Coiste Feidhmiúcháin
an Chomhaltais
Sibhse, na baill, a dhéanann Oifigigh Feidhmiúcháin Chomhaltas na Mac Léinn a ainmniú agus a thoghadh gach bliain.Cé gurb iad an tUachtarán agus na baill foirne lánaimseartha atá freagrach as reáchtáil an Chomhaltais ó lá go lá, is é Coiste Feidhmiúcháin Chomhaltas na Mac Léinn an coiste a reáchtálann an Comhaltas ar bhonn leanúnach. Tá na hOifigigh Feidhmiúcháin freagrach as eolas agus comhairle a chur ar fáil duit maidir le saol an mhic léinn ó bhun go barr, amhail cúrsaí acadúla, leasa, airgeadais, lóistín agus comhionannais, chomh maith le clubanna, cumainn, an Ghaeilge agus go leor leor eile.

President

Vice President / Education Officer

Vice President / Welfare and Equality Officer

Leas-Uachtarán don Ghaeilge / Vice President for the Irish Language

International Students Officer

Mature Students’ Officer

Postgraduate Taught Officer

Societies Chairperson

Club’s Captain

Convenor of the College of Arts, Social Sciences and Celtic Studies

Convenor of the College of Science

Convenor of the College of Medicine, Nursing & Health Science

Convenor of the College of Business, Public Policy & Law

Postgraduate Research Officer

Gender and LGBT Rights Officer

Disability Rights Officer

Ethnic Minorities Officer

Environmental Awareness & Sustainability Officer
Maidir le baill an Choiste Feidhmiúcháin, is oifigigh lánaimseartha ar phá iad ceathrar acu, i.e. an tUachtarán agus triúr Leas‑Uachtarán. Oibríonn na hoifigigh eile ar bhonn páirtaimseartha gan phá agus is mic léinn lánaimseartha iad. Tagann an Coiste Feidhmiúcháin le chéile gach seachtain le linn an téarma agus tá sé freagrach do Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn agus, dá bhrí sin, daoibhse, baill an Chomhaltais. Ní mór don cheathrar oifigeach lánaimseartha tuairisc i scríbhinn ar a gcuid oibre a chur faoi bhráid an chruinnithe sheachtainiúil den Choiste Feidhmiúcháin agus ní mór do na hoifigigh go léir tuairisc ar a gcuid oibre a chur faoi bhráid an chruinnithe mhíosúil de Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn.