Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Vote Today!
Polling is open 8am to 8pm today Thurs 2nd of Oct to elect your new Students’ Union Postgraduate Taught Officer. Please note that only registered postgraduate students may vote and voting is online at this LINK.
Our Class Rep Meetings begin with Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn (Class Rep Council) 6pm Monday 6th of October in the O’Flaherty Theatre. All Class Reps are asked to attend this meeting. Non Class Reps are also welcome to attend but can’t vote. More info from Seán onsu.education@universityofgalway.ie
Road Safety Campaign
Our road safety campaign kicks off Monday 6th Oct at 10am in the SU Office where we will have free high vis items and car air fresheners! We’ll also have a FlineBox in the SU Office Monday-Wednesday for you to try out. The RSA FlineBox is a breathalyser machine for testing alcohol levels. Just insert a straw, breathe into the device and get your result in seconds. You’ll instantly see if you’re fit to drive, how long to wait, and what risks you face if you’re over the limit.
Our SU Charities for 2025/26 are Galway Rape Crisis Centre and GOAL
All our fundraising events this year will be raising funds for the incredible work these two organisations do. Our first events are next week with a bake sale Thursday and then it’s GOAL jersey day on Friday. Want to help out or have an idea for a fundraiser? Get in touch at studentsunion@universityofgalway.ie – we’d love to hear from you!
Mental Health Week
There’s lots coming up for Mental Health week including:
Tues 7th Oct
- 6.30pm-7.30pm Jigsaw 5 A Day for Mental Health Free Online Workshop. BookHERE.
Weds 8th Oct
- 12pm-3pm Welfare Wednesday catch up with Paddy for tea, chats + freebies on the sofa around campus
Thurs 9th Oct
- 10am-2pm Marie Keating Mobile Unit outside Áras na Mac Léinn
- 11am-3pm Feel Good Fair in Áras na Mac Léinn with added Bake Sale in aid of the SU Charities! (Want to bake? Give us a shout!)
- 11am-3pm Pop Up Charity Shop with Galway Simon Community in the Cube
Fri 10th Oct
- 9.30am-1pm safeTALK Training. Just 10 spaces left. More info + booking details HERE.
- All day GOAL Jersey Day – wear your favourite jersey to college.
CÉIM Peer Learning Sessions
Weekly CÉIM sessions are now running for eligible 1st year students in Arts, Law, Engineering and Science. Meet others doing your course, get up to speed on coursework and develop new skills in a welcoming and relaxed environment. Log into YourSpace and click CÉIM to see your session information. See HERE for more information on eligible disciplines.
5-A-Day for Mental Health
This FREE one hour workshop aims to provide you with the strategies necessary to build and take care of your own mental health. It’s on 6.30pm-7.30pm Tues 7 Oct and you can sign up HERE.
Free Porridge is back!
Each morning at Smokey’s Café and Sult if you buy any hot drink using your SU Card you can get a free bowl of porridge! (While stocks last!) Don’t have an SU Card yet? Pick one up in the SU Office for free 10am-5pm Monday-Friday.
Free Financial Resilience Training
Financial resilience is the ability to cope with negative events that impact on our finances. It’s about feeling secure and in control, knowing that you can pay the bills, deal with the unexpected, and have achievable goals for the future. This free online course takes place 5pm-6pm Weds 15th Oct. Sign up HERE.
October SU Events
Find out what we have going on this month HERE (more to come soon..)
Gradam Ghaelach
Gradam Ghaelach is a scheme to improve the use of Irish within societies on campus. If your society is interested, they can arrange a meeting with the SU Leas Uachtarán/ Oifigeach na Gaeilge to discuss what the societies main goals this year will be. A certificate will be issued at the Socs Ball at the end of the year.
Le Boom Tickets On Sale
Our Le Boom gig is now taking place on Thurs 6th Nov in Electric when Le Boom return from their UK + Australia tour. Get your tickets HERE.
Spéir, the SU Pantry, is open 2pm + 3.30pm each Monday + Friday in the Library Basement. To apply for a slot goHERE. Don’t forget your student ID card + a tote bag!
UniPrint: New Email and Upload Print Service for Students
Email your files to uniprint@universityofgalway.ie or upload them directly to the UniPrint portal HERE (up to 30MB) to print from on or off campus. Customise your print settings from the UniPrint portal such as colour, single/double sided and number of copies, then print from any Print Release Station. More info HERE.
LiFT Leadership
LiFT leadership round tables begin week starting 6th October, see YourSpace for info. An excellent opportunity for all regardless of year of study or experience to begin their leadership journey. All welcome.
Galway Rape Crisis Centre needs your help!
GRCC is looking for amazing volunteers to take part in their Bucket Collection 10am-6pm on Sat 11 Oct in Galway City. Just a few hours of your time can make a big difference! To sign up email development@grcc.ie
Contact Us | Déan teagmháil linn
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
________________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn | Welcome to your weekly email from your Students’ Union
Vótáil Inniu!
Beidh vótáil ar oscailt ó 8am go 8pm inniu, Déardaoin, an 2 Deireadh Fómhair le hOifigeach na nIarchéimithe Teagasctha nua a thoghadh do Chomhaltas na Mac Léinn. Tabhair faoi deara nach féidir ach le mic léinn iarchéime atá cláraithe vótáil agus go ndéanfar an vótáil ar líne ag an NASC SEO.
Cuirfear tús le Cruinnithe Ionadaithe Ranga le Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn (Comhairle na nIonadaithe Ranga) 6pm Dé Luain an 6 Deireadh Fómhair in Amharclann Uí Fhlaitheartaigh. Iarrtar ar gach Ionadaí Ranga freastal ar an gcruinniú seo. Cuirfear fáilte roimh dhaoine nach ionadaithe ranga iad ach ní féidir leo vóta a chaitheamh. Tuilleadh eolais ó Sheán arsu.education@universityofgalway.ie
Feachtas um Shábháilteacht Bóthair
Cuirfear tús lenár bhfeachtas um shábháilteacht bóthair Dé Luain an 6 Deireadh Fómhair ar 10am in Oifig an Chomhaltais, áit a mbeidh ábhair shofheicthe agus úraitheoirí aeir saor in aisce le fáil! Beidh FlineBox againn in Oifig an Chomhaltais ón Luan go dtí an Chéadaoin más mian leat triail a bhaint as freisin. Is anáileadán é an RSA FlineBox a thástálann leibhéil alcóil. Ní gá a dhéanamh ach sifín a chur isteach san fheiste, análú isteach ann agus toradh a fháil i ndiaidh roinnt soicindí. Feicfidh tú láithreach an mbeidh tú maith go leor le tiomáint, cé chomh fada ba cheart fanacht, agus na rioscaí a bhaineann leis an teorainn a shárú.
Is iad Carthanachtaí Chomhaltas na Mac Léinn le haghaidh 2025/26 ná Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus GOAL
Díreoidh ár n-imeachtaí tiomsaithe airgid go léir i mbliana ar airgead a bhailiú don obair iontach a dhéanann an dá eagraíocht seo. Titfidh na chéad imeachtaí amach an tseachtain seo chugainn le díolachán cístí Déardaoin agus beidh Lá na nGeansaithe ar son GOAL ann Dé hAoine. Ar mhaith leat cabhrú linn nó an bhfuil smaoineamh agat le haghaidh imeacht tiomsaithe airgid? Téigh i dteagmháil linn ar studentsunion@universityofgalway.ie – ba bhreá linn cloisteáil uait!
Seachtain na Meabhairshláinte
Tá go leor ag teacht aníos do Sheachtain na Meabhairshláinte, ina measc:
Dé Máirt, an 7 Deireadh Fómhair
- 6:30 i.n. – 7:30 i.n. Ceardlann Saor in Aisce ar Líne ‘Jigsaw 5 A Day for Mental Health’. Cuir áit in áiritheANSEO.
Dé Céadaoin, an 8 Deireadh Fómhair
- 12pm-3pm Cúram na Céadaoine – buail le Paddy le haghaidh cupán tae, comhrá + bronntanais ar an tolg timpeall an champais
Déardaoin, an 9 Deireadh Fómhair
- 10am-2pm Aonad Soghluaiste Marie Keating taobh amuigh d’Áras na Mac Léinn
- 11am-3pm Aonach Ardghiúmair in Áras na Mac Léinn le Díolachán Cístí freisin ar mhaithe le Carthanachtaí an Aontais! (Ar mhaith leat bácáil? Gabh i dteagmháil linn!)
- 11 r.n. – 3 i.n. Preabshiopa Carthanachta le Pobal Shíomóin na Gaillimhe sa Chiúb
Dé hAoine, an 10 Deireadh Fómhair
- 9:30 r.n. – 1 i.n. Oiliúint safeTALK. 10 spás fágtha. Tuilleadh eolais + sonraí áirithinte ANSEO.
- An lá ar fad Lá na nGeansaithe ar son GOAL – caith an geansaí is fearr leat chuig an gcoláiste.
Seisiúin Phiarfhoghlama CÉIM
Tá seisiúin sheachtainiúla CÉIM ar siúl anois do mhic léinn incháilithe na chéad bhliana sna hEalaíona, sa Dlí, san Innealtóireacht agus san Eolaíocht. Buail le daoine eile atá ag déanamh an chúrsa chéanna leatsa, coinnigh suas le hobair chúrsa agus forbair scileanna nua i dtimpeallacht fháilteach agus réchúiseach. Logáil isteach ar YourSpace agus cliceáil CÉIM le sonraí do sheisiúin a fheiceáil. Féach ANSEO le tuilleadh eolais a fháil ar na disciplíní atá incháilithe.
5 phíosa sa lá ar mhaithe leis an Meabhairshláinte
Tá sé mar aidhm ag an gceardlann uair an chloig SAOR IN AISCE seo straitéisí riachtanacha a thabhairt duit chun do mheabhairshláinte féin a fhorbairt agus a chothú. Beidh sé ar siúl ó 6.30pm-7.30pm Dé Máirt an 7 Deireadh Fómhair agus is féidir clárú ANSEO.
Tá an leite saor in aisce ar ais!
Gach maidin ag Smokey’s Café agus in Sult, má cheannaíonn tú aon deoch te le do Chárta Comhaltais is féidir leat babhla leite saor in aisce a fháil (go dtí go mbeidh sé imithe ar fad!). Gan Cárta Comhaltais fós? Faigh ceann saor in aisce in Oifig an Chomhaltais idir 10am agus 5pm, Luan go hAoine.
Oiliúint Saor in Aisce san Athléimneacht Airgeadais
Is éard is athléimneacht airgeadais ann ná an cumas le plé leis na rudaí diúltacha a chuireann as dúinn ó thaobh cúrsaí airgid de. Is é sin le rá, a mhothú go bhfuil bonn láidir fút agus gur tusa atá i gceannas, agus fios a bheith agat gur féidir leat na billí a íoc, déileáil le rudaí nach raibh tú ag súil leo, agus spriocanna indéanta a bheith agat don am atá le teacht. Beidh an cúrsa ar líne saor in aisce seo ar siúl Dé Céadaoin, an 15 Deireadh Fómhair. Cláraigh ANSEO.
Imeachtaí an Chomhaltais i mí Dheireadh Fómhair
Faigh amach an méid atá ar siúl againn an mhí seo ANSEO (tuilleadh le teacht go luath…)
An Gradam Gaelach
Scéim le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn i measc cumann ar an gcampas is ea an Gradam Gaelach. Más suim le do chumann é, is féidir cruinniú a eagrú le Leas-Uachtarán de chuid an Chomhaltais/Oifigeach na Gaeilge chun mórspriocanna an chumainn i mbliana a phlé. Bronnfar teastas ar an gcumann ag Bál na gCumann ag deireadh na bliana.
Ticéid Le Boom ar díol anois
Beidh gig Le Boom ar siúl Déardaoin an 6 Samhain in Electric, tráth a bhfillfidh Le Boom óna gcamchuairt sa Ríocht Aontaithe agus san Astráil. Ticéid ar fáil ANSEO.
Iarratais le haghaidh Sliotáin Spéir
Bíonn Spéir, Landair Chomhaltas na Mac Léinn, ar oscailt 2pm + 3.30pm gach Luan + Aoine in Íoslach na Leabharlainne. Chun sliotán a iarraidh, téighANSEO. Ná déan dearmad do chárta aitheantais mic léinn + mála gualainne a thabhairt leat!
UniPrint: Seirbhís Priontála Nua do Mhic Léinn trí Ríomhphost agus Uaslódáil
Seol do chuid comhad chuig uniprint@universityofgalway.ie nó uaslódáil iad go díreach chuig tairseach UniPrint ANSEO (suas le 30MB) lena bpriontáil ar an gcampas nó lasmuigh de. Saincheap do shocruithe priontála ar thairseach UniPrint, amhail dath, aontaobhach/déthaobhach agus líon na gcóipeanna, agus ansin priontáil ó aon Stáisiún Scaoilte Priontála. Tuilleadh eolais ANSEO.
Ceannaireacht LiFT
Tosóidh comhchainteanna ceannaireachta LiFT an tseachtain dar tús an 6 Deireadh Fómhair, féach YourSpace le haghaidh tuilleadh eolais. Deis iontach do chách, beag beann ar bhliain staidéir nó taithí, chun tús a chur le haistear na ceannaireachta. Fáilte roimh chách.
Tá do chabhair ag teastáil ó Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú!
Tá GRCC ag lorg oibrithe deonacha den scoth le cuidiú lena mBailiúchán Buicéid, 10am-6pm Dé Sathairn an 11 Deireadh Fómhair i gCathair na Gaillimhe. Is féidir leat difríocht mhór a dhéanamh ach cúpla uair an chloig a thabhairt ar an lá! Chun clárú, seol ríomhphost chuig development@grcc.ie
Déan teagmháil linn / Contact us
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)