Mac Léinn. Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO.
Fóram Dlúthpháirtíochta um an Néara-éagsúlacht
Beidh an Fóram oscailte do dhaoine san Ollscoil ar suim leo é: mic léinn agus baill foirne, cairde néara-éagsúla agus néarathipiciúla araon. Más suim leat é, iarrtar ort clárú leis an bhFóram Dlúthpháirtíochta um an Néara-éagsúlacht anseo. Beidh an chéad chruinniú eile ar siúl idir 2pm agus 4pm, Dé Máirt, an 28 Deireadh Fómhair in THB-G011.
Eolas faoi Imeachtaí Oíche Shamhna na gCumann ANSEO.
Rith agus Beoir Dé Luain
Buail le Club Reathaíochta Galway Bay Brewery ag 7pm, Dé Luain, an 27 Deireadh Fómhair le haghaidh rith shóisialta (nó bogshodar!) 5km saor in aisce. Pionta saor in aisce le fáil as an dua ina dhiaidh! Buail le chéile ar chúl an Oslo Bar, Bóthar na Trá. Is féidir do mhála a fhágáil ann. Rith ar do luas féin – fáilte roimh chách!
Glao ar Dheontóirí Fola
Faoi láthair, tá an soláthar fola náisiúnta thar a bheith íseal, agus ní mhaireann soláthar níos mó ná trí lá i gcás fhormhór na ngrúpaí fola. Faigh tuilleadh eolais ar cén chaoi a bheith i do dheontóir fola ANSEO agus faigh amach an bhfuil clinic i do cheantar ANSEO.
Déan teagmháil linn / Contact us
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)