Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. Beidh Leagan Gaeilge ar fáil ANSEO
For the most up to date news and info on all Students’ Union committees, join our WhatsApp community HERE.
Walkout 11.30am Today!
At 11:30am TODAY thousands of students from colleges and universities across the country are walking out of their lectures to protest the systemic underfunding and lack of care for students in higher education. We’re asking all students to walk out of their lectures and to assemble at the Big Yellow Thing opposite the Library. There’s an election coming and we need to show the government that students are fed up and need to be listened to.
‘Cheat Code: Unlocking Academic Integrity’ event today
A showcase of academic integrity resources at the University of Galway 2pm-3pm today Thurs 17th Oct Moore Institute Seminar Room G010. More info + registration HERE.
Piontaí & Pitseamí Anocht
8pm TONIGHT Thursday 17th October at Sult. Wear your pyjamas and have a pint! Free entry.
Hallows Tickets Selling Fast!
Tickets for Galway’s biggest Halloween student event, Hallows, on Thursday 31st October are selling fast HERE. Headline acts include Fionn Curran, Franck, Camrinwatsin, Datsko, AMY101 and more to be announced! This is Ireland’s largest Halloween event with over 2,500 students so you don’t want to miss out! Just announced we will have €500 CASH to give away in prizes for the best costumes at Hallows! So get planning your costume and don’t forget to get your ticket HERE.
Class Reps Council Meeting on Monday
Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 2 is on 6pm-8pm Mon 21st Oct in the Colm OHeocha Theatre Arts Millennium Building. All Class Reps are asked to attend. Non Class Reps may attend but can’t vote. More info from Tom on su.education@universityofgalway.ie. Full list of Class Rep meetings for this semester is HERE.
Know the History of Black History Month
Talk on the History of Black History Month followed by quiz with prizes 4pm Tues 22nd Oct in The Space upstairs in Áras na Mac Léinn. Limited free tickets HERE. More info email RaisuL on su.ethnicminorities@universityofgalway.ie
Academic Integrity Tik Tok Competition closes tomorrow!
Create a TikTok (max. 45 seconds) that showcases what academic integrity means to you. Post your TikTok using #AcademicIntegrityGalway by 5pm tomorrow Fri 18th Oct. Prizes include an SU Hoodie, tote bag and travel mugs. More info and full competition rules HERE.
Uniform Donation Drive
Donate Nursing and Midwifery Uniforms you no longer need at the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn by 5pm Friday 1st November. These will be passed on to students who need them.
Sorak Sorai by IISMA Indonesian Students – Friday, 25th October!
An unforgettable evening of Indonesian culture, filled with traditional performances, captivating music, and FREE delicious Indonesian food 4.30pm-7pm Fri 25th Oct in the View, Áras na Mac Léinn. More info and free tickets HERE. Includes live performance by University of Galway Musical Society and donation drive for Galway Simon Community.
Pool Tournament – Cash Prizes!
32 player pool tournament 6pm Tues 22nd Oct at Sult. €10 entry – cash prizes to be won. To reserve a spot text your name to 087 169 2149. More info from poolandsnooker@clubs.universityofgalway.ie
Hearing Health Survey
Did you know over 1.1 billion children and young adults are at risk of permanent hearing loss? A group of Ear and Hearing researchers at UHG want to learn about recreational sound use in Ireland and raise awareness of unsafe listening habits. They would appreciate if you could take 1-2mins to fill out their anonymous survey HERE and share it with your family/friends.
Freshers’ Point Today
Freshers’ Point continues this week for first year undergrads! Drop in and meet other first years, enjoy a cuppa, play some games, or just chill out 12pm-2pm today Thurs 17 Oct in The Space upstairs in Áras na Mac Léinn. A relaxed and fun environment, led by fellow students who know exactly what it’s like to be in your shoes.
Have you downloaded the SafeZone App?
SafeZone is a free-to-download and easy-to-use app. Visit Google Play or the App Store and search ‘SafeZone’ to download.
You can use SafeZone to:
- ‘Check in’ any time of day – to keep you safe on campus, such as if you’re studying or working late or alone on campus
- Quickly and discreetly call for assistance – whenever you feel unsafe on campus
- Get medical assistance quickly – whether it’s for first aid, an accident or in an emergency
- Keep up to date – notifications sent directly to your phone if there is an incident on campus
- See it, Say it! – Log relevant non-urgent issues with Security through the tip reporting feature
Global Solidarity Run this Saturday
The Global Solidarity Run is taking place across the world this Saturday 19th of October. Wear blue and go for a run, jog, walk or roll to show your solidarity with people living in forced displacement or extreme poverty. More info HERE. Post images and videos of your efforts using #GlobalRun2024. If you fancy some company the Galway Sanctuary Runners crew will be walking, running and rolling at the University of Galway Parkrun 9.15am this Saturday.
Give Blood in Galway this month
- 15:50-20:10 Tues 29th October Clybaun Hotel
- 15:50-20:10 Weds 30th October Clybaun Hotel
- 15:50-20:10 Thurs 31st October Clybaun Hotel
Check your eligibility to donate and book your appointment HERE.
Here’s just some of what we have coming up this October! Click HERE.
Contact Us / Déan teagmháil linn
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) and X (Twitter)
______________________________________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. / Welcome to your weekly email from your Students’ Union. Tá fáil ar an leagan Béarla ANSEO
Leis an nuacht agus eolas is déanaí a fháil maidir le coistí Chomhaltas na Mac Léinn, cláraigh lenár bpobal WhatsApp ANSEO.
Siúl Amach 11.30r.n. Inniu!
Ag 11.30r.n. INNIU, beidh na mílte mac léinn i gcoláistí agus in ollscoileanna ar fud na tíre ag siúl amach as léachtaí mar agóid in aghaidh an tearcmhaoinithe chórasaigh agus na heaspa cúraim atá ann do mhic léinn ardoideachais. Iarraimid ar gach mac léinn siúl amach as léachtaí agus teacht le chéile ag an Rud Mór Buí os comhair na Leabharlainne. Tá toghchán ar na bacáin agus caithfimid a chur in iúl don rialtas go bhfuil mic léinn dubh dóite agus go gcaithfidh siad éisteacht linn.
‘Bealach an Aicearra: Ionracas Acadúil a Scaoileadh’ — imeacht inniu
Taispeántas d’acmhainní um ionracas acadúil atá ar fáil in Ollscoil na Gaillimhe 2i.n.-3i.n. inniu, Déardaoin an 17 Deireadh Fómhair, Seomra Seimineáir G010, Institiúid de Móra. Tuilleadh eolais agus clárú ANSEO.
Piontaí & Pitseamí Anocht
8i.n. ANOCHT, Déardaoin an 17 Deireadh Fómhair ag Sult. Caith do pitseámaí agus bíodh pionta agat! Saorchead isteach.
Ticéid Hallows ag Imeacht go Sciobtha!
Tá ticéid don imeacht is mó Samhna do mhic léinn i nGaillimh, Hallows, Déardaoin, an 31 Deireadh Fómhair, ag imeacht go sciobtha ANSEO. I measc na bpríomhoirfideach tá Fionn Curran, Franck, Camrinwatsin, Datsko, AMY101, agus tuilleadh le fógairt fós! Is é seo an t-imeacht is mó d’Oíche Shamhna in Éirinn, le breis is 2,500 mac léinn ag freastal air. Ná caill é! FÓGRA: Beidh €500 D’AIRGEAD TIRIM á bhronnadh mar dhuaiseanna do na cultacha Samhna is fearr ag Hallows! Bígí ag smaoineamh ar bhur gcultacha agus ná déanaigí dearmad ticéad a cheannach ANSEO.
Cruinniú de Chomhairle na nIonadaithe Ranga, Dé Luain
Beidh Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 2 ar siúl 6 i.n.-8i.n., Dé Luain, an 21 Deireadh Fómhair in Amharclann Choilm Uí Eocha i bhFoirgneamh Mílaoise na nEalaíon. Iarrtar ar gach Ionadaí Ranga a bheith i láthair. Is féidir le daoine nach ionadaithe ranga iad freastal, ach ní bheidh vóta acu. Tuilleadh eolais ó Tom ag su.education@universityofgalway.ie. Liosta iomlán de chruinnithe d’Ionadaithe Ranga don seimeastar seo ANSEO.
Foghlaim faoi Stair Mhí Staire na nDaoine Gorma
Caint ar Stair Mhí Staire na nDaoine Gorma le tráth na gceist le duaiseanna ina diaidh, 4i.n., Dé Máirt an 22 Deireadh Fómhair sa Spás thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Líon teoranta ticéad saor in aisce ANSEO. Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le RaisuL ar su.ethnicminorities@universityofgalway.ie
Dúnann an Comórtas TikTok um Ionracas Acadúil amárach!
Cruthaigh TikTok (45 soicind ar a mhéad) a léiríonn an méid atá i gceist le hionracas acadúil dar leat. Postáil do TikTok leis an haischlib #AcademicIntegrityGalway roimh 5i.n. amárach, Dé hAoine an 18 Deireadh Fómhair. I measc na nduaiseanna, tá Húdaí an Chomhaltais, mála gualainne agus mugaí taistil. Tuilleadh eolais agus rialacha iomlána an chomórtais ANSEO.
Feachtas na nÉidí
Tabhair éidí Altranais agus Cnáimhseachais nach bhfuil ag teastáil uait a thuilleadh ag Oifig an Chomhaltais, thuas staighre in Áras na Mac Léinn roimh 5i.n., Dé hAoine an 1 Samhain. Cuirfear ar aghaidh iad chuig mic léinn a bhfuil gá acu leo.
Sorak Sorai le Mic Léinn Indinéiseacha IISMA – Dé hAoine an 25 Deireadh Fómhair!
Oíche dhodhearmadta de chultúr na hIndinéise, lán de thaispeántais thraidisiúnta, ceol mealltach, agus bia na hIndinéise SAOR IN AISCE, 4.30i.n.-7i.n., Dé hAoine an 25 Deireadh Fómhair sa Radharc, Áras na Mac Léinn. Tuilleadh eolais agus ticéid saor in aisce ANSEO. Taispeántas beo le Cumann Ceoil, Ollscoil na Gaillimhe agus tiomsú airgid do Chlann Shíomóin na Gaillimhe.
Comórtas Púil – Airgead Tirim le Buachan!
Comórtas púil le 32 imreoir, 6i.n., Dé Máirt an 22 Deireadh Fómhair ag Sult. Táille €10 — airgead tirim le buachan. Seol téacs le d’ainm chuig 087 169 2149 chun áit a chur in áirithe. Tuilleadh eolais: poolandsnooker@clubs.universityofgalway.ie
Suirbhé um Shláinte Éisteachta
An raibh a fhios agat go bhfuil breis is 1.1 billiún leanbh agus duine óg i mbaol bodhaire buaine? Ba mhaith le grúpa de thaighdeoirí Cluaise agus Éisteachta ag Ospidéal Choláiste na hOllscoile, Gaillimh foghlaim faoi úsáid áineasa fuaime in Éirinn agus feasacht a ardú maidir le nósanna baolacha éisteachta. Ba mhór acu thú nóiméad nó dhó a thógáil chun an suirbhé anaithnid SEO a chomhlánú agus a roinnt le do theaghlach agus le do chairde.
Pointe na bhFreisear Inniu
Leanann Pointe na bhFreisear ar aghaidh an tseachtain seo do lucht fochéime na céad bliana! Buail isteach chun aithne a chur ar dhaoine eile sa chéad bhliain, cupán tae a ól, cluichí a imirt, nó go díreach chun do scíth a ligean. 12i.n.-2i.n. inniu, Déardaoin an 17 Deireadh Fómhair in An Spás, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Timpeallacht réchúiseach spraíúil, stiúrtha ag mic léinn a thuigeann go maith do chás.
Ar íoslódáil tú an aip SafeZone go fóill?
Aip saor in aisce atá éasca le húsáid is ea SafeZone. Tabhair cuairt ar Google Play nó ar an App Store agus déan cuardach ar ‘SafeZone’ lena híoslódáil.
Is féidir SafeZone a úsáid do na nithe a leanas:
- ‘Seiceáil isteach’ am ar bith sa lá – chun tú a choimeád slán ar an gcampas, agus tú ag staidéar go mall nó leat féin ar an gcampas, cuir i gcás
- Glaoigh ar chúnamh go gasta is go discréideach – am ar bith a mhothaíonn tú go bhfuil tú i mbaol ar an gcampas
- Lorg cúnamh leighis go sciobtha – bíodh garchabhair uait, taisme nó éigeandáil i gceist
- Bí ar an eolas – fógraí a chuirtear díreach chuig do ghuthán i gcás eachtra ar an gcampas
- Tabhair faoi deara, Tuairiscigh! – Tuairiscigh cúrsaí nach bhfuil práinn leo leis an bhFoireann Slándála tríd an ngné thuairiscithe
Rith Domhanda ar son na Dlúthpháirtíochta an Satharn beag seo
Titfidh an Rith Domhanda ar son na Dlúthpháirtíochta amach ar fud an domhain Dé Sathairn an 19 Deireadh Fómhair. Caith éadaí gorma agus gabh ag rith, ag bogshodar, ag siúl nó ag rolladh chun dlúthpháirtíocht le daoine ar easáitíodh iad nó atá ar an anás. Tuilleadh eolais ANSEO. Postáil íomhánna agus físeáin de d’iarrachtaí leis an haischlib #GlobalRun2024. Má theastaíonn cuideachta uait, beidh dream ó Sanctuary Runners na Gaillimhe ag siúl, ag rith agus ag rolladh ag Parkrun na Gaillimhe ag 9.15r.n. Dé Sathairn.
Deonaigh Fuil i nGaillimh an mhí seo
- 15:50-20:10 Dé Máirt an 29 Deireadh Fómhair, Clybaun Hotel
- 15:50-20:10 Dé Céadaoin an 30 Deireadh Fómhair, Clybaun Hotel
- 15:50-20:10 Déardaoin an 31 Deireadh Fómhair, Clybaun Hotel
Seiceáil gur féidir leat deonú agus cuir coinne in áirithe ANSEO.
Imeachtaí an Chomhaltais i mí Dheireadh Fómhair
Níl anseo ach cuid de na rudaí atá le teacht i mí Dheireadh Fómhair! Cliceáil ANSEO.Déan Teagmháil Linn / Contact Us
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost: studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat. Is féidir ‘is maith liom’ a thabhairt dúinn agus muid a leanúint ar Facebook, Instagram, TikTok (@cmlong_su) agus X (Twitter).